Standards in Public Office Commission/Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí logo
  • 18 Lower Leeson Street, Baile Átha Cliath 2, Eire.
  • Teil: +353 (0)1 - 639 - 5666
  • Faics: +353 (0)1 - 639 - 5684
  • R-phost: sipo@sipo.gov.ie

Treoirlínte maidir le Toghcháin Pharlaimint na hEorpa 2009

3B. Suimeanna arna sannadh ag iarrthóirí do pháirtí polaitíochta

3.5 I gcás go bhfuil iarrthóir san iomaíocht ag an toghchán thar ceann páirtí polaitíochta, féadfaidh sé nó sí cuid dá t(h)eorainn chaiteachais reachtúil a shannadh don pháirtí go gcaithfidh gníomhaire náisiúnta an pháirtí ag an toghchán é.

3.6 Níl aon oibleagáid ar iarrthóir faoin reachtaíocht aon chuid dá t(h)eorainn chaiteachais a shannadh don pháirtí. Dá ndiúltódh gach iarrthóir de chuid páirtí ag an toghchán aon chuid dá dteorainn chaiteachais a shannadh don pháirtí, ní bheadh cead ag an ngníomhaire náisiúnta aon chaiteachas a tharraingt air nó uirthi féin ag an toghchán, seachas mar dhuine arna údarú ag gníomhaire toghcháin iarrthóra chun amhlaidh a dhéanamh. Is dócha, áfach, go dtiocfaidh na páirtithe ar shocrú éigin le hiarrthóirí ina leith sin. Is é an t-aon chaiteachas a bhfuil cead ag páirtí a dhéanamh ná suim na méideanna atá sannta don pháirtí ag a iarrthóirí ó theorainn aonair na n-iarrthóirí.

Sampla: Dá mbeadh 4 iarrthóir ag páirtí agus iad ag dul san iomaíocht sa toghchán agus má shannann gach duine díobh €100,000 don pháirtí óna dteorainn chaiteachais aonair, bheadh gníomhaire náisiúnta an pháirtí i dteideal €400,000 a chaitheamh ag an toghchán san iomlán. Bheadh laghdú €100,000 déanta ar shuim na teorann a bheidh ar fáil le caitheamh ag gníomhaire toghcháin gach iarrthóir dá thoradh.

3.7 Ní dhéantar forálacha sonracha san Acht maidir le cathain ar chóir na suimeanna comhaontaithe a shannadh don pháirtí. Ní choisctear ath-idirbheartaíocht leis an Acht faoi shuimeanna comhaontaithe a bheidh le sannadh. Molann an Coimisiún um Chaighdeáin do ghníomhairí náisiúnta a chinntiú go gcomhaontaítear le gach iarrthóir na suimeanna a bheidh le sannadh sula dtarraingeoidh an gníomhaire náisiúnta nó gníomhaire toghcháin an iarrthóra aon speansais air nó uirthi féin.

3.8 Tá sé ina cheangal san Acht nach mór an tsuim a bheidh le sannadh don pháirtí a chomhaontú i scríbhinn. Ba chóir mar sin, go luafaí go soiléir sa chomhaontú scríofa an tsuim arna sannadh don pháirtí. Ba chóir go mbeadh sé sínithe ag an iarrthóir agus ag oifigeach cuí páirtí. I gcás go ndéantar ath-idirbheartaíocht faoi shuimeanna ina dhiaidh, ní mór comhaontú scríofa nua a dhréachtú.

3.9 Ceanglófar ar an iarrthóir cóip den chomhaontú scríofa a thabhairt dá g(h)níomhaire toghcháin chun é a chur ar fáil don Choimisiún um Chaighdeáin in éineacht le Ráiteas Speansas Toghcháin an ghníomhaire. Ní cheanglófar ar ghníomhairí náisiúnta cóipeanna de na comhaontuithe scríofa a chur ar fáil in éineacht lena Ráitis Speansas Toghcháin. Ba chóir, áfach, go gcoinneodh gníomhairí náisiúnta cóipeanna de na comhaontuithe scríofa.

Back to contents



This site conforms to W3C XHTML 1.0 recommendations| This site conforms to W3C CSS recommendations| This site meets WAI Priority 3 recommendations|