Standards in Public Office Commission/Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí logo
  • 18 Lower Leeson Street, Baile Átha Cliath 2, Eire.
  • Teil: +353 (0)1 - 639 - 5666
  • Faics: +353 (0)1 - 639 - 5684
  • R-phost: sipo@sipo.gov.ie

13/12/07 - Tuarascáil ar nochtadh síntiúis agus speansais toghcháin in olltoghchán na Dála 2007

3.5 Ceapachán gníomhairí náisiúnta na bpáirtithe polaitíochta

De réir alt 28(1) den Acht, ceanglaíodh ar gach ceann de na páirtithe polaitíochta gníomhaire náisiúnta a cheapadh chun speansais a tharraingt orthu féin thar ceann an pháirtí ag an toghchán. Ceanglaíonn an tAcht ar na páirtithe ceapachán gníomhaire náisiúnta a fhógairt don Choimisiún um Chaighdeáin tráth nach déanaí ná an lá deiridh a nglacfar le hainmniúcháin ag an toghchán (8 Bealtaine 2007). Mura mbíonn an fhaisnéis ábhartha soláthraithe ag páirtí polaitíochta faoin lá deiridh le hainmniúcháin a tharraingt siar (9 Bealtaine 2007), meastar gur ceapadh oifigeach cuí an pháirtí (arna cheapadh faoi alt 71 den Acht) mar ghníomhaire náisiúnta an pháirtí. Mura mbíonn aon oifigeach cuí ceaptha, meastar gurb é ceannaire an pháirtí oifigeach cuí an pháirtí, agus mar gheall air sin, gur ceapadh é mar ghníomhaire náisiúnta an pháirtí.

Bhí iarrthóirí ag dul san iomaíocht ag olltoghchán na Dála ag naoi bpáirtí polaitíochta. Chuir ocht gcinn de na páirtithe sin in iúl don Choimisiún um Chaighdeáin gur ceapadh gníomhaire náisiúnta. Toisc nár chuir an Páirtí Dlúthpháirtíochta Críostaí in iúl don Choimisiún um Cheapacháin gur ceapadh gníomhaire náisiúnta, measadh gurbh é a oifigeach cuí gníomhaire náisiúnta an pháirtí. De réir alt 6(a) den Acht, d'fhoilsigh an Coimisiún um Chaighdeáin in Iris Oifigiúil, an 14 Bealtaine 2007, ainmneacha agus seoltaí na ngníomhairí náisiúnta a ceapadh, nó a measadh a bheith ceaptha, ag gach ceann de na páirtithe polaitíochta.

Is é an gníomhaire náisiúnta an t-aon duine ar féidir leis nó léi speansais a tharraingt air/uirthi féin thar ceann an pháirtí as an teorainn chaiteachais arna sannadh dó ag a iarrthóirí (féach 3.6 thíos). Sa chás gur tarraingíodh speansais ag nó thar ceann páirtí pholaitíochta roimh cheapachán gníomhaire náisiúnta, ní mór don pháirtí mionsonraí ar gach speansas den sórt sin a chur ar fáil don ghníomhaire náisiúnta in éineacht le gach dearbhán ábhartha. Is féidir leis an ngníomhaire náisiúnta daoine eile a údarú chun caiteachas a tharraingt orthu féin nó íocaíochtaí a dhéanamh faoi chuimsiú teorainneacha sonracha arna socrú ag an ngníomhaire náisiúnta. Ní mór don ghníomhaire náisiúnta cuntas a thabhairt i gcaiteachas ag gach duine údaraithe den sórt sin.

Is féidir le caiteachas, a dhéanfaidh an gníomhaire náisiúnta as an tsuim arna sannadh don pháirtí, a bheith ar na hiarrthóirí nó ar leibhéal náisiúnta. Is éard is caiteachas ar iarrthóir ann ná caiteachas lena n-aithnítear agus lena gcuirtear iarrthóir(í) chun cinn i ndáilcheantar. Tá 'foireann' an pháirtí i ndáilcheantar san áireamh leis seo. Sa chás go mbíonn ceannaire páirtí agus a iarrthóirí le feiceáil ar ábhair thoghcháin (m.sh. póstaeir, cláir fhógraí), measadh gur tarraingíodh an caiteachas ar na hiarrthóirí a bhí i gceist agus ní ar cheannaire an pháirtí. Ní féidir le caiteachas ag an ngníomhaire náisiúnta ar iarrthóir áirithe dul thar an tsuim arna sannadh don pháirtí ag an iarrthóir sin. Ní féidir cuid ar bith de theorainn chaiteachais iarrthóra a aistriú ó iarrthóir amháin de chuid an pháirtí chuig ceann eile i ndáilcheantar.

Ní bhaineann caiteachas náisiúnta go díreach le hiarrthóirí a chur chun cinn i ndáilcheantair. Bíonn tagairt san áireamh leis go ginearálta don pháirtí, dá cheannaireacht, dá bheartais nó do shaincheisteanna toghcháin i gcomhthéacs náisiúnta, agus lena ábhar agus lena fhairsinge is a spréitear an t-ábhar ar bhonn tíreolaíoch, bíonn sé dírithe ar vótaí a mhealladh sa tír iomlán. Bíonn caiteachas den sórt sin ar nithe amhail forógra an pháirtí, craolacháin pholaitíochta an pháirtí, camchuairteanna cheannaire an pháirtí, srl. Sa chás go mbíonn baill de cheannaireacht an pháirtí nó urlabhraithe an pháirtí i gcraolacháin pholaitíochta de chuid páirtí, measadh gur caiteachas náisiúnta na speansais a tarraingíodh agus ní measadh gur speansais iad a tarraingíodh ar na hiarrthóirí aonair.

Back to contents



This site conforms to W3C XHTML 1.0 recommendations| This site conforms to W3C CSS recommendations| This site meets WAI Priority 3 recommendations|