Standards in Public Office Commission/Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí logo
  • 18 Lower Leeson Street, Baile Átha Cliath 2, Eire.
  • Teil: +353 (0)1 - 639 - 5666
  • Faics: +353 (0)1 - 639 - 5684
  • R-phost: sipo@sipo.gov.ie

Leamhlabhair S15/16

Aguisín 8 - Ráiteas um Chleachtas i ndáil le Ráitis um Shíntiúis agus Ráitis um Speansais Toghcháin ag toghcháin Dála agus Eorpacha a phróiseáil

Réamhrá

Forálann an tAcht Toghcháin, 1997 faoi mar a leasaíodh ("an tAcht") le haghaidh cáipéisíocht reachtúil áirithe arna chur ar fáil don Choimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí (an Coimisiún um Chaighdeáin) ag toghcháin Dála agus Eorpacha. Is iad seo a leanas na cáipéisí reachtúla seo:

  • Ráiteas um Shíntiúis / Dearbhú Reachtúil le bheith comhlánaithe ag iarrthóirí nár éirigh leo.
  • Ráiteas um Speansais Toghcháin / Dearbhú Reachtúil agus sonraisc le tacú leo srl. le bheith comhlánaithe ag gníomhairí toghcháin iarrthóirí agus gníomhairí náisiúnta páirtithe polaitíochta a chuaigh san iomaíocht sa toghchán.
  • Deimhniú Síntiús Airgid / Dearbhú Reachtúil agus ráiteas bainc le dul leo le bheith comhlánaithe ag iarrthóirí nár éirigh leo ar ceanglaíodh orthu cuntas síntiús polaitíochta a oscailt.

Lena chois sin, cáilíonn iarrthóirí a thoghtar nó a fhaigheann leordhóthain vótaí ag an toghchán le haisíocaíocht ina speansais toghcháin. Iarrtar ar iarrthóirí cáilithe Foirm le haghaidh Iarratais ar Aisíocaíocht Speansas Toghcháin a chomhlánú.

 

Freagracht an Choimisiúin um Chaighdeáin i ndáil le tuairisceáin reachtúla arna gcur ar fáil dó a fhoilsiú.

Ceanglaítear ar an gCoimisiún um Chaighdeáin cóip de gach Ráiteas um Shíntiúis agus Ráiteas um Speansais Toghcháin dá gcuirtear ar fáil dó a leagan os comhair Thithe an Oireachtais. Ceanglaítear air Ráitis um Speansais Toghcháin a leagan os comhair na dTithe "chomh luath agus a fhéadfar tar éis" dóibh a bheith faighte.

Lena chois sin, ceanglaítear ar an gCoimisiún um Chaighdeáin, sa chás gur cuí amhlaidh a dhéanamh dar leis, tuairisciú do Chathaoirleach Dháil Éireann maidir le haon cheist a thagann chun cinn i ndáil le Ráitis um Shíntiúis agus Ráitis um Speansais Toghcháin.

Ceanglaítear ar an gCoimisiún um Chaighdeáin cóip de gach Ráiteas um Shíntiúis agus Ráiteas um Speansais Toghcháin dá gcuirtear ar fáil dó, a choinneáil ag a oifigí, ar feadh tréimhse trí bliana, agus ligean do dhaoine sa phobal iad a scrúdú agus cóipeanna a thógáil de ráitis den sórt sin.

Ní leagtar Deimhnithe Síntiús Airgid agus Iarratais ar Aisíocaíocht Speansas Toghcháin os comhair Thithe an Oireachtais ná ní chuirtear ar taispeáint go poiblí iad.  Bonn leis an ráiteas seo um chleachtas.

Tuigeann an Coimisiún um Chaighdeáin a inmhianaithe is a bheadh sé go leagfaí Ráitis um Shíntiúis agus Ráitis um Speansais Toghcháin os comhair Thithe an Oireachtais agus go gcuirfear ar taispeáint go poiblí iad chomh luath agus is féidir tar éis an spriocdháta reachtúil maidir le hiad a fháil. Measann an Coimisiún um Chaighdeain, áfach, sular féidir seo a dhéanamh, go gcaithfidh sé a bheith sásta go bhfuil an fhaisnéis atá ar na Ráitis um Shíntiúis / Ráitis um Speansais Toghcháin, ceart. Nuair a loic iarrthóirí agus gníomhairí a Ráitis um Shíntiúis / Ráitis um Speansais Toghcháin a chomhlánú i gceart faoin spriocdháta reachtúil roimhe seo, chruthaigh moilleanna a tharla ina dhiaidh sin, ó thaobh na leasuithe riachtanacha a dhéanamh nuair a sheoltar a gcuid tuairisceán ar ais chucu, deacrachtaí don Choimisiún um Chaighdeáin ó thaobh a thuarascáil a dhéanamh don Cheann Comhairle agus an t-ábhar a chur ar taispeáint go poiblí ar bhealach tráthúil.

Chun moill maidir leis an ábhar a chur ar fáil, a sheachaint, d’fhéadfadh an Coimisiún um Chaighdeáin ligean do thuairisceáin, a chreideann sé a bheith comhlánaithe go mícheart, a bheith curtha ar fáil go poiblí. Ní mheastar gur bealach sásúil é seo le dualgas reachtúil do Thithe an Oireachtais agus don phobal ginearálta a chomhlíonadh. Lena chinntiú, mar sin, go gcuirtear ábhar atá comhlánaithe i gceart ar fáil go poiblí ar bhealach níos tráthúla, tá an cleachtas seo a leanas comhaontaithe ag an gCoimisiún um Chaighdeáin i ndáil le Ráitis um Shíntiúis agus Ráitis um Speansais Toghcháin a fháil amach anseo ag toghcháin Dála agus Eorpacha.

A   Na spriocdhátaí reachtúla a chomhlíonadh.

Ní mór Ráitis um Shíntiúis / Ráitis um Speansais Toghcháin a chur ar fáil don Choimisiún um Chaighdeáin faoi cheann 56 lá ó lá na vótaíochta. Tá sé ina chion ag iarrthóir nár éirigh leo nó ag gníomhaire loiceadh an spriocdháta reachtúil seo a chomhlíonadh. Is é an pionós don chion seo ná fíneáil chomh mór le €1,269.74. Lena chois sin, féadfar fíneáil leanúnach chomh mór le €126.97 a ghearradh in aghaidh gach lá, tar éis ciontaithe, dá bhfuil Ráiteas um Shíntiúis / Ráiteas um Speansais Toghcháin fós amuigh.

Eiseoidh an Coimisiún um Chaighdeáin na foirmeacha riachtanacha d’iarrthóirí agus ghníomhairí faoi cheann 21 lá ó lá na vótaíochta.

Beidh baill de Rúnaíocht an Choimisiúin um Chaighdeáin ar fáil le comhairle a sholáthar d’iarrthóirí agus do ghníomhairí toghcháin maidir lena bhfoirmeacha a chomhlánú. Tá cruinnithe leis na hiarrthóirí / gníomhairí san áireamh leis seo más gá.

Sa tseachtain roimh an spriocdháta reachtúil, scríobhfaidh an Coimisiún um Chaighdeáin chuig iarrthóirí / gníomhairí á chur i gcuimhne dóibh an dáta nach mór a gcuid foirmeacha a bheith curtha ar fáil faoi.

Nuair atá Ráiteas um Shíntiúis / Ráiteas um Speansais Toghcháin faighte, eiseoidh an Coimisiún um Chaighdeáin admháil scríofa láithreach.

Eiseoidh an Coimisiún um Chaighdeáin meabhrúchán foirmiúil seacht lá tar éis an spriocdháta reachtúil d’aon iarrthóir / ghníomhaire nach bhfuil Ráiteas um Shíntiúis / Ráiteas um Speansais Toghcháin curtha ar fáil acu. Tarraingeoidh an meabhrúchán aird ar an gcion / bpionós má loictear an fhoirm ábhartha a sheoladh ar ais.

Eiseoidh an Coimisiún um Chaighdeáin an dara meabhrúchán ceithre lá dhéag tar éis an spriocdháta reachtúil d’aon iarrthóir / ghníomhaire nach bhfuil Ráiteas um Shíntiúis / Ráiteas um Speansais Toghcháin curtha ar fáil acu.

Má bhíonn Ráiteas um Shíntiúis / Ráiteas um Speansais Toghcháin fós amuigh 21 lá tar éis an spriocdháta reachtúil, eiseoidh an Coimisiún um Chaighdeáin meabhrúchán deiridh don iarrthóir / ghníomhaire atá i gceist. Tarraingeoidh an meabhrúchán seo aird arís ar an gcion / bpionós má loictear an fhoirm ábhartha a sheoladh ar ais agus comhairleoidh sé don iarrthóir / ghníomhaire atá i gceist go gcuirfear an gnó ar aghaidh chuig na Gardaí má loictear an tuairisceán riachtanach a dhéanamh faoi chean seacht lá ón tráth a sheoltar an meabhrúchán seo.

Mura bhfuil Ráiteas um Shíntiúis / Ráiteas um Speansais Toghcháin faighte 28 lá tar éis an spriocdháta reachtúil, cuirfidh an Coimisiún um Chaighdeáin an gnó ar aghaidh chuig na Gardaí.

Má fhaightear Ráiteas um Shíntiúis / Ráiteas um Speansais Toghcháin tar éis don ghnó a bheith curtha ar aghaidh chuig na Gardaí, cuirfidh an Coimisiún um Chaighdeáin sin in iúl do na Gardaí dá réir. Is faoi na Gardaí a bheidh sé cinneadh a dhéanamh cibé an rachfar ar aghaidh le himscrúdú a dhéanamh ar an gcion maidir le loiceadh Ráiteas um Shíntiúis / Ráiteas um Speansais Toghcháin a chur ar fáil faoin spriocdháta reachtúil.

Luafar gach cás dár cuireadh ar aghaidh chuig na Gardaí i dtuarascáil an Choimisiúin um Chaighdeáin don Cheann Comhairle maidir leis an toghchán agus sa phreas ráiteas a théann in éineacht leis.

Féadfaidh an Coimisiún um Chaighdeáin mionsonraí a chur san áireamh ina thuarascáil ar na hiarrthóirí / gníomhairí sin a loic Ráiteas um Shíntiúis / Ráiteas um Speansais Toghcháin a chur ar fáil faoin spriocdháta reachtúil in éineacht leis an dáta a bhfuarthas an ráiteas ina dhiaidh sin.

B   Seasamh maidir le Ráitis um Shíntiúis / Ráitis um Speansais Toghcháin a sheoltar ar ais lena leasú.

Forálann an tAcht, sa chás go n-aimsíonn an Coimisiún um Chaighdeáin earráid nó rud atá in easnamh, tar éis dó Ráiteas um Shíntiúis / Ráiteas um Speansais Toghcháin a bhreithniú, go bhféadfaidh sé an earráid nó an t-easnamh a chur in iúl don duine a chuir an ráiteas ar fáil, agus 14 lá a thabhairt dó / di leis an ráiteas a leasú.

Sa chás gur féidir, cuirfear aon earráidí nó easnaimh dá n-aimsítear in iúl don iarrthóir / ghníomhaire faoi cheann 28 lá ón tráth a fhaightear an Ráiteas um Shíntiúis / Ráiteas um Speansais Toghcháin.

Tabharfar 14 lá don iarrthóir / ghníomhaire leis an Ráiteas um Shíntiúis / Ráiteas um Speansais Toghcháin a leasú.

Sa chás go bhfuil Ráiteas um Shíntiúis / Ráiteas um Speansais Toghcháin á leasú, ní mór an dearbhú reachtúil a théann in éineacht leis a athmhionnú agus a athdhátú.

Mura bhfaightear Ráiteas um Shíntiúis / Ráiteas um Speansais Toghcháin leasaithe faoi cheann an 14 lá, eiseofar meabhrúchán lena dtabharfar seacht lá breise don iarrthóir / ghníomhaire leis an Ráiteas um Shíntiúis / Ráiteas um Speansais Toghcháin a leasú agus a sheoladh ar ais.

Cinnfidh an Coimisiún um Chaighdeáin dáta ar a gcuirfidh sé a thuarascáil ar an toghchán ar fáil don Cheann Comhairle agus a leagfaidh sé na tuairiscéain reachtúla ábhartha os comhair Thithe an Oireachtais agus iad a chur ar taispeáint go poiblí. Cuirfear an dáta atá beartaithe ag an gCoimisiún um Chaighdeáin i leith na tuarascála in iúl d’iarrthóirí / ghníomhairí a bhfuil a gcuid Ráiteas um Shíntiúis / Ráiteas um Speansais Toghcháin leasaithe fós amuigh.

Más rud é nach bhfuil Ráiteas um Shíntiúis / Ráiteas um Speansais Toghcháin leasaithe faighte faoin am go mbeidh tuarascáil an Choimisiúin um Chaighdeáin tugtha chun críche, tagrófar don iarrthóir / ghníomhaire atá i gceist sa tuarascáil mar cheann a loic Ráiteas um Shíntiúis / Ráiteas um Speansais Toghcháin a comhlánaíodh i gceart, a chur ar fáil. Beidh nóta sa tuarascáil freisin nach bhfuil an ráiteas ábhartha i leith an iarrthóra / ghníomhaire seo á leagan os comhair Thithe an Oireachtais ná á chur ar taispeáint go poiblí.

Tar éis dó a thuarascáil a fhoilsiú, leanfaidh an Coimisiún um Chaighdeáin ar aghaidh le bheith ag leanúint leis na hiarrthóirí / gníomhairí sin nach bhfuil a gcuid Ráiteas um Shíntiúis / Ráiteas um Speansais Toghcháin, arna gcomhlánú i gceart, seolta ar ais acu.

Back to contents



This site conforms to W3C XHTML 1.0 recommendations| This site conforms to W3C CSS recommendations| This site meets WAI Priority 3 recommendations|