Standards in Public Office Commission/Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí logo
  • 18 Lower Leeson Street, Baile Átha Cliath 2, Eire.
  • Teil: +353 (0)1 - 639 - 5666
  • Faics: +353 (0)1 - 639 - 5684
  • R-phost: sipo@sipo.gov.ie

Treoirlínte maidir le Toghcháin Pharlaimint na hEorpa 2009

4D. Céard atá ina speansais toghcháin?

4.21  Is éard atá i speansais toghcháin na speansais sin agus na speansais sin amháin, arna leagan amach sa sainmhíniú ar speansais toghcháin in Aguisín 1, a dhéantar a thabhú agus maoin, earraí nó seirbhísí á soláthar le húsáid ag an toghchán le linn na tréimhse toghcháin chun:

  1. leasanna páirtí polaitíochta nó toghadh iarrthóra a chur chun cinn nó chun cur i gcoinne na leasanna nó toghadh an iarrthóra sin, nó
  2. polasaithe páirtí polaitíochta a chur i láthair nó ráitis pháirtí polaitíochta faoi pholasaithe páirtí polaitíochta eile nó iarrthóra ag an toghchán, nó
  3. vótaí a lorg i bhfabhar nó i gcoinne iarrthóra, nó
  4. polasaithe iarrthóra nó tuairimí iarrthóra i dtaobh aon ghnó a bhaineann leis an toghchán a chur i láthair nó ráitis iarrthóra faoi pholasaithe páirtí polaitíochta nó iarrthóra eile ag an toghchán, nó
  5. tionchar a imirt ar thoradh an toghcháin ar aon slí eile.


4.22 Meastar gur speansas toghcháin nach mór cuntas a thabhairt ann ar a phraghas tráchtála iomlán é síntiús maoine, earraí nó seirbhísí a fhaightear, saor in aisce nó faoi bhun costais, agus a úsáidtear ag an toghchán le linn na tréimhse toghcháin. Féadfar aon lascaine a thugtar de ghnáth nó atá ar fáil i gcoitinne i leith na maoine, na n-earraí nó na seirbhísí a bhaint as, áfach.

Back to contents



This site conforms to W3C XHTML 1.0 recommendations| This site conforms to W3C CSS recommendations| This site meets WAI Priority 3 recommendations|