Standards in Public Office Commission/Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí logo
  • 18 Lower Leeson Street, Baile Átha Cliath 2, Eire.
  • Teil: +353 (0)1 - 639 - 5666
  • Faics: +353 (0)1 - 639 - 5684
  • R-phost: sipo@sipo.gov.ie

Tuarascálacha

Éilítear ar Choimisiún na gCaighdeán tuarascálacha a tháirgeadh faoi na hAchtanna um Eitic, na hAchtanna Toghcháin agus an tAcht um Liúntas do Cheannairí Páirtí.

Faoi na hAchtanna um Eitic, cuireann Coimisiún na gCaighdeán Tuarascáil Bhliantúil dá ngníomhaíochtaí chuig an Aire Airgeadais.

Faoi na hAchtanna Toghcháin cuirtear tuarascálacha chuig Cathaoirleach Dháil Éireann (An Ceann Comhairle) i ndáil lena mhaoirsiú ar thoghcháin na Dála, an tSeanaid, na hEorpa agus uachtaránachta. Cuirtear tuarascálacha chuig an gCeann Comhairle freisin maidir le nochtadh bliantúil síntiús a fhaigheann TDanna, Seanadóirí, MEPanna agus páirtithe polaitiúla.

Maidir le maoiniú stáit do pháirtithe polaitiúla, tuairiscíonn Coimisiún na gCaighdeán chuig an gCeann Comhairle ar chaiteachas maoinithe a fhaigheann páirtithe polaitiúla faoi na hAchtanna Toghcháin agus tuairiscítear chuig an Aire Airgeadais ar chaiteachas maoinithe a fhaigheann ceannairí parlaiminte pháirtithe polaitiúla faoin Acht um Liúntas do Cheannairí Páirtí.

Is féidir le Coimisiún na gCaighdeán tuarascálacha eile a tháirgeadh freisin i ndáil lena mhaoirsiú ar na hAchtanna um Eitic nó na hAchtanna Toghcháin de réir mar a cheaptar sin a bheith cuí.



This site conforms to W3C XHTML 1.0 recommendations| This site conforms to W3C CSS recommendations| This site meets WAI Priority 3 recommendations|