Standards in Public Office Commission/Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí logo
  • 18 Lower Leeson Street, Baile Átha Cliath 2, Eire.
  • Teil: +353 (0)1 - 639 - 5666
  • Faics: +353 (0)1 - 639 - 5684
  • R-phost: sipo@sipo.gov.ie

Treoirlínte maidir le Toghcháin Pharlaimint na hEorpa 2009

1B. Cuid de theorainn chaiteachais reachtúil iarrthóra a shannadh dá p(h)áirtí polaitíochta (má táthar ag dul san iomaíocht sa toghchán mar iarrthóir páirtí)

1.8 Má tá iarrthóir ag dul san iomaíocht sa toghchán thar ceann páirtí polaitíochta ní mór dó/di suim theorainn chaiteachais an iarrthóra atá á sannadh aige/aici don pháirtí a chomhaontú, i scríbhinn, leis an bpáirtí. Níl ceangal dlíthiúil ar an iarrthóir aon suim a shannadh don pháirtí. Má shannann iarrthóir suim don pháirtí, áfach, laghdaítear teorainn chaiteachais ghníomhaire toghcháin an iarrthóra féin de réir na suime sin. Féadfaidh gníomhaire náisiúnta pháirtí polaitíochta an iarrthóra speansais a tharraingt air nó uirthi féin nó íocaíochtaí a dhéanamh thar ceann an iarrthóra, as an tsuim atá sannta ag an iarrthóir don pháirtí. Ní féidir, i gcúinsí ar bith, gur mó an caiteachas iomlán i leith iarrthóra ná an teorainn chaiteachais reachtúil don iarrthóir. Tá cur síos níos mine ar ról an ghníomhaire náisiúnta i gCaibidil 3.


Sampla:  

Teorainn chaiteachais reachtúil d’iarrthóir €230,000.00
Suim arna sannadh ag an iarrthóir don pháirtí €100,000.00
Suim is féidir leis an ngníomhaire toghcháin a chaitheamh €130,000.00


Ba é €230,000.00 an teorainn chaiteachais do thoghchán na hEorpa 2004.


1.9 Ní shonraítear leis an Acht cathain gur chóir don iarrthóir agus don pháirtí polaitíochta an tsuim a bheidh le sannadh a chomhaontú. Ar an dul céanna, ní choisctear ath-idirbheartaíocht leis an Acht faoin tsuim a bheidh le sannadh. Molann an Coimisiún um Chaighdeáin go láidir, áfach, gur chóir go ndéanfaí comhaontú críochnúil faoin tsuim a bheidh le sannadh sula dtarraingeoidh gníomhaire toghcháin an iarrthóra nó gníomhaire náisiúnta an pháirtí aon speansais air nó uirthi féin. 

1.10 Foráiltear leis an Acht nach mór don iarrthóir agus don pháirtí an tsuim a bheidh le sannadh do pháirtí polaitíochta a chomhaontú i scríbhinn. Ba chóir, mar sin, go luafaí an tsuim arna sannadh don pháirtí go soiléir sa chomhaontú scríofa mar sin agus ba chóir go mbeadh sé sínithe ag an iarrthóir agus ag oifigeach cuí an pháirtí. I gcás go ndéantar ath-idirbheartaíocht ar shuimeanna den sórt sin, ní mór comhaontú scríofa nua a dhéanamh. Ba chóir cóip den chomhaontú scríofa a thabhairt do ghníomhaire toghcháin an iarrthóra. Ceanglófar ar an ngníomhaire toghcháin cóip den chomhaontú scríofa a chur ar fáil in éineacht lena Ráiteas Speansas Toghcháin.

Ní bhaineann paragraif 1.8 - 1.10 thuas le hiarrthóirí neamhspleácha.

Back to contents



This site conforms to W3C XHTML 1.0 recommendations| This site conforms to W3C CSS recommendations| This site meets WAI Priority 3 recommendations|