- Scipeáil Nascleanúna |
- Mapa an Láithreáin |
- Ráiteas Inrochtaineacht
- | Text Size: A |
- A |
- A
- 18 Lower Leeson Street, Baile Átha Cliath 2, Eire.
- +353 (0)1 - 639 - 5666
- +353 (0)1 - 639 - 5684
- sipo@sipo.gov.ie
- Eolas Fúinne
- Treoirlínte
- Cóid Iompair
- Gearáin
- Tuarascálacha
- Preas Ráiteas
- Foilseacháin Ghinearálta
- Toghcháin
- Síntiúis a Nochtadh
- Maoiniú Státchiste
- Do leathanach
- Foirmeacha
Treoirlínte maidir le Toghcháin Pharlaimint na hEorpa 2009
3I. Ráiteas Speansas Toghcháin a chur ar fáil i ndiaidh an toghcháin
3.27 Go gairid i ndiaidh an toghcháin, seolfaidh an Coimisiún um Chaighdeáin foirm don Ráiteas Speansas Toghcháin/Dearbhú Reachtúil chuig gníomhairí náisiúnta. Ar an bhfoirm sin, ní mór don ghníomhaire toghcháin mionsonraí a nochtadh don Choimisiún um Chaighdeáin ar gach speansas arna thabhú agus ar gach íocaíocht arna déanamh ag an ngníomhaire náisiúnta, nó thar a c(h)eann, i ndáil leis an toghchán. Beidh foireann Rúnaíocht an Choimisiúin um Chaighdeáin ar fáil chun cabhrú le gníomhairí náisiúnta an fhoirm a chomhlánú. Ní mór an fhoirm chomhlánaithe a bheith faighte ag an gCoimisiún um Chaighdeáin faoi cheann 56 lá i ndiaidh lá na vótála.
3.28 Beidh an fhoirm don Ráiteas Speansas Toghcháin a sheolfar chuig gach gníomhaire náisiúnta saindeartha chun líon na n-iarrthóirí atá ag an bpáirtí, agus atá ag seasamh ag an toghchán, a léiriú. I ngach cás, áfach, ní mór an méid seo a leanas a áireamh san fhoirm:
- mionsonraí ar gach costas arna thabhú agus íocaíocht arna déanamh ag an ngníomhaire náisiúnta agus a d(h)aoine údaraithe, lena n-áirítear soláthairtí maoine, earraí nó seirbhísí saor in aisce nó faoi bhun costais agus a úsáideadh i rith na tréimhse toghcháin;
- mionsonraí ar dhaoine údaraithe, lena n-áirítear an tsuim a ceadaíodh do gach duine údaraithe a chaitheamh agus an tsuim iarbhír a caitheadh;
- dearbhú maidir leis an gcion de theorainn chaiteachais gach iarrthóir a sannadh ag an iarrthóir do pháirtí polaitíochta an ghníomhaire náisiúnta;
- miondealú ar chaiteachas arna dhéanamh ag an ngníomhaire ar an bhfeachtas náisiúnta agus ar gach iarrthóir aonair;
- mionsonraí ar aon éilimh dhíospóidithe ar íocaíocht;
- faisnéis a bhaineann le héilimh ar íocaíocht arna bhfáil níos déanaí ná 45 lá i ndiaidh lá na vótála;
- mionsonraí ar speansais arna dtabhú i leith earraí, maoine nó seirbhísí a úsáideadh i rith na tréimhse toghcháin sa chás gur íocadh na costais as cistí poiblí (féach paragraif 2.34 agus 2.35)
3.29 Féadfaidh an Coimisiún um Chaighdeáin éileamh go gcuirfear taifead mionspeansas ar fáil dó freisin chun déileáil le haon cheisteanna a d’fhéadfadh teacht chun cinn maidir le cén fáth nach bhfuil speansais i leith nithe áirithe a úsáideadh le linn na tréimhse toghcháin le feiceáil mar speansas toghcháin ar an Ráiteas Speansas Toghcháin. Ní bheidh mionspeansais san áireamh agus na speansais toghcháin iomlána a tabhaíodh, á ríomh (féach paragraf 2.36(iii) agus 2.38 le haghaidh sainmhínithe ar “mhion-speansais”).
3.30 Ní mór sonraisc, admhálacha nó dearbháin le haghaidh gach íocaíocht i speansais toghcháin os cionn €126.97 a chur san áireamh leis an Ráiteas Speansas Toghcháin. Coimeádann an Coimisiún um Chaighdeáin an ceart aige féin aon sonrasc, admháil nó dearbhán a iarraidh i gcás míre caiteachais arna luacháil ar luach is lú ná €126.97 agus atá le feiceáil ar Ráiteas Speansas Toghcháin nó ar thaifead mionspeansas.
3.31 Féadfar miondearmaid nó mionearráidí arna n-aimsiú ag an gCoimisiún um Chaighdeáin ar Ráiteas Speansas Toghcháin ó ghníomhaire náisiúnta a fhógairt don ghníomhaire náisiúnta. Má iarrtar air/uirthi a Ráiteas Speansas Toghcháin a leasú, ní mór don ghníomhaire náisiúnta amhlaidh a dhéanamh faoi cheann 14 lá.
3.32 Is féidir leis an gCoimisiún um Chaighdeáin faisnéis bhreise a iarraidh ó ghníomhaire náisiúnta i ndáil lena Ráiteas Speansas Toghcháin. Sa chás go n-iarrtar faisnéis bhreise den sórt sin, ní mór í a sholáthar i bhfoirm a chinnfidh an Coimisiún um Chaighdeáin agus b’fhéidir gur gá Dearbhú Reachtúil a bheith in éineacht leis.
3.33 Leagfaidh an Coimisiún um Chaighdeáin na foirmeacha do na Ráitis Speansas Toghcháin agus Dearbhuithe Reachtúla faoi bhráid dhá Theach an Oireachtais agus cuirfear iad ar fáil go mbeidh an pobal in ann iad a ghrinnscrúdú agus a chóipeáil. Déanfar mionsonraí achoimre ar an gcaiteachas a tabhaíodh a chur san áireamh i dtuarascáil do Chathaoirleach Dháil Éireann agus a fhoilsiú ar shuíomh idirlín an Choimisiúin um Chaighdeáin.