- Scipeáil Nascleanúna |
- Mapa an Láithreáin |
- Ráiteas Inrochtaineacht
- | Text Size: A |
- A |
- A
- 18 Lower Leeson Street, Baile Átha Cliath 2, Eire.
- +353 (0)1 - 639 - 5666
- +353 (0)1 - 639 - 5684
- sipo@sipo.gov.ie
- Eolas Fúinne
- Treoirlínte
- Cóid Iompair
- Gearáin
- Tuarascálacha
- Preas Ráiteas
- Foilseacháin Ghinearálta
- Toghcháin
- Síntiúis a Nochtadh
- Maoiniú Státchiste
- Do leathanach
- Foirmeacha
Iarratais maidir le Saoráil Faisnéise
Ginearálta
Tháinig an tAcht um Shaoráil Faisnéise, 1997 (an tAcht SF) i bhfeidhm an 21 Aibreán 1998. Tá feidhm leis i gcás réimse comhlachaí poiblí ar a n-áirítear an Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí (Coimisiún na gCaighdeán). Go ginearálta, treisíonn an tAcht SF le ceart ar fhaisnéis oifigiúil a oiread agus is féidir gan díobháil don leas poiblí ná do cheart an duine aonair ar phríobháideachas. Foráiltear gur féidir le duine
- féachaint le teacht ar fhaisnéis atá i seilbh chomhlachtaí poiblí.
- a chur faoi deara go leasaítear faisnéis phearsanta maidir leo féin atá i seilbh chomhlachtaí poiblí sa chás go bhfuil sin neamhiomlán, míchruinn nó seachránach.
- a iarraidh go dtabharfaí cúiseanna le cinntí a rinne comhlachtaí poiblí a chuireann isteach orthu.
Is comhlacht forordaithe chun críche an Achta SF é Coimisiún na gCaighdeán agus, ag teacht le hailt 15 agus 16 an Achta SF, tá leabhrán tagartha foilsithe aige ina gcuirtear eolas ar fáil don phobal faoina struchtúr, faoi chineál na cáipéisíochta atá ar coimeád agus faoin bpróiseas trínar féidir iarratais ar fhaisnéis a dhéanamh. Tá an cháipéis sin ar fáil i roinn "Foilseacháin Ghinearálta" an láithreáin ghréasáin.
Faisnéis i seilbh Choimisiún na gCaighdeán nach féidir a scaoileadh faoin Acht SF.
Tugtar faoi deara go bhfuil toirmeasctha faisnéis a fhaightear faoi na hAchtanna um Eitic in Oifigí Poiblí 1995 agus 2001 (na hAchtanna Eitice) nó trí bheith i láthair ag suí de chuid Choimisiún na gCaighdeán a nochtadh.
Ní chuirtear an toirmeasc seo (nach mbaineann le faisnéis a leagtar, faoi réir na nAchtanna Eitice, os comhair Thithe an Oireachtais) ach amháin i gcásanna sonracha a ndéantar foráil mar gheall orthu sna hAchtanna Eitice.
Foráiltear faoi Alt 32 den Acht SF gur féidir iarratais ar thaifid a dhiúltú sa chás go bhfuil toirmeasc maidir leis an taifid sin faoi fhorálacha Achta eile agus nár sonraíodh na forálacha sin sa Tríú Sceideal den Acht SF. Ní shonraítear forálacha na nAchtanna Eitice sa Tríú Sceideal den Acht SF. Dá réir sin, ní féidir faisnéis a fhaightear faoi na hAchtanna Eitice a nochtadh ach amháin ar mhodh a thagann le forálacha na nAchtanna Eitice agus níl sé faoi réir a nochtadh faoin Acht SF.
Níl aon toirmeasc ar fhaisnéis a fhaightear faoin Acht Toghcháin 1997, arna leasú, ná faoin Acht um an Oireachtas (Oifigí Aireachta agus Parlaiminte) (Leasú) 2001 (reachtaíocht faoi Liúntas Cheannairí na bPáirtithe) a nochtadh. Tagann faisnéis i seilbh Choimisiún na gCaighdeán de réir na nAchtanna sin faoi réir fhorálacha an Achta SF.
Conas iarratas SF a dhéanamh le Coimisiún na gCaighdeán
Ba cheart an chéad iarratas ar fhaisnéis faoi alt 7 de na hAchtanna SF a sheoladh chuig:
An tUas. Brian Mc Kevitt,
Príomhoifigeach Cúnta,
An Coimisiún um Chaighdeain in Oifigí Poiblí,
18 Sráid Líosain Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2.
Is féidir iarratas ar fhaisnéis a dhéanamh i scríbhinn nó go leictreonach. Ba chóir don iarratasóir:
- A dheimhniú go bhfuil an t-iarratas á dhéanamh fa oi réir an Achta SF;
- Dóthain sonraí a leagan amach ionas gur féidir an taifead / na taifid a aimsiú;
- An modh inar fearr leis / léi an t-ábhar a cheadú a lua (e.g. fótachóip, diosca), má thagann sin i gceist;
- An táille cuí a chur isteach leis an iarratas agus é iníoctha leis an gCoimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí.
Níl aon táille iníoctha
- sa chás nach bhfuil sna taifid a iarrtar ach faisnéis phearsanta maidir leis an iarratasóir;
- sa chás go bhfuil duine ag déanamh an iarratais d’fonn a chur faoi deara go ndéantar taifead pearsanta a leasú; nó
- sa chás go bhfuil duine ag iarraidh faisnéise maidir le beart de chuid comhlachta poiblí a bhfuil tionchar aige ar an duine sin.
I gcás faisnéise eile (neamhphearsanta) tá táille de €15 i gceist maidir le costas an taifid a iarrtar a aimsiú agus a chóipeáil. Tá táille laghdaithe de €10 i bhfeidhm i gcás duine a bhfuil cárta leighis aige / aici
Tá foirm chun iarratas a dhéanamh le Coimisiún na gCaighdeán faoin Acht SF ar fáil i roinn na bhfoirmeacha den láithreán gréasáin seo, nó ar a iarraidh.
Déanfar iarratas a admháil taobh istigh de dhá sheachtain ón am a bhfaightear é. Déanfar cinneadh glacadh nó diúltú don iarratas taobh istigh de ceithre seachtaine ón am a bhfaightear an t-iarratas.