Standards in Public Office Commission/Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí logo
  • 18 Lower Leeson Street, Baile Átha Cliath 2, Eire.
  • Teil: +353 (0)1 - 639 - 5666
  • Faics: +353 (0)1 - 639 - 5684
  • R-phost: sipo@sipo.gov.ie

Treoirlínte do Sheirbhísigh Phoiblí (An Naoú hEagrán)

Cuid 8: Mínithe

Sa liosta anseo thíos tugtar roinnt mínithe as alt 2 d'Acht 1995 arna leasú le hAcht 2001.  D'fhéadfadh sé gur mhian le daoine lena mbaineann na treoirlínte seo na forálacha sin a léamh chun liosta mínithe níos cuimsithí a fháil.  Tugtar an míniú ar "cúlstiúrthóireacht" sa Dara Sceideal a ghabhann le hAcht 1995.  

ciallaíonn "eolas iarbhír" eolas iarbhír, díreach agus pearsanta ar leithligh ó eolas inchiallaithe, intuigthe nó líomhnaithe agus folaíonn sé, i ndáil le fíoras, creidiúint go bhfuil sé ar marthain agus go bhfuil na forais ina leith de chineál a fhágann nach bhféadfadh duine réasúnach arb eol dó nó di iad a bheith ann a bheith in amhras, nó nach bhféadfadh sé nó sí a dhíchreidiúint, go bhfuil an fíoras ar marthain;

 folaíonn "tairbhe"-

(a) ceart, pribhléid, oifig nó gradam agus aon staonadh ó airgead ó luach airgid nó rud luachmhar a éileamh,

(b) aon chúnamh, vóta, toiliú nó tionchar nó iarracht de chúnamh, vóta, toiliú nó tionchar,

(c) aon ghealltanas chun aon bhronntanas, iasacht, táille, luaíocht nó rud eile réamhráite a thabhairt nó aon ní den sórt sin a fháil, nó aon chomhaontú nó iarracht i leith aon ní den sórt sin a fháil, nó a thabhairt le fios go bhféadfar a bheith ag súil go bhfaighfear aon ní den sórt sin,

nó buntáiste eile agus seachaint caillteanais, dliteanais, pionóis, forghéilleadh, pionósú nó míbhuntáiste eile; 

“ciallaíonn ‘páirtnéir sibhialta’ i ndáil le duine, páirtnéir sibhialta de réir bhrí an Achta um Páirtnéireacht Shibhialta agus um Chearta agus Oibleagáidí Áirithe de chuid Comhchónaitheoirí 2010 ach ní fholaíonn sé páirtnéir sibhialta atá ina chónaí nó ina cónaí ar leithligh ón duine agus scartha uaidh nó uaithi;”

[“Chun críocha an Achta seo, is páirtnéir sibhialta ceachtar de bheirt den ghnéas céanna (a) ar páirtithe iad i gclárúchán páirtnéireachta sibhialta nár scaoileadh nó nach ábhar d’fhoraithne neamhnithe, nó (b) ar páirtithe iad I gcaidreamh dlíthiúil d’aicme is ábhar d’ordú arna dhéanamh faoi alt 5 agus nár scaoileadh nó nach ábhar d’fhoraithne neamhnithe”. alt 3, Achta um Páirtnéireacht Shibhialta agus um Chearta agus Oibleagáidí Áirithe de chuid Comhchónaitheoirí 2010] 

ciallaíonn "praghas tráchtála", i ndáil le maoin a sholáthar, cibé acu maoin réadach nó maoin phearsanta, nó i ndáil le soláthar seirbhíse, agus ciallaíonn "comaoin tráchtála ", i ndáil le maoin a thabhairt ar iasacht -

(a) más rud é, maidir leis an duine a sholáthraíonn an mhaoin, nó a thugann an mhaoin ar iasacht,  nó a sholáthraíonn an tseirbhís, go seolann sé nó sí gnó arb é atá ann go hiomlán nó go páirteach maoin a sholáthar nó a thabhairt ar iasacht nó seirbhís a sholáthar, an praghas nó an chomaoin is ísle a ghearrann sé nó sí ar an soláthar nó ar an iasacht a thabhairt i ngnáthchúrsa gnó i gcás méid coibhéiseach maoine den chineál céanna nó soláthar seirbhíse den chineál céanna agus go feadh an méid céanna a bheith i gceist (agus lamháltas a dhéanamh maidir le haon lacáiste a thugann sé nó sí de ghnáth i leith maoin den chineál céanna a sholáthar nó a thabhairt ar iasacht nó i leith seirbhís den chineál céanna a sholáthar) an tráth, nó thart ar an tráth, a tharlaíonn an soláthar céadluaite nó an iasacht maoine chéadluaite nó an soláthar seirbhíse céadluaite, agus

 (b) más rud é, maidir leis an duine a sholáthraíonn an mhaoin, nó a thugann an mhaoin ar iasacht nó a sholáthraíonn an tseirbhís, nach seolann sé nó sí gnó arb é atá ann go hiomlán nó go páirteach maoin a sholáthar nó maoin a thabhairt ar iasacht nó seirbhís den chineál céanna a sholáthar, an praghas nó an chomaoin is ísle ar a bhféadtar méid coibhéiseach maoine den chineál céanna a cheannach nó a ghlacadh ar iasacht nó ar a bhféadtar seirbhís den chineál céanna agus go feadh an méid céanna a fháil i ngnáthchúrsa gnó (agus lamháltas a dhéanamh maidir le haon lacáiste a thugtar de ghnáth i leith maoin den chineál céanna a sholáthar nó a thabhairt ar iasacht nó i leith seirbhís den chineál céanna a sholáthar) an tráth, nó thart ar an tráth, a tharlaíonn an soláthar céadluaite nó an iasacht maoine chéadluaite nó an soláthar seirbhíse céadluaite ó dhuine a sheolann gnó den sórt sin;

is é an bhrí a bhí le "an Coimisiún", i leith na tréimhse ó 22 Iúil 1995 go 9 Nollaig 2001, ná an Coimisiún um Oifigí Poiblí.  Le héifeacht ó 10 Nollaig 2001, ciallaíonn sé an Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí;  

ciallaíonn "an Coiste", i ndáil le Dáil Éireann nó le comhaltaí de Dháil Éireann, an Coiste um Leasanna Chomhaltaí Dháil Éireann arna cheapadh faoi Alt 8 d'Acht 1995.  Ciallaíonn sé, i ndáil le Seanad Éireann, nó comhaltaí de Sheanad Éireann, an Coiste um Leasanna Chomhaltaí Sheanad  Éireann arna cheapadh faoi Alt 8 d'Acht 1995 agus ciallaíonn "Coiste", de réir mar a éileoidh an comhthéacs, gach ceann de na coistí sin nó ceachtar acu;    

ciallaíonn "cuideachta" aon chomhlacht corpraithe;

"duine bainteach", déanfar aon cheist i dtaobh duine a bheith bainteach le duine eile a chinneadh de réir na bhforálacha seo a leanas (agus glacfar leis freisin gurb é a chiallaíonn duine amháin a bheith bainteach le duine eile ná go bhfuil an duine eile sin bainteach leis an duine céadluaite):

 (i) tá duine bainteach le pearsa aonair más gaol de chuid na pearsan aonair an duine sin,

(ii) maidir le duine ina cháil nó ina cáil mar iontaobhaí de chuid iontaobhais, tá sé nó sí bainteach le pearsa aonair atá ina thairbhí nó ina tairbhí de chuid an iontaobhais nó a bhfuil aon leanbh dá chuid nó dá cuid ina thairbhí nó ina tairbhí de chuid an iontaobhais nó ar ina leith atá aon chomhlacht corpraithe a rialaíonn sé nó sí ina thairbhí de chuid an iontaobhais,

(iii)    tá duine bainteach le haon duine a bhfuil sé nó sí i gcomhpháirtíocht leis nó léi,

(iv) tá cuideachta bainteach le duine eile má tá rialú ag an duine sin uirthi nó má tá rialú ag an duine sin agus ag daoine atá bainteach leis an duine sin uirthi le chéile,

(v) maidir le haon bheirt duine nó níos mó atá ag gníomhú le chéile chun rialú a fháil nó a fheidhmiú ar chuideachta, déileálfar leo, i ndáil leis an gcuideachta sin, amhail is dá mbeidís bainteach lena chéile agus le haon duine atá ag  gníomhú de réir treoracha ó aon duine acu chun rialú a fháil nó a fheidhmiú ar an gcuideachta;

D’fhonn nithe a bhaineann le heitic agus agus le heasaontachtaí leasanna faoi aon riail dlí nó aon achtachán a chinneadh—

(a) maidir le duine, aon tagairt do “duine bainteach” nó do “gaol bainteach” leis an duine sin, forléireofar í mar thagairt a fholaíonn páirtnéir sibhialta an duine agus leanbh pháirtnéir sibhialta an duine a bhfuil gnáthchónaí air nó uirthi leis an duine agus leis an bpáirtnéir sibhialta, agus

(b) aon dearbhú nach mór a dhéanamh i ndáil le céile duine, déanfar é i ndáil le páirtnéir sibhialta duine freisin. Alt 97(1) Achta um Páirtnéireacht Shibhialta agus um Chearta agus Oibleagáidí Áirithe de chuid Comhchónaitheoirí 2010

tá le "rialú" an bhrí a shanntar dó le hAlt 157 den Acht Cánach Corparáide 1976, mar atá leasaithe, agus forléireofar aon fhocail ghaolmhara dá réir sin;

ciallaíonn “stiúrthóireacht ainmnithe”, i ndáil le comhlacht poiblí, stiúrthóireacht fhorordaithe de chuid an chomhlachta sin; 

ciallaíonn “post ainmnithe”, i ndáil le comhlacht poiblí, post forordaithe fostaíochta sa chomhlacht sin;

ciallaíonn “stiúrthóir” stiúrthóir de réir bhrí Achtanna na gCuideachtaí 1963 go 1990, ach i gcás comhlachta phoiblí nach cuideachta (de réir bhrí Acht na gCuideachtaí 1963) agus atá sonraithe i bhfomhír (8), (9), (10), (11) nó (12), nó atá forordaithe chun críocha fhomhír (13), de mhír 1 den Chéad Sceideal, folaíonn sé duine is comhalta den chomhlacht poiblí nó is comhalta d'aon bhord nó comhlacht eile a rialaíonn, a bhainistíonn nó a riarann é, agus forléireofar aon fhocail ghaolmhara dá reir sin; 

folaíonn "feidhmeanna" cumhachtaí agus dualgais agus folaíonn tagairtí do chomhlíonadh feidhmeanna, maidir le cumhachtaí agus dualgais, tagairtí d'fheidhmiú na gcumhachtaí agus do chomhall na ndualgas, agus i ndáil le sealbhóir oifige, folaíonn sé feidhmeanna arna dtabhairt dó nó di ag an Rialtas nó de bhun cinnidh ón Rialtas agus feidhmeanna de chuid an tsealbhóra oifige mar chomhalta den Rialtas; 

ciallaíonn "bronntanas" bronntanas airgid nó maoine eile, gan síntiús (de réir bhrí an Achta Toghcháin 1997) a chur san áireamh; 

ciallaíonn "Teach" Teach den Oireachtas agus, i ndáil le duine is sealbhóir oifige nó is comhalta, ciallaíonn sé an Teach den Oireachtas ar comhalta de é nó í, agus forléireofar aon fhocail ghaolmhara dá réir sin;

ciallaíonn "leas" leas a shonráitear sa Daire Sceideal (d'Acht 1995); 

folaíonn "tabhairt ar iasacht" léasú nó ligean ar cíos agus forléireofar aon fhocail ghaolmhara dá réir sin; 

"leas ábhartha", tá leas ábhartha ag duine nó ag duine bainteach in ábhar más rud é gurb é is iarmhairt nó éifeacht 

(a) do chomhlíonadh feidhm de chuid a oifige nó a hoifige, a stiúrthóireachta, a phoist nó a poist ainmnithe, nó a phoist nó a poist mar chomhairleoir speisialta, de réir mar a bheidh, ag an duine, nó

(b) d'aon chinneadh a dhéantar i ndáil le comhlíonadh feidhm den sórt sin ag an duine, nó i gcúrsa nó de bharr chomhlíonadh feidhm den sórt sin ag an duine, 

i dtaca leis an ábhar sin ná go bhféadfadh sé tarlú go dtabharfar tairbhe shuntasach don duine nó don duine bainteach, nó go gcoimeádfar tairbhe shuntasach siar uaidh nó uaithi, nó go bhforchuirfear caillteanas, dliteanas, pionós, forghéilleadh nó pionósú suntasach nó míbhuntáiste suntasach eile ar an duine gan é nó í a thabhairt freisin do dhaoine i gcoitinne nó d'aicme daoine de mhéid shuntasach, ag féachaint do na himthosca go léir, agus ar comhalta di an duine bainteach, nó gan é nó í a choimeád siar uaidh nó uaithi nó a fhorchur air nó uirthi; 

ciallaíonn "forordaithe" forordaithe le rialacháin arna ndéanamh ag an Aire; 

ciallaíonn "maoin" maoin réadach nó maoin phearsanta.  Measfar leas ábhartha a bheith ag duine i maoin más rud é go measfaí, chun críocha an Achta Comhdhlúite Cánach Fáltas Caipitiúil 2003, cumhacht a bheith ag an duine chun an leas sin a dhiúscairt; 

ciallaíonn "dáta cláraithe" an 31 Nollaig; 

ciallaíonn "gaol", i ndáil le duine, deartháir, deirfiúr, tuismitheoir nó céile de chuid an duine nó leanbh de chuid an duine nó an chéile; 

ciallaíonn "cúlstiúrthóireacht" an post atá ag duine is cúlstiúrthóir de réir bhrí Achtanna na gCuideachtaí 1963 go 1990, nó, i gcás comhlachta phoiblí nach cuideachta é (de réir bhrí Acht na gCuideachtaí 1963) agus a shonraítear i bhfomhír (8), (9), (10), (11) nó (12), nó atá arna fhorordú chun críocha fhomhír (13), de mhír 1 den Chéad Sceideal a ghabhann le hAcht 1995, an post atá ag duine ar de réir a chuid nó a cuid treoracha nó ordachán is gnáth le comhaltaí an chomhlachta nó le comhaltaí an bhoird nó an chomhlachta eile a rialaíonn, a bhainistíonn nó a riarann an comhlacht sin gníomhú; 

tá le "comhairleoir speisialta" an bhrí a shanntar dó le halt 19 (1) d'Acht 1995, is

é sin le rá, duine - 

(a) a shealbhaíonn nó a shealbhaigh post lena mbaineann alt 7(1)(e) den Acht um Bainistíocht na Seirbhíse Poiblí (Earcaíocht agus Ceapacháin) 2004, tar éis a bheith roghnaithe lena cheapadh nó lena ceapadh chuig an bpost sin ag sealbhóir oifige go pearsanta ar shlí seachas trí nós imeachta comórtais,          

nó 

(b) atá nó a bhí ar fostú faoi chonradh le haghaidh seirbhísí ag sealbhóir oifige, tar éis a bheith roghnaithe, chun an conradh a fháil, ag sealbhóir oifige go pearsanta ar shlí seachas trí nós imeachta comórtais, 

agus arb é nó arbh é a phríomhfheidhm nó a príomhfheidhm mar dhuine den sórt sin ná comhairle nó cúnamh eile a sholáthar don sealbhóir oifige nó thar ceann an tsealbhóra oifige; 

[Folaíonn comhairleoir speisialta freisin duine arna cheapadh nó arna ceapadh, le hordú ón Rialtas, de bhun alt 11 den Acht um Bainistíocht na Seirbhíse Poiblí 1997.] 

ní fholaíonn "céile", i ndáil le duine, céile a chónaíonn ar leithligh agus scartha ón duine; 

ciallaíonn "luach", i ndáil le bronntanas, an praghas a gheofaí ar an maoin is ábhar don bhronntanas dá ndíolfaí é ar an margadh oscailte ar an dáta a tugadh an bronntanas ar cibé modh agus faoi réir cibé coinníollacha ba dhóigh le réasún a tharraingeodh an praghas is fearr ar an maoin don díoltóir, agus forléireofar aon fhocail ghaolmhara dá réir sin.

Back to contents



This site conforms to W3C XHTML 1.0 recommendations| This site conforms to W3C CSS recommendations| This site meets WAI Priority 3 recommendations|