Standards in Public Office Commission/Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí logo
  • 18 Lower Leeson Street, Baile Átha Cliath 2, Eire.
  • Teil: +353 (0)1 - 639 - 5666
  • Faics: +353 (0)1 - 639 - 5684
  • R-phost: sipo@sipo.gov.ie

Treoirlínte maidir le Toghcháin Pharlaimint na hEorpa 2009

2B. Príomhfheidhmeanna gníomhaire toghcháin

2.5 Is é an gníomhaire toghcháin an príomhnasc don Choimisiún um Chaighdeáin ag an toghchán i ndáil le caiteachas arna thabhú thar ceann an iarrthóra sa toghchán. Ba chóir go mbeadh sé/sí compordach le hairgead a láimhseáil agus le cuntais a choimeád.

2.6 Is é príomhfheidhm an ghníomhaire toghcháin ná caiteachas, a bhaineann le feachtas toghchánaíochta an iarrthóra, a údarú agus a rialú agus cuntas a thabhairt i gcaiteachas den sórt sin.

2.7 Faoi réir a bhfuil ráite i bparagraif 2.8 agus 2.9 thíos, is é an gníomhaire toghcháin an t-aon duine ar féidir leis/léi caiteachas a tharraingt air nó uirthi féin nó íocaíochtaí a dhéanamh thar ceann an iarrthóra.  Ní mór gach sonrasc, admháil nó dearbhán a sholáthar don ghníomhaire toghcháin agus ní mór dó/di iad a choinneáil chun a Ráiteas Speanas Toghcháin a chomhlánú.

2.8 Ní féidir le hiarrthóir speansais a tharraingt air nó uirthi féin nó íocaíochtaí a dhéanamh i ndáil leis an bhfeachtas toghchánaíochta gan a bheith údaraithe amhlaidh a dhéanamh ag an ngníomhaire toghcháin. Tá sé ina chion má tharraingíonn iarrthóir speansais air nó uirthi féin nó má dhéanann sé nó sí íocaíochtaí, seachas iad sin a dhéantar i leith “a speansais mhaireachtála réasúnacha”, ach amháin sa chás go n-údaraíonn an gníomhaire toghcháin go bhféadfar amhlaidh a dhéanamh. (Féach paragraf 2.36(ii) thíos le haghaidh mínithe ar a bhfuil i gceist le “speansais mhaireachtála réasúnacha”.) I gcás go bhfuil speansais tarraingthe ag iarrthóir air nó uirthi féin nó thar a c(h)eann sula gceaptar gníomhaire toghcháin, ní mor don iarrthóir mionsonraí ar na speansais sin a chur ar fáil don ghníomhaire toghcháin, in éineacht le gach sonrasc/dearbhán, agus é/í ceaptha. Tá sé ina chion ag iarrthóir loiceadh an ceanglas seo a chomhlíonadh.

2.9 Féadfaidh an gníomhaire toghcháin daoine eile a údarú chun speansais a tharraingt orthu féin nó íocaíochtaí a dhéanamh faoi chuimsiú teorainneacha airgeadais sonraithe. Ní mór don ghníomhaire toghcháin cuntas a thabhairt i gcaiteachas arna dhéanamh ag gach duine údaraithe den sórt sin. Ní mór speansais arna dtarraingt orthu féin nó íocaíochtaí arna ndéanamh ag daoine údaraithe a bheith faoi chuimsiú na teorann arna sonrú ag an ngníomhaire toghcháin. Féadfaidh gníomhaire toghcháin an t-iarrthóir nó gníomhaire náisiúnta pháirtí polaitíochta an iarrthóra (má bhaineann sin le hábhar) a údarú chun speansais a tharraingt air nó uirthi féin. Ní mór ainm agus seoladh gach duine údaraithe a chur san áireamh ar an Ráiteas Speansas Toghcháin, nach mór don ghníomhaire toghcháin a chur ar fáil don Choimisiún um Chaighdeáin i ndiaidh an toghcháin.

Back to contents



This site conforms to W3C XHTML 1.0 recommendations| This site conforms to W3C CSS recommendations| This site meets WAI Priority 3 recommendations|