- Scipeáil Nascleanúna |
- Mapa an Láithreáin |
- Ráiteas Inrochtaineacht
- | Text Size: A |
- A |
- A
- 18 Lower Leeson Street, Baile Átha Cliath 2, Eire.
- +353 (0)1 - 639 - 5666
- +353 (0)1 - 639 - 5684
- sipo@sipo.gov.ie
- Eolas Fúinne
- Treoirlínte
- Cóid Iompair
- Gearáin
- Tuarascálacha
- Preas Ráiteas
- Foilseacháin Ghinearálta
- Síntiúis a Nochtadh
- Maoiniú Státchiste
- Do leathanach
- Foirmeacha
Treoirlínte do Sheirbhísigh Phoiblí (An Naoú hEagrán)
Cuid 2: Réamhrá leis na Treoirlínte
9. Is é an Coimisiún um Chaighdeáin a rinne na treoirlínte seo do sheirbhísigh phoiblí a tharraingt suas tar éis comhairle a ghlacadh leis na Coistí um Leasanna Chomhaltaí Dháil Éireann agus Sheanad Éireann, de réir mar a cheanglaítear faoi Alt 25 (1)(a) d'Acht 1995. Baineann siad go sonrach le seirbhísigh phoiblí.
10. Tá treoirlínte ar leithligh foilsithe ag an gCoimisiún um Chaighdeáin le haghaidh sealbhóirí oifige (i.e. Airí, Airí Stáit, Ard-Aighne ar comhalta é nó í de chuid ceachtar Teach den Oireachtas, Cathaoirleach agus Leas-Chathaoirleach gach Tí agus Cathaoirleach ar Choiste de chuid ceachtar Teach nó ar Chomhchoiste den dá Theach, i gcás ina mbeidh an Coiste ainmnithe chun críocha reachtaíochta).
11. Cuireann na treoirlínte eolas ar fáil faoi na bearta nach mór do sheirbhísigh phoiblí a thagann faoi réim na nAchtanna um Eitic a ghlacadh d'fhonn ceanglais na reachtaíochta a chomhlíonadh. I dteannta na dtreoirlínte, féadfaidh seirbhísigh phoiblí comhairle a lorg ón gCoimisiún um Chaighdeáin maidir le haon fhoráil den reachtaíocht nó maidir le feidhm aon fhoráil den sórt sin in aon chás áirithe.
12. Ní mór do sheirbhísigh phoiblí gníomhú de réir na dtreoirlínte agus de réir aon chomhairle a thabharfaidh an Coimisiún um Chaighdeáin, mura rud é go mbeadh foráil eile den reachtaíocht á sárú acu dá ndéanfaidís amhlaidh.
13. I gcás ina n-iarrtar ar an gCoimisiún um Chaighdeáin comhairle a thabhairt, ní mór dó an chomhairle sin a thabhairt laistigh de 21 lá nó, mar mhalairt air sin, féadfaidh sé diúltú comhairle a thabhairt. Is é an nós imeachta is fearr, d'fhonn aon bhaol míthuisceana a sheachaint, ná iarrataí ar chomhairle a dhéanamh i scríbhinn (lena n-áirítear teachtaireachtaí ríomhphoist sipo@sipo.gov.ie). De ghnáth déanfaidh an Coimisiún um Chaighdeáin gach comhairle de chineál substainteach a thabhairt, nó a dhaingniú, i scríbhinn.
14. Nuair a ndéantar iarratas ar chomhairle chuig an gCoimisiún um Chaighdeáin, faoi mar atá luaite i mír 11, ní bheidh feidhm ag an fhoráil den na hAchtanna um Eitic lena mbaineann, a mhéid a bhaineann leis an duine a dhéanann an iarraidh, maidir leis an duine sin i rith na tréimhse ón tráth a dhéantar an iarraidh go dtí go dtugtar an chomhairle nó go dtí go ndiúltaíonn an Coimisiún um Chaighdeáin comhairle a thabhairt.
15. Beidh na treoirlínte seo inghlactha in aon imeachtaí os comhair cúirte nó binse eile nó os comhair Coiste um Leasanna Chomhaltaí de chuid ceachtar Teach den Oireachtas nó os comhair an Choimisiúin um Chaighdeáin agus féadfar aon fhoráil d'aon chód, a dhealraíonn d'aon cheann de na comhlachtaí réamhráite a bheith iomchuí maidir le ceist sna himeachtaí, a chur i gcuntas le linn an cheist a chinneadh.
16. Tá roinnt téarmaí tábhachtacha ann sa reachtaíocht agus sna treoirlínte seo. I dtaca leis sin de, tá liosta mínithe as an reachtaíocht le fáil i gCuid 8.