Standards in Public Office Commission/Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí logo
  • 18 Lower Leeson Street, Baile Átha Cliath 2, Eire.
  • Teil: +353 (0)1 - 639 - 5666
  • Faics: +353 (0)1 - 639 - 5684
  • R-phost: sipo@sipo.gov.ie

13/12/07 - Tuarascáil ar nochtadh síntiúis agus speansais toghcháin in olltoghchán na Dála 2007

3.6 Teorainneacha Caiteachais

Forálann alt 3(1) den Acht go bhféadfaidh an tAire Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil méadú a ordú, ar aon dul leis an Innéacs Praghasanna do Thomhaltóirí (CPI), ar na teorainneacha reachtúla caiteachais ag toghcháin Dála. An 14 Márta 2007, rinne an tAire, agus aird aige ar athruithe ar an Innéacs ó Mheán Fómhair 2001, (an uair deiridh gur méadaíodh na teorainneacha caiteachais) ordú (An tOrdú um an Acht Toghcháin 1997 (Caiteachais Toghcháin i dToghchán Dála a Theorannú agus a Chúiteamh) 2007 (Uimh. I.R. 113 de 2007)) lenar méadaíodh na teorainneacha reachtúla caiteachais mar seo a leanas:

  • Dáilcheantar 3 shuíochán - méadaíodh ó €25,394.76 go dtí €30,150.00
  • Dáilcheantar 4 shuíochán - méadaíodh ó €31,743.45 go dtí €37,650.00
  • Dáilcheantar 5 shuíochán - méadaíodh ó €38,092.14 go dtí €45,200.00

Is le haghaidh gach iarrthóir i ndáilcheantar an teorainn reachtúil chaiteachais agus tá CBL san áireamh léi. Is ionann an teorainn reachtúil agus an t-uaschaiteachas a cheadaítear a dhéanamh ar iarrthóir i ndáilcheantar agus tá gach caiteachas ag an ngníomhaire toghcháin agus ag páirtí polaitíochta (idir an phríomhoifig agus eagraíocht áitiúil) ar iarrthóir san áireamh leis. Ní cheadaítear do pháirtí polaitíochta aon chaiteachas ar leithligh nó aon chaiteachas breise a dhéanamh ar iarrthóir os cionn na suime a shann an t-iarrthóir don pháirtí.

D'fhéadfadh iarrthóir, a bheadh ag dul san iomaíocht sa toghchán thar ceann páirtí pholaitíochta, suim a t(h)eorainne caiteachais a shannfaí don pháirtí le caitheamh ag gníomhaire náisiúnta an pháirtí, a chomhaontú i scríbhinn, lena p(h)áirtí polaitíochta. D'fhéadfadh sé seo a bheith chomh mór le 100% de theorainn an iarrthóra. Níl aon oibleagáid dlí ar iarrthóir áfach le haon suim a shannadh don pháirtí. Dá ndiúltódh iarrthóir aon chuid den teorainn reachtúil chaiteachais a shannadh don pháirtí, ní fhéadfadh an páirtí aon speansais a tharraingt air féin ar an iarrthóir sin ag an toghchán (ach amháin sa chás go n-údaraíonn gníomhaire toghcháin an iarrthóra don pháirtí amhlaidh a dhéanamh). Ní féidir le gníomhaire toghcháin an iarrthóra ach an tsuim den teorainn chaiteachais don iarrthóir a chaitheamh a bheidh fágtha tar éis don tsuim don pháirtí a bheith sannta.

Ní shonraítear san Acht cathain go gcaithfear an tsuim a shannadh, nó ath-idirbheartaíocht i leith an tsuim a shannfar a chosc ag céim ar bith i rith nó go deimhin tar éis an fheachtais toghcháin. Chomhairligh an Coimisiún um Chaighdeáin ina threoirlínte gur chóir na suimeanna a shannfar a chomhaontú sula ndéanfaidh gníomhairí aon speansais a tharraingt orthu féin. Cé gurbh é seo an cleachtas go ginearálta, rinneadh ath-idirbheartaíocht i leith na suimeanna a bhí le sannadh i rith nó tar éis an fheachtais toghcháin i gcuid mhaith cás. Ní léir don Choimisiún um Chaighdeáin cibé an bhfuil an cumas, le hath-idirbheartaíocht a dhéanamh i leith suim a shannfar, i gceist mar chuid den Acht. Tá an Coimisiún um Chaighdeáin sásta áfach, nach bhfuil sé i riocht, ó thaobh an dlí de, diúltú glacadh le hath-idirbheartaíocht a rinneadh i leith suim a bhí le sannadh fiú tar éis do Ráiteas um Speansais Toghcháin a bheith curtha ar fáil dó. Bhí roinnt cás ann ina ndearnadh ath-idirbheartaíocht i leith an tsuim a bhí le sannadh tar éis an spriocdháta reachtúil lena nglacfaí le Ráitis um Speansais Toghcháin. B'éigean an ath-idirbheartaíocht a dhéanamh i bhformhór na gcás toisc go ndeachaigh an gníomhaire toghcháin os cionn na teorainne caiteachais a bhí ar fáil dó/di tar éis don tsuim a bheith sannta don pháirtí.

Forálann an tAcht go sonrach áfach, nach mór an tsuim chomhaontaithe a shannfar a dhéanamh i scríbhinn idir iarrthóir agus an páirtí. Sa chás go ndearnadh ath-idirbheartaíocht i leith na suimeanna a bhí le sannadh, b'éigean comhaontú nua scríofa a chur le chéile agus ceanglaíodh ar ghníomhairí toghcháin cóip den chomhaontú scríofa a chur ar fáil in éineacht lena gcuid Ráiteas um Speansais Toghcháin.

Back to contents



This site conforms to W3C XHTML 1.0 recommendations| This site conforms to W3C CSS recommendations| This site meets WAI Priority 3 recommendations|