- Scipeáil Nascleanúna |
- Mapa an Láithreáin |
- Ráiteas Inrochtaineacht
- | Text Size: A |
- A |
- A
- 18 Lower Leeson Street, Baile Átha Cliath 2, Eire.
- +353 (0)1 - 639 - 5666
- +353 (0)1 - 639 - 5684
- sipo@sipo.gov.ie
- Eolas Fúinne
- Treoirlínte
- Cóid Iompair
- Gearáin
- Tuarascálacha
- Preas Ráiteas
- Foilseacháin Ghinearálta
- Toghcháin
- Síntiúis a Nochtadh
- Maoiniú Státchiste
- Do leathanach
- Foirmeacha
Leamhlabhair S15/16
4.1 Ceanglais an Achta um Liúntas Ceannairí Páirtí
Forálann an tAcht um an Oireachtas (Oifigí Aireachta agus Parlaiminte) (Leasú) 2001 (“an tAcht um Liúntas Ceannairí Páirtí”) go n-íocfar liúntas bliantúil le ceannaire parlaiminte ar “pháirtí cáilithe” i ndáil le speansais a thagann de bharr ghníomhaíochtaí parlaiminte, lena n-áirítear taighde, de chuid an pháirtí. Íocann an Roinn Airgeadais an liúntas, a dtagraítear dó mar an Liúntas Ceannairí Páirtí. Tá ról maoirseachta ag an gCoimisiún um Chaighdeáin i ndáil le caiteachas an liúntais.
Sainmhínítear “páirtí cáilithe” san Acht um Liúntas Ceannairí Páirtí mar pháirtí polaitíochta atá cláraithe i gClár na bPáirtithe Polaitíochta a chuaigh san iomaíocht san olltoghchán deiridh nó in aon fhothoghcháin ina dhiaidh sin agus ar toghadh comhalta amháin ar a laghad leo chuig Dáil Éireann nó a toghadh nó a ainmníodh chuig Seanad Éireann ag an olltoghchán sin nó ag aon fhothoghcháin ina dhiaidh sin.
Ríomhtar an liúntas le haghaidh gach ceannaire parlaiminte trí thagairt d’ionadaíocht an pháirtí i nDáil agus Seanad Éireann. Má dhéanann páirtí cáilithe cuid den Rialtas, laghdaítear na comhliúntais i leith a chomhaltaí Dála, agus iad sin amháin, faoi aon trian.
Forálann an tAcht um Liúntas Ceannairí Páirtí le haghaidh liúntas €48,547 in aghaidh an chomhalta i gcomhair gach duine den chéad deichniúr comhalta de pháirtí cáilithe a thoghtar chuig Dáil Éireann, €38,837 in aghaidh an chomhalta i gcomhair gach comhalta ó 11 go dtí 30 comhalta, agus €19,423 i gcomhair gach comhalta os cionn 30 comhalta.
Forálann an tAcht um Liúntas Ceannairí Páirtí le haghaidh liúntas €31,743 in aghaidh an chomhalta i gcomhair gach duine den chéad cúigear comhalta a thoghtar nó a ainmnítear chuig Seanad Éireann, agus €15,872 i gcomhair gach comhalta ina dhiaidh sin.
Forálann an tAcht um Liúntas Ceannairí Páirtí le haghaidh liúntas €27, 934 i gcomhair comhaltaí na Dála nach comhaltaí páirtí iad agus le haghaidh liúntas €15,872 i gcomhair comhaltaí an tSeanaid nach comhaltaí páirtí iad. Ní cheanglaítear ar chomhaltaí na Dála agus an tSeanaid nach comhaltaí páirtí iad, tuairisceáin a dhéanamh chuig an gCoimisiún um Chaighdeáin le cuntas a thabhairt ina chaiteachas maidir leis an liúntas agus níl aon ról ag an gCoimisiún um Chaighdeáin i ndáil le monatóireacht ar chaiteachas den sórt sin.
Méadaítear na liúntais a bhforáiltear dóibh faoin Acht um Liúntas Ceannairí Páirtí ar aon dul le méaduithe ginearálta pá sa Státseirbhís agus ní ghearrtar cáin ioncaim orthu.
Íoctar an liúntas le ceannairí parlaiminte páirtithe cáilithe i ndáil le speansais a thagann de bharr ghníomhaíochtaí parlaiminte, lena n-áirítear taighde, de chuid an pháirtí. Forálann an tAcht um Liúntas Ceannairí Páirtí go bhfuil caiteachas ar na gnóthaí seo a leanas san áireamh le “speansais a thagann de bharr na ngníomhaíochtaí parlaiminte, lena n-áirítear taighde”:
(a) riarachán ginearálta gníomhaíochtaí parlaiminte de chuid páirtí cáilithe,
(b) soláthar comhairle teicniúla nó sainchomhairle ar dóigh a bheidh ag teastáil i dtaca le moltaí reachtaíochta nó nithe a d’fhéadfadh a bheith ina dtionscnaimh pharlaiminte,
(c) taighde agus oiliúint,
(d) beartais a fhoirmliú,
(e) seirbhísí sainchomhairle a sholáthar, lena n-áirítear seirbhísí caidreamh poiblí a fhostú,
(f) pobalmheas a dhéanamh nó sampláil ar dhearcaí an phobail i dtaca le díospóireachtaí nó tionscnaimh parlaiminte,
(g) seirbhísí tacaíochta a cheannach do pháirtí parlaiminte ón bpáirtí,
(h) íocaíocht aon tuarastal nó airgead láimhe le ceannaire parlaiminte i leith dualgas a thagann de bharr a g(h)níomhaíochtaí mar cheannaire den sórt sin agus mar dhualgais atá idirdhealaithe ó dhualgais chomhalta Dháil Éireann nó shealbhóir oifige Aireachta,
(i) íocaíocht aon tuarastal nó airgead láimhe le duine eile i leith dualgas a thagann de bharr ghníomhaíochtaí an duine i bpáirtí parlaiminte,
(j) soláthar le haghaidh, nó aisghabháil ar, caiteachais taistil agus caiteachais phearsanta arna tharraingt air féin ag ceannaire parlaiminte, oifigigh nó urlabhraí páirtí parlaiminte de thoradh a fheidhme sa pháirtí pharlaiminte,
(k) siamsaíocht.
Forálann alt 1.10(5) den Acht nach ceadmhach úsáid a bhaint as an liúntas le haghaidh, nó le haisghabháil a dhéanamh ar, speansas toghcháin nó vótaíochta a tarraingíodh faoi na hAchtanna seo a leanas:
(i) na hAchtanna Toghcháin 1923 go dtí 1990, nó na hAchtanna Toghcháin 1992 go dtí 1999,
(ii) na hAchtanna um Thoghcháin do Pharlaimint na hEorpa 1977 go dtí 1993, nó na hAchtanna um Thoghcháin do Pharlaimint na hEorpa 1992 go dtí 1999,
(iii) Achtanna Toghachán an Uachtaráin 1937 agus 1992, nó Achtanna Toghachán an Uachtaráin 1992 go dtí 1997,
(iv) Achtanna an Reifrinn 1942 go dtí 1992, nó Achtanna an Reifrinn 1992 go dtí 1998,
(v) na hAchtanna um Thoghcháin don Seanad (Comhaltaí Painéil) 1947 go dtí 1972, nó
(vi) na hAchtanna um Thoghcháin don Seanad (Comhaltaí Ollscoile) 1937 go dtí 1973.
Ní mór do cheannairí parlaiminte ráiteas d’aon chaiteachas ón liúntas a ullmhú, nó a chur faoi deara a ullmhaithe, tráth nach faide ná 120 lá tar éis dheireadh na bliana airgeadais inar íocadh liúntas (.i. faoi 30 Aibreán gach bliain). Ní mór an ráiteas a bheith iniúchta ag iniúchóir poiblí agus a bheith curtha faoi bhráid an Choimisiúin um Chaighdeáin in éineacht le tuarascáil an iniúchóra faoi cheann na tréimhse 120 lá. Cuirtear síneadh le tréimhse na 120 lá de bharr aon tréimhse a bhfuil an Dáil lánscortha lena haghaidh i rith na tréimhse sin. Forálann an tAcht um Liúntas Ceannairí Páirtí nach ceadmhach liúntas a íoc go dtí go mbeidh an ráiteas agus tuarascáil an iniúchóra faighte ag an gCoimisiún um Chaighdeáin tráth nach faide ná 120 lá tar éis dheireadh na bliana airgeadais lena mbaineann an ráiteas agus tuarascáil an iniúchóra.