- Scipeáil Nascleanúna |
- Mapa an Láithreáin |
- Ráiteas Inrochtaineacht
- | Text Size: A |
- A |
- A
- 18 Lower Leeson Street, Baile Átha Cliath 2, Eire.
- +353 (0)1 - 639 - 5666
- +353 (0)1 - 639 - 5684
- sipo@sipo.gov.ie
- Eolas Fúinne
- Treoirlínte
- Cóid Iompair
- Gearáin
- Tuarascálacha
- Preas Ráiteas
- Foilseacháin Ghinearálta
- Toghcháin
- Síntiúis a Nochtadh
- Maoiniú Státchiste
- Do leathanach
- Foirmeacha
13/12/07 - Tuarascáil ar nochtadh síntiúis agus speansais toghcháin in olltoghchán na Dála 2007
Caibidil 1 - Réamhrá
Lánscoireadh an 29ú Dáil an 29 Aibreán 2007 agus tharla an vótaíocht don olltoghchán chuig an 30ú Dáil an 24 Bealtaine 2007. Chuaigh 466 iarrthóir san iomaíocht sa toghchán. Ba é seo an tríú olltoghchán Dála a tharla ó tugadh Acht Toghcháin 1997, faoi mar a leasaíodh, isteach, agus an dara olltoghchán Dála arbh infheidhme forálacha iomlána an Achta ina leith, maidir le síntiúis a nochtadh agus a theorannú agus le speansais toghcháin a theorannú, a nochtadh agus chúiteamh.
De réir fhorálacha Chuid IV den Acht, ceanglaíodh ar iarrthóirí nár éirigh leo ag olltoghchán na Dála Ráiteas um Shíntiúis agus cáipéisíocht a ghabhann leis a chur ar fáil don Choimisiún um Chaighdeáin faoi cheann 56 lá tar éis lá na vótaíochta (.i. faoin 19 Iúil 2007). B'éigean mionsonraí ar gach síntiús, lenar ghabh luach níos mó ná €634.87, a fuair ar iarrthóirí nár éirigh leo i ndáil leis an toghchán, a nochtadh. Ceanglaítear ar iarrthóirí ar éirigh leo ag an toghchán, mar chomhaltaí Dháil Éireann, Ráiteas bliantúil um Shíntiúis agus cáipéisíocht a ghabhann leis a chur ar fáil don Choimisiún um Chaighdeáin faoin 31 Eanáir gach bliain. Ní mór mionsonraí ar aon síntiúis a fuair siad i rith 2007 i ndáil le holltoghchán na Dála a bheith san áireamh sna Ráitis um Shíntiúis a chuirfear ar fáil don Choimisiún um Chaighdeáin i leith 2007. Ní mór na Ráitis seo a chur ar fáil don Choimisiún um Chaighdeáin faoin 31 Eanáir 2008.
Forálann Cuid V den Acht go gceanglaítear ar ghníomhaire toghcháin gach iarrthóir, cibé acu ar éirigh leo nó nár éirigh leo, ag olltoghchán Dála Ráiteas um Speansáis Toghcháin a chur ar fáil don Choimisiún um Chaighdeáin faoi cheann 56 lá tar éis lá na vótaíochta. Ní mór mionsonraí ar gach speansas a tharraing an gníomhaire toghcháin air/uirthi féin thar ceann an iarrthóra ag an toghchán a bheith san áireamh sa Ráiteas um Speansais Toghcháin, chomh maith le mionsonraí ar gach íocaíocht a rinne an gníomhaire thar a c(h)eann. Ceanglaítear ar ghníomhaire náisiúnta gach páirtí polaitíochta a raibh iarrthóirí san iomaíocht sa toghchán acu Ráiteas um Speansais Toghcháin a chur ar fáil ach oiread le "daoine eile" a tharraing speansais toghcháin orthu féin.
Obair ullmhúcháin d'olltoghchán na Dála
Thosaigh an Coimisiún um Chaighdeáin a chuid ullmhúchán d'olltoghchán na Dála i rith 2006. Ullmhaíodh agus foilsíodh dréacht-treoirlínte ar a shuíomh idirlín i Meán Fómhair 2006. Rinneadh é seo ionas go mbeadh ar chumas daoine a d'fhéadfadh a bheith ina n-iarrthóirí, a ngníomhairí toghcháin, gníomhairí náisiúnta na bpáirtithe polaitíochta a bhí san iomaíocht sna toghcháin agus daoine eile a bhí i mbun an toghcháin, eolas a chur ar cheanglais an Achta agus, dá mba ghá, dul i dteagmháil leis an gCoimisiún um Chaighdeáin le haghaidh comhairle. Foilsíodh an leagan deiridh de na treoirlínte i Márta 2007 agus eisíodh go foirmiúil chuig iarrthóirí agus gníomhairí toghcháin agus náisiúnta iad nuair a gaireadh an toghchán. Forálann alt 11 den Acht go mbeidh ceangal dlí ag gabháil leis na treoirlínte arna n-eisiúint ag an gCoimisiún um Chaighdeáin.
Bhuail an Coimisiún um Chaighdeáin leis na príomhpháirtithe polaitíochta in 2006 freisin agus leag amach conas a bhí sé i gceist aige maoirseacht a dhéanamh ar fhorálacha an Achta i ndáil le síntiúis agus caiteachas toghcháin ag olltoghchán na Dála. Sholáthair an Coimisiún um Chaighdeáin roinnt seisiún faisnéisiúcháin do pháirtithe polaitíochta maidir le ceanglais na reachtaíochta arbh infheidhme iad ag olltoghchán na Dála agus d'fhreagair roinnt iarratas ar chomhairle ó dhaoine a d'fhéadfadh páirt a ghlacadh ann. Nuair a gaireadh an toghchán, thug ionadaithe ó Rúnaíocht an Choimisiúin um Chaighdeáin cuairt ar dháilcheantair, ag bualadh le gníomhairí toghcháin na n-iarrthóirí agus ag soláthar comhairle agus cúnaimh maidir le ceanglais na reachtaíochta. Tar éis thréimhse an toghcháin, rinne oifigigh an Choimisiúin um Chaighdeáin gach dícheall chun cabhrú le gníomhairí toghcháin na tuairisceáin riachtanacha a chomhlánú.
Is oth leis an gCoimisiún an mhoill maidir leis an tuarascáil a fhoilsiú. Tagann an mhoill seo go díreach de thoradh gur cosúil nach raibh ar chumas go leor iarrthóirí agus gníomhairí foirmeacha le haghaidh Ráiteas um Shíntiúis agus Speansas Toghcháin, a bhí réasúnta simplí, a chomhánú i gceart.
Ceanglais tuairisceoireachta an Choimisiúin um Chaighdeáin
Forálann alt 4(1) den Acht go bhféadfaidh an Coimisiún um Chaighdeáin, sa chás gur cuí amhlaidh a dhéanamh dar leis, tuarascáil a chur ar fáil don Cheann Comhairle maidir le haon ní a thagann chun cinn i ndáil le Ráitis um Shíntiúis agus Ráitis um Speansais Toghcháin a chuirfear ar fáil faoin Acht dó. De réir alt 4(5) den Acht, ní mór an tuarascáil a leagan faoi bhráid Thithe an Oireachtais.
San áireamh le nithe a bpléitear leo sa tuarascáil seo tá:
- síntiúis arna nochtadh ag iarrthóirí nár éirigh leo ag an toghchán;
- ceanglais a bhaineann le síntiúis thoirmiscthe agus leis an srianadh i leith na gcineálacha áirithe síntiús gur féidir le hiarrthóirí glacadh leo;
- cuntas síntiús polaitíochta arna n-oscailt agus arna gcoinneáil ar bun ag iarrthóirí;
- caiteachas thar ceann iarrthóirí agus páirtithe polaitíochta a nochtadh;
- cúiteamh speansas toghcháin le hiarrthóirí cáilithe;
- forálacha arna gcomhlíonadh ag "daoine eile" maidir le speansais toghcháin a tharraing siad orthu féin; agus
- forálacha alt 31(10) den Acht arna gcomhlíonadh ag nuachtáin maidir le fógraí toghcháin a fhoilsiú.
Níl bonn reachtúil ag an gCoimisiún um Chaighdeáin le hathbhreithniú a dhéanamh ar an mbealach a fheidhmítear an tAcht agus le tuairisciú ar thorthaí an athbhreithnithe sin. Le cois a bheith ag tuairisciú ar an bhfaisnéis a bhíonn sna Ráitis um Shíntiúis agus sna Ráitis um Speansais Toghcháin a chuirtear ar fáil dó áfach, tugann an Coimisiún um Chaighdeáin a thuairimí freisin ar shaincheisteanna a chuaigh i bhfeidhm air agus maoirseacht á dhéanamh aige ar an mbealach a nochtadh síntiúis agus caiteachas toghcháin ag olltoghchán na Dála. Tugann an Coimisiún um Chaighdeáin a thuairimí faoi roinnt de na deacrachtaí a bhí roimhe ach go háirithe agus déanann roinnt moltaí maidir leis an mbealach go bhféadfar iad seo a shárú.
Tar éis olltoghchán na Dála 2002, thug Máirtín Ó Cuilinn, T.D., an tAire Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil an tráth sin, cuireadh don Choimisiún um Chaighdeáin a dhearcaí ar a thaithí, maidir le maoirseacht a dhéanamh ar an Acht, a chur ar fáil. Leagadh na dearcaí seo amach i dtuarascáil, "Athbhreithniú an Choimisiúin um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí ar na hAchtanna Toghcháin 1997 go dtí 2002", a seoladh chuig an Aire i mí na Nollag 2003. Leagadh roinnt moltaí amach sa cháipéis sin, idir chinn ghinearálta agus chinn shonracha, maidir leis an mbealach a d'fheadfaí an reachtaíocht a fheabhsú lena n-áirítear moladh sonrach gur chóir go mbeadh bonn reachtúil ag an gCoimisiún um Chaighdeáin le hathbhreithniú a dhéanamh ar an mbealach a fheidhmítear an tAcht, mar an comhlacht ar a bhfuil freagracht as maoirseacht a dhéanamh ar an Acht. Luaigh an Coimisiún um Chaighdeáin an moladh seo arís chomh maith le moltaí eile sa dá thuarascáil bhliantúla deiridh dá chuid. Níor cuireadh ceachtar de na moltaí sin i bhfeidhm ar an drochuair rud a d'fhág go raibh go leor de na deacrachtaí céanna leis an reachtaíocht roimh an gCoimisiún um Chaighdeáin ag olltoghchán 2007 agus a bhí roimhe ag olltoghchán 2002. Cuirtear na deacrachtaí seo chun suntais arís eile sa tuarascáil seo in éineacht le moltaí cuí.
Measann an Coimisiún um Chaighdeáin go bhfuil sárdheis ar fáil chun athbhreithniú iomlán a dhéanamh ar an reachtaíocht de bharr go bhfuiltear ag beartú Coimisiún Toghcháin a chur ar bun, faoi mar a leagadh amach sa chlár reatha don rialtas, agus tá an Coimisiún um Chaighdeáin muiníneach go gcuirfear a mholtaí san áireamh san athbhreithniú seo.