Standards in Public Office Commission/Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí logo
  • 18 Lower Leeson Street, Baile Átha Cliath 2, Eire.
  • Teil: +353 (0)1 - 639 - 5666
  • Faics: +353 (0)1 - 639 - 5684
  • R-phost: sipo@sipo.gov.ie

13/12/07 - Tuarascáil ar nochtadh síntiúis agus speansais toghcháin in olltoghchán na Dála 2007

2.3 Ráitis um Shíntiúis a Breithníodh

De réir alt 4(1) den Acht, bhreithnigh an Coimisiún um Chaighdeáin na Ráitis um Shíntiúis a chuir gach ceann de na hiarrthóirí nár éirigh leo ag olltoghchán na Dála ar fáil.

Nocht an seachtar iarrthóir seo a leanas a chuir Ráitis um Shíntiúis ar fáil go raibh síntiús lenar bhain luach os cionn €2,539.48 faighte acu i ndáil leis an toghchán:

  • Siobhán Ambrose (Fianna Fáil, Tiobraid Árann Theas)
  • Paudie Coffey (Fine Gael, Port Láirge)
  • Ben Doyle (Páirtí Daonlathach, Baile Átha Cliath Lár Theas)
  • Pat Fitzgerald (Fianna Fáil, Cill Mhantáin)
  • Séamus Fitzgerald (Fine Gael, Ciarraí Theas)
  • Cecelia Keaveney (Fianna Fáil, Dún na nGall Thoir Thuaidh)
  • Phil Prendergast (Páirtí an Lucht Oibre, Tiobraid Árann Theas)


I ngach cás, sa chás nár léir gur chuir na hiarrthóirí farasbarr na síntiús ar ais, d'ordaigh an Coimisiún um Chaighdeáin do na hiarrthóirí a bhí i gceist na suimeanna farasbairr a chur chuig an gCoimisiún um Chaighdeáin nó, mar rogha malairte, a dhearbhú gur cuireadh na suimeanna a bhí i gceist ar ais chuig na deontóirí. Toisc gur loic siad farasbarr na síntiús a chur ar ais chuig na deontóirí faoi cheann 14 lá ón tráth a fuarthas iad, bhí forálacha alt 23A(1) den Acht sáraithe ag na hiarrthóirí thuas agus féadfaidh cion a bheith déanta acu faoi alt 25(1)(b) den Acht. Sa chás go gcomhlíonann duine an tAcht seachas sin, .i. tríd an bhfarasbarr síntiúis a chur ar ais nó a chur chuig an gCoimisiún, tá sé ina chleachtas ag an gCoimisiún um Chaighdeáin gan aon rud eile a dhéanamh ó thaobh an scéal a atreorú ar aghaidh chuig an SIP. I bhformhór na gcás, chomhlíon na hiarrthóirí treoracha an Choimsiúin um Chaighdeáin. Ba ghá litir mheabhrúcháin a eisiúint chuig an Uas. Ben Doyle áfach á chur in iúl dó go gcuimhneodh an Coimisiún um Chaighdeáin ar an scéal a atreorú ar aghaidh chuig an SIP mura ndéanfaí na gníomhartha cuí i ndáil leis na síntiúis thoirmiscthe. Dhearbhaigh an tUas. Doyle ina dhiaidh sin don Choimisiún um Chaighdeáin gur cuireadh farasbarr na síntiús ar ais chuig na deontóirí.

Nocht roinnt iarrthóirí síntiúis nár ceanglaíodh orthu a nochtadh de bhua go raibh na síntiúis faoi bhun thairseach na síntiús gur gá a nochtadh nó gurbh iad an fáltas iomlán ó imeacht le hairgead a thiomsú (ní mór ach ranníocaíochtaí aonair os cionn ghlanluach €634.87 d'imeachtaí tiomsaithe airgid a nochtadh). Chuir an Coimisiún um Chaighdeáin in iúl do na hiarrthóirí i ngach cás go bhféadfaí na síntiúis a bhí i gceist a bhaint amach óna Ráitis um Shíntiúis. Roghnaigh formhór na n-iarrthóirí gan a Ráitis um Shíntiúis a leasú áfach.

Níor cuireadh in iúl don Choimisiún um Chaighdeáin go bhfuarthas aon síntiúis gan ainm. Bhí roinnt cás ann áfach nár soláthraíodh iomlán na mionsonraí teagmhála do dheontóirí ar an Ráiteas um Shíntiúis áfach. Scríobh an Coimisiún um Chaighdeáin chuig na hiarrthóirí a bhí i gceist ag iarraidh iomlán na mionsonraí teagmhála do na deontóirí a bhí i gceist. Soláthraíodh an fhaisnéis seo i bhformhór na gcás. I gcás amháin áfach, chuir an t-iarrthóir in iúl don Choimisiún um Chaighdeain nach raibh seoladh an deontóra ar eolas aige. Chomhairligh an Coimisiún um Chaighdeáin don iarrthóir, mura bhféadfaí seoladh an deontóra a dhéanamh amach, go gcaithfí an síntiús, a bhí os cionn €127, a mheas mar shíntiús toirmiscthe gan ainm agus mar gheall air sin, go gcaithfí é a chur chuig an gCoimisiún um Chaighdeáin. Soláthraíodh seoladh don deontóir ina dhiaidh sin. Nocht iarrthóir amháin síntiús ar a Ráiteas um Shíntiúis a raibh a luach faoi bhun €127.00. Níor sholáthair an t-iarrthóir ainm agus seoladh don deontóir. Mar gheall go raibh luach an tsíntiúis faoi bhun €127.00 áfach, níor lean an Coimisiún um Chaighdeain leis an scéal leis an iarrthóir.

Níor chuir aon iarrthóir in iúl don Choimisiún um Chaighdeáin go bhfuarthas síntiús ón gcoigríoch. Nochtadh síntiúis ar roinnt de na Ráitis um Shíntiúis ó dhaoine nach raibh ina gcónaí ar oileán na hÉireann. Fuair an Coimisiún um Chaighdeáin an dearbhú riachtanach ón iarrthóir i ngach cás gur saoránaigh na hÉireann na daoine a bhí i gceist agus nach raibh na hiarrthóirí faoi thoirmeasc glacadh le síntiúis uathu.

Nocht 103 iarrthóir síntiúis ar a Ráitis um Shíntiúis. Nochtadh síntiúis lenar bhain luach €531,379.82 san iomlán. (Cuireadh €6,701.60 de seo ar ais chuig na deontóirí). Chuir 196 iarrthóir Ráiteas "nialas" um Shíntiúis ar fáil. Tá mionsonraí ar na síntiúis a nocht iarrthóirí nár éirigh leo ag olltoghchán na Dála in Aguisín 1 den tuarascáil seo. Níl iarrthóirí a chuir Ráitis "nialas" um Shíntiúis ar fáil san áireamh in Aguisín 1 (pdf 116kb).

Tá an Coimisiún um Chaighdeáin fós ag leanúint leis an Uas. Evelyn Cawley (neamhpháirtí, Cill Mhantáin) go gcomhlánfaidh sí Ráiteas um Shíntiúis/Dearbhú Reachtúil i gceart. Seoladh Ráiteas bunaidh um Shíntiúis an Uas. Cawley ar ais ionas go bhféadfaí mionsonraí ar dheontóirí, a thug síntiúis faoi bhun thairseach na síntiús nach mór a nochtadh, a bhaint amach. Tá an Ráiteas leasaithe um Shíntiúis fós le teacht isteach. Mura bhfaighfear Ráiteas leasaithe um Shíntiúis, beidh ar an gCoimisiún um Chaighdeáin cuimhneamh cé acu an atreoróidh sé an Uas. Cawley ar aghaidh chuig an SIP leis an dlí a chur uirthi, b'fhéidir, sa chion as loiceadh forálacha alt 24(2)(a) den Acht a chomhlíonadh.

Back to contents



This site conforms to W3C XHTML 1.0 recommendations| This site conforms to W3C CSS recommendations| This site meets WAI Priority 3 recommendations|