- Scipeáil Nascleanúna |
- Mapa an Láithreáin |
- Ráiteas Inrochtaineacht
- | Text Size: A |
- A |
- A
- 18 Lower Leeson Street, Baile Átha Cliath 2, Eire.
- +353 (0)1 - 639 - 5666
- +353 (0)1 - 639 - 5684
- sipo@sipo.gov.ie
- Eolas Fúinne
- Treoirlínte
- Cóid Iompair
- Gearáin
- Tuarascálacha
- Preas Ráiteas
- Foilseacháin Ghinearálta
- Toghcháin
- Síntiúis a Nochtadh
- Maoiniú Státchiste
- Do leathanach
- Foirmeacha
Leamhlabhair S15/16
Gluais téarmaí a bhaineann le Cuid 2:
Duine Bainteach
Cinnfear aon cheist maidir le cibé an bhfuil duine bainteach le duine eile, de réir na bhforálacha seo a leanas (ciallaíonn cinntiúchán go bhfuil duine amháin bainteach le duine eile, go bhfuil an duine eile bainteach leis an duine a luadh ar dtús freisin):
(i) tá duine bainteach le duine aonair más duine muinteartha an duine sin leis an duine aonair (ciallaíonn "duine muinteartha", i ndáil le duine - deartháir, deirfiúr, tuismitheoir nó céile an duine nó leanbh an duine nó na céile;)
(ii) tá duine, ina cháil nó ina cáil mar iontaobhaí iontaobhais, bainteach le pearsa aonair ar tairbhí den iontaobhas é nó í nó aon duine dá chuid leanaí nó dá cuid leanaí nó ar tairbhí den iontaobhas é ina leith aon chomhlacht corpraithe a rialaíonn sé nó sí,
(iii) tá duine bainteach le haon duine a bhfuil sé nó sí i gcomhpháirtíocht leo,
(iv) tá cuideachta bainteach le duine eile má bhíonn rialú ag an duine sin uirthi nó má bhíonn rialú ag an duine sin agus ag daoine atá bainteach leis an duine sin, ar an gcuideachta le chéile,
(v) caithfear le haon bheirt nó níos mó a ghníomhaíonn le chéile chun rialú a dhaingniú nó a fheidhmiú ar chuideachta, i ndáil leis an gcuideachta sin, mar dhaoine atá bainteach lena chéile agus le haon duine a ghníomhaíonn ar orduithe aon duine acu chun rialú a dhaingniú nó a fheidhmiú ar an gcuideachta.
Leas Ábhartha
Tá leas ábhartha ag duine nó ag duine bainteach i ní más rud é—
(a) gurb é an toradh nó an éifeacht a ghabhfadh leis an duine do chomhlíonadh feidhme de chuid a oifige nó a hoifige, a stiúrthóireachta, phoist ainmnithe nó a poist ainmnithe nó a phoist nó a poist mar chomhairleoir speisialta, de réir mar a bheidh, nó
(b) gurb é an toradh nó an éifeacht a ghabhfadh le haon chinneadh arna dhéanamh i ndáil leis an duine do chomhlíonadh feidhme den sórt sin nó i gcúrsa an duine sin a bheith ag comhlíonadh feidhme den sórt sin nó de thoradh an duine sin feidhm den sórt sin a chomhlíonadh,
ná go dtabharfaí tairbhe shuntasach don duine nó don duine bainteach nó go gcoimeádfaí tairbhe shuntasach siar ón duine nó ón duine bainteach gan í a thabhairt freisin, nó gan í a choimeád siar freisin, do dhaoine i gcoitinne nó uathu nó d'aicme daoine nó ó aicme daoine atá sách líonmhar ag féachaint do na cúinsí go léir agus ar duine den aicme sin an duine nó an duine bainteach.
Leas Ábhartha in ábhar imeachtaí i nDáil Éireann nó Seanad Éireann
Tá leas ábhartha ag duine nó ag duine bainteach in ábhar imeachtaí dá mbeadh sé d’iarmhairt nó d’éifeacht ag aon chinneadh de chuid an Tí nó an choiste nó an chomhchoiste atá i gceist, nó de chuid an Rialtais nó sealbhóra oifige, maidir leis an ngnó sin, go dtabharfaí tairbhe shuntasach don duine nó don duine bainteach nó go gcoimeádfaí tairbhe shuntasach siar ón duine nó ón duine bainteach gan í a thabhairt freisin, nó gan í a choimeád siar freisin, do dhaoine i gcoitinne nó uathu nó d'aicme daoine nó ó aicme daoine atá sách líonmhar ag féachaint do na cúinsí go léir agus ar duine den aicme sin an duine.
Údarás Ábhartha
Duine (nó daoine) i gcomhlacht poiblí arna fhorórdú ag an Aire Airgeadais mar an duine / na daoine a gcuireann sealbhóir post ainmnithe sa chomhlacht poiblí a Ráitis um Leasanna ar fáil dó.
Oifig Shinsearach
ciallaíonn oifig shinsearach -
(a) stiúrthóireacht ainmnithe comhlachta poiblí arna sonrú i bhfo-ailt (8) go dtí (12), nó a sheasann forórdaithe faoi fho-alt (13), de mhír 1 den Chéad Sceideal a ghabhann le hAcht 1995, nó
(b) post ainmnithe i gcomhlacht poiblí,
nach lú an luach saothair i ndáil leis ná an luach saothair is ísle i ndáil le post an Leas-Ard-Rúnaí sa Státseirbhís (faoi chuimsiú chiall Acht Rialuithe na Stát-Sheirbhíse, 1956).
Comhairleoir Speisialta
De réir alt 19(1) d’Acht 1995, duine -
(a) a shealbhaíonn nó a shealbhaigh post eisiata (faoi chuimsiú chiall Acht Choimisinéirí na Stát-Sheirbhíse, 1956) a roghnaíodh lena cheapadh don phost sin ag sealbhóir oifige go pearsanta seachas trí mheán nóis imeachta iomaíochta,
nó
(b) atá nó a bhí fostaithe faoi chonradh le haghaidh seirbhísí ag sealbhóir oifige, agus a roghnaíodh go mbronnfaí an conradh air, ag sealbhóir oifige go pearsanta seachas trí mheán nóis imeachta iomaíochta;
agus arb é nó arbh é a fheidhm nó a phríomhfheidhm mar dhuine den sórt sin, comhairle nó cúnamh eile a sholáthar do nó le haghaidh an tsealbhóra oifige;
[Tá duine arna cheapadh, trí ordú an Rialtais, ar iarratas Aire Rialtais, de bhun alt 11 den Acht um Bainistíocht na Seirbhíse Poiblí 1997, san áireamh le comhairleoir speisialta freisin.]
Duine Sonraithe
De réir alt 4(6)(a) d’Acht 2001, ciallaíonn duine sonraithe duine
(i) atá nó, a bhí, ag an tráth a mbaineann gearán leis, ina Shealbhóir Oifige nó arb é nó arbh é an tArd-Aighne (nach Comhalta é);
(ii) atá nó, ag an tráth a mbaineann gearán leis, a bhí ina chomhairleoir speisialta, stiúrthóir ainmnithe nó ina shealbhóir poist ainmnithe i gcomhlacht poiblí;
(iii) a shealbhaíonn nó a bhfuil stiúrthóireacht nó post fostaíochta i gcomhlacht poiblí aige, nó a shealbhaigh nó a raibh stiúrthóireacht nó post fostaíochta i gcomhlacht poiblí aige, ag an tráth a mbaineann gearán leis.
Ráiteas um Leasanna Breise
Dearbhú maidir le haon leasanna atá ag céile, leanbh nó ag leanbh na céile, arb eol go hiarbhír don Sealbhóir Oifig go bhféadfaidís tionchar ábhartha a imirt ar an Sealbhóir Oifige i, nó i ndáil le, feidhmiú fheidhmeanna a (h)oifige.