- Scipeáil Nascleanúna |
- Mapa an Láithreáin |
- Ráiteas Inrochtaineacht
- | Text Size: A |
- A |
- A
- 18 Lower Leeson Street, Baile Átha Cliath 2, Eire.
- +353 (0)1 - 639 - 5666
- +353 (0)1 - 639 - 5684
- sipo@sipo.gov.ie
- Eolas Fúinne
- Treoirlínte
- Cóid Iompair
- Gearáin
- Tuarascálacha
- Preas Ráiteas
- Foilseacháin Ghinearálta
- Toghcháin
- Síntiúis a Nochtadh
- Maoiniú Státchiste
- Do leathanach
- Foirmeacha
Treoirlínte do Sheirbhísigh Phoiblí (An Naoú hEagrán)
Cuid 1: Reachtaíocht Iomchuí
Chun críocha na dtreoirlínte seo gairtear na hAchtanna um Eitic in Oifigí Poiblí 1995 agus 2001 (na hAchtanna um Eitic) den Acht um Eitic in Oifigí Poiblí 1995, agus den Acht um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí 2001, le chéile.
An tAcht um Eitic in Oifigí Poiblí 1995 (Acht 1995)
1. Le hAcht 1995 bunaíodh an Coimisiún um Oifigí Poiblí agus na Coistí um Leasanna Chomhaltaí Dháil Éireann agus Sheanad Éireann. Déantar foráil leis maidir le nochtadh leasanna ag sealbhóirí oifige, ag an Ard-Aighne, ag comhaltaí de Thithe an Oireachtais, ag comhairleoirí speisialta agus ag sealbhóirí stiúrthóireachtaí ainmnithe agus sealbhóirí post ainmnithe sa státseirbhís agus san earnáil stát-tionscanta.
2. Le hAcht 1995 freisin déantar foráil maidir le himscrúdú a dhéanamh ar sháruithe ionchasacha agus maidir le treoirlínte a fhoilsiú agus comhairle a thabhairt chun cabhrú le daoine forálacha na reachtaíochta a chomhlíonadh. Tuairiscítear go mion ann na cumhachtaí atá ag an gCoimisiún um Oifigí Poiblí, na cúinsí inar féidir gearáin a dhéanamh agus an próiseas ar tríd a dhéanfaí cinneadh chun tús a chur le himscrúdú.
3. Le hAcht 1995 toirmisctear ar shealbhóirí oifige bronntanais luachmhara a choimeád agus leasaítear leis na Prevention of Corruption Acts, 1889 to 1916.
An tAcht um Eitic in Oifigí Poiblí 2001 (Acht 2001)
4. Le hAcht 2001 leasaítear Acht 1995 ar roinnt bealaí. Déantar foráil leis maidir le bunú an Choimisiúin um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí (An Coimisiún um Chaighdeáin) agus tugtar dó na feidhmeanna agus na cumhachtaí go léir a bhí ag a réamhtheachtaí, an Coimisiún um Oifigí Poiblí, faoi Acht 1995.
5. Is iad príomhfheidhmeanna an Choimisiúin um Chaighdeáin, mar a fuarthas iad ón gCoimisiún um Oifigí Poiblí, ná treoirlínte a fhoilsiú, comhairle a thabhairt agus imscrúdú a dhéanamh, agus tuarascáil a thabhairt, i dtaobh sáruithe ionchasacha ar na hAchtanna um Eitic. Baineann na feidhmeanna sin atá ag an gCoimisiún um Chaighdeáin le sealbhóirí oifige (lena n-áirítear Airí agus Airí Stáit), leis an Ard-Aighne, le comhairleoirí speisialta agus le sealbhóirí stiúrthóireachtaí ainmnithe agus stiúrthóirí post ainmnithe sa státseirbhís agus san earnáil stát-tionscanta. Tá na feidhmeanna céanna á gcomhlíonadh ag na Coistí um Leasanna Chomhaltaí Dháil Éireann agus Seanad Éireann i ndáil le comhaltaí na dTithe sin nach sealbhóirí oifige iad.
6. Áirítear in Acht 2001 oibleagáidí maidir le himréiteach cánach atá le comhlíonadh ag an Ard-Aighne agus ag daoine a cheaptar chuig oifig shinsearach [i.e. poist ainmnithe nó stiúrthóireachtaí ainmnithe i gcomhlachtaí poiblí a fhorordaítear faoi Acht 1995 ar poist nó stiúrthóireachtaí iad nach lú an luach saothair ina leith ná an luach saothair is ísle do Leas-Ardrúnaí sa státseirbhís (€168,000 le héifeacht ó 1 Eanáir 2010)]. Tugtar sonraí i gCuid 6 maidir leis na ceanglais ina leith seo.
7. I gcomparáid le hAcht 1995, déantar foráil in Acht 2001 maidir le réimse níos leithne cúinsí inar féidir gearán a dhéanamh chuig an gCoimisiún um Chaighdeáin. Is féidir gearán a dhéanamh anois chuig an gCoimisiún um Chaighdeáin ní amháin i leith sealbhóra oifige, i leith an Ard-Aighne, i leith comhairleora speisialta, i leith duine a bhí, ag an tráth iomchuí, i seilbh aon stiúrthóireachta ainmnithe nó poist ainmnithe i gcomhlacht poiblí ach freisin i leith duine a bhí, ag an tráth iomchuí, i seilbh stiúrthóireachta nó poist fostaíochta i gcomhlacht poiblí. Déantar foráil le hAcht 2001 freisin maidir le díolúine do ghearánaigh agus bunaítear bonn leis ar tríd is féidir leis an gCoimisiún um Chaighdeáin Oifigigh Fiosrúcháin a cheapadh chun réamhfhiosrúcháin a dhéanamh maidir le gearáin.
8. Le halt 10 d’Acht 2001 déantar socrú maidir le cóid iompair atá le tarraingt suas le haghaidh earnálacha sonraithe daoine. Is é an Coimisiún um Chaighdeáin a fhoilsíonn na cóid agus léirítear iontu na caighdeáin iompair agus ionraicis le haghaidh na ndaoine lena mbaineann siad le linn do na daoine sin a bhfeidhmeanna a chomhlíonadh agus léirítear nithe gaolmhara iontu freisin. Go dtí seo, tar éis comhairliúcháin leis an gCoimisiún um Chaighdeáin, tá cóid tarraingthe suas ag an Rialtas mar threoir do shealbhóirí oifig, ag na Coistí iomchuí ar Leasanna Comhaltaí mar threoir do chomhaltaí Dháil Éireann agus Sheanad Éireann, seachas sealbhóirí oifige, agus ag an Aire Airgeadais mar threoir do státseirbhísigh. Tá sé beartaithe go ndéanfaidh an tAire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe cód nó cóid a tharraingt suas mar threoir do dhaoine a shealbhaíonn, nó ag a bhfuil, stiúrthóireachtaí de chuid comhlachtaí sa tseirbhís phoiblí i gcoitinne nó a shealbhaíonn, nó ag a bhfuil, poist i gcomhlachtaí den sórt sin. Tá na cóid inghlactha in aon imeachtaí os comhair cúirte nó os comhair aon bhinse eile nó os comhair Coiste ar Leasanna Comhaltaí de chuid ceachtar Teach den Oireachtas nó os comhair an Choimisiúin um Chaighdeáin agus féadtar aon fhoráil de chuid cóid, ar foráil í a dhealraíonn d’aon cheann de na comhlachtaí réamhráite a bheith iomchuí i dtaca le ceist sna himeachtaí, a chur i gcuntas le linn an cheist a chinneadh.