Standards in Public Office Commission/Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí logo
  • 18 Lower Leeson Street, Baile Átha Cliath 2, Eire.
  • Teil: +353 (0)1 - 639 - 5666
  • Faics: +353 (0)1 - 639 - 5684
  • R-phost: sipo@sipo.gov.ie

Guidelines for the Seanad General Election 2002

Aguisín 2 - Ócáidí tiomsaithe airgid

Glanluach ranníocaíochta d’ócáid tiomsaithe airgid a chinneadh

De réir fhorálacha ailt 22(2)(a)(vi & vii) den Acht Toghcháin, 1997, mar atá leasaithe, folaíonn síntiús glanluach ranníocaíochta d’ócáidí tiomsaithe airgid. Tagtar ar ghlanluach ranníocaíochta d’ócáid tríd an nglanbhrabús ón ócáid a ríomh i dtosach (.i. trí chostas rite na hócáide a bhaint as an méid iomlán tiomsaithe ag an ócáid). Déantar an glanbhrabús a shannadh don líon daoine a chuireann leis an ócáid i gcomhréir leis an gcion déanta ag gach duine. Tugann sé sin glanluach chion gach duine don ócáid tiomsaithe airgid.

Má d’íoc duine, mar shampla, i ndáil le hócáid tiomsaithe airgid, €1,000 i leith na táille iontrála do dheichniúr, is é an ghlan-ranníocaíocht don ócáid ná €1,000. Da mba é €20 in aghaidh an duine an costas a ghabh leis an ócáid a rith, bhainfí suim €200 as glan-ranníocaíocht duine, rud a fhágfadh glan-ranníocaíocht de €800. Dá ndéanfadh an duine ranníocaíochtaí leis an ócáid (e.g. capaill a cheannach ar oíche rásaíochta, poll ag comórtas gailf chlasaicigh a urrú) ba ghá luach na ranníocaíochtaí sin a chur leis an nglan-ranníocaíocht de €800 chun críocha glanluach comhiomlán ranníocaíocht an duine don ócáid tiomsaithe airgid a chinneadh.

Ócáidí tiomsaithe airgid arna n-eagrú ag páirtí polaitíochta

  • Meastar gur síntiús do pháirtí polaitíochta é an ghlan-ranníocaíocht a dhéanann duine le hócáid tiomsaithe airgid arna heagrú ag an bpáirtí polaitíochta, go fiú má úsáidtear na cistí ina dhiaidh sin chun críocha tacú le hiarrthóirí amháin nó níos mó de chuid an pháirtí sa toghchán.
  • Ní cheanglófar ar an bpáirtí luach iomlán fháltais na hócáide tiomsaithe airgid a nochtadh i Ráiteas Síntiús.
  • Ceanglófar ar an bpáirtí aon síntiú(i)s ó dhuine de bhreis ar ghlanluach de €5,078.95 a nochtadh.
  • Maidir leis an teorainn uasta de €6,348.69 ar féidir le páirtithe polaitíochta glacadh leis mar shíntiú(i)s ó aon duine aonair sa bhliain chéanna, tá feidhm aige sin freisin le glanluach na ranníocaíochtaí le hócáidí tiomsaithe airgid.
  • Má tá glanluach aon síntiúis airgid aonair d’ócáid tiomsaithe airgid de bhreis ar €126.97, ceanglófar ar aonad cuntasaíochta an pháirtí (.i. an chraobh nó an cheannoifig) a d’eagraigh an ócáid, mura bhfuil ceann aige cheana féin, cuntas síntiús polaitiúil a oscailt.
  • Mura bhfuil glanluach gach síntiúis airgid aonair don ócáid de bhreis ar €126.97, ní cheanglófar ar aonad cuntasaíochta an pháirtí cuntas síntiús polaitiúil a oscailt.
  • Má tá cuntas síntiús polaitiúil ag an aonad cuntasaíochta cheana féin, ní mór gach síntiús airgid, cibé luach atá air, a fhaightear i ndáil leis an ócáid a thaisceadh i gcuntas síntiús polaitiúil.


Ócáidí Tiomsaithe Airgid arna n-eagrú ag iarrthóir

  • Ní cheanglófar ar an iarrthóir luach iomlán fháltais na hócáide tiomsaithe airgid a nochtadh i Ráiteas Síntiús.
  • Ceanglófar ar an iarrthóir aon síntiúis ó dhuine atá ag déanamh ranníocaíochta leis an ócáid de bhreis ar ghlanluach de €634.87 a nochtadh.
  • Maidir leis an teorainn uasta de €2,539.48 ar féidir le hiarrthóirí glacadh leis mar shíntiú(i)s ó aon duine aonair sa bhliain chéanna, tá feidhm aige sin freisin le glanluach na ranníocaíochtaí le hócáidí tiomsaithe airgid.
  • Má tá glanluach aon síntiúis airgid aonair d’ócáid tiomsaithe airgid arna heagrú ag iarrthóir de bhreis ar €126.97, ceanglófar ar an iarrthóir, mura bhfuil ceann aige/aici cheana féin, cuntas síntiús polaitiúil a oscailt agus an síntiús agus gach síntiús airgid iardain a thaisceadh sa chuntas.
  • Mura bhfuil glanluach gach síntiúis airgid aonair don ócáid de bhreis ar €126.97, ní cheanglófar ar an iarrthóir cuntas síntiús polaitiúil a oscailt.
  • Má tá cuntas síntiús polaitiúil oscailte ag an iarrthóir cheana féin, ní mór gach síntiús airgid, cibé luach atá air, a fhaightear i ndáil leis an ócáid a thaisceadh sa chuntas.


Ócáidí tiomsaithe airgid arna n-eagrú thar ceann iarrthóra ag duine nó grúpa nach é an t-iarrthóir nó an páirtí é

Déileálfar mar a leanas le cistí a thiomsaítear ag ócáid arna heagrú thar ceann iarrthóra ag duine nó grúpa nach é an t-iarrthóir nó páirtí polaitíochta an iarrthóra é (e.g. grúpaí "Cairde ..."):


Má thugtar na cistí don iarrthóir

  • meastar gur idirghabhálaí ag glacadh le síntiúis thar ceann an iarrthóra é nó í an duine/grúpa tiomsaithe airgid;
  • ní cheanglófar ar an iarrthóir luach iomlán fháltais na hócáide a fhaightear ón duine/ngrúpa tiomsaithe airgid a nochtadh i Ráiteas Síntiús;
  • ceanglófar ar an iarrthóir aon síntiúis ó ranníocóirí aonair leis an ócáid tiomsaithe airgid de bhreis ar ghlanluach de €634.87 a nochtadh;
  • maidir leis an teorainn uasta de €2,539.48 ar féidir le hiarrthóirí glacadh leis mar shíntiú(i)s ó aon duine aonair sa bhliain chéanna, tá feidhm aige sin freisin le glanluach na ranníocaíochtaí le hócáidí tiomsaithe airgid;
  • má tá glanluach aon síntiúis airgid aonair don ócáid de bhreis ar €126.97, agus nach bhfuil ceann ag an iarrthóir cheana féin, ceanglófar air/uirthi cuntas síntiús polaitiúil a oscailt agus an síntiús agus gach síntiús airgid iardain a thaisceadh sa chuntas;
  • mura bhfuil glanluach gach síntiúis airgid aonair don ócáid de bhreis ar €126.97, ní cheanglófar ar an iarrthóir cuntas síntiús polaitiúil a oscailt.
  • Má tá cuntas síntiús polaitiúil ag an iarrthóir cheana féin, ní mór gach síntiús airgid, cibé luach atá air, a fhaightear i ndáil leis an ócáid a thaisceadh sa chuntas.


Mura dtugtar na cistí don iarrthóir

  • ní mheastar gur idirghabhálaí ag glacadh le síntiúis thar ceann an iarrthóra é nó í an duine/grúpa tiomsaithe airgid;
  • má théann luach glan aon síntiús don imeacht tiomsaithe airgid os cionn €126.97, ceanglófar ar an duine/grúpa clárú mar "thríú páirtí" leis an gCoimisiún um Chaighdeáin agus ceanglais na reachtaíochta a chomhlíonadh, a bhaineann le tríú páirtithe ó thaobh cuntas síntiús polaitíochta a oscailt agus síntiúis áirithe a ghlacadh;
  • meastar aon chostais toghcháin arna dtabhú, nó aon íocaíochtaí arna ndéanamh, ag an nduine/ngrúpa tiomsaithe airgid thar ceann an iarrthóra mar shíntiúis don iarrthóir;
  • má tá luach iomlán na síntiús ón nduine/ngrúpa tiomsaithe airgid don iarrthóir de bhreis ar €634.87, ceanglófar ar an iarrthóir sonraí faoi sin a nochtadh ina Ráiteas Síntiús;
  • Is é an luach uasta síntiús ar féidir leis an iarrthóir glacadh leis ó dhuine/ghrúpa tiomsaithe airgid nach meastar ina (h)idirghabhálaí ná €2,539.48 in aon bhliain.

Back to contents



This site conforms to W3C XHTML 1.0 recommendations| This site conforms to W3C CSS recommendations| This site meets WAI Priority 3 recommendations|