- Scipeáil Nascleanúna |
- Mapa an Láithreáin |
- Ráiteas Inrochtaineacht
- | Text Size: A |
- A |
- A
- 18 Lower Leeson Street, Baile Átha Cliath 2, Eire.
- +353 (0)1 - 639 - 5666
- +353 (0)1 - 639 - 5684
- sipo@sipo.gov.ie
- Eolas Fúinne
- Treoirlínte
- Cóid Iompair
- Gearáin
- Tuarascálacha
- Preas Ráiteas
- Foilseacháin Ghinearálta
- Toghcháin
- Síntiúis a Nochtadh
- Maoiniú Státchiste
- Do leathanach
- Foirmeacha
13/12/07 - Tuarascáil ar nochtadh síntiúis agus speansais toghcháin in olltoghchán na Dála 2007
2.2 Ráitis um Shíntiúis agus Deimhnithe Síntiús Airgid a fuarthas ó iarrthóirí nár éirigh leo
Tháirg an Coimisiún um Chaighdeáin foirm le haghaidh Ráitis um Shíntiús/Dearbhaithe Reachtúil (GE/07/DS) le húsáid ag iarrthóirí nár éirigh leo ag olltoghchán na Dála. Tháirg sé foirm le haghaidh Deimhnithe Síntiús Airgid/Dearbhaithe Reachtúil (GE/07/CMD) freisin le húsáid ag na hiarrthóirí sin nár éirigh leo agus ar ceanglaíodh orthu cuntas síntiús polaitíochta a oscailt. Iarradh ar iarrthóirí nár ceanglaíodh orthu cuntas síntiús polaitíochta a oscailt é sin a dhearbhú ar fhoirm an CMD ach níor ceanglaíodh orthu an Dearbhú Reachtúil a ghabh leis an bhfoirm CMD a chomhlánú.
Eisíodh foirm an 13 Meitheamh 2007 le haghaidh Ráitis um Shíntiús/Dearbhaithe Reachtúil agus foirm le haghaidh Deimhnithe Síntiús Airgid/Dearbhaithe Reachtúil chuig gach ceann (301) de na hiarrthóirí nár éirigh leo. Chuaigh beirt iarrthóir, an tUas. Colm Callanan (an Páirtí Dlúthpháirtíochta Críostaí) agus an tUas. Noel O'Gara san iomaíocht sa toghchán i níos mó ná aon dáilcheantar amháin. (Chuaigh an tUas. Callanan san iomaíocht le haghaidh dhá dháilcheantar agus chuaigh an tUas. O'Gara san iomaíocht le haghaidh ceithre dháilcheantar. Níor ceanglaíodh ar an Uas. Callanan agus ar an Uas. O'Gara ach aon Ráiteas amháin um Shíntiúis a chomhlánú i leith a n-iarrthóireachtaí agus níor ceanglaíodh orthu Ráitis ar leithligh um Shíntiúis a chomhlánú le haghaidh gach ceann de na dáilcheantair a ndeachaigh siad san iomaíocht sa toghchán dóibh. Ceanglaíodh ar iarrthóirí Ráitis chomhlánaithe um Shíntiúis agus Deimhnithe chomhlánaithe Síntiús Airgid a chur chuig an gCoimisiún um Chaighdeáin faoin 19 Iúil 2007.
Ráitis um Shíntiúis a Fuarthas
Chuir 207 den 301 iarrthóir nár éirigh leo a Ráitis um Shíntiúis isteach faoin 19 Iúil 2007, an spriocdháta reachtúil. Tá sé ina chion faoi alt 25(1)(c) den Acht má loiceann duine foirm le haghaidh Ráitis um Shíntiúis / Dearbhaithe Reachtúil a chur ar fáil agus, sa chás go gceanglaítear ar dhuine, foirm le haghaidh Deimhnithe Síntiús Airgid / Dearbhaithe Reachtúil agus ráiteas bainc a ghabhann leo a chur ar fáil faoin spriocdháta reachtúil. Tá sé ina chleachtas ag an gCoimisiún um Chaighdeáin áfach gan cúrsaí den sórt sin a atreorú ar aghaidh chuig an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí (SIP) ach amháin, tar éis tréimhse suntasaí ama, agus roinnt meabhrúchán a bheith eisithe, go bhfuil an Ráiteas um Shíntiús fós amuigh.
Maidir leis sin, an 27 Iúil, sheol an Coimisiún um Chaighdeáin meabhrúchán chuig 54 iarrthóir a raibh a Ráitis um Shíntiúis fós amuigh. Eisíodh an dara meabhrúchán an 3 Lúnasa chuig 44 iarrthóir nár chuir a gcuid Ráiteas um Shíntiúis ar fáil go fóill. Thagair gach ceann de na meabhrúcháin seo don chion faoi alt 25(1)(c) den Acht má loiceann duine Ráiteas um Shíntiúis a chur ar fáil. Eisíodh an meabhrúchán deiridh an 13 Lúnasa chuig 29 iarrthóir a bhí le Ráiteas um Shíntiúis a chur ar fáil go fóill. Chuir an meabhrúchán seo in iúl do na hiarrthóirí sin, mura bhfaighfí Ráiteas um Shíntiúis faoi cheann seacht lá ó dháta na litreach sin, go gcuimhneodh an Coimisiún um Chaighdeáin ar an scéal a atreorú ar aghaidh chuig an SIP/Gardaí leis an gcion a imscrúdú faoi alt 25(1)(c) den Acht.
Sheol an Coimisiún um Chaighdeáin comhaid chuig Ceanncheathrú an Gharda Síochána an 29 Lúnasa maidir leis an ochtar iarrthóir seo a leanas: (An Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí amháin a fhéadfaidh imeachtaí le haghaidh ciona faoi alt 25 den Acht a thionscnamh agus is lena thoiliú siúd amháin a fhéadfar imeachtaí den sórt sin a thionscnamh. Chomhairligh Oifig an SIP don Choimisiún um Chaighdeáin roimhe seo comhfhreagras a dhéanamh le Ceanncheathrú an Gharda Síochána go díreach i ndáil le cionta den sórt sin).
- An tUas. Tom Harpur (Comhaontas Glas, Loch Garman)
- An tUas. Gino Kenny (Neamhpháirtí, Baile Átha Cliath Lár Thiar)
- An tUas. Thomas King (Neamhpháirtí, Gaillimh Thiar)
- An tUas. Gerard Linehan (Neamhpháirtí, Corcaigh Lár Theas)
- Comhairleoir Ann Marie Martin (Fine Gael, Baile Átha Cliath Lár Theas)
- Comhairleoir Mags Murray (Páirtí Daonlathach, Baile Átha Cliath Thiar)
- An tUas. Jim Tallon (Neamhpháirtí, Cill Mhantáin)
- An tUas. Madeleine Taylor Quinn (Fine Gael, an Clár)
D'atreoraigh an Coimisiún um Chaighdeáin comhad eile ar aghaidh chuig Ceanncheathrú an Gharda Síochána an 3 Meán Fómhair 2007 i leith an Uas. Raymond Kelly (Neamhpháirtí, Baile Átha Cliath Thiar Theas).
Fuarthas Ráitis um Shíntiúis agus sa chás gur gá Deimhnithe Síntiús Airgid agus ráitis bhainc ina dhiaidh sin ón tUas. Harpur, ón Uas. Kenny, ón Uas. Linehan, Uas. Mhartin, Murray, Uas. Taylor Quinn, agus ón Uas. Kelly. Chuir an Coimisiún um Chaighdeáin in iúl do Cheanncheathrú an Gharda Síochána go bhfuarthas an cháipéisíocht reachtúil i ngach cás. Níl Ráitis um Shíntiúis faighte fós ón Uas. King nó ón Uas. Tallon.