- Scipeáil Nascleanúna |
- Mapa an Láithreáin |
- Ráiteas Inrochtaineacht
- | Text Size: A |
- A |
- A
- 18 Lower Leeson Street, Baile Átha Cliath 2, Eire.
- +353 (0)1 - 639 - 5666
- +353 (0)1 - 639 - 5684
- sipo@sipo.gov.ie
- Eolas Fúinne
- Treoirlínte
- Cóid Iompair
- Gearáin
- Tuarascálacha
- Preas Ráiteas
- Foilseacháin Ghinearálta
- Toghcháin
- Síntiúis a Nochtadh
- Maoiniú Státchiste
- Do leathanach
- Foirmeacha
Leamhlabhair S15/16
4.2 Feidhmeanna an Choimisiúin um Chaighdeáin faoin Acht um Liúntas Ceannairí Páirtí agus gníomhartha riaracháin arna ndéanamh aige i bhfeidhmiú na bhfeidhmeanna sin
Gach bliain, cuireann an Roinn Airgeadais in iúl don Choimisiúin um Chaighdeáin suim an mhaoiniúcháin arna híoc le ceannaire parlaiminte gach páirtí cáilithe i leith na bliana roimhe sin.
Scríobhann an Coimisiún um Chaighdeáin chuig gach ceann de na ceannairí parlaiminte ag tús mhí Mhárta gach bliain á chomhairliú faoin ngá le ráiteas caiteachais ón liúntas a chur ar fáil i leith na bliana féilire roimhe sin. Comhairlítear sa litir nach mór dóibh mionsonraí a sholathar, faoi gach ceannteideal, ar na nithe sonracha ar feidhmíodh an caiteachas ina leith agus nach mór tuarascáil iniúchóra a bheith in éineacht leis an ráiteas. Cuirtear foirm le haghaidh Ráitis um Chaiteachas an Liúntais Cheannairí Páirtí san áireamh lena comhlánú agus le seoladh ar ais chuig an gCoimisiún um Chaighdeáin faoi 31 Márta. Ní shonraítear an dáta seo sa reachtaíocht. Roghnaítear é lena chinntiú go mbíonn leordhóthain ama ag ceannairí páirtí lena ráitis a chur ar fáil, agus aird á tabhairt ar spriocdháta reachtúil an 30 Aibreán (.i. deireadh thréimhse na 120 lá). Is féidir foirm shamplach a fháil ag Aguisín 13.
Mura bhfuil Ráiteas um Chaiteachas faighte faoi 31ú Márta, scríobhann an Coimisiún um Chaighdeáin chuig ceannaire an pháirtí atá i gceist le forálacha an Achta um Liúntas Ceannairí Páirtí a chomhairliú dó/di maidir le híocaíocht mhaoiniúcháin á stopadh mura bhfaightear an ráiteas agus tuarascáil iniúchóra faoi 30 Aibreán.
Ceanglaítear ar an gCoimisiún um Chaighdeáin gach ráiteas agus tuarascáil iniúchóra dá gcuirtear ar fáil dó, a bhreithniú, agus más gá, dul i gcomhairle leis an gceannaire parlaiminte maidir le haon rud atá sa ráiteas.
Admhaíonn an Coimisiún um Chaighdeáin gach Ráiteas um Chaiteachas an Liúntais Cheannairí Páirtí agus tuarascáil Iniúchóra a théann leis, dá bhfaightear. Seiceáiltear gach ráiteas lena chinntiú go bhfuil sé comhlánaithe i gceart, agus gur caitheadh an maoiniúchán de réir fhorálacha na reachtaíochta. Ba chóir a thabhairt faoi deara sa chás nach gcaitear maoiniúchán i leith bliain áirithe, sa bhliain sin, nach mór cuntas a thabhairt ann sa ráiteas/sna ráitis don bhliain ina gcaitear féin é.
Sa chás go dtagtar ar earráid, seoltar an Ráiteas ar ais agus tugtar deis do cheannaire an pháirtí an ráiteas a leasú. Más cuí amhlaidh a dhéanamh dar leis, féadfaidh an Coimisiún um Chaighdeáin tuilleadh soiléirithe a iarraidh i ndáil le mionsonraí arna soláthar sa Ráiteas. Sa chás go bhfuil ráiteas leasaithe nó go bhfuil tuilleadh soiléirithe soláthraithe, féadfaidh an Coimisiún um Chaighdeáin iarraidh go bhfíoróidh iniúchóirí an pháirtí an leasú/na leasuithe nó an soiléiriú/ na soiléirithe.
Ceanglaítear ar an gCoimisiún um Chaighdeáin tuarascáil a chur ar fáil don Aire Airgeadais maidir leis na ráitis agus tuarascálacha iniúchóirí a fhaightear. Cuirtear an tuarascáil seo ar fáil de ghnáth nuair atá na Ráitis uile um Chaiteachas Liúntais Cheannairí Páirtí tugtha chun críche. Ní mór don Choimisiún um Chaighdeáin an méid seo a leanas a léiriú ina thuarascáil:
(i) cibé ar cuireadh na ráitis agus tuarascálacha iniúchóirí isteach faoi cheann na tréimhse sonraithe,
(ii) cibé an nochtar aon chaiteachas nach gcomhlíonann fo-alt 1(10)(5),
(iii) cibé an bhfuil na ráitis leordhóthaineach sásúil, nó
(iv) cibé an bhfuil na ráitis míchuí.
I ndáil le (i) thuas, cé go bhforálann an tAcht um Liúntas Ceannairí Páirtí nach ceadmhach liúntas a íoc ach sa chás go bhfaightear an ráiteas agus tuarascáil an iniúchóra faoi cheann an scála ama riachtanaigh, chuir an Roinn Airgeadais in iúl don Choimisiún um Chaighdeáin go gcuirfear íocaíocht an Liúntais siar go dtí go bhfaighfear an ráiteas agus tuarascáil an iniúchóra.
Toisc go ndéanann an Roinn Airgeadais an Liúntas Ceannaire Páirtí a íoc go riaráisteach ar bhonn míosúil, agus nach bhfoilsítear tuarascáil an Choimisiúin um Chaighdeáin go deireadh mhí na Bealtaine de ghnáth, scríobhann an Coimisiún um Chaighdeáin litir ar leithligh chuig an Roinn Airgeadais go luath i mí na Bealtaine leis na Ráitis um Chaiteachas a fuarthas faoi 30 Aibreán a chur in iúl dó, agus cibé an bhfuil aon ráitis fós amuigh ag an tráth sin. Sa chás nach bhfuil Ráiteas um Chaiteachas faighte faoi 30 Aibreán agus go bhfuil an fhíric seo curtha in iúl ag an gCoimisiún um Chaighdeáin don Roinn Airgeadais, cuirfidh sé in iúl don Roinn Airgeadais má agus nuair a fhaightear an Ráiteas.
Ceanglaítear ar an gCoimisiún um Chaighdeáin cóip den tuarascáil don Aire Airgeadais a leagan os comhair gach Teach den Oireachtas. Go praiticiúil, cuireann an Coimisiún um Chaighdeáin cóip den tuarascáil ar fáil don Aire Airgeadais an lá sula leagtar os comhair Thithe an Oireachtais é. Ní mór don Choimisiún um Chaighdeáin cóip de na ráitis agus de thuarascálacha na n-iniúchóirí a fhaightear a choinneáil ar feadh trí bliana agus a chur ar fáil don phobal lena scrúdú agus a chóipeáil. Foilsítear an tuarascáil agus mionsonraí achoimre ar na Ráitis um Chaiteachas ar shuíomh idirlín an Choimisiúin um Chaighdeáin.
Coinnítear na Ráitis um Chaiteachas agus comhfhreagras le ceannairí parlaiminte a bhaineann leo i gcomhaid fhisiciúla. Coinníonn an Coimisiún um Chaighdeáin comhaid fhisiciúla agus leictreonacha a bhaineann le comhfhreagras ginearálta maidir leis an Liúntas Ceannairí Páirtí freisin.