- Scipeáil Nascleanúna |
- Mapa an Láithreáin |
- Ráiteas Inrochtaineacht
- | Text Size: A |
- A |
- A
- 18 Lower Leeson Street, Baile Átha Cliath 2, Eire.
- +353 (0)1 - 639 - 5666
- +353 (0)1 - 639 - 5684
- sipo@sipo.gov.ie
- Eolas Fúinne
- Treoirlínte
- Cóid Iompair
- Gearáin
- Tuarascálacha
- Preas Ráiteas
- Foilseacháin Ghinearálta
- Toghcháin
- Síntiúis a Nochtadh
- Maoiniú Státchiste
- Do leathanach
- Foirmeacha
13/12/07 - Tuarascáil ar nochtadh síntiúis agus speansais toghcháin in olltoghchán na Dála 2007
2.4 Deimhnithe Síntiús Airgid agus Ráitis Bhainc a Breithníodh
In aineoin go bhfuil an ceanglas, le cuntas síntiús polaitíochta a oscailt, i bhfeidhm ó 1 Eanáir 2002 agus gur míníodh go fíormhion i dTreoirlínte an Choimisiúin um Chaighdeain le haghaidh olltoghchán na Dála, loic roinnt iarrthóirí ceanglais an Achta a chomhlíonadh
- toisc gur loic siad cuntas síntiús polaitíochta a oscailt,
- toisc gur loic siad síntiús airgid a thaisceadh do chuntas síntiús polaitíochta in aineoinn go raibh ceann oscailte acu nó go raibh ceann i bhfeidhm acu cheana féin,
- toisc gur thaisc siad síntiúis airgid i gcuntas pearsanta a bhí ann cheana féin agus go ndearna siad íocaíochtaí chun críocha polaitíochta ón gcuntas sin,
- toisc gur úsáid siad cuntas eagraíocht áitiúil an pháirtí mar a c(h)untas síntiús polaitíochta agus gur sholáthair siad Dearbhú Síntiús Airgid / Ráiteas Bainc i leith an chuntais seo. (Níor chóir d'iarrthóir cuntas síntiús polaitíochta páirtí a úsáid mar a c(h)untas síntiús polaitíochta ach amháin sa chás go mbíonn an t-iarrthóir ag cur gach síntiús airgid ar aghaidh chuig an bpáirtí, agus sa chás sin, meastar gur síntiúis don pháirtí agus ní don iarrthóir na síntiúis).
- toisc gur úsáid siad cuntas comhair chreidmheasa mar chuntas síntiús polaitíochta. Níl comhar creidmheasa san áireamh sa sainmhíniú ar "fhoras airgeadais" atá san Acht.
Cé go bhfuil sé ina chion má loiceann duine Deimhniú Síntiús Airgid agus Dearbhú Reachtúil nó ráiteas ó fhoras airgeadais a chur ar fáil, sa chás gur gá, nó má chuireann duine aon cheann de na cáipéisí seo, agus í bréagach nó míthreorach i ngné ábhartha, ar fáil go feasach, níl aon chion nó pionós ann má loiceann duine cuntas síntiús polaitíochta a oscailt ar an gcéad dul síos. Seo aimhrialtacht ar thagair an Coimisiún um Chaighdeáin di i dtuarascálacha roimhe seo maidir le síntiúis a nochtadh agus sa cháipéis faoin athbhreithniú ar an reachtaíocht a soláthraíodh don Aire Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil i mí na Nollag 2003, agus a bhfuiltear le haghaidh a thabhairt uirthi fós.
Is é an phríomhchúis a thugann iarrthóirí nár éirigh leo gur loic siad cuntas síntiús polaitíochta a oscailt (iarrthóirí neamhpháirtí nó iarrthóirí ó na páirtithe polaitíochta is lú de ghnáth) ná nach raibh siad ar an eolas faoin gceanglas leis sin a dhéanamh. Mhaígh iarrthóirí eile go bhfuair siad líon beag síntiús agus gur úsáid siad na síntiúis seo láithreach chun íoc as speansais toghcháin. I bhfianaise nach bhfuil aon chion nó phionós sonrach sa reachtaíocht má loiceann duine cuntas síntiús polaitíochta a oscailt, níorbh fhéidir leis an gCoimisiún um Chaighdeáin aon rud eile a dhéanamh i ndáil leis na hiarrthoirí seo.
Bhí deacracht ag an gCoimisiún um Chaighdeáin i roinnt cás le Deimhnithe Síntiús Airgid nó ráitis bhainc a fháil ó iarrthóirí nár éirigh leo agus a thug le fios go raibh cuntais síntiús polaitíochta oscailte acu. Tar éis comhfhreagrais fhada agus teagmhálacha leanúnacha ar an teileafón, fuarthas roinnt Deimhnithe/ráiteas den sórt sin ar deireadh.
Tá an Coimisiún um Chaighdeáin fós ag lorg ráitis bhainc ó iarrthóir amháin (Comhairleoir Jim McGarry, Páirtí an Lucht Oibre, Sligeach / Liatroim Thuaidh). Mura bhfaighfear an ráiteas bainc, beidh ar an gCoimisiún um Chaighdeáin cuimhneamh cé acu an atreoróidh sé an Comhairleoir McGarry ar aghaidh chuig an SIP leis an dlí a chur air, b'fhéidir, i gcion as loiceadh ráiteas bainc a chur ar fáil faoin 19 Iúil 2007, an spriocdháta reachtúil. Rinne an Coimisiún um Chaighdeáin an pointe i dtuarascálacha roimhe seo cheana féin gurb é a dhearcadh nach réasúnach gur chóir go gcuirfí an dlí ar dhuine, a d'oscail cuntas síntiús polaitíochta ach a loic an cháipéisíocht tacaíochta riachtanach a chur ar fáil don Choimisiún um Chaighdeáin, agus nach ndlitear an dlí a chur ar dhuine nár oscail cuntas síntiús polaitícohta ar an gcéad dul síos faoin Acht. Dar leis an gCoimisiún um Chaighdeáin go bhfuil sé práinneach maidir leis sin go bhforáilfear le haghaidh ciona as loiceadh cuntas síntiús polaitíochta a oscailt sa chás go gceanglaítear ar dhuine amhlaidh a dhéanamh.