Standards in Public Office Commission/Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí logo
  • 18 Lower Leeson Street, Baile Átha Cliath 2, Eire.
  • Teil: +353 (0)1 - 639 - 5666
  • Faics: +353 (0)1 - 639 - 5684
  • R-phost: sipo@sipo.gov.ie

13/12/07 - Tuarascáil ar nochtadh síntiúis agus speansais toghcháin in olltoghchán na Dála 2007

3.7 Tréimhse an Toghcháin

Is infheidhme an teorainn chaiteachais ag olltoghchán Dála i leith gach speansas dá dtarraingíonn gníomhairí orthu féin agus i leith gach íocaíocht arna ndéanamh acu le maoin, earraí nó seirbhísí a sholáthar a úsáidtear chun críocha toghcháin i rith "thréimhse an toghcháin". Forálann alt 31(3)(a) den Acht gurb ó dháta lánscoir na Dála (29 Aibreán 2007) chomh fada le lá na vótaíochta ag an toghchán (24 Bealtaine 2007), agus an dá dháta sin san áireamh, an tréimhse toghcháin ag olltoghchán Dála.

Ní mór cuntais a thabhairt i speansais a tarraingíodh nó in íocaíochtaí a rinneadh ag tráth ar bith roimh dháta lánscoir na Dála ar mhaoin, earraí nó ar sheirbhísí a úsáidtear i rith thréimhse an toghcháin. Is é an eisceacht maidir leis seo ná costas pobalbhreithe nó suirbhé eile cosúil leis a dhéantar i dtréimhse na 60 lá roimh lá na vótaíochta. Meastar costas den sórt sin mar speansas toghcháin agus ní mór cuntas a thabhairt ann.

Má tarraingíodh speansais nó má rinneadh íocaíochtaí i leith maoine, earraí nó seirbhísí a raibh sé beartaithe iad a úsáid ach nár úsáideadh iad, nó nár úsáideadh ach cuid díobh, i rith thréimhse an toghcháin, níor ghá cuntas a thabhairt sa chuid nár úsáideadh. Ar an gcaoi chéanna, níor ghá cuntas a thabhairt i speansais a tarraingíodh nó in íocaíochtaí a rinneadh i leith maoine, earraí nó seirbhísí a úsáideadh roimh nó tar éis thréimhse an toghcháin. D'fhéadfadh na nithe seo a leanas a bheith i measc roinnt samplaí de seo:

  • ábhar bolscaireachta arna scaipeadh ag iarrthóirí/páirtithe polaitíochta sular cuireadh tús le tréimhse an toghcháin;
  • costais árachais nó chíosa a bhaineann le háitreabh feachtais nó le feithiclí sa mhéid is go mbaineann na costais le tréimhse roimh agus/nó tar éis tréimhse an toghcháin;
  • fógraí "Buíochais" arna scaipeadh tar éis an toghcháin;
  • na costais a bhaineann le póstaeir a bhaint anuas tar éis an toghcháin.

Ina threoirlínte don olltoghchán, chomhairligh an Coimisiún um Chaighdeáin go measfaí mar speansais toghcháin fógráin a bhí le feiceáil i nuachtáin, in irisí nó i bhfoilseacháin eile agus lenar bhain dáta foilsiúcháin a bhí i rith thréimhse an toghcháin. Má bhí an dáta foilsithe roimh nó tar éis thréimhse an toghcháin, ní mheasfaí na fógráin mar speansais toghcháin. Is é an chúis leis an gcomhairle seo ná go mbíonn go leor nuachtán áitiúil ar fáil le ceannach roimh a ndáta foilsithe. Ní bhíonn an Coimisiún um Chaighdeáin in ann an dáta a bheidh gach nuachtán áitiúil ar fáil a dhéanamh amach. Glactar leis mar sin gurb é dáta foilsithe an pháipéir an bonn lena dhéanamh amach cibé acu an n-úsáidtear fógrán i rith thréimhse an toghcháin nó nach n-úsáidtear. Luadh leis an gCoimisiún um Chaighdeáin go mb'fhéidir go ndearna nuachtán áirithe, a d'athraigh a dháta foilsithe, é sin lena chinntiú nach measfaí mar speansais toghcháin fográin a bhí ann i rith sheachtain deiridh an fheachais toghcháin. Níorbh fhéidir leis an gCoimisiún um Chaighdeáin aon rud a dhéanamh maidir leis seo. D'fhéadfadh sé an Coimisiún um Chaighdeáin a spreagadh áfach chun a chomhairle i ndáil le fógráin nuachtáin a athbhreithniú áfach.

Bhí go leor fianaise ann i rith an toghcháin faoi chaiteachas réamhthoghcháin ag páirtithe agus iarrthóirí agus bhí sé go mór i mbéal na ndaoine. Níor ceanglaíodh ar pháirtithe agus ar iarrthóirí cuntas a thabhairt i gcaiteachas den sórt sin mura úsáideadh na hábhair a bhí i gceist i rith thréimhse an toghcháin. Cuireadh buairimh in iúl, a raibh údar maith leo, gur laghdaíodh éifeachtacht na dteorainneacha caiteachais toisc go rabhthas ag caitheamh chaiteachas an fheachtais roimh thréimhse an toghcháin.

Is iomaí uair a d'iarr an Coimisiún um Chaighdeáin go ndéanfaí athbhreithniú ar "thréimhse an toghcháin" ag toghcháin Dála agus Eorpacha. Baineann tábhacht ar leith leis seo sa chás go reáchtáiltear olltoghchán Dála tar éis téarma iomlán a oifige a bheith comhlíonta ag rialtas. (Sa chás go ngairtear toghchán gan choinne, ní dócha go dtiocfadh an cheist, ó thaobh formhór an chaiteachais a bheith déanta roimh thréimhse an toghcháin, chun cinn). Ina athbhreithniú ar an Acht in 2003, dúirt an Coimisiún um Chaighdeáin "Mar gheall ar leibhéal na díospóireachta agus na tráchtaireachta faoin tsaincheist seo (tréimhse an toghcháin) agus go bhféadfadh a leithéid an bonn a bhaint den éifeachtacht, a fheictear a bheith leis an reachtaíocht, go mór, is é dearcadh an Choimisiúin um Chaighdeáin gur chóir cuimhneamh cé acu, i leith tréimhse sonraithe sula gcuirtear tús le tréimhse an toghcháin arna sainmhíniú leis an dlí, an bhfuil cás ann go bhforchuirfí cuntasacht éigin i gcomhthéacs na dteorainneacha caiteachais." D'at reisigh taithí an Choimisiúin um Chaighdeáin ar fheachtas toghcháin 2007 an dearcadh seo.

Is é cuspóir na dteorainneacha caiteachais ná go mbeidh cothrom na féinne ag gach iarrthóir agus free for all ó thaobh caiteachais toghcháin a sheachaint. Measann an Coimisiún um Chaighdeáin gur bunphrionsabal den Acht e seo. Má dhéantar caiteachais toghcháin a theorannú, laghdaíonn sin a spleáiche is a bhíonn iarrthóirí agus páirtithe polaitíochta ar ranníocaíochtaí polaitíochta chun feachtais toghcháin a mhaoiniú agus aithníonn Comhairle na hEorpa agus Grúpa na mBallstát i gcoinne na Caimiléireachta (GRECO) é mar uirlis éifeachtach chun an chaimiléireacht a throid. Is léir anois go gceapann an pobal nach bhfuil an reachtaíocht ag baint amach an aidhm a luaitear leis maidir le caiteachas ag toghcháin, ag páirtithe polaitíochta agus iarrthóirí, a theorannú. Níl aon amhras ar an gCoimisiún um Chaighdeáin go mbaintear an bonn den chuspóir a bhaineann le teorainneacha caiteachais a bheith i bhfeidhm, toisc nach bhfuil tréimhse éifeachtach toghcháin ann ag olltoghchán Dála, agus go siúlann an baol leis sin go dtarraingeofar míchlú ar fhorálacha an Achta a rialaíonn teorainneacha caiteachais toghcháin. Tá an chontúirt ann, mura dtugtar aghaidh go sásúil ar an tsaincheist ó thaobh na tréimhse toghcháin ag toghcháin Dála agus Eorpacha, go bhfeicfear do dhaoine nach bhfuil san obair maidir le cuntas a thabhairt i gcaiteachas ag toghcháin den sórt sin ach rud ar mhaithe le páipéarachas.

Is é an tsaincheist bhuntábhachtach ó thaobh fad thréimhse an toghcháin a dhéanamh amach ná cinneadh a dhéanamh maidir leis an bpointe go dtéann caiteachas, ar ghníomhaíocht a bhaineann le cúrsaí toghchánaíochta a tharlaíonn roimh lánscor na Dála, i bhfeidhm ó thaobh feasacht na vótóirí agus gur chóir an caiteachas sin a mheas, mar sin, mar chaiteachas toghcháin. Measann an Coimisún um Chaighdeáin, cé go n-aithníonn sé gá go mbunódh agus go méadódh iarrthóirí nua próifíl i ndáilcheantar, go bhféadfaí caiteachas ar mhaoin, earraí nó ar sheirbhísí a úsáidtear chun críocha toghcháin i rith tréimhse 2/3 mhí roimh lá na vótaíochta, a fhorléiriú le reasún mar chaiteachas a bhí beartaithe le tacaíocht a lorg ag an toghchán d'iarrthóir nó do pháirtí polaitíochta. Chaithfi taifead caiteachais a choinneáil ar bun ionas, dá mba ghá, go bhféadfadh an gníomhaire ábhartha cuntas a thabhairt ann tar éis an toghcháin. Tar éis do thréimhse na dtrí mhí a bheith dulta in éag i ndáil le mír áirithe chaiteachais agus gan an Dáil a bheith lánscoirthe go fóill, níor ghá an taifead i leith na míre sin a choinneáil a thuilleadh. Cheanglófaí ar iarrthóirí a ngníomhairí a bheith socraithe acu achar maith roimh an toghchán mar sin. Is eol don Choimisiún um Chaighdeáin go mb'fhéidir gur mhó é seo mar ualach ar iarrthóirí agus ar ghníomhairí toghcháin ach dar leis, dá aineoinn sin, gur fiú cuimhneamh ar an gcur chuige seo agus go bhfáilteofaí roimhe go ginearálta dá mbeadh sé le cabhrú leis an gcuspóir a bheartaítear leis an gcuid seo den Acht - caiteachas toghcháin a theorannú - a bhaint amach.

Back to contents



This site conforms to W3C XHTML 1.0 recommendations| This site conforms to W3C CSS recommendations| This site meets WAI Priority 3 recommendations|