- Scipeáil Nascleanúna |
- Mapa an Láithreáin |
- Ráiteas Inrochtaineacht
- | Text Size: A |
- A |
- A
- 18 Lower Leeson Street, Baile Átha Cliath 2, Eire.
- +353 (0)1 - 639 - 5666
- +353 (0)1 - 639 - 5684
- sipo@sipo.gov.ie
- Eolas Fúinne
- Treoirlínte
- Cóid Iompair
- Gearáin
- Tuarascálacha
- Preas Ráiteas
- Foilseacháin Ghinearálta
- Toghcháin
- Síntiúis a Nochtadh
- Maoiniú Státchiste
- Do leathanach
- Foirmeacha
13/12/07 - Tuarascáil ar nochtadh síntiúis agus speansais toghcháin in olltoghchán na Dála 2007
3.8 Foirmeacha a Eisíodh le haghaidh Ráiteas um Speansais Toghcháin
Ceanglaíodh ar ghníomhaire toghcháin gach iarrthóir a chuaigh san iomaíocht san olltoghchán foirm le haghaidh Ráitis um Speansais Toghcháin a chur ar fáil. Ghníomhaigh roinnt gníomhairí toghcháin le haghaidh níos mó ná iarrthóir amháin. I gcáis den sórt sin, ceanglaíodh ar an ngníomhaire toghcháin foirm ar leith le haghaidh Ráitis um Speansais Toghcháin a chur ar fáil i leith gach iarrthóir. Chuaigh 466 iarrthóir aonair san iomaíocht sa toghcháin. Chuaigh an tUas. Colm Callanan (an Páirtí Dlúthpháirtíochta Críostaí) san iomaíocht sa toghchán in dhá dháilcheantar agus chuaigh an tUas. Noel O'Gara (Neamhpháirtí) san iomaíocht sa toghchán i gceithre dháilcheantar. Ceanglaíodh ar an Uas. Callanan agus ar an Uas. O'Gara foirm le haghaidh Ráitis um Speansais Toghcháin a chomhlánú le haghaidh gach dáilcheantar a ndeachaigh siad san iomaíocht sa toghchán ann. B'éigean 470 foirm le haghaidh Ráitis um Speansais Toghcháin a chur ar fáil don Choimisiún um Chaighdeáin san iomlán. Ceanglaíodh ar an naoi bpáirtí pholaitíochta a raibh iarrthóirí san iomaíocht sa toghchán acu foirm le haghaidh Ráitis um Speansais Toghcháin a chur ar fáil freisin. B'éigean 479 foirm le haghaidh Ráitis um Speansais Toghchain a chur ar fáil don Choimisiún um Chaighdeáin mar sin.
Forálann alt 36(2) den Acht go mbeidh Ráiteas um Speansais Toghcháin i gcruth arna ordú ag an gCoimisiún um Chaighdeáin. Cuireadh foirm shamplach le haghaidh Ráitis um Speansais Toghcháin isteach mar Aguisín leis na treoirlínte foilsithe. Bhí roinnt mionathruithe ar an bhfoirm shamplach san fhoirm a eisíodh do ghníomhairí toghcháin ina dhiaidh sin (GE/07/EES/EA). Tháirg an Coimisiún um Chaighdeáin foirmeacha le haghaidh Ráitis um Speansais Toghcháin freisin le húsáid ag gníomhairí náisiúnta páirtithe polaitíochta. Rinneadh an fhoirm a shaindearadh i ngach cás go mbeadh ainm, agus mionsonraí eile, ar gach iarrthóir den pháirtí a chuaigh san iomaíocht sa toghchán, san áireamh inti.
Thug na foirmeacha le haghaidh Ráitis um Speansais Toghcháin, d'idir ghníomhairí toghcháin agus ghníomhairí náisiúnta, orthu cuntas a thabhairt i speansais toghcháin ar leithligh, sa chás gur íocadh na costais as cistí poiblí ar dtús. Ba é an cuspóir a bhí leis seo ná go mbeadh sé ar chumas an Choimisiúin um Chaighdeáin mionsonraí a sholáthar ar chostais den sórt sin agus, dá mba ghá, na suimeanna seo a réiteach leis na suimeanna a chúitigh Comhaltaí, a bhí ag imeacht, le Coimisiún Thithe an Oireachtais as áiseanna den sórt sin a úsáid chun críocha toghcháin.
Eisíodh Foirm le haghaidh Ráitis um Speansais Toghcháin ar an bpost cláraithe chuig gach gníomhaire toghcháin idir an 8ú agus an 12ú Meitheamh 2007 agus chuig gníomhairí náisiúnta na bpáirtithe polaitíocha an 18ú Meitheamh 2007. Bhí nóta míniúcháin ag gabháil le gach foirm lenar soláthraíodh mionsonraí teagmhála d'fhoireann rúnaíocht an Choimisiúin um Chaighdeáin. Comhairlíodh do ghníomhairí dul i dteagmháil leis an rúnaíocht mura raibh siad cinnte faoi aon ghné den fhoirm. Bhí foireann na rúnaíochta ar fáil freisin chun bualadh le gníomhairí toghcháin a raibh comhairle ag teastáil uathu maidir leis an bhfoirm a chomhlánú. Ceanglaíodh ar ghníomhairí na foirmeacha a chur ar fáil faoin 19 Iúil 2007, an spriocdháta reachtúil.