- Scipeáil Nascleanúna |
- Mapa an Láithreáin |
- Ráiteas Inrochtaineacht
- | Text Size: A |
- A |
- A
- 18 Lower Leeson Street, Baile Átha Cliath 2, Eire.
- +353 (0)1 - 639 - 5666
- +353 (0)1 - 639 - 5684
- sipo@sipo.gov.ie
- Eolas Fúinne
- Treoirlínte
- Cóid Iompair
- Gearáin
- Tuarascálacha
- Preas Ráiteas
- Foilseacháin Ghinearálta
- Toghcháin
- Síntiúis a Nochtadh
- Maoiniú Státchiste
- Do leathanach
- Foirmeacha
Leamhlabhair S15/16
Aguisín 5 - Imeachtaí le hAirgead a Thiomsú
Ag déanamh amach luach glan ranníocaíochta d’imeacht le hairgead a thiomsú
De réir fhorálacha alt 22(2)(a)(vi & vii) den Acht Toghcháin, 1997, faoi mar a leasaíodh, tá luach glan ranníocaíochta d’imeacht le hairgead a thiomsú, san áireamh le síntiús. Tagtar ar luach glan ranníocaíochta d’imeacht tríd an mbrabús glan ón imeacht a ríomhadh ar dtús (.i. tríd an gcostas as an imeacht a reáchtáil a bhaint den tsuim iomlán arna tiomsú leis an imeacht). Cuirtear an brabús glan síos ansin do líon na ndaoine a thug airgead don imeacht i gcomhréir leis an méid a thug gach duine. Tugann sé seo luach glan ranníocaíocht gach duine don imeacht tiomsaithe airgid.
Más rud é, mar shampla, i ndáil le himeacht tiomsaithe airgid, go raibh €1,000 íoctha ag duine i leith an táille iontrála le haghaidh deichniúir, ba é an ranníocaíocht comhlán don imeacht ná €1,000. Dá mba é €20 in aghaidh an duine an costas leis an imeacht a reáchtáil, bhainfí €200 de ranníocaíocht chomhlán an duine, ag fágáil €800 mar ranníocaíocht ghlan. Má thug an duine tacaíocht airgid don imeacht ar bhealaí eile (m.sh. capaill a cheannach ag oíche rása, urraíocht a dhéanamh ar pholl ag clasaic gailf) ba ghá luach ranníocaíochtaí den sórt sin a chur le ranníocaíocht ghlan an €800 chun críocha luach glan comhiomlán ranníocaíocht an duine don imeacht tiomsaithe airgid a dhéanamh amach.
Imeachtaí tiomsaithe airgid arna n-eagrú ag páirtí polaitíochta
- Meastar go bhfuil an ranníocaíocht ghlan arna dhéanamh ag duine d’imeacht tiomsaithe airgid arna eagrú ag páirtí polaitíochta ina shíntiús don pháirtí polaitíochta, fiú má bhaintear úsáid as na cistí ina dhiaidh sin chun críocha tacú le ionadaithe tofa nó iarrthóir(í) an pháirtí i dtoghchán.
- Ní cheanglófar ar an bpáirtí luach iomlán fháltais an imeachta tiomsaithe airgid a nochtadh i Ráiteas um Shíntiúis.
- Ceanglófar ar an bpáirtí aon síntiús/síntiúis ó dhuine os cionn €5,078.95 a nochtadh.
- Baineann uasteorainn an €6,348.69 maidir le síntiúis a ghlacann páirtithe polaitíochta ón duine céanna sa bhliain chéanna le luach glan na ranníocaíochtaí d’imeachtaí tiomsaithe airgid freisin.
- Má théann luach glan aon síntiús aonair airgid d’imeacht tiomsaithe airgid os cionn €126.97, ceanglófar ar aonad cuntasaíochta an pháirtí (.i. craobh nó príomhoifig) a d’eagraigh an imeacht, cuntas síntiús polaitíochta a oscailt, mura bhfuil ceann aige cheana féin.
- Mura dtéann luach glan gach síntiús aonair airgid don imeacht os cionn €126.97, ní cheanglófar ar aonad cuntasaíochta an pháirtí cuntas síntiús polaitíochta a oscailt.
- Má tá cuntas síntiús polaitíochta ag an aonad cuntasaíochta cheana féin, ní mór gach síntiús airgid, cibé luach a bhaineann leo, dá bhfaightear i ndáil leis an imeacht, a thaisceadh sa chuntas síntiús polaitíochta.
Imeachtaí Tiomsaithe Airgid arna n-eagrú ag iarrthóir nó ionadaí tofa
- Ní cheanglófar ar an iarrthóir nó ionadaí tofa luach iomlán fháltais an imeachta tiomsaithe airgid a nochtadh i ráiteas síntiús.
- Ceanglófar ar an iarrthóir nó ionadaí tofa aon síntiúis ó dhuine a thugann airgead don imeacht a théann os cionn luach glan €634.87, a nochtadh.
- Baineann uasteorainn an €2,539.48 maidir le suim na síntiús gur féidir le hiarrthóirí nó le hionadaithe tofa glacadh leo ó aon duine amháin sa bhliain chéanna, le luach glan na ranníocaíochtaí d’imeachtaí tiomsaithe airgid freisin.
- Má théann luach glan aon síntiús airgid d’imeacht tiomsaithe airgid arna eagrú ag iarrthóir nó ionadaí tofa os cionn €126.97, ceanglófar ar an iarrthóir/nó ionadaí tofa cuntas síntiús polaitíochta a oscailt, mura bhfuil ceann aige/aici cheana féin agus an síntiús agus gach síntiús airgid ina dhiaidh sin a thaisceadh sa chuntas.
- Mura dtéann luach glan gach síntiús aonair airgid don imeacht os cionn €126.97, ní cheanglófar ar an iarrthóir/nó ionadaí tofa cuntas síntiús polaitíochta a oscailt.
- Má tá cuntas síntiús polaitíochta oscailte ag an iarrthóir nó ionadaí tofa cheana féin, ní mór gach síntiús airgid, cibé luach a bheidh orthu, dá bhfaightear i ndáil leis an imeacht, a thaisceadh sa chuntas.
Imeachtaí tiomsaithe airgid arna n-eagrú thar ceann iarrthóra/nó ionadaí tofa ag duine nó grúpa seachas an t-iarrthóir/nó ionadaí tofa nó an páirtí
Caithfear mar seo a leanas le cistí arna dtiomsú ag imeacht arna eagrú thar ceann iarrthóra ag duine nó grúpa seachas an t-iarrthóir/nó hionadaí tofa nó páirtí polaitíochta an iarrthóra/nó ionadaí tofa (m.sh. grúpaí "Cairde..."):
Má thugtar na cistí ar láimh don iarrthóir/nó ionadaí tofa
- Breathnaítear ar an duine/grúpa tiomsaithe airgid mar idirghabhálaí atá ag glacadh le síntiúis thar ceann an iarrthóra nó ionadaí tofa.
- Ní cheanglófar ar an iarrthóir nó ionadaí tofa luach iomlán fháltais an imeachta arna bhfáil ón duine/grúpa tiomsaithe airgid a nochtadh i Ráiteas um Shíntiúis.
- Ceanglófar ar an iarrthóir nó ionadaí tofa aon síntiúis ó ranníocóirí aonair don imeacht tiomsaithe airgid atá os cionn luach glan €634.87, a nochtadh.
- Baineann uasteorainn an €2,539.48 maidir le suim na síntiús gur féidir le hiarrthóirí nó ionadaithe tofa glacadh leo ó aon duine amháin sa bhliain chéanna, le luach glan na ranníocaíochtaí d’imeachtaí tiomsaithe airgid freisin.
- Má théann luach glan aon síntiús aonair airgid don imeacht os cionn €126.97, ceanglófar ar an iarrthóir nó ionadaí tofa cuntas síntiús polaitíochta a oscailt, mura bhfuil ceann aige/aici cheana féin agus an síntiús agus gach síntiús airgid ina dhiaidh sin a thaisceadh sa chuntas.
- Mura dtéann luach glan aon síntiús aonair airgid don imeacht os cionn €126.97, ní cheanglófar ar an iarrthóir nó ionadaí tofa cuntas síntiús polaitíochta a oscailt.
- Má tá cuntas síntiús polaitíochta ag an iarrthóir/nó ionadaí tofa cheana féin, ní mor gach síntiús airgid, cibé luach a bheidh orthu, dá bhfaightear i ndáil leis an imeacht, a thaisceadh sa chuntas.
Mura dtugtar na cistí ar láimh don iarrthóir/nó ionadaí tofa
- Ní bhreathnaítear ar an duine/grúpa tiomsaithe airgid mar idirghabhálaí atá ag glacadh le síntiúis thar ceann an iarrthóra nó hionadaí tofa.
- Má théann luach glan aon síntiús don imeacht tiomsaithe airgid os cionn €126.97, ceanglófar ar an duine/grúpa tiomsaithe airgid clárú leis an gCoimisiún um Chaighdeáin mar thríú páirtí agus na rialacha a bhaineann le tríú páirtithe a chomhlíonadh.
- Má tá faoin duine/grúpa tiomsaithe airgid caiteachas a tharraingt air féin ag an toghchán Eorpach, cibé an bhfaigheann sé síntiús os cionn €126.97 nó nach bhfaigheann, beidh sé riachtanach na rialacha a bhaineann le daoine eile. (Ciallaíonn "pearsa eile" duine nó grúpa, seachas iarrthóir, gníomhaire toghcháin iarrthóra, gníomhaire náisúnta páirtí polaitíochta nó triú páirtí a bhfuil sé I gceist aige/aici caiteachas a thabhú ag toghchán don Dáil nó ag toghchán Eorpach.)
- Féadfaidh caiteachas a thabhaigh duine / grúpa tiomsaithe airgid ag toghchán don Dáil nó ag toghchán Eorpach a bheith measta gur chaiteachais é a tabhaíodh thar ceann an iarrthóra agus féadfaidh sé a bheith riachtanach go n-áireoidh gníomhaire toghcháin an iarrthóra é.
- Féadfar breathnú ar aon speansais toghcháin arna dtarraingt air féin, nó ar aon íocaíochtaí arna ndéanamh, ag an duine/grúpa tiomsaithe airgid thar ceann an iarrthóra/nó ionadaí tofa, mar shíntiúis don iarrthóir.
- Má théann luach iomlán na síntiús ón duine/grúpa tiomsaithe airgid don iarrthóir nó ionadaí tofa os cionn €634.87, féadfar ceangal ar an iarrthóir nó ionadaí tofa mionsonraí an chéanna a nochtadh ina Ráiteas um Shíntiúis.
- Is é uasluach na síntiús gur féidir le hiarrthóir nó hionadaí tofa glacadh leo ó dhuine/ghrúpa tiomsaithe airgid nach mbreathnaítear air mar idirghabhálaí, ná €2,539.48 in aon bhliain.