- Scipeáil Nascleanúna |
- Mapa an Láithreáin |
- Ráiteas Inrochtaineacht
- | Text Size: A |
- A |
- A
- 18 Lower Leeson Street, Baile Átha Cliath 2, Eire.
- +353 (0)1 - 639 - 5666
- +353 (0)1 - 639 - 5684
- sipo@sipo.gov.ie
- Eolas Fúinne
- Treoirlínte
- Cóid Iompair
- Gearáin
- Tuarascálacha
- Preas Ráiteas
- Foilseacháin Ghinearálta
- Toghcháin
- Síntiúis a Nochtadh
- Maoiniú Státchiste
- Do leathanach
- Foirmeacha
Leamhlabhair S15/16
3.2 Feidhmeanna an Choimisiúin um Chaighdeáin faoi na hAchtanna Toghcháin agus gníomhartha riaracháin arna ndéanamh aige i bhfeidhmiú na bhfeidhmeanna sin - Ailt I - M
I Cleachtas agus nós imeachta i ndáil le speansais toghcháin iarrthóra a aisíoc:
Ní mór d’iarrthóirí a cháilíonn d’aisíocaíocht a speansas toghcháin, iarratas ar an aisíocaíocht a chur isteach chuig an gCoimisiún um Chaighdeáin. Táirgeann an Coimisiún um Chaighdeáin foirm chun na críche seo. (Is féidir Iarratas samplach ar Aisíocaíocht Speansas Toghcháin a fháil ag Aguisín 11).
Déanann an Roinn Airgeadais speansais toghcháin a aisíoc. Ní mór don Choimisiún um Chaighdeáin an méid seo a leanas a dhéanamh sular féidir íocaíocht a dhéanamh:
i) deimhniú don Aire Airgeadais go bhfuarthas Ráiteas um Speansais Toghcháin ó ghníomhaire toghcháin an iarrthóra;
ii) deimhniú don Aire gur comhlánaíodh Ráiteas um Speansais Toghcháin an ghníomhaire toghcháin de réir threoirlínte an Choimisiúin um Chaighdeáin agus fhorálacha ábhartha na reachtaíochta; agus
iii) mionsonraí ar na speansais iarbhíre arna dtarraingt air féin ag gníomhaire toghcháin an iarrthóra agus ag gníomhaire náisiúnta pháirtí polaitíochta an iarrthóra a chur ar fáil don Aire.
Nuair is deimhin leis an gCoimisiún um Chaighdeáin go bhfuil gach cáipéisíocht ábhartha i dtaca le hiarrthóireacht duine ag toghchán faighte (.i. Ráiteas um Shíntiúis, Deimhniú Síntiús Airgid, Ráiteas um Speansais Toghcháin de chuid Gníomhaire Toghcháin, Ráiteas um Speansais Toghcháin de chuid Gníomhaire Naisiúnta), eiseoidh sé foirm le haghaidh Iarratais ar Aisíocaíocht Speansas Toghcháin don iarrthóir.
Níl aon spriocdháta reachtúil ann maidir le hiarratais ar aisíocaíocht a sheoladh ar ais chuig an gCoimisiún um Chaighdeáin. Agus foirm iarratais chomhlánaithe faighte aige, deimhneoidh an Coimisiún um Chaighdeáin don Aire Airgeadais go bhfuil aisíocaíocht i speansais toghcháin le híoc leis an iarrthóir, agus cuirfidh sé mionsonraí ar na speansais a tarraingíodh thar ceann an iarrthóra ar fáil don Aire. Déanann an Roinn Airgeadais íocaíochtaí aisíocaíochtaí i speansais toghcháin a chur isteach i gcuntas bainc an iarrthóra go díreach.
Ní tuairisceáin reachtúla iad iarratais ar Aisíocaíocht Speansas Toghcháin agus ní bhaintear úsáid astu ach chun críocha riaracháin amháin. Ní chaithfear iad a leagan os comhair Thithe an Oireachtais mar sin agus ní chuirtear iad ar fáil go mbreathnódh an pobal orthu. Bíonn mionsonraí ar na haisíocaíochtaí a dhéantar le hiarrthóirí cáilithe i dtuarascáil ar an toghchán a chuireann an Coimisiún um Chaighdeáin ar fáil don Cheann Comhairle. Leagann an Ceann Comhairle an tuarascáil seo os comhair Thithe an Oireachtais agus foilsítear é ar shuíomh idirlín an Choimisiúin um Chaighdeáin.
Coinnítear iarratais ar aisíocaíocht agus comhfhreagras gaolmhar i gcomhaid fhisiciúla agus leictreonacha aonair faoi na hiarrthóirí.
J Cleachtas agus nós imeachta i ndáil le Ráitis um Chaiteachas Maoiniúcháin Státchiste
Cuireann an Roinn Airgeadais suim an mhaoiniúcháin Státchiste a íocadh le gach páirtí polaitíochta cáilithe i leith na bliana roimhe sin in iúl don Choimisiún um Chaighdeáin gach bliain. Scríobhann an Coimisiún um Chaighdeáin chuig oifigeach cuí gach páirtí polaitíochta cáilithe ag tús mhí Mhárta gach bliain agus foirm le haghaidh Ráitis um Chaiteachas Maoiniúcháin Státchiste iniata (is féidir foirm shamplach a fháil ag Aguisín 12).
Ní fhoráiltear spriocdháta reachtúil sna hAchtanna Toghcháin maidir leis an am faoi go gcaithfear Ráitis um Chaiteachas Maoiniúcháin Státchiste a sholáthar. Níl aon chion ann as loiceadh Ráiteas um Chaiteachas Maoiniúcháin Státchiste a chur ar fáil. Ní fhéadfar Maoiniúchán Státchiste a íoc le páirtí polaitíochta cáilithe tar éis 30 Aibreán in aon bhliain áfach ach amháin agus go dtí go bhfuil Ráiteas um Shíntiúis agus Ráiteas um Chaiteachas Maoiniúcháin Státchiste an pháirtí faighte i leith na bliana féilire roimhe sin agus go bhfuil sin curtha in iúl ag an gCoimisiún um Chaighdeáin don Aire Aireagadais dá réir. Ceanglaítear ar an gCoimisiún um Chaighdeáin a chur in iúl don Aire Airgeadais faoi 01 Bealtaine gach bliain cibé acu an bhfuil Ráiteas um Shíntiúis agus Ráiteas um Chaiteachas Maoiniúcháin Státchiste faighte ó gach páirtí polaitaíochta cáilithe. Ceanglaítear air cóip de gach Ráiteas um Chaiteachas Maoiniúcháin Státchiste dá bhfaightear a chur ar fáil don Aire Airgeadais freisin. Ceanglaítear air a dheimhniú don Aire gur comhlánaíodh na ráitis de réir fhorálacha ábhartha na reachtaíochta agus aon treoirlínte arna n-eisiúint ag an gCoimisiún um Chaighdeáin.
Chun leordhóthain ama a thabhairt don Choimisiún um Chaighdeáin leis na Ráitis um Chaiteachas Maoiniúcháin Státchiste a scrúdú agus a chur in iúl don Aire Aireagadais go bhfuarthas iad faoi 01 Bealtaine, iarrtar ar oifigigh chuí an Ráiteas comhlánaithe um Chaiteachas Maoiniúcháin Státchiste a sheoladh ar ais chuig an gCoimisiún faoi 31 Bealtaine gach bliain (.i. an spriocdháta reachtúil maidir le Ráiteas um Shíntiúis an pháirtí a fháil).
Mura bhfuil Ráiteas um Chaiteachas Maoiniúcháin Státchiste faighte faoi 31 Márta, scríobhann an Coimisiún um Chaighdeáin chuig an oifigeach cuí le forálacha na nAchtanna maidir le híocaíocht mhaoiniúcháin Státchiste a chur ar fionraí, a chur in iúl dó / di.
Admhaíonn an Coimisiún um Chaighdeáin gach Ráiteas um Chaiteachas Maoiniúcháin Státchiste dá bhfaightear chomh maith leis an tuarascáil Iniúchóra a théann leo. Seiceáiltear gach ráiteas lena chinntiú gur comhlánaíodh é i gceart agus gur caitheadh an maoiniúchán de réir na reachtaíochta.
Sa chás go dtagtar ar earráid, seoltar an Ráiteas ar ais agus tugtar deis don oifigeach cuí an ráiteas a leasú. Más cuí amhlaidh a dhéanamh dar leis an gCoimisiún um Chaighdeáin, féadfaidh sé tuilleadh soiléirithe a iarraidh freisin i ndáil le mionsonraí arna soláthar sa Ráiteas. Sa chás go bhfuil ráiteas leasaithe nó go bhfuil soiléiriú soláthraithe, féadfaidh an Coimisiún um Chaighdeáin a iarraidh go bhfíoródh iniúchóirí an pháirtí na leasuithe/ an soiléiriú.
Nuair a thugtar na Ráitis um Chaiteachas Maoiniúcháin Státchiste chun críche, leagtar os comhair Thithe an Oireachtais iad. Tugann an Coimisiún um Chaighdeáin tuarascáil ar aird don Cheann Comhairle gach bliain freisin maidir leis na Ráitis um Chaiteachas Maoiniúcháin Státchiste a fuarthas ó pháirtithe cáilithe. Bíonn mionsonraí ar shíntiúis arna nochtadh ag páirtithe polaitíochta sa bhliain roimhe sin sa tuarascáil seo freisin. Ceanglaítear ar an gCeann Comhairle an tuarascáil a leagan os comhair Thithe an Oireachtais. Bíonn mionsonraí ar an maoiniúchán arna fháil ag páirtithe polaitíochta agus ar na gnóthaí ar ar caitheadh é sa tuarascáil freisin. Eisíonn an Coimisiún um Chaighdeáin preas ráiteas in gcomhuain le foilsiúchán na tuarascála de ghnáth. Foilsítear idir an tuarascáil agus an preas ráiteas ar shuíomh idirlín an Choimisiúin um Chaighdeáin. Coinnítear na Ráitis um Chaiteachas Maoiniúcháin Státchiste ar feadh tréimhse trí bliana ag oifigí an Choimisiúin um Chaighdeáin go scrúdódh an pobal iad.
Cuireann an Coimisiún um Chaighdeáin in iúl don Aire Airgeadais nuair a fhaightear na Ráitis um Shíntiúis agus na Ráitis um Chaiteachas Maoiniúcháin Státchiste ó pháirtithe polaitíochta cáilithe freisin. Soláthraíonn an Coimisiún um Chaighdeáin cóip de gach Ráiteas don Aire Airgeadais agus deimhníonn gur comhlánaíodh na Ráitis i gceart de réir na reachtaíochta agus threoirlínte an Choimisiúin um Chaighdeáin. Toisc nach bhfoilsítear tuarascáil an Choimisiúin um Chaighdeáin go deireadh mhí na Bealtaine de ghnáth, scríobhann an Coimisiún um Chaighdeáin litir ar leithligh chuig an Aire Airgeadais go luath i mí na Bealtaine leis na Ráitis um Shíntiúis agus na Ráitis um Chaiteachas Maoiniúcháin Státchiste atá faighte, a chur in iúl dó, agus cibé an bhfuil aon ráitis den sórt sin fós amuigh ag an tráth sin. Sa chás nach bhfuil Ráiteas um Shíntiúis nó Ráiteas um Chaiteachas Maoiniúcháin Státchiste faighte faoi 30 Aibreán agus go bhfuil an fhíric seo curtha in iúl ag an gCoimisiún um Chaighdeáin don Roinn Airgeadais, cuirfidh sé in iúl don Roinn Airgeadais má agus nuair a fhaightear an ráiteas ábhartha.
Coinnítear Ráitis um Chaiteachas Maoiniúcháin Státchiste agus comhfhreagras le hoifigigh chuí a bhaineann leis an rud céanna i gcomhaid fhisiciúla aonair. Coinníonn an Coimisiún um Chaighdeáin comhaid fhisiciúla ar bun freisin a bhaineann le comhfhreagras ginearálta maidir le maoiniúchán Státchiste do pháirtithe polaitíochta agus Ráitis um Chaiteachas Maoiniúcháin Státchiste. Coinnítear comhfhreagras a bhaineann le maoiniúchán Státchiste do pháirtithe polaitíochta cáilithe agus Ráitis um Chaiteachas Maoiniúcháin Státchiste ar bhunachar sonraí leictreonach freisin.
K Cleachtas agus nós imeachta i ndáil le treoirlínte a fhoilsiú agus comhairle a sholáthar faoi na hAchtanna Toghcháin
Ceanglaíonn ailt 4(6)(a) agus (b) de na hAchtanna Toghcháin ar an gCoimisiún um Chaighdeáin treoirlínte a fhoilsiú agus comhairle a sholáthar do dhaoine a mbaineann forálacha Chodanna III, IV, V nó VI de na hAchtanna Toghcháin leo, maidir leis na céimeanna atá le glacadh ag daoine den sórt sin chun éascú leo ceanglais na reachtaíochta a chomhlíonadh.
Baineann na forálacha atá i gceist le:
- Cuid III - Maoiniúchán státchiste do pháirtithe polaitíochta cáilithe;
- Cuid IV - Síntiúis a ghlacadh agus a nochtadh agus cuntais síntiús polaitíochta a oscailt;
- Cuid V - Speansais toghcháin ag toghcháin Dála agus Eorpacha a theorannú, a nochtadh agus a aisíoc; agus
- Cuid VI - Síntiúis a ghlacadh agus a nochtadh, cuntais síntiús polaitíochta a oscailt agus speansais toghcháin ag toghcháin uachtaránachta a theorannú, a nochtadh agus a aisíoc.
Tá na daoine seo a leanas san áireamh leo siúd a bhfoilsítear treoirlínte agus a dtugtar comhairle dóibh:
- oifigigh chuí agus gníomhairí náisiúnta páirtithe polaitíochta
- Comhaltaí agus Feisirí Eorpacha
- iarrthóirí ag toghcháin Dála, Seanaid, Eorpacha agus uachtaránachta
- gníomhairí toghcháin iarrthóirí ag toghcháin Dála, Eorpacha agus uachtaránachta
- daoine atá freagrach as tríú páirtithe agus aonaid chuntasaíochta pháirtithe polaitíochta.
Bíonn treoirlínte agus comhairle arna dtabhairt ag an gCoimisiún um Chaighdeáin ceangailteach go reachtúil .i. ní mór do dhuine na treoirlínte / comhairle a chomhlíonadh ach amháin sa chás go mbeadh sé / sí ag sárú foráil eile den reachtaíocht agus sin á dhéanamh acu.
Tá gach treoirlíne arna foilsiú ag an gCoimisiún um Chaighdeáin faoi na hAchtanna ar fáil go poiblí cheana féin agus féadtar teacht orthu gan dul i muinín na reachtaíochta um Shaoráil Faisnéise.
Coinníonn an Coimisiún um Chaighdeáin bunachar sonraí leictreonach ar bun faoina gcuid cliant ina dtaifeadtar mionsonraí ar fhiosrúcháin a dhéantar agus ar chomhairle a thugtar. Faightear gnáthfhiosrúcháin (.i. maidir le spriocdhátaí faoi shíntiúis srl. a nochtadh, teorainneacha maidir le síntiúis a nochtadh, teorainneacha caiteachais) trí ghlaonna teileafóin nó ar an ríomhphost de ghnáth agus freagraíonn Rúnaíocht an Choimisiúin um Chaighdeáin iad go díreach. Má fhaightear iad trí ghlaonna teilfeaóin, ní gnách go dtaifeadtar iad. Sábháiltear gach freagra ar fhiosrúcháin ríomhphoist ar bhunachar sonraí ríomhphoist agus leictreonach araon, agus sa chomhad fisiciúil ábhartha.
De réir alt 4(10) de na hAchtanna Toghcháin, tarmligtear baill áirithe d’fhoireann Rúnaíocht an Choimisiúin um Chaighdeáin le comhairle a sholáthar faoi na hAchtanna Toghcháin. Sa chás go meastar go bhfuil fiosrúchán teileafóin ina iarratas ar chomhairle faoi chuimsiú chiall na nAchtanna Toghcháin, cuirfear an t-iarratas ar aghaidh chuig ball foirne atá tarmligthe chun comhairle den sórt sin a sholáthar. Taifeadtar an t-iarratas agus an chomhairle a tugadh ar chomhad fisiciúil an chliaint agus ar bhunachar sonraí leictreonach. Sa chás gur feiliúnach amhlaidh a dhéanamh dar leis / léi, féadfaidh ball den Rúnaíocht tabhairt ar dhuine a bhfuil fiosrúchán teileafóin á dhéanamh acu, a iarratas ar chomhairle a chur isteach i scríbhinn nó ar an ríomhphost.
Sa chás go bhfaightear iarratas sonrach ar chomhairle faoi na hAchtanna Toghcháin, tá 21 lá ag an gCoimisiún um Chaighdeáin leis an gcomhairle a chur ar fáil nó a chinneadh le diúltú le comhairle a chur ar fáil faoin ngnó, a chur in iúl don duine. Sa chás go ndéantar iarratas ar chomhairle, ní bheidh forálacha na nAchtanna Toghcháin a bhaineann leis an duine a rinneadh an t-iarratas, infheidhmithe i leith an duine sin go dtí go mbeidh an chomhairle curtha ar fáil ag an gCoimisiún um Chaighdeáin nó go mbeidh a chinneadh le diúltú le comhairle a chur ar fáil faoin ngnó, curtha in iúl don duine aige. Freagraítear iarratais scríofa nó ar an ríomhphost ar chomhairle i scríbhinn faoi cheann 21 lá i gcónaí. Cuirtear an t-iarratas agus an chomhairle arna soláthar i gcomhad fisiciúil ábhartha an chliaint agus ar bhunachar sonraí leictreonacha.
L Cleachtas agus nós imeachta i ndáil le faisnéis, atá i gcáipéisíocht reachtúil arna fáil faoi na hAchtanna Toghcháin, a nochtadh
Forálann na hAchtanna Toghcháin go gcuirfidh an Coimisiún um Chaighdeáin tuarascálacha ar fáil do Chathaoirleach Dháil Éireann, sa chás gur cuí amhlaidh a dhéanamh dar leis, maidir le haon ghnóthaí a bhaineann le tuairisceáin reachtúla arna bhfáil aige faoi na hAchtanna Toghcháin. Leagtar tuarascálacha a chuireann an Coimisiún um Chaighdeáin ar fáil don Cheann Comhairle, os comhair Thithe an Oireachtais ina dhiaidh sin.
Ceanglaítear ar an gCoimisiún um Chaighdeáin cóipeanna de cháipéisíocht reachtúil arna fáil aige, a leagan os comhair Thithe an Oireachtais freisin agus cáipéisíocht den sórt sin a chur ar fáil go scrúdódh an pobal é. Is iad na heisceachtaí maidir leis seo ná Deimhnithe Síntiús Airgid agus ráitis ó institiúidí airgeadais maidir le Cuntais Síntiús Polatíochta nach bhféadfar a nochtadh ach amháin i gcúinsí sonracha ar foráladh dóibh sna hAchtanna Toghcháin.
Is é cleachtas an Choimisiúin um Chaighdeáin féachaint le tuarascáil a chur ar fáil do Chathaoirleach Dháil Éireann agus cóipeanna na cáipéisíochta reachtúla arna fáil aige a leagan os comhair Thithe an Oireachtais faoi cheann 6 - 8 seachtaine ón spriocdháta reachtúil ábhartha.
Ullmhaíonn an Coimisiún um Chaighdeáin preas ráiteas de ghnáth le dul in éineacht le tuarascáil a chuirtear ar fáil do Chathaoirleach Dháil Éireann. Scaiptear an preas ráiteas ar na meáin chumarsáide agus ar pháirtithe eile ar spéis leo é. Foilsítear idir an preas ráiteas agus an tuarascáil ar shuíomh idirlín an Choimisiúin um Chaighdeáin freisin (www.sipo.gov.ie).
Nuair atá an cháipéisíocht reachtúil leagtha os comhair Thithe an Oireachtais, cuirtear ar fáil don phobal é lena scrúdú agus a chóipeáil ag oifigí an Choimisiúin um Chaighdeáin. Foilsítear cuid mhaith den fhaisnéis atá sa cháipéisíocht reachtúil a chuirtear ar fáil don Choimisiún um Chaighdeáin i bhformáid achomair ar shuíomh idirlín an Choimisiúin um Chaighdeáin.
M. Cleachtas agus nós imeachta i ndail le fiosrúcháin faoi cháis ina bhféadfadh na hAchtanna Toghcháin a bheith sáraithe:
Faoi alt 4 den Acht um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí (Acht 2001), féadfaidh duine gearán a dhéanamh sa chás go measann sé / sí go bhféadfadh forálacha Acht Toghcháin 1997 a bheith sáraithe ag duine sonraithe (féach gluais ag Cuid 2 le haghaidh sainmhínithe ar dhuine sonraithe). Déanfar gearán arna dhéanamh faoi alt 4 d’Acht 2001 a imscrúdú de réir fhorálacha na nAchtanna um Eitic.
Seachas an nós imeachta thuas maidir le gearáin, níl aon nós imeachta foirmiúil leagtha amach sna hAchtanna Toghcháin maidir le gearáin. Féadfaidh duine a mheasann go bhféadfadh na hAchtanna Toghcháin a bheith sáraithe, gearán a dhéanamh i scríbhinn leis an gCoimisiún um Chaighdeáin áfach. Ceanglófar ar an duine mionsonraí a sholáthar ar an ngéarán agus ar an gcás ina líomhnaítear gur sáraíodh an reachtaíocht.
Coisctear ar an gCoimisiún um Chaighdeáin gníomhú faoi ghearán mura nochtar céannacht an duine a bhfuil an gearán á dhéanamh aige dó. Féadfaidh an Coimisiún um Chaighdeáin úsáid a bhaint as faisnéis atá i ngearán gan ainm, áfach, más cuí amhlaidh a dhéanamh dar leis, mar bhonn chun fiosrúchán a thionscnamh maidir le cás ina bhféadfadh na hAchtanna Toghcháin a bheith sáraithe.
Tá an Coimisiún um Chaighdeáin cumhachtaithe faoi na hAchtanna Toghcháin le fiosrúcháin a dhéanamh den sórt agus is cuí dar leis agus lena cheangal ar aon duine aon fhaisnéis, cháipéis nó rud atá i seilbh an duine nó a bhfuil an duine in ann seilbh a fháil air, a bhféadfadh a bheith ag teastáil ón gCoimisiún um Chaighdeáin chun críocha a chuid dualgas faoi na hAchtanna Toghcháin, a chur ar fáil.
Sa chás go measann an Coimisiún um Chaighdeáin go bhféadfadh na hAchtanna Toghcháin a bheith sáraithe, cuirfidh sé sin in iúl don duine atá i gceist agus tabharfaidh sé 14 lá don duine le haon ní a d’fhéadfadh a bheith le rá aige / aici maidir leis an ngnó, a sholathar. Má mheasann an Coimisiún um Chaighdeáin fós go bhféadfadh na hAchtanna Toghcháin a bheith sáraithe ag an duine agus nithe den sórt sin breithnithe aige, ceanglaítear air tuarascáil scríofa faoin ngnó a chur ar fáil don Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí. Chomhairligh Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí don Choimisiún um Chaighdeáin aon tuarascálacha den sórt sin a chur ar aghaidh chuig na Gardaí go díreach áfach.