- Scipeáil Nascleanúna |
- Mapa an Láithreáin |
- Ráiteas Inrochtaineacht
- | Text Size: A |
- A |
- A
- 18 Lower Leeson Street, Baile Átha Cliath 2, Eire.
- +353 (0)1 - 639 - 5666
- +353 (0)1 - 639 - 5684
- sipo@sipo.gov.ie
- Eolas Fúinne
- Treoirlínte
- Cóid Iompair
- Gearáin
- Tuarascálacha
- Preas Ráiteas
- Foilseacháin Ghinearálta
- Toghcháin
- Síntiúis a Nochtadh
- Maoiniú Státchiste
- Do leathanach
- Foirmeacha
Treoirlínte maidir le Toghcháin Pharlaimint na hEorpa 2009
2F. Daoine a d’fhéadfadh a bheith ag tarraingt caiteachais, gan údarú, orthu féin chun iarrthóirí a chur chun cinn nó chun cur i gcoinne iarrthóirí ag an toghchán
Caiteachas arna dhéanamh ag “tríú páirtithe”/"daoine eile”
2.22 Tá caiteachas arna dhéanamh ag "tríú páirtithe" agus ag "daoine eile", .i. iad sin nach bhfuil nasctha le hiarrthóir nó le páirtí polaitíochta, ceadaithe faoin reachtaíocht (féach Caibidil 4). Má fhaigheann gníomhaire toghcháin amach go bhfuil aon duine nó aon ghrúpa ag tarraingt speansas air nó uirthi féin chun a (h)iarrthóir a chur chun chun nó chun cur i gcoinne a (h)iarrthóra, ba chóir don ghníomhaire fiafraí den Choimisiúin um Chaighdeáin an bhfuil Deimhniú Údarúcháin tugtha ag an gCoimisiún um Chaighdeáin don duine nó don ghrúpa sin chun speansais a tharraingt air nó uirthi féin ar an tslí sin. Mura bhfuil Deimhniú eisithe, d’fhéadfadh cion a bheith á dhéanamh ag an duine nó ag an ngrúpa agus déanfaidh an Coimisiún um Chaighdeáin an scéal a fhiosrú.
2.23 Ní féidir fógraí nó fógráin a chur i nuachtáin, in irisí nó i dtréimhseacháin eile ina gcuirtear leasanna iarrthóra chun cinn nó ina gcuirtear i gcoinne leasanna iarrthóra ach amháin sa chás go n-iarrann an t-iarrthóir, gníomhaire toghcháin an iarrthóra, gníomhaire náisiúnta pháirtí polaitíochta an iarrthóra nó duine arna údarú i scríbhinn ag an iarrthóir nó ag ceachtar gníomhaire go ndéanfar amhlaidh. Féadfaidh “tríú páirtithe” agus “daoine eile” fógrán nuachtáin a shocrú má sholáthraíonn siad don fhoilsitheoir Deimhniú Údaraithe ón gCoimisiún um Chaighdeáin lena ndearbhaítear go bhfuil na ceanglais arna leagan amach i bparagraf 4.19 thíos comhlíonta acu. Fógróidh an Coimisiún um Chaighdeáin ceanglais an Achta maidir leis seo d’eagarthóirí/foilsitheoirí.
2.24 Beidh ar "Tríú Páirtithe"/"Daoine Eile" a tharraingíonn speansais orthu féin cuntas a thabhairt ina speansais toghcháin ar Ráiteas Speansas Toghcháin (féach paragraif 4.24 go dtí 4.30 thíos).
Caiteachas ag Eagraíocht Páirtí Áitiúil
2.25 Ní cheadaítear aon chaiteachas ar leithligh nó aon chaiteachas breise ag páirtí polaitíochta os cionn na teorann caiteachais reachtúla. Ba chóir go mbeadh aon chaiteachas arna tharraingt uirthi féin ag eagraíocht áitiúil páirtí thar ceann an iarrthóra:
- údaraithe ag an ngníomhaire náisiúnta agus cuntas tugtha ann i Ráiteas Speansas Toghcháin an ghníomhaire náisiúnta; nó
- údaraithe ag an ngníomhaire toghcháin agus cuntas tugtha ann i Ráiteas Speansas Toghcháin an ghníomhaire toghcháin.
Caiteachas ag iarrthóirí i toghcháin áitiúla
2.26 Toisc go bhfuil toghcháin áitiúla 2009 á reáchtáil ar an lá céanna le toghchán na hEorpa, tá an fhéidearthacht ann go luafar iarrthóirí i dtoghchán na hEorpa in ábhar poiblíochta agus fógraíochta iarrthóirí sna toghcháin áitiúla. Measfar go bhfuil iarrthóireacht an iarrthóra ag toghchán na hEorpa á cur chun cinn leis sin agus gur caiteachas arna thabhú thar ceann an iarrthóra sin é freisin.
2.27 I gcás iarrthóir i dtoghcháin áitiúil, stiúrthóir toghchán, srl., a bhfuil sé i gceist aige/aici tagairt d’iarrthóir i dtoghchán na hEorpa a chuimsiú in ábhar poiblíochta, fógraíochta, srl., an toghcháin áitiúil, ní mór dó/di a bheith údaraithe chun amhlaidh a dhéanamh ag gníomhaire toghcháin an iarrthóra i dtoghchán na hEorpa nó ag gníomhaire náisiúnta pháirtí polaitíochta an iarrthóra i dtoghchán na hEorpa. Feadfaidh duine a tharraingíonn caiteachas den sórt sin air nó uirthi féin thar ceann iarrthóra i dtoghchán na hEorpa gan a bheith údaraithe amhlaidh a dhéanamh, a bheith ciontach i gcion.
2.28 I gcás go bhfuil iarrthóir i dtoghchán na hEorpa le feiceáil in ábhar nó i bhfógraíocht toghcháin áitiúil a úsáidtear le linn na tréimhse toghcháin, ba chóir a mhéid is atá sé/sí le feiceáil ann a úsáid mar bhonn chun suim na speansas, a mheastar a tabhaíodh thar ceann an iarrthóra i dtoghchán na hEorpa, a ríomh. Más lú ná €126.97 an tsuim a mheastar a tabhaíodh agus más é an t-iarrthóir sa toghchán áitiúil a d’iompair í, measfar gur mionspeansas atá ann agus ba chóir cuntas a thabhairt ann mar sin (féach para 2.38 thíos). Má théann an caiteachas os cionn €126.97 ní mór cuntas a thabhairt ann ar an Ráiteas Speansas Toghcháin a chuirfidh an gníomhaire toghcháin nó an gníomhaire náisiúnta, a d’údaraigh an speansas toghcháin, ar fáil don Choimisiún um Chaighdeáin.
Caiteachas arna dhéanamh ag daoine/comhlachtaí a meastar iad a bheith nasctha le hiarrthóir
2.29 Ba chóir go mbeadh gníomhairí toghcháin ar an eolas má tá duine nó grúpa, a measann an Coimisiún um Chaighdeáin a bheith bainteach le nó nasctha le hiarrthóir nó faoi thionchar nó rialú iarrthóra, ag tarraingt speansais air nó uirthi féin ag an toghchán d’fhonn an t-iarrthóir a chur chun cinn nó chun cur i gcoinne iarrthóra eile ag an toghchán, go measfar na speansais sin a bheith ina gcuid de speansais toghcháin an chéad iarrthóra agus ní mór do ghníomhaire toghcháin an iarrthóra sin cuntas a thabhairt iontu laistigh de theorainn chaiteachais an iarrthóra (.i. an chuid sin den teorainn atá coinnithe ag an iarrthóir). Má thugtar, de bharr an chaiteachais sin, caiteachas arna dhéanamh ag gníomhaire toghcháin an iarrthóra, os cionn na teorann ábhartha, beidh cion déanta. D’fhéadfadh seo a bheith i gceist go háirithe d’iarrthóirí atá cleamhnaithe nó nasctha le Páirtí Polaitíochta Eorpach. Má tharraingíonn Páirtí Polaitíochta Eorpach speansais air féin chun iarrthóir a chun chun cinn nó chun cur i gcoinne iarrthóir eile, féadfaidh an Coimisiún um Chaighdeáin a mheas gur tabhaíodh na speansais thar ceann an iarrthóra atá nasctha leis an bPáirtí Polaitíochta Eorpach agus éileamh go dtabharfaidh a g(h)níomhaire toghcháin cuntas sna speansais seo.
2.30 Mar gheall go bhféadfar an caiteachas sin arna dhéanamh ag daoine/grúpaí áirithe a mheas ar deireadh mar chaiteachas arna thabhú thar ceann a n-iarrthóirí, tá sé tábhachtach go mbeidh gníomhairí toghcháin ar an eolas faoi ghníomhaíochtaí grúpaí nó daoine aonair den sórt sin agus, más gá, cúrsaí den sórt sin a chur ar a shúile don Choimisiún um Chaighdeáin.