- Scipeáil Nascleanúna |
- Mapa an Láithreáin |
- Ráiteas Inrochtaineacht
- | Text Size: A |
- A |
- A
- 18 Lower Leeson Street, Baile Átha Cliath 2, Eire.
- +353 (0)1 - 639 - 5666
- +353 (0)1 - 639 - 5684
- sipo@sipo.gov.ie
- Eolas Fúinne
- Treoirlínte
- Cóid Iompair
- Gearáin
- Tuarascálacha
- Preas Ráiteas
- Foilseacháin Ghinearálta
- Toghcháin
- Síntiúis a Nochtadh
- Maoiniú Státchiste
- Do leathanach
- Foirmeacha
Leamhlabhair S15/16
3.3 Taifid arna gcoinneáil ag an gCoimisiún um Chaighdeáin faoi na hAchtanna Toghcháin
Coinníonn an Coimisiún um Chaighdeáin na taifid thíos i bhfeidhmiú a fheidhmeanna faoi na hAchtanna Toghcháin. Léirítear ar gach catagóir taifid cibé an bhfuil an fhaisnéis atá istigh ann ar fáil go poiblí cheana féin. Sa chás go bhfuil cáipéis ar fáil go poiblí cheana féin, is féidir teacht air gan dul i muinín na nAchtanna um SF.
- Ráitis Bhliantúla um Shíntiúis arna bhfáil ó pháirtithe polaitíochta, Chomhaltaí agus Fheisirí Eorpacha (Ábhar foilsithe)
- Ráitis um Shíntiúis arna gcur ar fáil ag iarrthóirí nár éirigh leo ag toghcháin Dála, Seanaid agus Eorpacha agus ag gníomhairí toghcháin iarrthóirí ag toghcháin uachtaránachta. (Ábhar foilsithe)
- Comhfhreagras le nó a bhaineann le Ráitis um Shíntiúis arna gcur ar fáil ag páirtithe polaitíochta, Comhaltaí, Feisirí Eorpacha, iarrthóirí nár éirigh leo ag toghcháin Dála, Seanaid agus Eorpacha agus ag gníomhairí toghcháin iarrthóirí ag toghcháin uachtaránachta.
- Comhfhreagras le páirtithe polaitíochta, Comhaltaí, Feisirí Eorpacha, iarrthóirí nár éirigh leo ag toghcháin Dála, Seanaid agus Eorpacha, gníomhairí toghcháin iarrthóirí ag toghcháin uachtaránachta agus tríú páirithe maidir le síntiúis thoirmiscthe.
- Deimhnithe Síntiús Airgid agus ráitis ó institiúidí airgeadais arna gcur ar fáil ag Comhaltaí, Feisirí Eorpacha, iarrthóirí nár éirigh leo ag toghcháin Dála, Seanaid agus Eorpacha, gníomhairí toghcháin iarrthóirí ag toghcháin uachtaránachta, daoine atá freagrach as tríú páirtithe agus daoine atá freagrach as aonaid chuntasaíochta pháirtithe polaitíochta. (Forálann Alt 23B(8) de na hAchtanna Toghcháin nach nochtóidh an Coimisiún um Chaighdeáin ábhar na gcáipéisí seo ach amháin sa chás go n-ordaíonn Cúirt dó amhlaidh a dhéanamh nó sa chás gur ceanglas é a nochtadh mar sin i dtaca le himscrúdú arna reáchtáil ag an gCoimisiún um Chaighdeáin.)
- Comhfhreagras le nó a bhaineann le Deimhnithe Síntiús Airgid agus ráitis ó institiúidí airgeadais arna gcur ar fáil ag Comhaltaí, Feisirí Eorpacha, iarrthóirí nár éirigh leo ag toghcháin Dála, Seanaid agus Eorpacha, gníomhairí toghcháin iarrthóirí ag toghcháin uachtaránachta, daoine atá freagrach as tríú páirtithe agus daoine atá freagrach as aonaid chuntasaíochta pháirtithe polaitíochta.
- Ráitis um Shíntiúis arna gcur ar fáil ag daoine aonair a thug síntiúis, i mbliain fhéilire, a raibh a luach comhlán ba mhó ná €5,078.95 orthu, do chomhalta amháin nó níos mó den pháirtí polaitíochta céanna nó do pháirtí polaitíochta ann féin agus do dhuine amháin nó níos mó dá chomhaltaí. (Ábhar foilsithe)
- Comhfhreagras leis na daoine aonair thuas.
- Comhfhreagras le cuideachtaí, ceardchumainn, comhlachtaí ionadaíochta, Oifig um Chlárú Cuideachtaí agus Oifig Chláraitheoir na gCara-Chumann maidir le hAlt 26 de na hAchtanna Toghcháin.
- Comhfhreagras le páirtithe polaitíochta maidir lena n-aonaid chuntasaíochta a chur in iúl.
- Comhfhreagras le haonaid chuntasaíochta maidir le ceanglais na nAchtanna Toghcháin.
- Mionsonraí ar thríú páirtithe atá cláraithe leis an gCoimisiún um Chaighdeáin. (Ábhar foilsithe)
- Comhfhreagras le tríú páirtithe nó leo siúd a d’fhéadfadh a bheith ina dtríú páirtithe maidir le ceanglais na nAchtanna Toghcháin
- Fógraí Poiblí agus nótaí míniúcháin arna bhfoilsiú ag an gCoimisiún um Chaighdeáin (Ábhar foilsithe)
- Comhfhreagras le foilsitheoirí nuachtán, irisí srl. maidir le ceanglais alt 31(10) nó 52(9) de na hAchtanna Toghcháin.
- Comhfhreagras le Cinn Chomhairimh maidir le ceapachán gníomhairí toghcháin agus le páirtithe polaitíochta maidir le ceapachán oifigeach cuí agus ceapachán gníomhairí náisiúnta.
- Ráitis um Speansais Toghcháin agus cáipéisíocht le tacú leo (sonraisc, admhálacha nó dearbháin) arna gcur ar fáil ag gníomhairí toghcháin iarrthóra, gníomhairí náisiúnta agus “daoine eile” ag toghcháin Dála agus Eorpacha agus ag gníomhairí toghcháin iarrthóra ag toghchán uachtaránachta. (Ábhar foilsithe)
- Comhfhreagras le gníomhairí toghcháin, gníomhairí náisiúnta agus “daoine eile” maidir lena gceanglais faoi na hAchtanna Toghcháin agus i ndáil lena Ráitis um Speansais Toghcháin.
- Iarratais ar Aisíocaíocht Speansas Toghcháin arna bhfáil ó iarrthóirí cáilithe ag toghcháin Dála agus Eorpacha. (Ábhar foilsithe)
- Comhfhreagras le hiarrthóirí cáilithe maidir le haisíocaíocht a speansas toghcháin agus leis an Roinn Airgeadais maidir le híocaíocht aisíocaíochtaí.
- Ráitis um Chaiteachas Maoiniúcháin Státchiste agus tuarascálacha na n-iniúchóirí arna bhfáil ó pháirtithe polaitíochta cáilithe. (Ábhar foilsithe)
- Comhfhreagras le hoifigigh chuí pháirtithe polaitíochta cáilithe maidir lena gceanglais faoi na hAchtanna Toghcháin i ndáil le maoiniúchán Státchiste agus i ndáil leis na Ráitis um Chaiteachas Maoiniúcháin Státchiste arna gcur ar fáil acu.
- Comhfhreagras leis an Roinn Airgeadais maidir le híocaíochtaí maoiniúcháin Státchiste le páirtithe cáilithe faoi na hAchtanna Toghcháin.
- Treoirlínte arna n-eisiúint d’iarrthóirí, ghníomhairí toghcháin agus ghníomhairí náisiúnta ag toghcháin Dála, Eorpacha agus Uachtaránachta. (Ábhar foilsithe)
- Treoirlínte arna n-eisiúint do Chomhaltaí, Fheisirí Eorpacha agus pháirtithe polaitíochta maidir le síntiúis pholaitíochta a ghlacadh agus a nochtadh agus do pháirtithe polaitíochta cáilithe maidir le caiteachas maoiniúcháin Státchiste arna fháil faoi na hAchtanna Toghcháin. (Ábhar foilsithe)
- Comhairle, maidir le bheith ag comhlíonadh na reachaíochta, a thugtar d’oifigigh chuí agus do ghníomhairí náisiúnta páirtithe polaitíochta, do Chomhaltaí agus Fheisirí Eorpacha, iarrthóirí ag toghcháin Dála, Seanaid, Eorpacha agus uachtaránachta, ghníomhairí toghcháin iarrthóirí ag toghcháin Dála, Seanaid, Eorpacha agus uachtaránachta agus do dhaoine atá freagrach as tríú páirtithe agus aonaid chuntasaíochta pháirtithe polaitíochta.
- Tuarascálacha arna gcur ar fáil ag an gCoimisiún um Chaighdeáin don Cheann Comhairle. (Ábhar foilsithe)
- Preas ráitis arna n-eisiúint ag an gCoimisiún um Chaighdeáin. (Ábhar foilsithe)
- Tuarascálacha maidir le fiosrúcháin arna ndéanamh ar cháis ina bhféadfadh na hAchtanna Toghcháin a bheith sáraithe. (Ábhar foilsithe)
- Comhfhreagras maidir le fiosrúcháin arna ndéanamh ar cháis ina bhféadfadh na hAchtanna Toghcháin a bheith sáraithe.