- Scipeáil Nascleanúna |
- Mapa an Láithreáin |
- Ráiteas Inrochtaineacht
- | Text Size: A |
- A |
- A
- 18 Lower Leeson Street, Baile Átha Cliath 2, Eire.
- +353 (0)1 - 639 - 5666
- +353 (0)1 - 639 - 5684
- sipo@sipo.gov.ie
- Eolas Fúinne
- Treoirlínte
- Cóid Iompair
- Gearáin
- Tuarascálacha
- Preas Ráiteas
- Foilseacháin Ghinearálta
- Toghcháin
- Síntiúis a Nochtadh
- Maoiniú Státchiste
- Do leathanach
- Foirmeacha
Leamhlabhair S15/16
Aguisín 9 - Céard atá ina speansais toghcháin
Forálann Alt 31 den Acht Toghcháin, 1997, faoi mar a leasaíodh le halt 50 den Acht Toghcháin (Leasú), 2001, gurb iad sin atá liostaithe anseo thíos, agus iad sin amháin, na speansais toghcháin:
(a) Fógraíocht (cibé meán a mbaintear úsáid as).
Tá táillí gníomhaireachta, costaisí dearthóireachta agus costaisí eile a tharraingítear i dtaca le fógraíocht den sórt sin a ullmhú, a tháirgeadh, a dháileadh nó a scaipeadh ar bhealaí eile san áireamh le speansais i leith fógraíocht den sórt sin.
[NÓTA: Tá costaisí a tharraingítear le suíomh nua idirlín a fhorbairt nó codanna breise a fhorbairt ar shuíomh idirlín atá ann cheana féin chun críocha iarrthóir nó páirtí polaitíochta a chur chun cinn ar an idirlíon, ina speansais toghcháin.]
(b) Poiblíocht.
Tá speansais a tharraingítear i leith craoltaí páirtí polaitíochta, aon seirbhísí nó áiseanna a sholáthraítear i dtaca le preas ócáidí nó gnóthaí eile leis na meáin chumarsáide, comhairle agus oiliúint maidir leis na meáin chumarsáide agus grianghrafadóireacht, san áireamh le speansais i leith an ghnó sin.
(c) Póstaeir Toghcháin.
Tá na costaisí le póstaeir toghcháin a dhearadh, a tháirgeadh, a phriontáil, a chur suas agus a bhaint anuas san áireamh le speansais i leith ábhair den sórt sin.
(d) Ábhar eile toghcháin.
Tá dearthóireacht, táirgeadh, priontáil agus scaipeadh ábhair den sórt sin (seachas póstaeir), lena n-áirítear cártaí stocaireachta, bileoga toghcháin, forógraí toghcháin, nuachtlitreacha agus ábhair eile bholscaireachta toghcháin san áireamh le speansais i leith ábhair den sórt sin.
(e) Oifig agus Stáiseanóireacht.
Tá costaisí a tarraingíodh agus áitreabh oifige nó seomraí cruinnithe ar cíos nó á (n)úsáid chun críocha toghcháin (seachas chun críocha comhdhálacha bliantúla nó comhdhálacha eile de chuid an pháirtí) san áireamh le speansais i leith na ngnóthaí sin chomh maith le costaisí téimh, aibhléise, áireachais, trealamh oifige a cheannach nó a fháil ar cíos, teileafóin, stáiseanóireacht agus postas.
(f) Iompar agus taisteal.
Tá speansais a tarraingíodh ar iompar agus taisteal (ar mhodh ar bith), peitreal agus díosal, feithiclí feachtasaíochta ar cíos nó á n-úsáid, feithiclí ar cíos nó á n-úsáid le vótóirí a iompar lá na vótaíochta, costaisí lóistín, seirbhísí tacsaí agus heaicní agus seirbhísí cúiréireachta, san áireamh le speansais i leith na ngnóthaí sin.
(g) Taighde ar an Margadh.
Tá speansais a tarraingíodh agus pobalmheas nó suirbhé eile cosúil leis á dheanamh a bhaineann le toghchán laistigh den tréimhse 60 lá roimh lá na vótaíochta ag an toghchán ag nó thar ceann páirtí polaitíochta, grúpa polaitíochta nó iarrthóra ag an toghchán san áireamh le speansais i leith an ghnó sin.
(h) Oibrithe feachtasaíochta.
Tá íocaíochtaí le hoibrithe feachtasaíochta, áireachas agus costaisí eile san áireamh le speansais i leith an ghnó sin.