- Scipeáil Nascleanúna |
- Mapa an Láithreáin |
- Ráiteas Inrochtaineacht
- | Text Size: A |
- A |
- A
- 18 Lower Leeson Street, Baile Átha Cliath 2, Eire.
- +353 (0)1 - 639 - 5666
- +353 (0)1 - 639 - 5684
- sipo@sipo.gov.ie
- Eolas Fúinne
- Treoirlínte
- Cóid Iompair
- Gearáin
- Tuarascálacha
- Preas Ráiteas
- Foilseacháin Ghinearálta
- Síntiúis a Nochtadh
- Maoiniú Státchiste
- Do leathanach
- Foirmeacha
Treoirlínte do Sealbhóirí Oifige (Teacs)
Aguisín 5 - Oibleagáidí i ndáil le Comhairleoirí Speisialta
I gCiorclán 4/2002: An tAcht um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí, 2001, a d’eisigh an Roinn Airgeadais ar an 14 Eanáir 2002, déantar socrú gur ceart go ndéanfar na hoibleagáidí atá ar gach sealbhóir oifige nua-cheaptha faoi na hAchtanna um Eitic maidir le daoine a cheapann siad féin a chur in iúl dó nó di, ar mhodh meamraim ó Cheann a Roinne nó ó Rúnaí an Aire lena mbaineann.
1. Ciallaíonn "comhairleoir speisialta" duine
(a) a bhfuil nó a raibh post eisiata aige nó aici (de réir bhrí Acht Choimisinéirí na Stát-Sheirbhíse, 1956) tar éis é nó í a bheith roghnaithe lena cheapadh nó lena ceapadh ag sealbhóir oifige go pearsanta seachas trí nós imeachta comórtais, nó
(b) atá nó a bhí ar fostú ag sealbhóir oifige faoi chonradh le haghaidh seirbhísí, tar éis é nó í a roghnú ag an sealbhóir, go pearsanta seachas trí nós imeachta comórtais, chun an conradh a fháil,
agus arb í, nó arbh í, a fheidhm nó a feidhm, nó a phríomhfheidhm nó a príomhfheidhm, ná comhairle nó cúnamh eile a sholáthar do shealbhóir oifige. D’fhéadfaí, inter alia, Comhairleoirí Pearsanta, Cúntóirí Pearsanta, Rúnaithe Pearsanta, Oifigigh Phreasa, tiománaithe áirithe etc. a bheith i gceist. Tagann deireadh le ceapachán nó le fostaíocht den sórt sin tráth nach déanaí ná an dáta a scoireann an sealbhóir oifige ar thar a cheann nó thar a ceann atá an duine ag gníomhú mar chomhairleoir speisialta den oifig lenar bhain an ceapachán nó an fhostaíocht a shealbhú.
Áirítear i "comhairleoir speisialta" freisin duine a cheaptar le hordú ón Rialtas, nó ar iarraidh ó Aire den Rialtas, de bhun alt 11 den Acht um Bainistíocht na Seirbhíse Poiblí, 1997. I gcás den sórt sin, tagann deireadh leis an gceapachán, más chuig Aire é, ar an dáta a scoireann an tAire den oifig ar faoina treoir is sealbhóir oifige é nó í a shealbhú. Más ceapachán chuig Aire Stáit atá i gceist, tagann deireadh leis nuair a théann sannadh an Aire Stáit chuig a Roinn bhunaidh nó chuig a Oifig bhunaidh in éag i.e. rachadh an ceapachán in éag dá dtiocfadh deireadh le ceapachán an Aire Stáit nó dá ndéanfaí an tAire Stáit a shannadh chuig Roinn nó Oifig eile.
2. Na forálacha de na hAchtanna um Eitic atá luaite i míreanna 3 go 7 thíos, tá feidhm acu maidir le daoine atá in earnáil na gcomhairleoirí speisialta agus ar mó a luach saothair ná tuarastal uasta ard-oifigigh feidhmiúcháin sa Státseirbhís (an gnáth-scála). Tá feidhm acu freisin maidir le comhairleoirí speisialta a cheaptar de bhun alt 11 den Acht um Bainistíocht na Seirbhíse Poiblí, 1997.
3. Déanfaidh comhairleoir speisialta, tráth nach déanaí ná an 31 Nollaig gach bliain, ráiteas ar leasanna (mar a thuairiscítear in Aguisín 2 de na Treoirlínte seo) a thabhairt don Choimisiún um Chaighdeáin ar ráiteas é a chlúdaíonn an tréimhse ón 1 Eanáir (nó ón dáta tosach feidhme, más déanaí) suas go dtí an 31 Nollaig an bhliain roimhe sin. Is í an fhaisnéis is ceart a bheith sa ráiteas ná faisnéis a bhfuil eolas iarbhír ag an comhairleoir speisialta uirthi agus a bhaineann lena leasanna féin agus le leasanna a chéile nó a céile nó linbh de chuid céile, ar faisnéis í a d’fhéadfadh tionchar ábhartha a imirt ar an gcomhairleoir speisialta le linn feidhmeanna na comhairleoireachta speisialta a chomhlíonadh nó i ndáil leis an gcomhlíonadh sin.
4. Más rud é go scoirfidh duine, ar aon chúis, de bheith ina chomhairleoir speisialta nó ina comhairleoir speisialta, soláthróidh an duine ráiteas ar leasanna (lena n-áirítear leasanna céile nó linbh) a sholáthar don sealbhóir oifige agus don Choimisiún um Chaighdeáin laistigh d’ocht lá is fiche ó dháta an scortha. Chlúdódh ráiteas den sórt sin an tréimhse ón 1 Eanáir, nó ón dáta tosach feidhme, más déanaí, sa bhliain lena mbaineann suas go dtí dáta an scortha.
5. Tá sé de cheangal ar chomhairleoir speisialta freisin ráiteas a thabhairt don sealbhóir oifige agus don Choimisiún um Chaighdeáin i gcás ina dtagann feidhm shonrach chun bheith comhlíonta ag an gcomhairleoir speisialta agus go bhfuil leas ábhartha aige nó aici, nó ag duine bainteach, san ábhar lena mbaineann an fheidhm. Is ceart an ráiteas a thabhairt a luaithe is féidir. In imthosca den sórt sin, ní chomhlíonfaidh an comhairleoir speisialta an fheidhm mura bhfuil cúiseanna maithe ann chun déanamh amhlaidh. Más rud é go mbeartaíonn an comhairleoir speisialta an fheidhm a chomhlíonadh, déanfaidh sé nó sí, sula ndéanfaidh sé nó sí amhlaidh, nó mura féidir sin le réasún, i ndiaidh déanamh amhlaidh, ráiteas ar na cúiseanna maithe a sholáthar don sealbhóir oifige agus don Choimisiún um Chaighdeáin.
6. Tabharfaidh comhairleoir speisialta gealltanas nach ngabhfaidh sé nó sí d’aon cheird, slí bheatha, gairm nó obair eile a bhféadfaí a thuiscint aisti le réasún go bhféadfadh sí cur isteach ar ról an chomhairleora speisialta nó a bheith ar neamhréir leis an ról sin.
7. Meastar gur coinníoll é a ghabhann le ceapachán nó le fostaíocht comhairleora speisialta go ndéanfaidh an duine de réir na gceanglas atá leagtha amach i míreanna 3 go 6 thuas.
Doiciméid a leagan faoi bhráid Thithe an Oireachtais
8. Ní mór don sealbhóir oifige na doiciméid seo a leanas a bhaineann le comhairleoir speisialta dá dtagraítear i mír 2 thuas a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas:
(i) ráiteas ar cháilíochtaí an duine ar cáilíochtaí iad a bhaineann leis an gceapachán mar chomhairleoir speisialta,
(ii) cóip d’aon ráiteas ar a leasanna féin atá tugtha ag an gcomhairleoir speisialta don sealbhóir oifige [is ceart a thabhairt do d’aire go bhféadfaidh comhairleoirí speisialta, chun gur féidir ráiteas ar leasanna an chomhairleora speisialta féin, agus an méid sin amháin, a leagan faoi bhráid na dTithe, foirmeacha ar leithligh a thabhairt ina bhfuil ráiteas ar a leasanna féin agus ráiteas ar leasanna de chuid céile nó linbh. Ní gá na ráitis a bhaineann le céilí nó le leanaí a leagan faoi bhráid ceachtar Teach den Oireachtas.]
9. Déantar na doiciméid seo a leanas a leagan faoi bhráid gach Tí i gcás gach comhairleora speisialta, is Cuma cén tuarastal atá ann:
(i) cóip den chonradh nó ráiteas i scríbhinn ar na téarmaí agus ar na coinníollacha ar fúthu a ghníomhaíonn, nó an ghníomhaigh, an duine mar chomhairleoir speisialta,
(ii) ráiteas i dtaobh an gaol leis an sealbhóir oifige an duine.
Nóta: Ceanglais aon uaire seachas ceanglais bhliantúla atá sna ceanglais i mír 8(i) agus i mír 9 thuas. Ní chaithfí na doiciméid a leagan faoi bhráid na dTithe níos mó ná uair amháin ach amháin i gcás athrú suntasach a bheith tagtha ar an bhfaisnéis atá le soláthar. Is féidir neamhshuim a dhéanamh de mhéaduithe ginearálta pá chun na críche seo.
10. Ní mór don sealbhóir oifige na doiciméid a thuairiscítear i míreanna 8(i) agus 9 thuas a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas tráth nach faide ná 60 lá tar éis an duine a cheapadh nó a fhostú chun gníomhú mar chomhairleoir speisialta.
11. I gcás aon ráitis bhliantúil ar leasanna comhairleora speisialta, is é sin le rá a leasanna féin, mar a thuairiscítear i mír 3 thuas, ar ráiteas é atá tugtha do shealbhóir oifige, ní mór don sealbhóir oifige é a leagan faoi bhráid an dá Theach tráth nach déanaí ná 60 lá tar éis an 31 Eanáir i.e. tráth nach déanaí ná an 1 Aibreán de ghnáth (nó an 2 Aibreán i mbliain bhisigh).
12. Ní mór don sealbhóir oifige aon ráiteas ar leasanna arna thabhairt ag comhairleoir speisialta an tráth a fhágann sé nó sí an post, mar a thuairiscítear i mír 4 thuas, a leagan faoi bhráid gach Tí laistigh de sheasca lá ón dáta a fhaightear é.
13. I gcás ina scoirfidh duine de bheith ina shealbhóir oifige nó ina sealbhóir oifige, ní mór dó nó di, laistigh de sheasca lá ón dáta a fhaightear aon ráiteas ar leasanna comhairleora speisialta, is é sin le rá a leasanna féin, ar ráiteas é a thug an comhairleoir speisialta don sealbhóir oifige an tráth a foirceannadh ceapachán de bharr an scortha sin, mar aon le haon ráiteas bliantúil nó ráiteas eile de chuid comhairleora speisialta ar a leasanna féin nach raibh leagtha faoi bhráid na dTithe cheana féin tráth fágála na hoifige, a leagan faoi bhráid gach Tí.
14. Baineann an ceanglas i mír 13 thuas freisin le doiciméid nár leagadh faoi bhráid na dTithe cheana agus a bhaineann le ceapachán nó fostaíocht comhairleora speisialta agus le cáilíochtaí comhairleora speisialta agus a bhaineann le ceist i dtaobh an gaol leis an sealbhóir oifige an comhairleoir speisialta.
15. I gcás ina bhfaigheann sealbhóir oifige bás, ní ina n-éiríonn sé nó sí éagumasaithe, is faoin Taoiseach atá sé ansin doiciméid a bhaineann lena chomhairleoirí speisialta nó lena comhairleoirí speisialta a leagan faoi bhráid na dTithe.
16. Tá an nós imeachta maidir le doiciméid a leagan faoi bhráid Thithe an Oireachtais measartha simplí – baineann Ciorclán Rúnda na Roinne Airgeadais 3/78 leis an ábhar seo. Is féidir an fhoirm atá le cur in éineacht le doiciméid ar fáil ó Oifig an tSoláthair; is ceart é a bheith ar fáil freisin laistigh de gach Roinn. Is ceart trí chóip de gach doiciméad atá le leagan faoi bhráid na dTithe, mar aon leis an bhfoirm chuí, a chur chuig Cléireach gach Tí; is ceart ‘don Leabharlannaí’ a mharcáil ar an gclúdach.
17. D’fhéadfadh sé gurb é an ráiteas bliantúil ar leasanna comhairleora speisialta, is é sin le rá a leasanna féin, an t-aon doiciméad amháin a bheidh le leagan faoi bhráid na dTithe gach bliain más rud é go ndearnadh na doiciméid a bhaineann le cáilíochtaí agus le téarmaí an cheapacháin nó na fostaíochta agus leis an gceist i dtaobh an gaol an duine a leagan faoi bhráid na dTithe bliain roimhe sin agus gan aon athrú suntasach a bheith tagtha ar an bhfaisnéis atá ann.