- Scipeáil Nascleanúna |
- Mapa an Láithreáin |
- Ráiteas Inrochtaineacht
- | Text Size: A |
- A |
- A
- 18 Lower Leeson Street, Baile Átha Cliath 2, Eire.
- +353 (0)1 - 639 - 5666
- +353 (0)1 - 639 - 5684
- sipo@sipo.gov.ie
- Eolas Fúinne
- Treoirlínte
- Cóid Iompair
- Gearáin
- Tuarascálacha
- Preas Ráiteas
- Foilseacháin Ghinearálta
- Toghcháin
- Síntiúis a Nochtadh
- Maoiniú Státchiste
- Do leathanach
- Foirmeacha
13/12/07 - Tuarascáil ar nochtadh síntiúis agus speansais toghcháin in olltoghchán na Dála 2007
3.1 Sainmhíniú ar speansais toghcháin
Forálann alt 31(1) den Acht gur speansais toghcháin na speansais sin, agus na speansais sin amháin, a leagtar amach i mír 1 den Sceideal a ghabhann leis an Acht agus a tharraingíonn duine air nó uirthi féin agus maoin, earraí nó seirbhísí á soláthar le húsáid ag an toghchán i rith thréimhse an toghcháin (féach mír 3.7 don sainmhíniú ar thréimhse toghcháin) chun:
- leasanna páirtí pholaitíochta nó toghadh iarrthóra a chur chun cinn, nó cur ina gcoinne, nó
- beartais pháirtí pholaitíochta nó tuairimí páirtí pholaitíochta ar bheartais pháirtí pholaitíochta nó iarrthóir eile ag an toghchán, a chur i láthair, nó
- vótaí a lorg do nó i gcoinne iarrthóra ag toghchán, nó
- beartais iarrthóra, nó dearcaí iarrthóra maidir le haon ní i dtaca leis an toghchán, nó tuairimí iarrthóra ar bheartais pháirtí pholaitíochta nó ar iarrthóir eile ag an toghchán, a chur i láthair, nó
- tionchar a imirt ar bhealach eile ar thoradh an toghcháin.
Meastar gur speansas toghcháin maoin, earraí nó seirbhísí a sholáthraítear saor in aisce nó faoi bhun a gcostais agus a úsáidtear ag an toghchán i rith thréimhse an toghcháin agus ní mór cuntas a thabhairt iontu ar a bpraghas tráchtála iomlán lúide aon ghnáthlascaine nó lascaine ginearálta a d'fhéadfadh a bheith ar fáil.