- Scipeáil Nascleanúna |
- Mapa an Láithreáin |
- Ráiteas Inrochtaineacht
- | Text Size: A |
- A |
- A
- 18 Lower Leeson Street, Baile Átha Cliath 2, Eire.
- +353 (0)1 - 639 - 5666
- +353 (0)1 - 639 - 5684
- sipo@sipo.gov.ie
- Eolas Fúinne
- Treoirlínte
- Cóid Iompair
- Gearáin
- Tuarascálacha
- Preas Ráiteas
- Foilseacháin Ghinearálta
- Síntiúis a Nochtadh
- Maoiniú Státchiste
- Do leathanach
- Foirmeacha
Treoirlínte maidir le Toghcháin Pharlaimint na hEorpa 2009
Aguisín 3 - Nithe nach bhfuil ina speansais toghcháin agus a cuireadh san áireamh i Ráitis Speansas Toghcháin roimhe
Is éard atá iontu seo a leanas ná samplaí de na nithe coitianta nach meastar a bheith ina speansais toghcháin agus ar tugadh cuntas iontu, go mícheart, mar speansais toghcháin ag toghcháin roimhe seo. Ní liosta uileghabhálach atá ann. Má tá aon fhiosrúcháin agat maidir le míreanna speansais is féidir leat a tharraingt ort fein le linn na tréimhse toghcháin, tá Rúnaíocht an Choimisiúin um Chaighdeáin ar fáil chun cabhair a thabhairt agus an Ráiteas Speansas Toghcháin á chomhlánú.
A - Fógraíocht
Fógráin a bhí i nuachtán ar a raibh dáta foilseacháin a bhí lasmuigh den tréimhse thoghcháin .i. fógráin “Bhuíochais” i nuachtáin tar éis lá na vótála
B - Poiblíocht
Seirbhís saorphoist arna soláthar d’iarrthóirí i leith na “Litreach um Thoghcháin”. (Ba chóir a thabhairt do d’aire gurb iad na costais phostais an t-aon chostas nach meastar a bheith ina speansas toghcháin. Is speansas toghcháin atá sa chostas leis an mbileog/óráid toghcháin/Litir um Thoghcháin a tháirgeadh.)
C - Póstaeir Toghcháin
Póstaeir toghcháin a bhaint anuas (má bhaintear anuas iad tar éis lá na vótala).
D - Ábhar Eile Toghcháin
Cártaí "Buíochais ", Bileoga, Nuachtlitreacha, srl., a dáileadh lasmuigh den tréimhse thoghcháin
E - Oifig agus Stáiseanóireacht
Costais chíosa a bhain le húsáid oifige ar le páirtí polaitíochta í Úsáid teileafóin phríobháidigh (lena n-áirítear teileafóin shoghluaiste) sa chás nár aisíocaíodh leis an duine an speansas a tabhaíodh
F - Iompar agus Taisteal
Costais peitril/díosail nár aisíocadh leis an duine
G - Taighde Margaidh
Clár na dToghthóirí a cheannach.
H - Oibrithe Feachtais
Cóisir "Deireadh leis an vótáil". Speansais a tabhaíodh i leith soláistí don iarrthóir agus d’oibrithe deonacha an fheachtais sa chás nach mó ná an tsuim a tabhaíodh in aghaidh an lá i leith aon duine ar bith, ná an tsuim arna cinneadh an gCoimisiún um Chaighdeáin mar shuim a chuimseodh speansais mhaireachtála réasúnacha.