- Scipeáil Nascleanúna |
- Mapa an Láithreáin |
- Ráiteas Inrochtaineacht
- | Text Size: A |
- A |
- A
- 18 Lower Leeson Street, Baile Átha Cliath 2, Eire.
- +353 (0)1 - 639 - 5666
- +353 (0)1 - 639 - 5684
- sipo@sipo.gov.ie
- Eolas Fúinne
- Treoirlínte
- Cóid Iompair
- Gearáin
- Tuarascálacha
- Preas Ráiteas
- Foilseacháin Ghinearálta
- Toghcháin
- Síntiúis a Nochtadh
- Maoiniú Státchiste
- Do leathanach
- Foirmeacha
Treoirlínte do Sheirbhísigh Phoiblí (An Naoú hEagrán)
Cuid 6: Ceanglais i ndáil le hImréiteach Cánach
62. Maidir le duine a cheaptar mar Ard-Aighne nó a cheaptar chuig oifig shinsearach [i.e. post ainmnithe nó stiúrthóireacht ainmnithe i gcomhlacht poiblí arna fhorordú faoi Acht 1995, ar post é nó stiúrthóireacht í nach lú an luach saothair ina leith ná an luach saothair is ísle do LeasArd-Rúnaí sa státseirbhís (€168,000 le héifeacht ó 1 Eanáir 2010)] tá sé d’oibleagáid air nó uirthi na ceanglais atá leagtha amach anseo thíos a bhaineann le himréiteach cánach a chomhlíonadh. Níl aon ríachtanas ar comhairleoirí speisialta na hoibleagáidí seo a comhlíonadh. Tá feidhm ag na ceanglais maidir le daoine a ceapadh d'oifig shinsearach sa chás amháin go bhfuil an stiúrthóireacht nó post ina stiúrthóireacht ainmnithe nó post ainmnithe ag am an ceapachán.
Le mír 5 de I.R. 699 de 2004, inter alia, forordaítear mar phost ainmnithe gach post ar ina leith nach bhfuil an tuarastal uasta níos lú ná an tuarastal uasta atá ag príomhoifigeach (grád seirbhíse ginearálta, Aicme B ÁSPC) sa Státseirbhís, ar post é in aon chomhlacht poiblí a gcomhlíontar na critéir seo a leanas ina leith:
- comhlacht, eagraíocht nó grúpa a bunaíodh
(a) le haon achtachán nó faoi aon achtachán (seachas Achtanna na gCuideachtaí 1963 go 1990), nó
(b) faoi Achtanna na gCuideachtaí 1963 go 1990, de bhun cumhachtaí a thugtar le hachtachán eile nó faoi achtachán eile, agus a mhaoinítear go hiomlán nó go páirteach le hairgead arna sholáthar, nó le hiasachtaí arna dtabhairt nó arna ráthú, ag Aire den Rialtas nó trí scaireanna a shealbhaíonn Aire den Rialtas, nó a shealbhaítear thar ceann Aire den Rialtas, a eisiúint, nó
-
cuideachta (de réir bhrí Acht na gCuideachtaí 1963) ar ina leith a shealbhaíonn Aire den Rialtas tromlach a scaireanna nó a shealbhaítear tromlach a scaireanna thar ceann Aire den Rialtas, nó
-
aon chomhlacht, eagraíocht nó grúpa eile atá ceaptha ag an Rialtas nó ag Aire den Rialtas.
Dá réir sin, tá feidhm ag na socruithe imréitigh cánach atá leagtha amach thíos maidir le haon duine a cheaptar, ar an 1 Eanáir 2005 nó dá eis, chuig post fostaíochta in aon chomhlacht poiblí a gcomhlíontar na critéir thuas ina leith (bíodh an comhlacht poiblí liostaithe sna Sceidil a ghabhann le rialacháin arna ndéanamh ag an Aire Airgeadais ó 2004 ina bhfuil stiúrthóireachtaí ainmnithe nó poist ainmnithe fostaíochta forordaithe) ar post é nach bhfuil an luach saothair ina leith níos lú ná an luach saothair is ísle atá ag Leas-Ardrúnaí sa Státseirbhís.
Ní mór do dhuine a cheaptar chuig oifig shinsearach de réir an méid sin thuas an t-abhar seo a leanas a sholáthar don Choimisiún um Chaighdeáin tráth nach déanaí ná naoi mí tar éis dháta an cheapacháin:
-
Deimhniú Imréitigh Cánach a eiseoidh an tArd-Bhailitheoir, ar é a iarraidh, i gcás ina gcomhlíonann duine atá le ceapadh na hoibleagáidí a fhorchuirtear leis na hAchtanna Cánach Ioncaim, leis an Acht um Cháin Fháltas Caipitiúil 1976, arna leasú, leis na hAchtanna um Cháin Ghnóchan Caipitiúil agus leis an Acht Cánach Breisluacha 1972, arna leasú, (na hAchtanna), i ndáil le híoc nó tarchur aon chánacha, ús nó pionóis atá dlite do na Coimisinéirí Ioncaim agus i ndáil le seachadadh aon tuairisceán a cheanglaítear a thabhairt. I dtaca leis an Deimhniú Imréitigh Cánach de, ní mór é a bheith eisithe ag an Ard-Bhailitheoir laistigh de thréimhse 9 mí roimh dháta an cheapacháin nó laistigh de thréimhse 9 mí dá éis sin nó
-
Ráiteas Iarratais a eisíonn an tArd-Bhailitheoir, ar é a iarraidh, á rá go bhfuil iarratas déanta ag an duine ar Dheimhniú Imréitigh Cánach agus nach ndearnadh aon chinneadh ar an iarratas. Dhéanfadh an tArd-Bhailitheoir Ráiteas Iarratais a eisiúint i gcás nach bhfuil cinneadh déanta fós i dtaobh Deimhniú Imréitigh Cánach a eisiúint nó a dhiúltú, nó i gcás inar diúltaíodh d'iarratas ar dheimhniú imréitigh cánach agus go raibh an diúltú ina ábhar achomhairc nó ina ábhar achomhairc breise a bhfuiltear ag fanacht le cinneadh ina leith. Ní mór Ráiteas Iarratais a eisíodh chuig an duine agus a rinneadh laistigh de thréimhse 9 mí roimh dháta an cheapacháin nó laistigh de thréimhse 9 mí tar éis dháta an cheapacháin a sholáthar don Choimisiún um Chaighdeáin laistigh de 9 mí tar éis dháta an cheapacháin, agus
-
Dearbhú Reachtúil, arb é atá ann ná dearbhú a dhéanann an duine atá le ceapadh agus a dhéantar de réir an Achta i dtaobh Dearbhuithe Reachtúla 1938, arna leasú, á fhianú go bhfuil an duine atá le ceapadh, tráth déanta an dearbhaithe, de réir mar is fearr is eol dó nó di nó mar a chreideann sé nó sí, ag comhlíonadh na n-oibleagáidí a fhorchuirtear air nó uirthi leis na hAchtanna dá dtagraítear thuas agus nach eol dó nó di go bhfuil aon chosc ann maidir le heisiúint Deimhnithe Imréitigh Cánach. Ní mór an Dearbhú Reachtúil a dhéanamh tráth nach faide ná mí amháin roimh dháta an cheapacháin nó tar éis dháta an cheapacháin.
Mar shampla, ní mór do dhuine a cheaptar chuig oifig sinsearach ar an 1 Márta 2011:
(a) dearbhú reachtúil a dhéanamh tráth nach luaithe ná an 2 Feabhra 2011 agus tráth nach déanaí ná an 31 Márta 2011 agus
(b) (i) an dearbhú reachtúil sin, agus
(ii) deimhniú Imréitigh Cánach (arna eisiúint tráth nach luaithe ná an 2 Meitheamh 2010 agus tráth nach déanaí ná an 30 Samhain 2011) nó Ráiteas Iarratais (arna dhéanamh tráth nach luaithe ná an 2 Meitheamh 2010 agus tráth nach déanaí ná an 30 Samhain 2011) a thabhairt don Choimisiún um Chaighdeáin tráth nach déanaí ná an 30 Samhain 2011.
63. Má sháraítear na ceanglais thuas féadfaidh an Coimisiún um Chaighdeáin imscrúdú a dhéanamh agus tarraingeofar suas tuarascáil scríofa ar thoradh an imscrúdaithe. I gcás Ard-Aighne, tabharfaidh an Coimisiún um Chaighdeáin cóip den tuarascáil don Taoiseach agus cuirfidh an Taoiseach faoi deara cóipeanna den tuarascáil a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas. I gcás duine a cheaptar chuig oifig shinsearach, tabharfaidh an Coimisiún um Chaighdeáin cóip den tuarascáil don chomhlacht poiblí lena mbaineann agus cuirfidh sé faoi deara cóipeanna den tuarascáil a chur faoi bhráid gach Tí.
64. I gcás ina ndéanfaidh Ard-Aighne nó duine a cheaptar chuig oifig shinsearach na ceanglais thuas a shárú, ní mór dó nó di Deimhniú Imréitigh Cánach agus/nó Dearbhú Reachtúil a sholáthar don Choimisiún um Chaighdeáin a luaithe is féidir agus, ar aon chor, laistigh de mhí amháin ón dáta a fhaightear Deimhniú Imréitigh Cánach nó a dhéantar Dearbhú Reachtúil de réir mar a bheidh.
65. I gcás nach mbeidh na ceanglais thuas comhlíonta ag Ard-Aighne nó ag duine a cheaptar chuig oifig shinsearach faoin am atá Tuarascáil Bhliantúil an Choimisiúin um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí don bhliain atá i dtrácht, nó aon tuarascáil den sórt sin dá éis sin, á hullmhú, déanfaidh an Coimisiún, i gcás Ard-Aighne, an neamhchomhlíonadh a shonrú sa tuarascáil agus, i gcás duine a cheaptar chuig oifig shinsearach, an neamhchomhlíonadh a chur in iúl do cheann an chomhlachta phoiblí lena mbaineann. Nuair atá comhlíonadh curtha i gcrích, déanfaidh an Coimisiún um Chaighdeáin, i gcás Ard-Aighne, fógra ina leith sin a chur in iúl don Taoiseach agus cuirfidh an Taoiseach faoi deara cóipeanna den fhógra a leagan faoi bhráid na dTithe agus, i gcás duine a cheaptar chuig oifig shinsearach, an méid sin a chur in iúl do cheann an chomhlachta phoiblí lena mbaineann.