Standards in Public Office Commission/Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí logo
  • 18 Lower Leeson Street, Baile Átha Cliath 2, Eire.
  • Teil: +353 (0)1 - 639 - 5666
  • Faics: +353 (0)1 - 639 - 5684
  • R-phost: sipo@sipo.gov.ie

Treoirlínte do Sheirbhísigh Phoiblí (An Naoú hEagrán)

Cuid 3: Seirbhísigh Phoiblí lena mbaineann na Treoirlínte

17. Baineann na treoirlínte seo leis na daoine seo a leanas: 

(i) duine nach comhalta de Dháil Éireann nó de Sheanad Éireann agus a shealbhaíonn nó a shealbhaigh oifig an Ard-Aighne; (Más tú an tArd-Aighne agus más comhalta de chuid ceachtar Teach tú, is ceart duit na Treoirlínte do Shealbhóirí Oifige arna bhfoilsiú ag an gCoimisiún um Chaighdeáin a léamh.)

 (ii) duine a shealbhaíonn nó a shealbhaigh stiúrthóireacht ainmnithe i gcomhlacht poiblí, faoi mar a fhorordaítear le rialacháin arna ndéanamh ag an Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe(féach Aguisín 3);

 (iii) duine a shealbhaíonn nó a shealbhaigh post ainmnithe fostaíochta i gcomhlacht poiblí, arna fhorordú le rialacháin arna ndéanamh ag an Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, lena n-áirítear post nach lú an tuarastal uasta ina leith ná tuarastal Príomhoifigigh (Grád Seirbhíse Ginearálta) sa Státseirbhís i.e. €92,672 le héifeacht ó 1 Eanáir, 2010 (féach Aguisín 2 agus Aguisín 3);

 (iv) duine a shealbhaíonn nó a shealbhaigh oifig nó post mar a leanas: 

  • Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste;
  • Ombudsman;
  • Coimisinéir Cosanta Sonraí;
  • Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí;
  • Coimisinéir Achomhairc chun críocha na nAchtanna Cánach Ioncaim de réir bhrí an Achta Comhdhlúite Cánacha 1997 (Uimh 39 de 1997);
  • Stiúrthóir um Fhorfheidhmiú Corparáideach;
  • Coimisinéir Faisnéise;
  • Cláraitheoir na gCara-Chumann;
  • Ombudsman do Leanaí;
  • Ombudsman na bPinsean;
  • Cathaoirleach, Leaschathaoirleach na Cúirte Oibreachais nó gnáthchomhalta den Chúirt Oibreachais;
  • Comhalta den Choimisiún um Athchóiriú an Dlí (seachas comhalta a shealbhaíonn oifig mar bhreitheamh de chuid aon chúirte);
  • Coimisinéir Teanga;
  • Ceannasaí Paitinní, Dearthaí agus Trádmharcanna;
  • Ombudsman d'Óghligh na hÉireann;
  • Ombudsman Sheirbhísí Airgeadais;
  • Leas-Ombudsman um Sheirbhísí Airgeadais;
  • Comhalta den Choimisiún Ombudsman an Gharda Síochána;
  • An Coimisinéir Luachála;
  • Coimisinéir um Fhaisnéis Comhshaoil;
  • Príomh-Fheidhmeannach d'Údarás Clárúcháin Maoine;
  • Duine arb é atá ann Binse Achomhairc de réir bhrí Chuid 3 d'Acht na bPríosún 2007 (Uimh. 10 de 2007);
  • Cláraitheoir na gCuideachtaí

 

(v) duine a shealbhaíonn nó a shealbhaigh cibé oifig nó post eile a fhorordóidh an tAire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe; 

(vi) duine a shealbhaíonn nó a shealbhaigh post mar chomhairleoir speisialta (mar a mhínítear i gCuid 8).

Back to contents



This site conforms to W3C XHTML 1.0 recommendations| This site conforms to W3C CSS recommendations| This site meets WAI Priority 3 recommendations|