Standards in Public Office Commission/Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí logo
  • 18 Lower Leeson Street, Baile Átha Cliath 2, Eire.
  • Teil: +353 (0)1 - 639 - 5666
  • Faics: +353 (0)1 - 639 - 5684
  • R-phost: sipo@sipo.gov.ie

13/12/07 - Tuarascáil ar nochtadh síntiúis agus speansais toghcháin in olltoghchán na Dála 2007

3.9 Foirmeacha le haghaidh Ráiteas um Speansais Toghcháin a Fuarthas ó Ghníomhairí Toghcháin

Fuarthas 354 foirm le haghaidh Ráitis um Speansais Toghcháin ó ghníomhairí toghcháin faoin 19 Iúil 2007, an spriodháta reachtúil. Faoi mar a bhí cúrsaí ag an 26 Iúil 2007, bhí 64 Ráiteas um Speansas Toghcháin fós amuigh. Scríobh an Coimisiún um Chaighdeáin chuig na gníomhairí a bhí i gceist ar an dáta sin á chomhairliú dóibh go bhfuil sé ina chion faoi alt 43(2)(c) den Acht loiceadh Ráiteas um Speansais Toghcháin a chur ar fáil faoin spriocdháta reachtúil. 

 Faoin 3 Lúnasa 2007, bhí 37 Ráiteas um Speansais Toghcháin fós amuigh. Sheol an Coimisiún um Chaighdeáin meabhrúchán eile ar an dáta sin chuig na gníomhairí a bhí i gceist. An 14 Lúnasa 2007, agus 28 Ráiteas um Speansais Toghcháin fós amuigh, eisíodh meabhrúchán deiridh chuig na gníomhairí a bhí i gceist. Comhairlíodh do na gníomhairí, mura bhfaighfí Ráiteas um Speansais Toghcháin faoi cheann seacht lá, go gcuimhneodh an Coimisiún um Chaighdeáin ar an scéal a atreorú ar aghaidh chuig na Gardaí. (Chomhairligh Oifig an SIP don Choimisiún um Chaighdeáin roimhe seo déileáil le húdaráis an Gharda Síochána go díreach i ndáil le cionta den sórt sin faoin Acht). An 28 Lúnasa 2007, d'iarr an Coimisiún um Chaighdeáin ar na Gardaí na gníomhairí toghcháin seo a leanas a imscrúdu as loiceadh Ráiteas um Speansais Toghcháin a chur ar fáil:

  • An tUas. Thomas King a ghníomhaigh mar a ghníomhaire toghcháin féin (Neamhpháirtí, Gaillimh Thiar);
  • An Uas. Margaret Murphy a ghníomhaigh mar ghníomhaire toghcháin don Uas. Thomas Harpur (Comhaontas Glas, Loch Garman); agus
  • An tUas. Jim Tallon a ghníomhaigh mar a ghníomhaire toghcháin féin (Neamhpháirtí, Cill Mhantáin).

Fuarthas Ráiteas um Speansais Toghcháin ina dhiaidh sin ón Uas. Murphy. Ní raibh foirm le haghaidh Ráitis um Speansais Toghcháin faighte fós ón Uas. King nó ón Uas. Tallon tráth foilsithe na tuarascála seo. Faoi mar a dúradh i gCaibil 2 den tuarascáil, d'atreoraigh an Coimisiún um Chaighdeáin an tUas. King agus an tUas. Tallon ar aghaidh chuig na Gardaí le cion faoi alt 25 den Acht a imscrúdu as loiceadh Ráiteas um Shíntiúis a chur ar fáil. Cé go dtuigeann an Coimisiún um Chaighdeáin go bhfuil na Gardaí ag imscrúdu na gcionta arna ndéanamh ag an Uas. King, ní heol dó cén gníomhartha, má rinneadh aon chinn, a rinneadh i ndáil leis an Uas. Tallon.

Back to contents



This site conforms to W3C XHTML 1.0 recommendations| This site conforms to W3C CSS recommendations| This site meets WAI Priority 3 recommendations|