Standards in Public Office Commission/Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí logo
  • 18 Lower Leeson Street, Baile Átha Cliath 2, Eire.
  • Teil: +353 (0)1 - 639 - 5666
  • Faics: +353 (0)1 - 639 - 5684
  • R-phost: sipo@sipo.gov.ie

Treoirlínte maidir le Toghcháin Pharlaimint na hEorpa 2009

1F. Daoine a d’fhéadfadh a bheith ag tarraingt caiteachais, gan údarú, orthu féin chun iarrthóirí a chur chun cinn nó chun cur i gcoinne iarrthóirí ag an toghchán

1.35 Is cion é d’iarrthóir, nó d’aon duine eile, lena n-áirítear, mar shampla, craobh áitiúil de chuid páirtí polaitíochta, speansais a tharraingt air nó uirthi féin nó íocaíochtaí a dhéanamh i dtaca le feachtas toghchánaíochta iarrthóra mura bhfuil sé sin údaraithe ag gníomhaire toghcháin an iarrthóra nó ag gníomhaire náisiúnta pháirtí polaitíochta an iarrthóra.

1.36 Is féidir fógraí nó fógráin a chur i nuachtáin, in irisí nó i dtréimhseacháin eile lena gcuirtear leasanna páirtí polaitíochta nó iarrthóra chun cinn nó lena gcuirtear i gcoinne leasanna páirtí polaitíochta nó iarrthóra sa chás, agus sa chás seo amháin, go n-iarrann iarrthóir, gníomhaire toghcháin iarrthóra, gníomhaire náisiúnta de chuid páirtí polaitíochta nó duine atá údaraithe i scríbhinn ag an iarrthóir nó ag ceachtar gníomhaire go ndéanfar amhlaidh. 

1.37 Féadfaidh “tríú páirtithe” nó “daoine eile” (féach Caibidil 4) fógraí nó fógráin a chur i nuachtáin, in irisí nó i dtréimhseacháin má sholáthraíonn siad Deimhniú Údaraithe ón gCoimisiún um Chaighdeáin don fhoilsitheoir lena ndearbhaítear go bhfuil a n-oibleagáidí dlíthiúla, a dtugtar achoimre orthu i bparagraf 4.19 thíos, comhlíonta acu. Eisíonn an Coimisiún um Chaighdeáin an Deimhniú sin nuair atá an fhaisnéis ábhartha go léir faighte ón tríú páirtí/duine eile. Fógróidh an Coimisiún um Chaighdeáin ceanglais an Achta maidir leis sin d’fhoilsitheoirí.

1.38 Comhairlítear do gach iarrthóir a bheith ar an eolas faoi aon chaiteachas den sórt sin atá á tharraingt orthu féin thar a c(h)eann ag stiúrthóirí toghchán nó daoine eile. Má thagann iarrthóir ar eolas go bhfuil duine, seachas a g(h)níomhaire toghcháin nó gníomhaire náisiúnta an pháirtí polaitíochta, ag tarraingt speansas air nó uirthi féin thar a c(h)eann, ba chóir don iarrthóir a chinntiú go mbeidh an caiteachas údaraithe ag ceachtar gníomhaire den sórt sin. Mura bhfuil an caiteachas údaraithe, bheadh cion á dhéanamh ag an duine a tharraingíonn na speansais air nó uirthi féin ach amháin sa chás go bhfuil Deimhniú Údaraithe eisithe don duine ag an gCoimisiún um Chaighdeáin (féach Caibidil 4) leis na speansais a tharraingt air nó uirthi féin. Más gá, ba chóir don iarrthóir an scéal a chur ar a shúile don Choimisiún um Chaighdeáin agus déanfar gníomhartha cuí. 

1.39 Toisc go bhfuil toghcháin áitiúla 2009 á reáchtáil ar an lá céanna le toghchán na hEorpa, is gá d’iarrthóirí i dtoghchán na hEorpa a bheith an-aireach faoi iarrthóirí a d’fhéadfadh a bheith ag áireamh tagartha don iarrthóir i dtoghchán na hEorpa ina n-ábhair phoiblíochta agus fhógraíochta don toghchán áitiúil. I gcás go mbíonn tagairtí den sórt sin san áireamh, meastar go bhfuiltear ag cur iarrthóireacht an iarrthóra i dtoghchán na hEorpa chun cinn agus gur caiteachas é a tarraingíodh thar ceann an iarrthóra i dtoghchán na hEorpa.  I gcás go n-iompraíonn an t-iarrthóir sa toghchán aitiúil costas iomlán an ábhair bholscaireachta nó fhógraíochta, meastar gur síntiús ón iarrthóir sa toghchán aitiúil, don iarrthóir sa toghchán Eorpach, atá i gcostas an % d’ábhar/d’fhógraíocht den sórt sin ina bhfuil an t-iarrthóir sa toghchán Eorpach i gceist.

1.40 I gcás iarrthóra i dtoghcháin áitiúil, stiúrthóra toghchán, srl., a bhfuil sé beartaithe aige/aici tagairt d’iarrthóir i dtoghchán na hEorpa a áireamh in ábhar poiblíochta, fógraíochta srl. don toghchán áitiúil, ní mór dó/di údarú a fháil ó ghníomhaire toghcháin an iarrthóra i dtoghchán na hEorpa nó ó ghníomhaire náisiúnta pháirtí polaitíochta an iarrthóra i dtoghchán na hEorpa chun amhlaidh a dhéanamh. Féadfaidh duine a tharraingíonn caiteachas den sórt sin air nó uirthi féin thar ceann iarrthóra i dtoghchán na hEorpa, gan a bheith údaraithe amhlaidh a dhéanamh, a bheith ciontach i gcion.

Back to contents



This site conforms to W3C XHTML 1.0 recommendations| This site conforms to W3C CSS recommendations| This site meets WAI Priority 3 recommendations|