Standards in Public Office Commission/Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí logo
  • 18 Lower Leeson Street, Baile Átha Cliath 2, Eire.
  • Teil: +353 (0)1 - 639 - 5666
  • Faics: +353 (0)1 - 639 - 5684
  • R-phost: sipo@sipo.gov.ie

13/12/07 - Tuarascáil ar nochtadh síntiúis agus speansais toghcháin in olltoghchán na Dála 2007

3.3 Speansais Toghcháin arb as cistí poiblí a íocadh a gcostais ar dtús

Ag teacht ón mbreithiúnas in Kelly v. Aire Comhshaoil & Ors 2002 (4 I.R. 191), inar úsáideadh maoin, seirbhísí nó áiseanna chun críocha toghcháin i rith thréimhse an toghcháin agus gurb as cistí poiblí a íocadh na costais ar dtús, ní mór cuntas a thabhairt i gcostais den sórt sin mar speansais toghcháin ar a luach tráchtála iomlán. Ina thuarascáil bhliantúil i gcomhair 2006, luaigh an Coimisiún um Chaighdeáin go bhfuil úsáid chistí poiblí chun críocha toghcháin ina saincheist mhór ar gá a athmheas i bhfianaise athruithe a dhéanfar ar an dlí toghcháin amach anseo.

Bhí an Coimisiún um Chaighdeáin ar an eolas faoin bhfíoras go mb'fhéidir go gceanglófaí ar roinnt iarrthóirí ag an toghchán a bhí ina n-ionadaithe poiblí cheana féin (m.sh. Feisirí Eorpacha, Seanadóirí agus comhaltaí na n-údarás áitiúil) comhfhreagras a dhéanamh le muintir a ndáilcheantair i rith thréimhse an toghcháin. Ar an gcaoi chéanna, d'fhéadfadh gnó iarmharach maidir leis an dáilcheantar a bheith le déanamh ag comhaltaí a bhí ag imeacht ón Dáil freisin.

Chuir Coimisiún Thithe an Oireachtais ar a shúile don Choimisiún um Chaighdeáin freisin go raibh treoirlínte reachtúla maidir le húsáid áiseanna an Oireachtais tugtha isteach aige, de réir Acht um Choimisiún Thithe an Oireachtais 2006, do chomhaltaí a bhí ag imeacht ón Dáil. Ba é cuspóir na dtreoirlínte seo ná:

  1. na seirbhísí agus áiseanna, a bheadh nó nach mbeadh ar fáil dóibh tar éis lánscor na Dála, a aithint agus a chur in iúl dóibh; agus
  2. leagan amach cén chaoi a gceanglófaí ar chomhaltaí, Coimisiún an Oireachtais a dheimhniú agus a chúiteamh i seirbhísí agus áiseanna, arna maoiniú go poiblí, a úsáideadh seachas i leith dualgas mar ionadaí poiblí.

 

Baineann na treoirlínte go príomha leis na seirbhísí agus áiseanna sin a lean ar aghaidh tar éis lánscor na Dála, .i. foireann rúnaíochta, úsáid trealaimh oifige agus Teicneolaíochta Faisnéise agus Cumarsáide, teacht ar oifigí Theach Laighean agus úsáid áiseanna teileafóin agus cóipeála. Clúdaíonn na treoirlínte úsáid áiseanna nach raibh ar fáil a thuilleadh ar lánscor na Dála ach a d'fhéadfaí a choinneáil le húsáid tar éis an lánscoir, m.sh., ábhar a clóbhuaileadh in áis chlóbhuailte Theach Laighean, clúdaigh litreach réamhíoctha agus stáiseanóireacht.

Faoi mar a luadh ina thuarascáil bhliantúil i gcomhair 2006, is é tuairim an Choimisiúin um Chaighdeáin go bhfuil doiléire áirithe ann maidir le céard a bhíonn i gceist le caiteachas ináirithe chun críocha toghcháin agus gníomhaíocht eile de chuid ionadaithe poiblí. Ina fhianaise seo, agus ag cuimhneamh dúinn ar na treoirlínte arna n-eisiúint ag Coimisiún Thithe an Oireachtais, mheas an Coimisiún um Chaighdeáin gur ghá, mar sin, idirdhealú a dhéanamh idir úsáid áiseanna an Oireachtais (lena n-áirítear foireann) le gnó réasúnach don dáilcheantar a dhéanamh agus úsáid áiseanna den sórt sin chun críocha toghcháin. Ina threoirlínte don toghchán, chomhairligh an Coimisiún um Chaighdeáin, sa chás gur úsáideadh áiseanna, ar íocadh a gcostais as cistí poiblí, le haghaidh aon chineál comhfhreagrais gan iarraidh chuig aon duine de na toghthóirí sa dáilcheantar i rith thréimhse an toghcháin, nár mhór na háiseanna a mheas mar áiseanna a úsáideadh chun críocha toghcháin agus cuntas a thabhairt sna costais (ar a luach tráchtála iomlán) mar speansas toghcháin. B'infheidhme é seo i leith ábhair gan iarraidh arna eisiúint ag ionadaithe tofa, seachas ag an iarrthóir, freisin sa chás go gcuireann an t-ábhar iarrthóir chun cinn nó go gcuireann sé i gcoinne iarrthóra nó go bhféachtar, leis an ábhar, le tionchar a imirt ar bhealach eile ar thoradh an toghcháin.

Chun aghaidh a thabhairt ar an tsaincheist ó thaobh gnó iarmharach na gComhaltaí a bhí ag imeacht ón Dáil, chomhairligh an Coimisiun um Chaighdeáin, sa chás gur tarraingíodh fiosrúchán nua anuas le hiarrthóir (.i. fiosrúchán nár tarraingíodh anuas leis an iarrthóir roimh an toghchán) agus é/í i mbun stocaireachta agus gur úsáideadh áiseanna an Oireachtais (lena n-áirítear foireann) chun freagairt don fhiosrúchán, go measfaí na háiseanna mar áiseanna a úsáideadh chun críocha toghcháin.

Roimh an bhfeachtas toghcháin, fuair an Coimisiún um Chaighdeáin roinnt fiosrúchán ó Chomhaltaí a bhí ag imeacht ón Dáil maidir le húsáid fhoireann an Chomhalta agus go háirithe maidir le baill foirne a bheith ag glacadh saoirí. D'fhoilsigh an Coimisiún um Chaighdeáin treoirlínte breise ar a shuíomh idirlín lenar pléadh leis an tsaincheist seo go sonrach. Chomhairligh an Coimisiún um Chaighdeáin, dá mbeadh ball d'fhoireann Aire/Aire Stáit nó ball d'fhoireann Chomhalta an Oireachtais i mbun a g(h)náthdhualgas i rith thréimhse an toghcháin agus nach raibh sé/sí ag soláthar seirbhíse a bhí chun críocha toghcháin, nár measadh an costas as gníomhaíochtaí den sórt sin a dhéanamh mar speansas toghcháin. Chomhairligh an Coimisiún um Chaighdeáin freisin, sa chás gur ghlac ball foirne saoire bliantúil chun oibriú ar fheachtas toghcháin Aire/Comhalta ar bhonn deonach i rith thréimhse an toghcháin, go measfaí gurb obair a rinneadh mar sheirbhís saor in aisce an obair a rinne siad agus, in aineoinn go bhféadfadh an obair seo a bheith cosúil lena g(h)náthobair, (a d'fhéadfaí a mheas mar shochar comhchineáil), nach measfaí costas a dtuarastail agus iad ag obair go deonach mar speansais toghcháin chun críocha an Achta. Mhol an Coimisiún um Chaighdeáin gur chóir go gcoinneofaí taifid chearta ar bun de shaoirí a bhí fabhraithe agus glactha ag an bhfoireann. Agus an chomhairle seo á soláthar aige, choinnigh an Coimisiún um Chaighdeáin i gcuimhne gur shocraigh an Ard-Chúirt, in achainí Kathy Sinnott 2003, sa chás gur roghnaigh duine, a íocadh as cistí poiblí, saoire bliantúil íoctha a ghlacadh chun oibriú i gcáil oibrí dheonaigh neamhíoctha, nach raibh tuarastal an duine sin ináirithe mar speansas toghcháin.

Ba faoin ngníomhaire toghcháin (nó faoi ghníomhaire náisiúnta páirtí pholaitíochta, dá mba chuí) agus faoin iarrthóir, i gcomhairle le soláthraí na maoine, seirbhísí nó áiseanna, a bhí sé luach úsáid den sórt sin chun críocha toghcháin a dhéanamh amach agus cuntas a thabhairt ann seo sa Ráiteas ábhartha um Speansais Toghcháin. Cé go n-aithníonn an Coimisiún um Chaighdeáin gur ceist idir an t-iarrthóir agus an soláthraí a bhíonn i gceist ar an gcéad dul síos an ngearrfar táille ar áiseanna, dar leis go bhfuil gá le soiléire maidir leis an mbealach a mheasúnaíonn na hiarrthóirí féin eilimint na toghchánaíochta d'úsáid na n-áiseanna seo. Faoi mar a moladh ina thuarascáil bhliantúil i gcomhair 2006, is é tuairim an Choimisiúin um Chaighdeáin gurbh fhearr a chinnteofaí go mbeadh cothrom na féinne ag gach iarrthóir ach soiléire den sórt sin a sholáthar faoi chuimsiú raon an chóid toghcháin, seachas mar chuid de reachtaíocht eile, ar rí-léir go ngabhann cuspóir ar leithligh ar fad léi (Acht Choimisiún Thithe an Oireachtais 2006).

Back to contents



This site conforms to W3C XHTML 1.0 recommendations| This site conforms to W3C CSS recommendations| This site meets WAI Priority 3 recommendations|