- Scipeáil Nascleanúna |
- Mapa an Láithreáin |
- Ráiteas Inrochtaineacht
- | Text Size: A |
- A |
- A
- 18 Lower Leeson Street, Baile Átha Cliath 2, Eire.
- +353 (0)1 - 639 - 5666
- +353 (0)1 - 639 - 5684
- sipo@sipo.gov.ie
- Eolas Fúinne
- Treoirlínte
- Cóid Iompair
- Gearáin
- Tuarascálacha
- Preas Ráiteas
- Foilseacháin Ghinearálta
- Toghcháin
- Síntiúis a Nochtadh
- Maoiniú Státchiste
- Do leathanach
- Foirmeacha
Ceadaítear faoi Alt 22 den Acht um Eitic in Oifigí Poiblí 1995 (Acht na bliana 1995) do chatagóirí éagsúla duine gearáin a dhéanamh leis an gCoimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí (Coimisiún na gCaighdeán) maidir le sárú (mar a shíltear) ar Acht na bliana 1995 ag cineálacha éagsúla duine a bhfuil dualgais orthu faoin Acht sin. Ceadaítear faoi Alt 4 den Acht um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí 2001 (Acht na bliana 2001) d’aon duine gearán a dhéanamh le Coimisiún na gCaighdeán maidir le "beart sonraithe" (mar a shíltear) ag "duine sonraithe". Leagtar amach na forálacha sin níos mine thíos.
Gearáin faoi Alt 22
Is féidir leis na daoine seo a leanas gearán a dhéanamh le Coimisiún na gCaighdeán maidir le sárú (mar a shíltear) ar fhorálacha Acht na bliana 1995 maidir le nochtadh:
Is féidir le duine den phobal gearán a dhéanamh maidir le sealbhóir oifige (i.e. an Taoiseach, an Tánaiste, Aire, Aire Stáit agus Cathaoirleach agus Leas-Chathaoirleach Dháil Éireann agus Sheanad Éireann);
Is féidir le comhalta de Dháil Éireann nó de Sheanad Éireann gearán a dhéanamh maidir leo seo a leanas:
- an tArd-Aighne (sa chás nach comhalta de Dháil Éireann nó de Sheanad Éireann é / í);
- sealbhóir oifige;
- stiúrthóir sonraithe ar chomhlacht poiblí;
- an té atá i bpost sonraithe i gcomhlacht poiblí; nó
- comhairleoir speisialta;
Is féidir leis an Aire Airgeadais gearán a dhéanamh faoi na daoine seo a leanas, ach amháin sa chás go bhfuil an té a ndéantar gearán ina leith ina shealbhóir / sealbhóir oifige:
- an tArd-Aighne (sa chás nach comhalta de Dháil Éireann nó de Sheanad Éireann é / í);
- stiúrthóir sonraithe ar chomhlacht poiblí;
- an té atá i bpost sonraithe i gcomhlacht poiblí; nó
- comhairleoir speisialta;
Is féidir le hAire Rialtais gearán a dhéanamh maidir leis na daoine seo a leanas:
- stiúrthóir sonraithe ar chomhlacht poiblí a bhfuil feidhmeanna de chuid an chomhlachta poiblí tíolactha don Aire atá ag déanamh an ghearáin;
- an té atá i bpost sonraithe i Roinn / Oifig atá faoi chúram an Aire atá ag déanamh an ghearáin;
- an té atá i bpost sonraithe i gcomhlacht poiblí a bhfuil feidhmeanna de chuid an chomhlachta poiblí tíolactha don Aire atá ag déanamh an ghearáin; nó
- comhairleoir speisialta;
Is féidir le comhlacht poiblí a bhfuil forordú déanta maidir le stiúrthóireachtaí nó poist ann a bheith ina stiúrthóireachtaí sonraithe nó ina bpoist shonraithe gearán a dhéanamh maidir le stiúrthóir sonraithe nó an té atá i bpost sonraithe sa chomhlacht sin;
Is féidir leis an "údarás iomchuí" (mar a chiallaítear sin in Acht Rialuithe na Státseirbhíse, 1956 ach gan Aire Rialtais a áireamh) i ndáil le státseirbhíseach gearán a dhéanamh maidir le státseirbhíseach atá ina stiúrthóir sonraithe nó i bpost sonraithe;
Is féidir leis an gCoiste um Leasanna Chomhaltaí i nDáil Éireann nó leis an gCoiste um Leasanna Chomhaltaí i Seanad Éireann gearán a dhéanamh maidir le comhalta de Dháil Éireann nó de Sheanad Éireann (de réir mar is cuí).
Is féidir le ceachtar den dá Choiste um Leasanna Chomhaltaí chomh maith gearán atá faighte ag an gCoiste cheana féin maidir le comhalta a gcuirtear ina leith gur sháraigh sé / sí na forálacha maidir le nochtadh sna hAchtanna Eitice nó go ndearna sé / sí "beart sonraithe" (féach thíos) a chur faoi bhráid Choimisiún na gCaighdeán.
Gearáin faoi Alt 4
Is féidir le haon duine gearán a dhéanamh le Coimisiún na gCaighdeán sa chás gur dóigh leis nó léi go bhféadfadh go ndearna "duine sonraithe" (i.e. sealbhóir oifige (ní áirítear gnáthchomhalta de Dháil Éireann ná de Sheanad Éireann), an tArd-Aighne (sa chás nach comhalta de Dháil Éireann ná de Sheanad Éireann é nó í), comhairleoir speisialta, stiúrthóir sonraithe ar chomhlacht poiblí, duine atá i bpost sonraithe i gcomhlacht poiblí, stiúrthóir nó fostaí de chuid chomhlachta poiblí) nó duine atá ina dhuine nó ina duine ceangailte
- "beart sonraithe";
- foráil de chuid na nAchtanna Eitice a shárú; nó
- foráil de chuid an Achta Toghcháin 1997, arna leasú (na hAchtanna Toghcháin) a shárú.
Is beart nó teip a rinneadh tar éis do thosach feidhme Alt 2 Achta na bliana 2001 (i.e. tar éis an 10 Nollaig 2001) é beart sonraithe atá sa chaoi is go bhfuil sé, nó a bhfuil cuinsí an bhirt nó na teipe sa chaoi is go bhfuil siad ar neamhréir le ceartdéanamh ag an duine sonraithe fheidhmeanna na hoifige nó an phoist ar i ndáil léi nó leis atá sé nó sí ina leithéid de dhuine nó le coinneáil mhisneach an phobail i gcoitinne gur mar sin a dhéanfaí iad, agus gur ceist a bhfuil tábhacht shuntasach phoiblí léi atá ann.
Foráiltear faoi Acht na bliana 2001, gan dochar do ghinearáltacht an ráitis ‘tábhacht shuntasach phoiblí’, go measfar, sa chás go measann Coimisiún na gCaighdeán gur cuí sin i bhfianaise na gcuinsí go léir, chun críche an fho-ailt sin, tábhacht shuntasach phoiblí a bheith le ceist sa chás go mbaineann sé le buntáiste a dtugtar síos go bhfuarthas é ag duine sonraithe nó ag duine atá, i ndáil le duine sonraithe, ina dhuine ceangailte agus, de réir tuairime Choimisiún na gCaighdeán, go raibh nó go bhfuil nó go bhféadfadh a bheith nó go bhféadfaí a mheas go raibh nó go mbeadh luach na buntáiste ionann is suim nach lú ná £10,000 (€12,697).
Conas gearán a dhéanamh
Seachas a fhoráil go ndéantar gach gearán a dhéantar faoi alt 22 d ’Acht na bliana 1995 agus alt 4 d’Acht na bliana 2001 "i scríbhinn", ní luaitear an fhoirm inar cheart gearáin dá leithéidí a dhéanamh sna hAchtanna Eitice. Ina dhiaidh sin féin, d’fhonn cur ar chumas Choimisiún na gCaighdeán an fheidhm maidir le cinneadh más cuí imscrúdú a dhéanamh mar gheall ar ghearán a chomhlíonadh, is de riachtanas é go mbeadh an gearán chomh mionsonraithe agus chomh sonrach agus is féidir. Tá Coimisiún na gCaighdeán den tuairim dá bhrí sin gur cheart go luaifí go soiléir i ngach gearán a dhéantar faoi alt 22 d’Acht na bliana 1995 agus alt 4 d’Acht na bliana 2001 an té a bhfuiltear ag déanamh an ghearáin mar gheall air nó uirthi, go sonrófaí an sárú a thugtar síos a rinneadh ar fhorálacha Achta na bliana 1995 agus / nó Achta na bliana 2001 is ábhar don ghearán agus go leagfaí amach go mionsonraithe an bonn atá leis an sárú sin a chur i leith an duine. Sa chás go mbaineann ábhar i scríbhinn leis an gceist, ba cheart cóipeanna den ábhar sin a chur ar fáil in éineacht leis an ngearán más féidir.
Ba cheart gearáin a dhéanamh i scríbhinn leis:
An Rúnaí,
An Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí,
18 Sráid Líosain Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
Éire.
Faics: +353 (0)1 639 5684
Ríomhphost: sipo@sipo.gov.ie
Gearáin gan ainm a lua leo
Costar ar Choimisiún na gCaighdeán faoi Alt 8 d'Acht na bliana 2001 imscrúdú a dhéanamh mar gheall ar ghearán a dhéantar leis sa chás nach nochtaítear ainm agus sloinne an té atá ag déanamh an ghearáin. I gcuinsí áirithe, ina dhiaidh sin féin, tá cead ag Coimisiún na gCaighdeán faoi alt 8, srian a chur ar ainm agus sloinne an ghearánaí a nochtadh.
Imscrúdú
Leagtar amach na nósanna imeachta a leanfadh Coimisiún na gCaighdeán in aon chás ina measfaí gur chóir imscrúdú faoi na hAchtanna Eitice a dhéanamh mar gheall ar cheist a ndéanfaí gearán faoi sa ‘Ráiteas faoi na Nósanna Imeachta a Bheartaítear’.
Cumhachtaí a thíolactar ar Choimisiún na gCaighdeán faoi alt 4(4) de na hAchtanna Toghcháin:
Mar a luaitear thuas, is féidir le Coimisiún na gCaighdeán, faoi réir alt 4 den Acht um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí 2001 imscrúdú a dhéanamh mar gheall ar ghearán a dhéanann duine ar dóigh leis nó léi go bhféadfadh gur sháraigh "duine sonraithe" na hAchtanna Toghcháin.
Ina dhiaidh sin féin, tá feidhm mhaoirseachta eile ag Coimisiún na gCaighdeán chun cinntiú go gcloítear le forálacha na nAchtanna Toghcháin. Sa chás go measann duine gur sáraíodh na hAchtanna Toghcháin, más "duine sonraithe" nó eile a bheadh i gceist, is féidir leis / léi sin a chur in iúl do Choimisiún na gCaighdeán agus déanfaidh an Coimisiún imscrúdú mar gheall ar an gcás má mheastar gur cuí sin a dhéanamh.
Foráiltear faoi Alt 4(4) den Acht Toghcháin go bhféadfaidh Coimisiún na gCaighdeán aon fhiosruithe a mheastar a bheith cuí a dhéanamh agus go bhféadfaidh an Coimisiún tabhairt ar aon duine aon cháipéis eolais nó rud a bheadh ag teastáil ó Choimisiún na gCaighdeán chun críche a chuid dualgas faoi na hAchtanna Toghcháin a chomhlíonadh agus atá ina sheilbh nó ina seilbh ag an duine sin nó a d’fhéadfadh an duine sin a sholáthar a chur ar fáil.