Standards in Public Office Commission/Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí logo
  • 18 Lower Leeson Street, Baile Átha Cliath 2, Eire.
  • Teil: +353 (0)1 - 639 - 5666
  • Faics: +353 (0)1 - 639 - 5684
  • R-phost: sipo@sipo.gov.ie

13/12/07 - Tuarascáil ar nochtadh síntiúis agus speansais toghcháin in olltoghchán na Dála 2007

3.10 Ráitis um Speansais Toghcháin ó Ghníomhairí Toghcháin a Breithníodh

Tá 468 foirm le haghaidh Ráitis um Speansais Toghcháin faighte anois. Faoi mar a cheanglaíter ar an gCoimisiún um Chaighdeáin le halt 4(1) den Acht, bhreithnigh an Coimisiún um Chaighdeáin na Ráitis seo um Speansais Toghcháin agus fuair gur comhlánaíodh amuigh is istigh ar 60% díobh go mícheart. Lena chois sin, loic céatadán cosúil leis sin de ghníomhairí toghcháin na ceanglais faoi alt 31(9) agus 36(1)(a) den Acht a chomhlíonadh ó thaobh sonraisc, admhálacha nó dearbháin a sholáthar le haghaidh gach speansas toghcháin a bhí os cionn luach €126.97.

Chun seachaint nach mbeadh air gach Ráiteas um Speansais Toghcháin ina raibh earráid a chur ar ais, chuaigh rúnaíocht an Choimisiúin um Chaighdeáin i dteagmháil le gníomhairí toghcháin ar an teileafón nó ar an ríomhphost, chun earráidí a shoiléiriú nó chun sonraisc/admhálacha a bhí fós amuigh, a iarraidh. Sa chás nárbh fhéidir amhlaidh a dhéanamh, shoiléirigh an Coimisiún um Chaighdeáin an earráid trí nóta míniúcháin atá curtha isteach leis an Ráiteas um Speansais Toghcháin aige. Tá Bileog Achomair curtha le gach Ráiteas um Speansas Toghcháin ag an gCoimisiún um Chaighdeáin freisin. Tugann an bhileog achomair mionsonraí ar na speansais iomlána a tharraing an gníomhaire toghcháin air/uirthi féin faoi na ceannteidil ábhartha (arna leagan amach sa Sceideal a ghabhann leis an Acht).

In aineoinn an chur chuige seo, bhí orainn amuigh is istigh ar 100 foirm a chur ar ais chuig na gníomhairí a bhí i gceist. Forálann an tAcht, sa chás go measann an Coimisiún um Chaighdeáin go bhfuil mionearráid nó mionrud a fágadh ar lár i Ráiteas um Speansais Toghcháin, go bhféadfaidh sé 14 lá a thabhairt don ghníomhaire toghcháin leis an earráid a chur ina cheart nó an rud a fágadh ar lár a chur isteach. Tá sé ina chion faoi alt 43(2)(e) den Acht má loiceann gníomhaire toghcháin an ceanglas seo a chomhlíonadh. Bhí deacrachtaí nach beag ag an gCoimisiún um Chaighdeáin i roinnt cás le tabhairt ar ghníomhairí toghcháin a gcuid Ráiteas um Speansais Toghcháin a leasú agus a chur ar ais chuige nó le sonraisc/admhálacha ábhartha a chur ar fáil. Ag deireadh mhí Dheiridh Fhómhair, d'eisigh an Coimisiún um Chaighdeáin litir chuig amuigh is istigh ar 30 gníomhaire toghcháin nár tugadh a Ráiteas um Speansais Toghcháin chun críche nó nach bhfuarthas sonraisc/admhálacha ábhartha a bhí amuigh uathu go fóill. Cuireadh in iúl do ghníomhairí toghcháin sa litir go raibh faoin gCoimisiún um Chaighdeáin a thuarascáil faoin toghchán a chur i láthair an Chinn Chomhairle. Cuireadh an cion faoi alt 43(2)(e) ar a shúile do ghníomhairí toghcháin agus cuireadh in iúl dóibh, mura bhfaighfí Ráiteas um Speansais Toghcháin, a bhí comhlánaithe i gceart, nó na sonraisc/admhálacha ábhartha faoin tráth go rachfadh an tuarascáil chuig na clódóirí, luaifí iad sa tuarascáil mar ghníomhairí a loic alt 36 den Acht a chomhlíonadh.

Tráth foilsithe na tuarascála seo - breis is ceithre mhí tar éis an spriocdháta reachtúil i leith Ráitis um Speansais Toghcháin a fháil agus beagnach sé mhí tar éis do na foirmeacha a bheith eisithe ar dtús - níl Ráitis um Speansais Toghcháin, a bhí comhlánaithe i gceart, faighte fós ón triúr gníomhaire toghcháin seo a leanas:

  • Ghíomhaigh an Uas. Trish Forde-Brennan mar a gníomhaire féin (Comhaontas Glas, Luimneach Thoir) - foirm bhunaidh curtha ar ais chuici ionas go bhféadfaí míreanna nár speansais toghcháin iad a bhaint amach. Táthar fós le foirm leasaithe le haghaidh Ráitis um Speansais Toghcháin a fháil. Fuair an Coimisiún um Chaighdeáin amach ina dhiaidh sin go bhfuarthas foirm leasaithe le hagaidh Ráitis um Speansais Toghcháin ón Uas. Forde-Brennan agus gur cuireadh isteach sa chomhad mícheart í. Tá an Ráiteas leasaithe um Speansais Toghcháin leagtha faoi bhráid Thithe an Oireachtais.
  • An tUas. Felim McDonnell - gníomhaire toghcháin don Uas. Margaret Cox (Neamhpháirtí, Gaillimh Thiar) - ní bhfuarthas Ráiteas leasaithe le haghaidh Speansas Toghcháin.
  • An tUas. David Williams - gníomhaire toghcháin don Uas. Madeleine Taylor Quinn (Fine Gael, an Clár) - soiléiriú ag teastáil.


Lena chois sin, tá na gníomhairí toghcháin seo a leanas fós le sonraisc/admhálacha a chur ar fáil a bhaineann lena Ráitis um Speansais Toghcháin:

  • Dr. John F. Corish - ghníomhaigh mar a ghníomhaire féin (Neamhpháirtí, Cill Dara Thuaidh) - soiléiriú agus admháil/sonrasc atá fós amuigh ag teastáil.
  • An tUas. Niall Kelleher - gníomhaire toghcháin don Uas. Tom Fleming (Fianna Fáil, Ciarraí Theas).
  • An tUas. Barry Kennedy - gníomhaire toghcháin don Uas. Paudie Coffey, Jim D'Arcy agus John Deasy (Fine Gael, Port Láirge).


Cruthaítear deacracht don Choimisiún um Chaighdeáin ó thaobh a thuarascáil a dhéanamh don Cheann Comhairle agus an t-ábhar a chur ar taispeáint go poiblí ar bhealach tráthúil nuair a loiceann gníomhairí a Ráitis um Speansais Toghcháin a chomhlánú i gceart, chomh maith le moilleanna i leith ráitis leasaithe a chur ar ais chugainn. Tuigeann an Coimisiún um Chaighdeáin a inmhianaithe is atá sé go mbeadh Ráitis um Síntiúis agus Ráitis um Speansais Toghcháin ar taispeáint go poiblí a luaithe agus is féidir tar éis an spriocdháta reachtúil i leith iad a fháil. Is é a dhearcadh, áfach, sular féidir an t-ábhar a leagan faoi bhráid Thithe an Oireachtais agus a chur ar taispeáint go poiblí, go gcaithfidh sé a bheith sásta go bhfuil an fhaisnéis atá istigh inti ceart. Le moill a sheachaint ó thaobh an t-ábhar a chur ar fáil, d'fhéadfadh an Coimisiún um Chaighdeáin a chead a thabhairt le tuairisceáin, nár comhlánaíodh i gceart dar leis, a chur os comhair an phobail. Ní mheastar gur bealach sásúil é seo le dualgas reachtúil do Thithe an Oireachtais agus don phobal i gcoitinne a chomhlíonadh. Ar an ábhar sin, níl na Ráitis sin um Speansais Toghcháin nár tugadh chun críche á leagan faoi bhráid Thithe an Oireachtais. Leanfaidh an Coimisiún um Chaighdeáin ar aghaidh le bheith ag leanúint leis na gníomhairí seo le foirm le haghaidh Ráitis um Speansais Toghcháin a chomhlánú i gceart agus sonraisc/admhálacha ábhartha a chur ar fáil. Ní phróiseálfar cúitimh i speansais toghcháin a d'fhéadfadh a bheith dlite do na hiarrthóirí atá i gceist go dtí go mbeidh an Coimisiún um Chaighdeáin sásta go bhfuil Ráiteas um Speansais Toghcháin an ghníomhaire toghcháin ceart agus go bhfuil gach sonrasc/admháil ábhartha faighte. Más gá, atreoróidh an Coimisiún um Chaighdeáin comhad maidir leis na gníomhairí atá i gceist ar aghaidh chuig na Gardaí le cion faoi alt 43(2)(e) den Acht a imscrúdú.

 

Back to contents



This site conforms to W3C XHTML 1.0 recommendations| This site conforms to W3C CSS recommendations| This site meets WAI Priority 3 recommendations|