Standards in Public Office Commission/Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí logo
  • 18 Lower Leeson Street, Baile Átha Cliath 2, Eire.
  • Teil: +353 (0)1 - 639 - 5666
  • Faics: +353 (0)1 - 639 - 5684
  • R-phost: sipo@sipo.gov.ie

Treoirlínte maidir le Toghcháin Pharlaimint na hEorpa 2009

Aguisín 1 - Sainmhínithe

Faoi alt 22 den Acht Toghcháin, 1997, faoi mar atá leasaithe, soláthraítear na sainmhínithe seo a leanas.

Ciallaíonn ‘cuntas’ cuntas in institiúid sa Stát chun airgead arna fháil i leith síntiús a bhreacadh do shochar agus do dhochar an chuntais;

Ciallaíonn ‘institiúid’

(a) sealbhóir ceadúnais faoi alt 9 d’Acht an Bhainc Ceannais, 1971,

(b) cumann foirgníochta corpraithe nó a mheastar a bheith corpraithe faoin Acht Cumann Foirgníochta, 1989, nó comhlacht arna chorprú ar mhodh comhfhreagrach faoi dhlí aon Bhallstát eile de na Comhphobail Eorpacha.

(c) banc taisce iontaobhais faoi chuimsiú chiall an Achta um Bainc Thaisce Iontaobhais, 1989,

(d) ACC Bank cuideachta poiblí teoranta (cpt),

(e) An Post, nó

(f) duine arna údarú de réir Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Ceadúnú agus Maoirseacht Institiúidí Creidmheasa), 1992 (I.R. Uimh. 395 de 1992) chun gnó a dhéanamh sa Stát;

(Tugtar do d’aire:  Ní chuimsíonn an sainiú thuas comhar creidmheasa.)


Ciallaíon ‘duine freagrach’, i ndáil le tríú páirtí, an duine nó na daoine atá freagrach as an tríú páirtí a eagrú nó a bhainistiú nó as a ghnóthaí airgeadais;

Ciallaíonn ‘tríú páirtí’ aon duine, seachas páirtí polaitíochta cláraithe nó iarrthóir i dtoghchán, a ghlacann, i mbliain ar leith, le síntiús chun críocha polaitíochta, ar mó a luach ná €126.97;

Ciallaíonn ‘críocha polaitíochta’ aon cheann de na cuspóirí seo a leanas, mar atá:

(i) (I) cur chun cinn nó cur i gcoinne leasanna páirtí polaitíochta, grúpa polaitíochta, comhalta de cheachtar de dhá Theach an Oireachtais nó ionadaí i bParlaimint na hEorpa, nó

(II) cur i láthair, go díreach nó go hindíreach, polasaithe nó polasaí áirithe páirtí polaitíochta, grúpa polaitíochta, comhalta de cheachtar de dhá Theach an Oireachtais, ionadaí i bParlaimint na hEorpa nó tríú páirtí, nó

(III) cur i láthair ráiteas páirtí polaitíochta, grúpa polaitíochta, comhalta de cheachtar de dhá Theach an Oireachtais, ionadaí i bParlaimint na hEorpa nó tríú páirtí ag féachaint do pholasaí nó pholasaithe páirtí polaitíochta eile, grúpa polaitíochta eile, comhalta eile de cheachtar dhá Theach an Oireachtas, ionadaí eile i bParlaimint na hEorpa, tríú páirtí eile nó iarrthóra eile i dtoghchán nó reifreann nó eile, nó

(IV) cur chun cinn nó cur i gcoinne, go díreach nó go hindíreach, leasanna tríú páirtí i dtaca le stiúradh nó bainistiú aon fheachtas arna sheoladh d’fhonn toradh áirithe a chur chun cinn nó a fháil i ndáil le polasaí nó polasaithe nó feidhmeanna an Rialtais nó aon údarás poiblí;

(ii) cur chun cinn nó cur i gcoinne, go díreach nó go hindíreach, thoghadh iarrthóra i dtoghchán de Dháil Éireann, de Sheanad Éireann nó de Pharlaimint na hEorpa nó vótaí a lorg i bhfabhar nó i gcoinne iarrthóra nó cur i láthair polasaithe nó polasaí áirithe iarrthóra nó tuairimí iarrthóra i dtaobh aon ghnó a bhaineann leis an toghchán nó ráitis iarrthóra ag féachaint do pholasaí nó do pholasaithe pháirtí polaitíochta nó ghrúpa polaitíochta iarrthóra eile ag an toghchán nó eile;

(iii) tionchar a imirt ar shlí eile ar thoradh an toghcháin nó reifrinn nó feachtais dá dtagraítear i bparagraf (i)(IV) den sainmhíniú seo.


Ciallaíonn ‘grúpa polaitíochta’ grúpa arna chruthú de réir rialacha nóis imeachta Pharlaimint na hEorpa;

Ciallaíonn “páirtí polaitíochta” páirtí atá cláraithe i gClár na bPáirtithe Polaitíochta de réir alt 25 d’Acht Toghcháin 1992 mar pháirtí atá eagraithe le dul san iomaíocht i dtoghchán Dála nó Eorpach nó sa dá thoghchán sin;

"speansais  toghcháin - faoi alt 31 den Acht Toghcháin, 1997, faoi mar atá leasaithe le halt 50 den Acht Toghcháin (Leasú), 2001, foráiltear gurb é atá i speansais toghcháin ná  na speansais  sin, agus na speansais  sin amháin, arna liostú anseo thíos:

(a) Fógraíocht (cibé meán a úsáidtear)
Cuimsítear le speansais, i leith fógraíocht den sórt sin, táillí gníomhaireachta, speansais dearthóireachta agus speansais eile arna dtabhú i dtaca leis an bhfógraíocht sin a ullmhú, a tháirgeadh, a dháileadh nó a chraobhscaoileadh ar shlí eile.

(b) Poiblíocht
Cuimsítear le speansais,  i leith an ghnó sin, speansais arna dtabhú i leith na gcraolachán ó pháirtí polaitíochta, aon seirbhísí nó áiseanna a sholáthar i dtaca le preas-chomhdhálacha nó déileálacha eile leis na meáin, comhairle agus oiliúint maidir leis na meáin agus grianghrafadóireacht.

(c) Póstaeir toghcháin
Cuimsítear le speansais, i leith ábhair den sórt sin, na costais a ghabhann le póstaeir toghcháin a dhearadh, a tháirgeadh, a phriontáil, a chur in airde agus a bhaint anuas.

(d) Ábhar eile toghcháin
Cuimsítear le speansais, i leith ábhair den sórt sin, na costais a ghabhann le dearadh, táirgeadh, priontáil agus craobhscaoileadh ábhair den sórt sin (seachas póstaeir), lena n-áirítear cártaí canbhasála, bileoga toghchánaíochta, forógraí toghchánaíochta, nuachtlitreacha agus ábhar poiblíochta eile toghcháin.

(e) Oifig agus Stáiseanóireacht
Cuimsítear le speansais, i leith na nithe seo, costais arna dtabhú chun áitreabh oifige nó seomraí cruinnithe a fháil ar cíos nó a úsáid chun críocha toghcháin (seachas chun críocha comhdhálacha bliantúla nó eile de chuid an pháirtí) agus na costais a ghabhann le téamh, leictreachas, árachas, trealaimh oifige a cheannach nó a fháil ar cíos, teileafón, stáiseanóireachta agus postais.

(f) Iompar agus taisteal
Cuimsítear le speansais, i leith na nithe seo, speansais arna dtabhú ar iompar agus taisteal (ar mhodh ar bith), peitreal agus díosal, feithiclí feachtais a fháil ar cíos nó a úsáid, feithiclí a fháil ar cíos nó a úsáid chun vótóirí a iompar ar lá na vótála, speansais chóiríochta, seirbhísí tacsaí agus fruilchairr agus seirbhísí teachtaireachta.

(g) Taighde margaidh
Cuimsítear le speansais, i leith an ghnó seo, speansais arna dtabhú chun pobalbhreith nó suirbhé eile cosúil leis a dhéanamh a bhaineann le toghchán laistigh de thréimhse na 60 lá roimh lá na vótála ag an toghchán ag nó thar ceann páirtí polaitíochta, grúpa polaitíochta nó iarrthóra ag an toghchán.

(h) Oibrithe feachtais
Cuimsítear le speansais, i leith an ghnó seo, íocaíochtaí le hoibrithe feachtais, íocaíochtaí árachais agus speansais eile.

Back to contents



This site conforms to W3C XHTML 1.0 recommendations| This site conforms to W3C CSS recommendations| This site meets WAI Priority 3 recommendations|