- Scipeáil Nascleanúna |
- Mapa an Láithreáin |
- Ráiteas Inrochtaineacht
- | Text Size: A |
- A |
- A
- 18 Lower Leeson Street, Baile Átha Cliath 2, Eire.
- +353 (0)1 - 639 - 5666
- +353 (0)1 - 639 - 5684
- sipo@sipo.gov.ie
- Eolas Fúinne
- Treoirlínte
- Cóid Iompair
- Gearáin
- Tuarascálacha
- Preas Ráiteas
- Foilseacháin Ghinearálta
- Toghcháin
- Síntiúis a Nochtadh
- Maoiniú Státchiste
- Do leathanach
- Foirmeacha
Leamhlabhair S15/16
Gluais téarmaí a bhaineann le Cuid 3
Cuspóirí Polaitíochta
Ciallaíonn cuspóirí polaitíochta aon cheann de na cuspóirí seo a leanas, mar atá:
(i)(I) leasanna páirtí polaitíochta, grúpa polaitíochta, comhalta ceachtar Teach den Oireachtas nó ionadaí i bParlaimint na hEorpa a chur chun cinn, nó cur ina gcoinne, go díreach nó go hindíreach, nó
(II) beartais nó beartas áirithe de chuid páirtí polaitíochta, grúpa polaitíochta, comhalta ceachtar Teach den Oireachtas, ionadaí i bParlaimint na hEorpa nó tríú páirtí, a chur i láthair, go díreach nó go hindíreach, nó
(III) nótaí tráchta páirtí polaitíochta, grúpa polaitíochta, comhalta ceachtar Teach den Oireachtas, ionadaí i bParlaimint na hEorpa nó tríú páirtí a chur i láthair, go díreach nó go hindíreach, maidir le beartas nó beartais pháirtí pholaitíochta eile, ghrúpa polaitíochta eile, chomhalta eile de cheachtar Teach den Oireachtas, ionadaí eile i bParlaimint na hEorpa, tríú páirtí eile nó iarrthóir eile ag toghchán nó reifreann nó rud eile, nó
(IV) leasanna tríú páirtí a chur chun cinn, nó cur ina gcoinne, go díreach nó go hindíreach, i dtaca le reáchtáil nó bainistiú aon fheachtais arna reáchtáil d’fhonn toradh áirithe a chur chun cinn nó a bhaint amach i ndáil le beartas nó beartais nó feidhmeanna de chuid an Rialtais nó aon údarás poiblí.
(ii) toghadh iarrthóra ag toghchán Dála, Seanaid nó Eorpach, a chur chun cinn, nó cur ina choinne, go díreach nó go hindíreach, nó vótaí a lorg do nó i gcoinne iarrthóra nó beartais nó beartas áirithe iarrthóra nó dearcaí iarrthóra a chur i láthair ar aon cheist i dtaca leis an toghchán nó ráitis iarrthóra maidir le beartas nó beartais pháirtí pholaitíochta nó ghrúpa polaitíochta nó iarrthóir eile ag an toghchán nó rud eile;
(iii) tionchar a imirt ar bhealach eile ar thoradh an toghcháin nó reifrinn nó feachtais ar tagraíodh dó i mír (i)(IV) den sainmhíniú seo.
Oifigeach Cuí
Ceanglaítear ar pháirtí polaitíochta oifigeach cuí a cheapadh chun críocha Ráiteas um Shíntiúis an pháirtí a chur ar fáil don Choimisiún um Chaighdeáin, agus gnóthaí eile. Ní mór do gach páirtí ainm agus seoladh an duine a cheaptar a chur in iúl don Choimisiún um Chaighdeáin agus fógra cosúil leis sin a thabhairt má thagann aon athrú ar an gceapachán. Ní mór do gach “páirtí cáilithe” mionsonraí ar a oifigeach cuí a sholáthar don Choimisiún um Chaighdeáin agus don Aire Airgeadais. Má tharlaíonn sé, ag tráth ar bith, nach ndéantar aon oifigeach cuí a cheapadh, measfar go mbeidh ceannaire an pháirtí ceaptha mar an oifigeach cuí.
Duine Freagrach
Is éard a chiallaíonn duine freagrach, i ndáil le haonad cuntasaíochta, ná cisteoir nó aon duine eile a bhíonn freagrach as a bheith ag plé le síntiúis don aonad agus i ndail le “tríú páirtí”, ciallaíonn sé an duine a bhíonn freagrach as a eagrúchán, a bhainistíocht nó as gnóthaí airgeadais.