- Scipeáil Nascleanúna |
- Mapa an Láithreáin |
- Ráiteas Inrochtaineacht
- | Text Size: A |
- A |
- A
- 18 Lower Leeson Street, Baile Átha Cliath 2, Eire.
- +353 (0)1 - 639 - 5666
- +353 (0)1 - 639 - 5684
- sipo@sipo.gov.ie
- Eolas Fúinne
- Treoirlínte
- Cóid Iompair
- Gearáin
- Tuarascálacha
- Preas Ráiteas
- Foilseacháin Ghinearálta
- Toghcháin
- Síntiúis a Nochtadh
- Maoiniú Státchiste
- Do leathanach
- Foirmeacha
Treoirlínte maidir le Toghcháin Pharlaimint na hEorpa 2009
2L. Cionta agus pionóis is infheidhme i leith gníomhairí toghcháin ag an toghchán
2.50 Má thabhaíonn duine caiteachas nó má dhéanann sé nó sí íocaíocht i ndáil leis an toghchán, gan é nó í a bheith údaraithe amhlaidh a dhéanamh, féadfar fíneáil chomh mór le €1,269.74 a ghearradh air nó uirthi, ar a c(h)iontú.
2.51 Is fíneáil chomh mór le €1,269.74 atá sa phionós má fhaightear gníomhaire toghcháin ciontach sa chion go ndeachthas os cionn na teorann caiteachais.
2.52 Féadfar fíneáil chomh mór le €1,269.74 a fhorchur de thoradh éilimh a íoc a fuarthas níos déanaí ná 45 lá i ndiaidh lá na vótála.
2.53 Má loictear fiosrúcháin a dhéanamh agus na taifid a choinneáil ar bun, atá riachtanach d’fhonn Ráiteas Speansas Toghcháin a chur ar fáil agus Dearbhú Reachtúil a dhéanamh, féadfar fíneáil chomh mór le €1,269.74 a fhorchur dá thoradh.
2.54 Má loictear Ráiteas Speansas Toghcháin agus Dearbhú Reachtúil a chur ar fáil don Choimisiún um Chaighdeáin faoin spriocdháta reachtúil féadfar fíneáil chomh mór le €1,269.74 a fhorchur dá thoradh chomh maith le fíneáil leanúnach €126.97 le haghaidh gach lá, i ndiaidh ciontaithe, dá mbíonn an Ráiteas agus Dearbhú fós amuigh.
2.55 Má loictear faisnéis fhorlíontach a bhaineann le Ráiteas Speansas Toghcháin a sholáthar de réir mar a iarrann an Coimisiún um Chaighdeáin, féadfar fíneáil chomh mór le €1,269.74 a fhorchur dá thoradh.
2.56 Má chuirtear Ráiteas Speansas Toghcháin atá bréagach nó míthreorach ar fáil don Choimisiún um Chaighdeáin go feasach féadfar fíneáil chomh mór le €25,394.76 agus/nó trí bliana príosúnachta a fhorchur dá thoradh.
2.57 Mura gcuirtear ar fáil don Choimisiún um Chaighdeáin, faoi cheann seacht lá ó dháta an ordaithe, cóip d’ordú cúirte le haghaidh íocaíochta ar éileamh díospóidithe féadfar fíneáil chomh mór le €1,269.74 a fhorchur dá thoradh.