- Scipeáil Nascleanúna |
- Mapa an Láithreáin |
- Ráiteas Inrochtaineacht
- | Text Size: A |
- A |
- A
- 18 Lower Leeson Street, Baile Átha Cliath 2, Eire.
- +353 (0)1 - 639 - 5666
- +353 (0)1 - 639 - 5684
- sipo@sipo.gov.ie
- Eolas Fúinne
- Treoirlínte
- Cóid Iompair
- Gearáin
- Tuarascálacha
- Preas Ráiteas
- Foilseacháin Ghinearálta
- Toghcháin
- Síntiúis a Nochtadh
- Maoiniú Státchiste
- Do leathanach
- Foirmeacha
13/12/07 - Tuarascáil ar nochtadh síntiúis agus speansais toghcháin in olltoghchán na Dála 2007
3.2 Nithe nach meastar a bheith ina speansais toghcháin
Ní mheastar na nithe seo a leanas, a d'fhéadfadh a bheith ann i rith feachtais olltoghcháin Dála, mar speansais toghcháin:
- an costas le cóipeanna a cheannach de chlár na dtoghthóirí;
- costais mhaireachtála réasúnacha (lena n-áirítear cóiríocht) iarrthóra agus oibrithe deonacha atá ag obair thar a c(h)eann. Le cois na gcostas cóiríochta, ceadaíodh caiteachas chomh mór le €50 an duine in aghaidh an lae ar shólaistí, srl., agus níor ghá cuntas a thabhairt iontu.
- "mionspeansais" .i. aon suim arna híoc ag duine amach as a (h)acmhainní féin a "tharraing sé/sí air/uirthi féin go dleathach" agus nach dtéann os cionn €126.97 in aon íocaíocht amháin ar bith;
- speansais toghcháin a tharraing duine air féin ag toghchán Dála, Pharlaimint na hEorpa nó ag toghchán áitiúil roimhe sin agus a nochtadh i Ráiteas um Speansais Toghcháin a cuireadh ar fáil don Choimisiún um Chaighdeáin nó d'údarás áitiúil;
- an tseirbhís saorphoist a sholáthraíonn An Post d'iarrthóirí;
- seirbhís saor in aisce a sholáthraíonn duine aonair, lena n-áirítear úsáid mhótarfheithicil, theileafón príobháideach srl. an duine aonair, sa chás nach bhfuil an tseirbhís a sholáthraítear ina cuid d'obair nó de ghnó an duine. Ba chóir a thabhairt faoi deara nach mbaineann sé seo le seirbhís saor in aisce (lena n-áirítear úsáid mhótarfheithicle) a sholáthraíonn cuideachta nó gnó;
- seirbhís a sholáthraíonn fostaí páirtí pholaitíochta, lena n-áirítear úsáid mhótarfheithicil an duine aonair, sa chás nach bhfuil aon luaíocht nó sochar comhchineáil á fháil ag an bhfostaí seachas a g(h)náthluach saothair (lena n-áirítear forchúiteamh i speansais) don tseirbhís sin. Sá chás go n-íoctar íocaíochtaí ragoibre le fostaí páirtí pholaitíochta de ghnáth as uaireanta breise a oibriú, meastar gur "gnáthluach saothair" é seo agus ní mheastar mar speansas toghcháin é;
- gnáthchlúdach na meán cumarsáide agus craolachán a tharchuirtear ar an raidió nó ar an teilifís thar ceann iarrthóra nó páirtí pholaitíochta. Ní chuimsíonn sé seo aon chostais léiriúcháin nó costais eile a bhaineann le tarchuradóireacht chraolacháin ar raidió nó teilifís;
- úsáid oifigí ar le páirtí polaitíochta iad agus a chuirtear ar fáil d'iarrthóir le húsáid ag an toghchán;
- seirbhísí cuntasóra, aturnae srl., cibé acu an íoctar as na seirbhísí nó nach n-íoctar, a fostaíodh chun a chinntiú go gcomhlíonfaí ceanglais an Achta;
- costais a tharraing duine air/uirthi féin chun éascú le hiarrthóireacht duine ag an toghchán .i. grianghraif le haghaidh páipéar ballóide, costais chúraim leanaí srl..