Standards in Public Office Commission/Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí logo
  • 18 Lower Leeson Street, Baile Átha Cliath 2, Eire.
  • Teil: +353 (0)1 - 639 - 5666
  • Faics: +353 (0)1 - 639 - 5684
  • R-phost: sipo@sipo.gov.ie

Treoirlínte do Sheirbhísigh Phoiblí (An Naoú hEagrán)

Cuid 7: Leasanna In-Nochta faoi na hAchtanna um Eitic

66. Is iad seo a leanas na leasanna dá dtagraítear i mír 18 agus is iad na leasanna iad a shonraítear sa Dara Sceideal d'Acht 1995.  Is ceart a thabhairt do d'aire nach gá méid nó luach airgid aon leasa nó an luach saothair ó aon cheird, gairm, fostaíocht nó slí bheatha eile a chuirtear san áireamh i ráiteas a shonrú sa ráiteas.  Ciallaíonn tagairt sa mhír seo do "i rith na tréimhse iomchuí" i rith na tréimhse atá le bheith clúdaithe leis an ráiteas leasanna. 

(a) Ioncam ó Shlí Bheatha, etc.

        Ceird, gairm, fostaíocht nó slí bheatha eile (seachas an ceann sin a shonraítear i mír 17) atá ag an duine lena mbaineann aon tráth i rith na tréimhse iomchuí i gcás an luach saothair a fuair an duine e.g. pá, pinsean, sochair chomhchineáil, ioncam ó chíosanna etc. a bheith os cionn €2,600 i rith na tréimhse. 

(b) Scaireanna, etc.

        Sealbhán scaireanna, bannaí, bintiúr nó infheistíochtaí eile den tsamhail chéanna atá ag an duine in aon chuideachta áirithe nó in aon fhiontar nó gnóthas eile, i gcás inar mó luach ainmniúil comhiomlán nó luach margaidh comhiomlán an tsealbháin sin ná €13,000 aon tráth i rith na tréimhse iomchuí. Ní fholaíonn sealbhán airgead I gcuntas reatha, i gcuntas taisce nó i gcuntas eile den tsamhail chéanna le foras airgeadais ach folaíonn sé sealbhán in iontaobhais aonaid nó i gcistí bainistithe. 

(c) Stiúrthóireachtaí

        Stiúrthóireacht nó cúlstiúrthóireacht atá ag an duine lena mbaineann in aon chuideachta aon tráth i rith na tréimhse iomchuí. 

(d) Talamh (lena n-áirítear áitreabh)

        Aon leas atá ag an duine lena mbaineann i dtalamh, lena n-áirítear talamh sa Stát agus talamh in aon dlínse eile, ar leas é ar mó a luach ná €13,000 aon tráth i rith na tréimhse iomchuí.  Áirítear anseo leas in aon chonradh chun talamh a cheannach, cibé acu atá nó nach bhfuil éarlais nó páirtíocaíocht tugtha faoin gconradh.  Folaíonn sé freisin leas in aon rogha a shealbhaítear chun talamh a cheannach cibé acu atá nó nach bhfuil aon chomaoin íoctha ina leith nó i dtalamh ar ina leith a feidhmíodh rogha den sórt sin ach nár tíolacadh í. 

        Ní cheanglaítear ar dhuine, faoin gceannteideal seo, faisnéis a nochtadh maidir lena theach cónaithe príobháideach nó maidir lena teach cónaithe príobháideach nó maidir le teach cónaithe príobháideach de chuid céile nó páirtnéir sibhialta nó maidir le haon talamh fhoghabhálach nó choimhdeach a ghabhann leis an teach cónaithe sin agus nach bhfuil á húsáid nó á forbairt go príomha chun críocha tráchtála.  Eisiatar freisin teach saoire nó aon teach príobháideach eile a úsáideann an duine nó a theaghlach nó a teaghlach agus aon talamh fhoghabhálach nó choimhdeach a ghabhann leis agus a bhfuil gá léi maidir lena thaitneamhacht nó maidir lena chaoithiúlacht agus nach bhfuil á húsáid nó á forbairt go príomha chun críocha tráchtála. 

(e) Bronntanais

        Bronntanas, nó bronntanais, ón duine céanna a thugtar don duine lena mbaineann i rith na tréimhse iomchuí i gcás inar mó an luach, nó an luach comhiomlán, ná €650. 

Eisiatar ón gceanglas seo bronntanas a thugann gaol nó cara leis an duine nó lena chéile nó lena céile nó lena pháirtnéir nó páirtnéir sibhialta nó le leanbh de chuid an chéile nó pháirtnéir sibhialta (agus is é atá i leanbh ná mac nó iníon d'aon aois) don duine ar chúiseanna pearsanta amháin, mura rud é go bhféadfadh glacadh an bhronntanais tionchar ábhartha a imirt ar an duine le linn a fheidhmeanna oifigiúla nó a feidhmeanna oifigiúla a chomhlíonadh.

 (f) Maoin agus Seirbhísí

Maoin a sholáthraítear nó a thugtar ar iasacht nó seirbhís a sholáthraítear don duine lena mbaineann uair amháin nó níos mó ná uair amháin ag an duine céanna i rith na tréimhse iomchuí i gcás ina bhfuil an chomaoin nó an praghas níos lú ná an chomaoin nó an praghas tráchtála de mhéid is mó ná €650.  Áirítear anseo freisin maoin a thugtar ar iasacht nó seirbhís a sholáthraítear saor in aisce i gcás ina mbeadh an chomaoin nó an praghas tráchtála níos mó ná €650.

Eisiatar maoin a sholáthraítear nó a thugtar ar iasacht don duine mar bhronntanas, ar chúiseanna pearsanta amháin, ag gaol nó cara leis an duine nó lena chéile nó lena céile nó lena pháirtnéir nó páirtnéir sibhialta nó le leanbh an chéile nó páirtnéir sibhialta, mura rud é go bhféadfadh glacadh an bhronntanais tionchar ábhartha a imirt ar an duine le linn a fheidhmeanna oifigiúla nó a feidhmeanna oifigiúla a chomhlíonadh. 

Má bhaineann seirbhísí a nochtar le seirbhísí dlí nó le seirbhísí liachta (lena n-áirítear seirbhísí síciatracha nó síceolaíochta) is leor a lua gur soláthraíodh na seirbhísí. Ní bheidh aon sonraí eile ag teastáil. 

(g) Saoráidí taistil, etc.

Saoráidí taistil, cóiríocht chónaithe, béilí nó siamsaíocht a sholáthraítear don duine lena mbaineann i rith na tréimhse iomchuí saor in aisce nó ar phraghas atá níos lú ná an praghas tráchtála. 

Eisiatar na nithe seo a leanas:

  • saoráidí taistil, cóiríocht chónaithe, béilí nó siamsaíocht a sholáthraíonn an duine céanna, uair amháin nó níos mó ná uair amháin, saor in aisce i rith na tréimhse iomchuí i gcás an praghas tráchtála nó comhiomlán na bpraghsanna tráchtála a bheith níos lú ná €650, nó i gcás an praghas a íocadh a bheith níos lú ná an praghas tráchtála de mhéid nach mó ná €650; 
  • saoráidí taistil, cóiríocht chónaithe, béilí nó siamsaíocht a sholáthraítear: 

(i) laistigh den Stát,

(ii) i gcúrsa agus chun críche feidhmeanna oifigiúla an duine a chomhlíonadh, nó

(iii) i gcúrsa agus chun críche aon cheirde, gairme, fostaíochta nó slí beatha eile atá ag an duine; 

  • saoráidí taistil, cóiríocht chónaithe, béilí nó siamsaíocht a sholáthraítear mar bhronntanas ar chúiseanna pearsanta ag gaol nó cara leis an duine nó lena chéile nó lena céile nó lena pháirtnéir nó páirtnéir sibhialta nó lena leanbh nó le leanbh an chéile nó páirtnéir sibhialta, mura rud é go bhféadfaí a rá le réasún i leith ghlacadh an bhronntanais go bhféadfadh sé tionchar a imirt ar an duine le linn a fheidhmeanna oifigiúla nó a feidhmeanna oifigiúla a chomhlíonadh. 

(h) Post ar Luach Saothair

        Post ar luach saothair a shealbhaíonn an duine lena mbaineann mar stocaire polaitíochta nó gnóthaí poiblí, mar shainchomhairleoir nó mar chomhairleoir i rith na tréimhse iomchuí. 

(i) Conarthaí

        Aon chonradh nó conarthaí chun earraí nó seirbhísí a sholáthar d'Aire den Rialtas nó do chomhlacht poiblí i rith na tréimhse iomchuí, ar conradh é nó ar conarthaí iad a raibh an duine lena mbaineann ina pháirtí nó ina páirtí ann nó iontu nó ina raibh leas aige nó aici in aon slí eile, go díreach nó go neamhdhíreach, más rud é go raibh luach comhiomlán na n-earraí nó na seirbhísí a sholáthraítear d'Aire den Rialtas nó do chomhlacht poiblí i rith na tréimhse iomchuí níos mó ná €6,500.

Back to contents



This site conforms to W3C XHTML 1.0 recommendations| This site conforms to W3C CSS recommendations| This site meets WAI Priority 3 recommendations|