- Scipeáil Nascleanúna |
- Mapa an Láithreáin |
- Ráiteas Inrochtaineacht
- | Text Size: A |
- A |
- A
- 18 Lower Leeson Street, Baile Átha Cliath 2, Eire.
- +353 (0)1 - 639 - 5666
- +353 (0)1 - 639 - 5684
- sipo@sipo.gov.ie
- Eolas Fúinne
- Treoirlínte
- Cóid Iompair
- Gearáin
- Tuarascálacha
- Preas Ráiteas
- Foilseacháin Ghinearálta
- Toghcháin
- Síntiúis a Nochtadh
- Maoiniú Státchiste
- Do leathanach
- Foirmeacha
13/12/07 - Tuarascáil ar nochtadh síntiúis agus speansais toghcháin in olltoghchán na Dála 2007
3.4 Ceapachán gníomhairí toghcháin na n-iarrthóirí
De réir alt 28 den Acht, ceanglaítear ar gach iarrthóir ag olltoghchán Dála gníomhaire toghcháin a cheapadh chun speansais toghcháin a tharraingt air/uirthi féin thar a c(h)eann. Féadfaidh iarrthóir ceapachán gníomhaire toghcháin a aisghairm nó féadfaidh gníomhaire toghcháin éirí as mar ghníomhaire toghcháin iarrthóra ag tráth ar bith roimh nó i ndiaidh lá na vótaíochta (ach ní tar éis do Ráiteas um Speansais Toghcháin a bheith curtha ar fáil). Féadfaidh iarrthóir gníomhú mar a g(h)níomhaire toghcháin féin.
Is é gníomhaire toghcháin an iarrthóra an t-aon duine ar féidir leis nó léi speansais toghcháin a tharraingt air/uirthi féin thar ceann an iarrthóra ag an toghchán. (Féadfaidh gníomhaire náisiúnta páirtí pholaitíochta speansais a tharraingt air/uirthi féin thar ceann iarrthóra freisin ón tsuim arna sannadh don pháirtí ag an iarrthóir - féach mír 3.5). Is féidir leis an ngníomhaire toghcháin daoine eile a údarú, lena n-áirítear an t-iarrthóir, chun speansais toghcháin a tharraingt air/uirthi féin thar a c(h)eann. D'údaraigh gníomhairí toghcháin iarrthóirí agus/nó stiúrthóirí toghcháin chun suim shonraithe de speansais toghcháin a tharraingt orthu féin i gcuid mhaith cás. Ní mór don ghníomhaire toghcháin cuntas a thabhairt i ngach speansas arna dtarraingt orthu féin ag "daoine údaraithe" den sórt sin. Prionsabal bunúsach atá mar bhonn is mar thaca leis an gcuid seo den Acht is ea an fíoras nach mór gach speansas toghcháin arna dtarraingt thar ceann iarrthóra a bheith údaraithe ag a g(h)níomhaire toghcháin. Fágann sé go mbíonn an gníomhaire toghcháin in ann caiteachas toghcháin, a tharraingítear thar ceann an iarrthóra, a rialú, agus a chinntiú go gcloítear leis an teorainn chaiteachais atá ar fáil don ghníomhaire toghcháin.
Forálann alt 31(8A) den Acht, sa chás gur tharraing iarrthóir speansais toghcháin air/uirthi féin sular ceapadh gníomhaire toghcháin, nach mór dó/di mionsonraí ar na speansais a tharraing sé/sí air/uirthi féin a sholáthar don ghníomhaire toghcháin. Tá sé ina chion má loiceann an t-iarrthóir faisnéis den sórt sin a sholáthar do ghníomhaire toghcháin agus gan dóthain ama a fhágáil ag an ngníomhaire toghcháin le Ráiteas um Speansais Toghcháin a chur ar fáil de réir cheanglais alt 36 den Acht. I rith agus tar éis an fheachtais toghcháin, chuir roinnt gníomhairí toghcháin in iúl don Choimisiún um Chaighdeáin go raibh deacrachtaí acu le mionsonraí a dhaingniú ó iarrthóirí ar na speansais toghcháin a tharraing siad orthu féin. Chomhairligh an Coimisiún um Chaighdeáin do na gníomhairí toghcháin a n-oibleagáidí dlí faoi alt 31(8A) den Acht a chur in iúl do na hiarrthóirí. B'éigean don Choimisiún um Chaighdeáin scríobh chuig iarrthóir áirithe uair amháin maidir le ceanglais alt 31(8A) agus comhad faoin scéal a atreorú ar aghaidh chuig na Gardaí/SIP ar deireadh (féach mír 3.14).
Ceanglaíonn na nósanna imeachta a leagadh amach in alt 28 den Acht ar na Cinn Chomhaireamh le haghaidh gach dáilcheantar gach iarrthóir a bhí le dul san iomaíocht sa toghchán a fhógairt don Choimisiún um Chaighdeáin chomh maith le mionsonraí ar a ngníomhairí toghcháin. Ceanglaítear ar Chinn Chomhairimh fógra a sheoladh chuig an gCoimisiún um Chaighdeáin freisin má fhógraíonn iarrthóir athrú gníomhaire toghcháin dóibh. Ní mór don Choimisiún um Chaighdeáin glacadh leis an bhfaisnéis faoi mar a sholáthraíonn an Ceann Comhaireamh í agus ní fhéadfaidh sé glacadh le Ráiteas um Speansais Toghcháin ach amháin sa chás go mbeidh sé comhlánaithe ag an duine a fógraíodh dó mar ghníomhaire toghcháin an iarrthóra.
Níor neamhghnách ag olltoghchán 2002 go bhfaigheadh an Coimisiún um Chaighdeáin Ráiteas um Speansais Toghcháin a bhí comhlánaithe ag duine eile seachas an duine a fógraíodh dó mar ghníomhaire toghcháin an iarrthóra. Cé go gcuireann na páipéir oifigiúla ainmniúcháin an ceanglas in iúl d'iarrthóirí le gníomhaire toghcháin a cheapadh, níl aon fhoráil ann go gcuirfeadh iarrthóirí mionsonraí ar a ngníomhairí toghcháin síos ar na páipéir ainmniúcháin. Agus fiosrúcháin déanta againn leis an Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil, cuireadh in iúl don Choimisiún um Chaighdeáin nach mbeadh sé indéanta mionsonraí ar na gníomhairí toghcháin a chur isteach ar na páipéir ainmniúcháin chomh maith. Chun éascú le daoine mionsonraí cearta a sholáthar ar ghníomhairí toghcháin, chinn an Coimisiún um Chaighdeáin foirm a tháirgeadh a d'eisigh sé chuig gach Ceann Comhairimh. Iarradh ar Chinn Chomhairimh iarraidh ar iarrthóirí an fhoirm seo a chomhlánú agus a gcuid páipéar ainmniúcháin á gcur isteach acu. Chomhlíon formhór na gCeann Comhairimh an iarraidh seo agus chinntigh sé seo go raibh taifead scríofa ag an gCoimisiún um Chaighdeáin ar an duine a fógraíodh don Cheann Comhairimh mar ghníomhaire toghcháin an iarrthóra.
Soláthraíonn na príomhpháirtithe polaitíochta mionsonraí don Choimisiún um Chaighdeáin ar a n-iarrthóirí agus ar a ngníomhairí toghcháin roimh an toghchán de ghnáth. Éascaíonn sé seo le treoirlínte a eisiúint chuig na hiarrthóirí seo agus chuig a ngníomhairí toghcháin go tráthúil. I gcás iarrthóirí roinnt de na páirtithe polaitíochta atá níos lú áfach agus go leor de na hiarrthóirí neamhpháirtí, is ón gCeann Comhairimh a fhaigheann an Coimisiún um Chaighdeáin an chéad fhógra faoina n-iarrthóireacht, nó faoi cheapachán oifigigh thoghcháin. Lena chinntiú gur scaipeadh a threoirlínte a ghasta agus is féidir ar na hiarrthóirí agus gníomhairí toghcháin seo, scríobh an Coimisiún um Chaighdeáin chuig gach ceann comhairimh an 27 Aibrean 2007 ag iarraidh orthu mionsonraí ar gach iarrthóir a bhí ag dul san iomaíocht sa toghchán sa dáilcheantar agus ar a ngníomhairí toghcháin a sheoladh chuig an gCoimisiún um Chaighdeáin ar an bhfacs nó ríomhphost a luaithe agus ab fhéidir tar éis clabhsúr a bheith curtha le hainmniúchá in don toghchán (12.00 nóin an 8ú Bealtaine 2007). Is mian leis an gCoimisiún um Chaighdeáin buíochas a ghabháil le Cinn Chomhairimh as an méid a d'iarr sé orthu a dhéanamh ó thaobh an fhoirm thuas a úsáid agus an fhaisnéis ábhartha a sholáthar ar bhealach tráthúil.
In aineoinn feabhsuithe ar olltoghchán 2002, tá forálacha alt 28 den Acht ina n-údar imní don Choimisiún um Chaighdeáin go fóill. Creideann an Coimisiún um Chaighdeáin go bhfuil an téarma "gníomhaire toghcháin" ag cur mearbhaill ar dhaoine ach go háirithe agus gur gá é a leasú san Acht. Forálann alt 59 d'Acht Toghcháin 1992 (Acht 1992) le haghaidh "gníomhairí toghcháin" a cheapadh freisin chun cabhrú leis an iarrthóir go ginearálta i ndáil le holltoghchán Dála agus le haghaidh leasghníomhairí a cheapadh chun a bheith i láthair thar cheann an iarrthóra chun vótaí a chomhaireamh agus chun críocha sonracha eile arna leagan amach in Acht 1992. Fuair an Coimisiún um Chaighdeáin go mbaineann an téarma "gníomhaire toghcháin" faoi mar a leagadh amach in Acht 1997 leis na feidhmeanna seo, dar le roinnt iarrthóirí, agus fógraíonn siad "gníomhairí" den sórt sin mar a ngníomhaire toghcháin in aineoinn nach bhfuil feidhm ar bith ag na daoine seo i ndáil le speansais, a tharraingítear thar ceann an iarrthóra ag an toghchán, a rialú. Ní fhéadfaidh an Coimisiún um Chaighdeáin glacadh le Ráiteas um Speansais Toghcháin ach amháin sa chás go bhfuil sé comhlánaithe ag an duine a fógraíodh dó mar ghníomhaire toghcháin an iarrthóra. Nuair a fhógraítear mionsonraí míchearta faoin ngníomhaire toghcháin don Cheann Comhairimh, cuirtear an t-am agus an costas arna infheistiú ag an gCoimisiún um Chaighdeáin agus na páirtithe polaitíochta iad féin, le gníomhairí toghcháin a chur ar an eolas faoi cheanglais na reachtaíochta, amú. Fuair an Coimisiún um Chaighdeáin gurb ag na gníomhairí toghcháin a bhíonn neamhchleachtaithe le ceanglais na reachtaíochta a mbíonn na deacreachtaí is mó lena gcuid foirmeacha le haghaidh Ráiteas um Speansais Toghcháin a chomhlánú i gceart. Molann an Coimisiún um Chaighdeáin gur chóir go leasófaí an téarma "gníomhaire toghcháin" faoi mar a leagtar amach san Acht é chuig "oifigeach cuntasaíochta um chaiteachas toghcháin" nó "gníomhaire caiteachais toghcháin".
Faoi mar a tharla le holltoghchán 2002, fuair an Coimisiún um Chaighdeáin roinnt Ráiteas um Speansais Toghcháin a bhí comhlánaithe ag duine eile seachas an duine a fógraíodh mar ghníomhaire toghcháin an iarrthóra. Faoi mar a dúradh thuas, ní mór fógra faoi athrú gníomhaire toghcháin a chur tríd an gCeann Comhairimh don dáilcheantar. Fágann sin go mbíonn leibhéal maorlathais neamhriachtanach i gceist do gach duine a bhaineann leis an scéal agus cuireann sé moill ar an gCoimisiún um Chaighdeáin na Ráitis áirithe seo um Speansais Toghcháin a thabhairt chun críche. I bhfianaise nach ndéanann mionsonraí an ghníomhaire toghcháin cuid de na páipéir ainmniúcháin, measann an Coimisiún um Chaighdeáin gurbh fhearr dá gceanglófaí ar iarrthóirí ceapachán nó athrú gníomhaire toghcháin a fhógairt don Choimisiún um Chaighdeáin go díreach.