Standards in Public Office Commission/Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí logo
  • 18 Lower Leeson Street, Baile Átha Cliath 2, Eire.
  • Teil: +353 (0)1 - 639 - 5666
  • Faics: +353 (0)1 - 639 - 5684
  • R-phost: sipo@sipo.gov.ie

13/12/07 - Tuarascáil ar nochtadh síntiúis agus speansais toghcháin in olltoghchán na Dála 2007

2.1 Ceanglais Dlí

(i) Sainmhíniú ar shíntiús d'iarrthóir ag toghchán Dála

Forálann alt 22(2)(a) den Acht go gciallaíonn síntiús d'iarrthóir ag olltoghchán Dála aon ranníocaíocht a thugann duine ar bith, chun críocha polaitíochta, cibé an bhfuil nó nach bhfuil an duine ina bhall de pháirtí polaitíochta. Folaíonn duine duine aonair, comhlacht corpraithe (m.sh. cuideachta phoiblí nó phríobháideach) nó comhlacht neamhchorpraithe daoine (m.sh. páirtí polaitíochta, comhpháirtíocht, cumann cónaitheoirí, srl.). Meastar gurb é an duine céanna é comhlacht corpraithe agus aon cheann dá fhochomhlachtaí chun críocha an Achta.

Sonraítear in alt 22(2)(aa) den Acht go gciallaíonn cuspóirí polaitíochta, i ndáil le hiarrthóir ag olltoghchán Dála, an méid seo a leanas:

  • toghadh iarrthóra a chur chun cinn, nó cur ina choinne, go díreach nó go hindíreach;
  • vótaí a lorg do nó i gcoinne iarrthóra;
  • beartais nó beartas áirithe iarrthóra, nó dearcaí iarrthóra maidir le haon ní i dtaca leis an toghchán, a chur i láthair;
  • nithe atá ráite ag iarrthóir maidir le beartas nó beartais pháirtí pholaitíochta nó ghrúpa polaitíochta nó iarrthóir eile ag an toghchán, a chur i láthair;
  • tionchar a imirt ar bhealach eile ar thoradh an toghcháin.

 

Tá gach ceann nó aon cheann ar bith den mhéid seo a leanas san áireamh le síntiús d'iarrthóir ag olltoghchán Dála:

  • síntiús airgid, maoine nó earraí;
  • saorúsáid mhaoine, earraí nó seirbhísí;
  • an difríocht idir an praghas tráchtála agus an praghas (níos ísle) a gearradh le maoin, earraí nó seirbhísí a cheannach, a fháil nó a úsáid; (Is féidir le hiasacht, a sholáthair foras airgeadais d'iarrthóir ar théarmaí agus choinníollacha atá níos fabhraí ná mar a sholáthraíonn an foras airgeadais do dhaoine aonair eile, a bheith san áireamh leis seo. Féadfaidh iasacht a sholáthair duine seachas foras airgeadais a bheith san áireamh leis freisin sa chás gurb ísle an t-ús a ghearrtar ná an ráta is ísle dá bhfuil ar fáil ó fhoras airgeadais);
  • glanluach ranníocaíochta a tugadh d'imeacht le hairgead a thiomsú, a eagraíodh chun cistí a thiomsú d'iarrthóir. Sa chás go n-eagraíonn páirtí polaitíochta iarrthóra imeacht tiomsaithe airgid chun cistí don pháirtí a thiomsú, meastar gur síntiús don pháirtí ranníocaíochtaí don imeacht, fiú sa chás go n-úsáidtear na cistí ina dhiaidh sin chun tacú leis an iarrthóir. Sa chás go n-eagraíonn páirtí imeacht chun cistí a thiomsú d'iarrthóir áfach, féadfar an páirtí a mheas mar idirghabhálaí atá ag glacadh le síntiúis thar ceann an iarrthóra (féach thíos) agus a mheas gur don iarrthóir a tugadh na síntiúis.

 

Forálann alt 22(2)(c) den Acht go meastar gur síntiús a tugadh don iarrthóir é síntiús a tugadh d'iarrthóir ag olltoghchán Dála trí idirghabhálaí. Meastar gurb idirghabhálaí atá ag glacadh le síntiúis thar ceann iarrthóra é coiste tiomsaithe airgid (m.sh. "Cairde xxx") mar sin. Má choinníonn an grúpa tiomsaithe airgid na cistí áfach agus nach dtugtar ar aghaidh don iarrthóir iad áfach, meastar gur tríú páirtí é an grúpa agus ní mór dó clárú mar sin leis an gCoimisiún um Chaigdheáin (féach Caibidil 5).

Forálann alt 22(2)(c) freisin, sa chás go dtugann iarrthóir, síntiús a tugadh d'iarrthóir, ar aghaidh dá p(h)áirtí polaitíochta (cibé acu ceanncheathrú an pháirtí nó brainse áitiúil) agus go bhfaigheann sé/sí admháil scríofa i leith an tsíntiúis ón bpáirtí, meastar gur síntiús don pháirtí polaitíochta é an síntiús agus ní don iarrthóir.

Forálann alt 22(2)(d) den Acht nach mór na síntiúis ón duine céanna a chomhbhailiú agus caitheamh leo mar shíntiús amháin chun iad a nochtadh agus chun uasteorainn na síntiús gur féidir glacadh leo, a chomhlíonadh (féach 2.1(iv) thíos).

Foráiltear le haghaidh roinnt nithe in alt 22(2)(b) den Acht a bhíonn ann le linn olltoghchán Dála agus nach meastar mar shíntiús d'iarrthóir lena n-áirítear:

  • An tseirbhís saorphoist a sholáthraíonn An Post d'iarrthóirí.
  • Aon íocaíocht, seirbhís nó áis a sholáthraítear d'iarrthóir as cistí poiblí de bhua gur Teachta Dála, Seanadóir, Feisire Eorpach nó sealbhóir oifig tofa nó poiblí eile (m.sh. comhalta údaráis áitiúil) atá san iarrthóir. Ní infheidhme breithiúnas na hArd-Chúirte agus na Cúirte Uachtaraí i gcás Desmond Kelly maidir leis an bhforáil áirithe seo ach amháin i ndáil le cuntas a bheith á thabhairt in úsáid áiseanna den sórt sin mar speansais toghcháin. Níor athraigh an breithiúnas forálacha an Achta maidir le gan úsáid áiseanna den sórt sin a bheith á meas mar shíntiús. Tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara áfach, nach infheidhme an fhoráil áirithe seo ach amháin sa chás go bhfuil an t-iarrthóir, de bhua a p(h)oist nó a (h)oifige, i dteideal na seirbhísí/áiseanna a sholáthraítear a úsáid. Mar shampla, má sholáthraítear saorúsáid áiseanna an Oireachtais (m.sh., clúdaigh litreacha, teileafóin) d'iarrthóir nach bhfuil ina C(h)omhalta de Thithe an Oireachtais, meastar gur síntiús é seo don iarrthóir ón gComhalta a sholáthair na háiseanna.
  • Seirbhís saor in aisce a sholáthraíonn duine aonair, lena n-áirítear úsáid mhótarfheithicil, theileafón príobháideach srl. an duine aonair, sa chás nach bhfuil an tseirbhís a sholáthraítear ina cuid d'obair nó de ghnó an duine. Ba chóir a thabhairt faoi deara nach mbaineann sé seo le seirbhís saor in aisce (lena n-áirítear úsáid mhótarfheithicle) a sholáthraíonn cuideachta nó gnó.
  • Seirbhís a sholáthraíonn fostaí páirtí pholaitíochta, lena n-áirítear úsáid mhótarfheithicil an duine aonair, sa chás go n-íoctar luach saothair an fhostaí as acmhainní an pháirtí nó as cistí poiblí agus sa chás nach bhfuil aon luaíocht nó sochar comhchineáil á fháil ag an bhfostaí seachas a g(h)náthluach saothair (lena n-áirítear forchúiteamh i speansais) don tseirbhís sin.
  • Speansais a tharraing páirtí polaitíochta air féin thar ceann iarrthóra nó íocaíochtaí arna ndéanamh ag páirtí polaitíochta thar a c(h)eann. Tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara go meastar airgead, a thugann páirtí polaitíochta d'iarrthóir go díreach, mar shíntiús d'iarrthóir. Meastar speansais toghcháin a tharraing grúpa tacaíochta air féin nó íocaíochtaí arna ndéanamh ag grúpa tacaíochta, seachas páirtí polaitíochta cláraithe, thar ceann iarrthóra, mar shíntiúis d'iarrthóir freisin. Bíonn na ranníocaíochtaí, i ngach cás, faoi réir na dteorainneacha, maidir le síntiúis nach mór a nochtadh agus uasteorainneacha na síntiús gur féidir glacadh leo, is infheidhme i leith iarrthóirí.

 

(ii) Síntiúis a Nochtadh

Forálann alt 24(2)(a) den Acht nach mór do gach iarrthóir nár éirigh leis nó léi ag olltoghchán na Dála Ráiteas um Shíntiúis a chur ar fáil don Choimisiún um Chaighdeáin faoi cheann 56 lá ó lá na vótaíochta. Beidh an Ráiteas um Shíntiúis i bhfoirm a ordóidh an Coimisiún um Chaighdeáin agus ní mór Dearbhú Reachtúil a bheith in éineacht leis. Ní mór d'Aturnae Cleachtais, do Choimisinéir Mionnaí, d'Fheidhmeannach Síochána nó do Nótaire Poiblí a bheith ina fhinné le haghaidh an Dearbhaithe Reachtúil.

Ní cheanglaítear ar dhaoine ach síntiúis lena mbaineann luach is mó ná €634.87 a nochtadh. Mura bhfuarthas aon síntiús den sórt sin, cuireann an t-iarrthóir tuairisceán "nialas" ar fáil. Sa chás go bhfaighfear síntiús os cionn €634.87, ní mór luach agus cineál gach síntiús a nochtadh chomh maith le hainm, cur síos ar an deontóir agus a s(h)eoladh poist.

Ceanglaítear ar iarrthóirí ar éirigh leo ag an toghchán, mar chomhaltaí Dháil Éireann, Ráiteas bliantúil um Shíntiúis agus cáipéisíocht a ghabhann leis a chur ar fáil don Choimisiún um Chaighdeáin faoin 31 Eanáir gach bliain. Ní mór mionsonraí ar aon síntiúis a fuair siad i rith 2007 i ndáil le holltoghchán na Dála a bheith san áireamh sna Ráitis um Shíntiúis a chuirfidh comhaltaí Dháil Éireann ar fáil don Choimisiún um Chaighdeáin i leith 2007, agus ní mór iad a chur ar fáil don Choimisiún um Chaighdeáin faoin 31 Eanáir 2008.

 

(iii) Cuntais síntiús polaitíochta a oscailt agus a choinneáil ar bun

Ní mór d'iarrthóir ag olltoghchán Dála a fhaigheann síntiús airgid a dtéann a luach thar €126.97, cuntas síntiús polaitíochta a oscailt agus a choinneáil ar bun i bhforas airgeadais sa Stát. Ní mór don iarrthóir an síntiús tosaigh agus aon síntiúis eile airgid, cibé luach a bhaineann leo, dá bhfaigheann sé/sí a thaisceadh sa chuntas seo.

Ní mór d'iarrthóir a osclaíonn cuntas síntiús polaitíochta nó a bhfuil cuntas síntiús polaitíochta aige nó aici cheana féin Deimhniú Síntiús Airgid (DSA) a chur ar fáil agus a Ráiteas um Shíntiús á chur ar fáil aige/aici. Deimhníonn an t-iarrthóir ar an DSA gur taisceadh gach síntiús airgid don chuntas agus gur chun críocha polaitíochta a úsáideadh gach aistarraingt as an gcuntas. Ní mór an Deimhniú a bheith sínithe ag an iarrthóir agus bíonn Dearbhú Reachtúil ar leithligh ag gabháil leis.

Ní mór ráiteas arna sholáthar ag an bhforas airgeadais ina bhfuil an cuntas (dá dtagraítear ina dhiaidh seo mar "ráiteas bainc") a bheith ag gabháil leis an DSA freisin. Ní mór na hidirbhearta a tharla i ndáil leis an gcuntas, i rith na tréimhse dar tosach dáta oscailte an chuntais agus dar críoch lá na vótaíochta ag an toghchán, a bheith sonraithe sa ráiteas bainc. Sa chás go raibh cuntas síntiús polaitíochta ag iarrthóirí cheana féin, níor ghá dóibh cuntas ar leithligh a oscailt don olltoghchán go sonrach. Níor ceanglaíodh ar iarrthóirí den sórt sin ach ráiteas bainc a chur ar fáil i leith na tréimhse 1 Eanáir 2007 go dtí lá na vótaíochta freisin.

(iv) Síntiúis Thoirmiscthe

Síntiúis gan ainm

Ní fhéadfaidh iarrthóir ag olltoghchán Dála glacadh le síntiús gan ainm os cionn luach €126.97. Ní mór ainm agus seoladh an deontóra a bheith ar eolas ag an iarrthóir nó ní mór dó nó di a bheith in ann é a dhéanamh amach le haghaidh síntiús os cionn €126.97. Má fhaigheann iarrthóir síntiús toirmiscthe gan ainm, ní mór don iarrthóir, faoi cheann 14 lá ón tráth a fhaightear é, an scéal a chur in iúl don Choimisiún um Chaighdeáin agus an síntiús, (nó a luach), a chur chuig an gCoimisiún um Chaighdeáin.

Síntiúis ón gcoigríoch

Is éard is síntiús ón gcoigríoch ná síntiús, cibé luach a bhaineann leis, a thugann duine aonair (seachas saoránach Éireannach) a chónaíonn lasmuigh d'oileán na hÉireann nó síntiús a thugann comhlacht corpraithe nó comhlacht neamhchorpraithe daoine nach gcoinníonn oifig ar oileán na hÉireann óna ndéantar reáchtáil ceann amháin nó níos mó dá phríomhghníomhaíochtaí a stiúradh. Ní mór d'iarrthóir ag olltoghchán Dála gan glacadh le síntiús ón gcoigríoch.

Má fhaigheann iarrthóir síntiús ón gcoigríoch, ní mór an scéal a chur in iúl don Choimisiún um Chaighdeáin agus an síntiús a chur chuig an gCoimisiún faoi cheann 14 lá ón tráth a fhaightear é. Mar rogha malairte, féadfaidh an t-iarrthóir an síntiús a chur ar ais chuig an deontóir. Má chuirtear an síntiús ar ais chuig an deontóir, ní mór don iarrthóir taifead scríofa a choinneáil air sin chun é a chur ar fáil don Choimisiún um Chaighdeáin, má bhíonn sin ag teastáil.

Síntiúis os cionn na huasteorainne forordaithe

Is é uasluach an tsíntiúis nó na síntiús gur féidir le hiarrthóir ag olltoghchán na Dála glacadh leis/leo ón duine céanna sa bhliain chéanna den fhéilire ná €2,539.48. Ba chóir a thabhairt faoi deara gurb infheidhme an uasteorainn seo i leith síntiús airgid a fhaigheann iarrthóir óna p(h)áirtí polaitíochta freisin. Ní infheidhme an uasteorainn, i leith suim na síntiús gur féidir le hiarrthóir glacadh leo, i leith úsáid oifige a bhronntar ar iarrthóir áfach. (Sa chás go mbronntar níos mó ná oifig amháin, ní mór don iarrthóir, cibé oifig nach infheidhme an uasteorainn ina leith, a ainmniú.)

Sa chás go bhfaighfear síntiús os cionn na huasteorainne forordaithe ní mór don iarrthóir an scéal a chur in iúl don Choimisiún um Chaighdeáin agus suim an fharasbairr an chur chuig an gCoimisiún faoi 14 lá ón tráth a fhaightear é. Mar rogha malairte, féadfaidh an t-iarrthóir an síntiús a chur ar ais chuig an deontóir agus taifead scríofa a choinneáil air sin chun é a chur ar fáil don Choimisiún um Chaighdeáin, má bhíonn sin ag teastáil.

Back to contents



This site conforms to W3C XHTML 1.0 recommendations| This site conforms to W3C CSS recommendations| This site meets WAI Priority 3 recommendations|