Standards in Public Office Commission/Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí logo
  • 18 Lower Leeson Street, Baile Átha Cliath 2, Eire.
  • Teil: +353 (0)1 - 639 - 5666
  • Faics: +353 (0)1 - 639 - 5684
  • R-phost: sipo@sipo.gov.ie

Leamhlabhair S15/16

3.2 Feidhmeanna an Choimisiúin um Chaighdeáin faoi na hAchtanna Toghcháin agus gníomhartha riaracháin arna ndéanamh aige i bhfeidhmiú na bhfeidhmeanna sin - Ailt A - H

Leagtar amach feidhmeanna agus ról maoirseachta an Choimisiúin um Chaighdeáin faoi na hAchtanna Toghcháin sa chuid seo in éineacht leis na cleachtais agus nósanna imeachta riaracháin a mbaineann an Coimisiún um Chaighdeáin úsáid astu agus a fheidhmeanna ar siúl aige. Baineann na feidhmeanna seo go príomha le:

  • síntiúis arna bhfáil á nochtadh;
  • síntiúis thoirmiscthe á gcur ar ais nó á n-aisíoc;
  • cuntais síntiús polaitíochta á n-oscailt agus á gcoinneáil ar bun;
  • síntiúis arna dtabhairt ag deontóirí aonair á nochtadh (faoi alt 24(1A) de na hAchtanna Toghcháin);
  • síntiúis arna dtabhairt ag cuideachtaí, ceardchumainn srl. á nochtadh (faoi alt 26 de na hAchtanna Toghcháin);
  • comhlíonadh na nAchtanna Toghcháin ag tríú páirtithe;
  • comhlíonadh na nAchtanna Toghcháin ag aonaid chuntasaíochta pháirtithe polaitíochta;
  • speansais toghcháin ag toghcháin Dála, Eorpacha agus uachtaránachta á dteorannú agus á nochtadh;
  • speansais toghcháin á n-aisíoc le hiarrthóirí cáilithe ag toghcháin Dála, Eorpacha agus uachtaránachta;
  • caiteachas maoiniúcháin státchiste ag páirtithe polaitíochta cáilithe á thuairisciú; 
  • treoirlínte agus comhairle a sholáthar do dhaoine a mbaineann forálacha na nAchtanna Toghcháin leo;
  • faisnéis atá i gcáipéisíocht reachtúil a chuirtear ar fáil don Choimisiún um Chaighdeáin faoi na hAchtanna Toghcháin, á nochtadh; agus
  • fiosrúcháin a dhéanamh maidir le cáis ina bhféadfadh na hAchtanna Toghcháin a bheith sáraithe.

A    Cleachtas agus nós imeachta i ndáil le Ráitis um Síntiúis a ghlacadh

Sa chás go gceanglaítear ar dhuine Ráiteas um Shíntiúis a chur ar fáil (.i. Comhalta, Feisire Eorpach, oifigeach cuí, iarrthóir nach n-éiríonn leo nó gníomhaire toghcháin uachtaránachta de réir mar a d’fhéadfadh a bheith amhlaidh) scríobhfaidh an Coimisiún um Chaighdeáin chuig an duine agus cuirfidh a c(h)eanglais faoi na hAchtanna Toghcháin in iúl dó / di. Eisítear an litir seo amuigh is istigh ar cheithre seachtaine roimh dháta an spriocdháta reachtúil i gcás tuairisceán bliantúil agus chomh luath agus is féidir tar éis dháta na vótaíochta sa chás gur toghcháin atá i gceist. Déantar foirm ghlan le haghaidh Ráitis um Shíntiúis a iniamh leis an litir. 

Admhaíonn  an Coimisiún um Chaighdeáin nuair a fhaightear gach foirm le haghaidh Ráitis um Shíntiúis. Seiceáiltear an Ráiteas um Shíntiús lena chinntiú go bhfuil sé comhlánaithe i gceart agus, go háirithe, go bhfuil an dearbhú reachtúil sínithe agus duine ina fhinné i gceart dó.

Tá Coimisiún um Chaighdeáin dulta le Ráiteas um Chleachtas i ndáil le Ráitis um Shíntiúis a phróiseáil ag toghcháin Dála agus Eorpacha. Ceanglaítear an Ráiteas seo um Chleachtas ag Aguisín 9. Feidhmítear nósanna imeachta cosúil leo, faoi mar atá leagtha amach sa Ráiteas um Chleachtas, i leith Ráitis um Shíntiúis a bhíonn dlite go bliantúil, a phróiseáil agus i leith Ráitis um Shíntiúis a phróiseáil ag toghcháin uachtaránachta. 

Coinníonn an Coimisiún um Chaighdeáin comhad fisiciúil a bhaineann le gach duine a gceanglaítear orthu Ráiteas um Shíntiúis a chur ar fáil. Coimeádtar taifid ar chomhfhreagras le nó a bhaineann leis an duine agus cóipeanna bunaidh den cháipéisíocht reachtúil a chuirtear ar fáil, sna comhaid seo. Coinníonn an Coimisiún um Chaighdeáin bunachar sonraí leictreonach ar a dtaifeadtar comhfhreagras le nó a bhaineann leis an duine freisin.

 

B    Cleachtas agus nós imeachta i ndáil le síntiúis thoirmiscthe

Síntiúis gan ainm agus síntiúis ó ildeontóir atá toirmiscthe

Sa chás go gcuirtear in iúl don Choimisiún um Chaighdeáin go bhfuarthas síntiús gan ainm nó síntiús toirmiscthe ó dhuine a dhéanann síntiúis iomadúla, leagfaidh sé an fógra os comhair Thithe an Oireachtais de réir alt 23(3) nó 24A(4)(a) de na hAchtanna Toghcháin de réir mar is cuí. Murar cuireadh an síntiús nó luach an tsíntiúis, ar ais chuig an gCoimisiún um Chaighdeáin, iarrfaidh sé ar fhaighteoir an tsintiúis amhlaidh a dhéanamh láithreach. Agus an síntiús (nó luach an tsíntiúis) curtha ar ais, cuirfidh an Coimisiún um Chaighdeáin sin in iúl don Roinn Airgeadais agus iarrfaidh treoracha maidir le conas fáil réidh leis an síntiús.

Síntiúis ón gcoigcríoch

Sa chás go nochtar síntiús ar Ráiteas um Shíntiúis ó dheontóir nach gcónaíonn in oileán na hÉireann agus nach léirítear ar an Ráiteas um Shíntiúis gur saoránach Éireannach an deontóir, iarrfaidh an Coimisiún um Chaighdeáin ar an duine a bhfuil an Ráiteas um Shíntiúis á chur ar fáil aige a dhearbhú gur Saoránach Éireannach an duine. Glacann an Coimisiún um Chaighdeáin le dearbhú an fhaighteora de ghnáth gur saoránach Éireannach é an deontóir. Féadfaidh an Coimisiún um Chaighdeáin cruthúnas a lorg maidir le saoránacht deontóra áfach.

Sa chás go n-aithníonn an Coimisiún um Chaighdeáin nó go gcuirtear in iúl dó go bhfuarthas síntiús toirmiscthe ón gcoigríoch, iarrfaidh sé ar an bhfaighteoir an síntiús nó a luach sin a chur ar ais chuig an gCoimisiún um Chaighdeáin nó, a mhalairt air sin, fianaise a sholáthar gur seoladh an síntiús ar ais chuig an deontóir. 

Síntiuis os cionn na huasteorainne forórdaithe

Sa chás go nochtar síntiús atá os cionn na huasteorainne forórdaithe ar Ráiteas um Shíntiús, iarrfaidh an Coimisiún um Chaighdeáin ar an duine a bhfuil an ráiteas á chur ar fáil acu fianaise a sholáthar gur seoladh farasbarr an tsíntiuis ar ais chuig an deontóir nó a mhalairt air sin, gur cuireadh suim an fharasbairr ar ais chuig an gCoimisiún um Chaighdeáin.

Ní dhéantar aon fhoráil sna hAchtanna Toghcháin chun fógraí maidir le síntiúis ón gcoigríoch nó síntiúis os cionn na huasteorainne forórdaithe a leagan os comhair Thithe an Oireachtais. Ní leagann an Coimisiún um Chaighdeáin fógraí den sórt sin os comhair Thithe an Oireachtais mar sin. Cuirtear mionsonraí ar fhógraí den sórt sin san áireamh sa tuarascáil ábhartha de chuid an Choimisiúin um Chaighdeáin don Cheann Comhairle de ghnáth áfach. Leagtar tuarascálacha den sórt sin os comhair Thithe an Oireachtais agus foilsíonn an Coimisiún um Chaighdeáin iad.

Ar an gcaoi chéanna, ní fhorálann na hAchtanna Toghcháin le haghaidh a bheith ag fáil réidh le síntiúis ón gcoigríoch nó le síntiúis os cionn na huasteorainne forórdaithe a chuirtear ar ais chuig an gCoimisiún um Chaighdeáin. Sa chás go gcuirtear síntiús ón gcoigcríoch nó farasbarr síntiúis ar ais, lorgóidh an Coimisiún um Chaighdeáin treoir ón Roinn Airgeadais maidir le conas fáil reidh leis an síntiús.

Forálann na hAchtanna Toghcháin nach mór síntiúis thoirmiscthe a sheoladh ar ais chuig an deontóir nó a chur ar ais chuig an gCoimisiún um Chaigdheáin faoi cheann 14 lá ón uair a fhaightear iad. Tá sé ina chion gan amhlaidh a dhéanamh. Is é cleachtas an Choimisiúin um Chaighdeáin gan ionchúiseamh a lorg le haghaidh cionta den sórt sin sa chás go bhfuil forálacha na reachtaíochta comhlíonta ag an duine ar bhealaí eile .i. tríd an síntiús a sheoladh ar ais nó a chur ar ais chuig an gCoimisiún um Chaighdeáin.

C    Cleachtas agus nós imeachta i ndáil le Cuntais Síntiús Polaitíochta a oscailt agus a choinneáil ar bun

Sa chás go gceanglaítear ar dhuine Deimhniú Síntiúis Airgid agus ráiteas ó institiúid airgeadais a chur ar fáil, scríobhfaidh Rúnaíocht an Choimisiúin um Chaighdeáin chuig an duine agus cuirfidh a c(h)eanglais faoi na hAchtanna Toghcháin in iúl dó / di. Eisítear an litir seo amuigh is istigh ar cheithre seachtaine roimh dháta an spriocdháta reachtúil i gcáis tuairisceán bliantúil agus chomh luath agus is féidir i ndiaidh lá na vótaíochta sa chás gur toghcháin atá i gceist.  Déantar foirm ghlan le haghaidh Deimhnithe Síntiús Airgid a iniamh leis an litir. (Sa chás go gceanglaítear ar an duine Ráiteas um Shíntiúis a chur ar fáil freisin, eisítear litir aonair lena ndéantar an dá fhoirm a iniamh léi). 

Sa chás gur osclaíodh cuntas síntiús polaitíochta agus nach raibh an cuntas gníomhach (.i. ní raibh aon taiscí sa chuntas nó aistarraingtí uaidh ann) i rith na tréimhse ábhartha, iarrann an Coimisiún um Chaighdeáin go ndearbhóidh an duine é seo ar an bhfoirm le haghaidh an Deimhnithe Síntiús Airgid. I gcúinsí den sórt sin, ní cheanglaítear ar an duine an Dearbhú Reachtúil a chomhlánú nó ráiteas a chur ar fáil ón institiúid airgeadais ina gcoinnítear an cuntas síntiús polaitíochta.

Admhaíonn an Coimisiún um Chaighdeáin gach foirm le haghaidh Deimhnithe Síntiús Airgid agus ráiteas ó institiúidí airgeadais dá bhfaightear. Seiceáiltear an fhoirm le haghaidh Deimhnithe Síntiús Airgid lena chinntiú go bhfuil sé comhlánaithe i gceart agus, go háirithe, go bhfuil an dearbhú reachtúil sínithe agus duine ina fhinné i gceart dó, sa chás gur ceanglas amhlaidh a dhéanamh. Seiceáiltear an ráiteas ón institiúid airgeadais lena chinntiú go gclúdaíonn sé an tréimhse ábhartha (féach na míreanna le hurchair i gcuid 3.1B).

Sa chás gur ceanglas foirm le haghaidh Deimhnithe Síntiús Airgid agus ráiteas ó institiúid airgeadais a chur ar fáil agus nach bhfuarthas sin, eiseoidh an Coimisiún um Chaighdeáin meabhrúchán oifigiúil don duine a gceanglaítear air an tuairisceán a dhéanamh. Tarraingeoidh an meabhrúchán, a eiseofar an 7ú lá tar éis an spriocdháta reachtúil, aird ar an gcion / bpeannaid má loictear an fhoirm ábhartha a sheoladh ar ais. 

Eiseoidh an Coimisiún um Chaighdeáin an dara meabhrúchán d’aon duine a gceanglaítear orthu foirm le haghaidh Deimhnithe Síntiús Airgid agus ráiteas ó institiúid airgeadais a chur ar fáil, agus nach bhfuarthas sin uathu, ceithre lá dhéag tar éis an spriocdháta reachtúil ábhartha.

Má bhíonn foirm le haghaidh Deimhnithe Síntiús Airgid agus ráiteas ó institiúid airgeadais fós amuigh 21 lá tar éis an spriocdháta reachtúil, eiseoidh an Coimisiún um Chaighdeáin meabhrúchán deiridh don duine atá i gceist. Tarraingeoidh an meabhrúchán seo aird arís ar an gcion / bpeannaid má loictear an fhoirm ábhartha a sheoladh ar ais agus comhairleoidh sé don duine go bhféadfar an gnó a chur ar aghaidh chuig na Gardaí má loictear an tuairisceán riachtanach a dhéanamh faoi cheann seacht lá ón meabhrúchán seo.

Mura bhfaightear foirm le haghaidh Deimhnithe Síntiús Airgid agus ráiteas ó institiúid airgeadais 28 lá tar éis an spriocdháta reachtúil, breithneoidh an Coimisiún um Chaighdeáin cibé an gcuirfidh siad an gnó ar aghaidh chuig na Gardaí.

Má fhaigheann an Coimisiún um Chaighdeáin foirm le haghaidh Deimhnithe Síntiús Airgid agus ráiteas ó institiúid airgeadais ón duine atá i gceist, tar éis don ghnó a bheith curtha ar aghaidh chuig na Gardaí, cuirfidh sé sin in iúl do na Gardaí dá réir. Beidh sé faoi na Gardaí cinneadh a dhéanamh ansin cibé an rachfar ar aghaidh le himscrúdú a dhéanamh ar an gcion as loiceadh foirm le haghaidh Deimhnithe Síntiús Airgid agus ráiteas ó institiúid airgeadais a chur ar fáil faoin spriocdháta reachtúil.

Ba chóir a thabhairt faoi deara go luaitear cáis den sórt sin a chuirtear ar aghaidh chuig na Gardaí i dtuarascálacha a chuireann an Coimisiún um Chaighdeáin ar fáil don Cheann Comhairle. Féadfaidh an Coimisiún um Chaighdeáin mionsonraí a chur san áireamh ina thuarascáil ar dhaoine a loiceann foirm le haghaidh Deimhnithe Síntiús Airgid agus ráiteas ó institiúid airgeadais a chur ar fáil faoin spriochdháta reachtúil in éineacht leis an dáta a bhfuarthas an ráiteas ina dhiaidh.

Coinníonn an Coimisiún um Chaighdeáin comhad fisiciúil ar bun a bhaineann le gach duine / comhlacht a gceanglaítear orthu Deimhniú Síntiús Airgid agus ráiteas ó institiúid airgeadais a chur ar fáil. Sa chás go gceanglaítear ar an duine Ráiteas um Shíntiúis a chur ar fáil freisin, coinnítear comhad aonair ar bun i leith an dá thuairisceán. Coinnítear taifid ar chomhfhreagras leis an duine / comhlacht chomh maith le cóipeanna bunaidh den cháipéisíocht reachtúil a chuirtear ar fáil, sna comhaid seo. Coinníonn an Coimisiún um Chaighdeáin bunachar sonraí leictreonach ar bun freisin ina dtaifeadtar comhfhreagras le nó a bhaineann leis an duine / comhlacht.

D    Cleachtas agus nós imeachta i ndáil le síntiúis arna dtabhairt ag deontóirí aonair, a nochtadh, faoi alt 24(1A) de na hAchtanna Toghcháin

Foilsíonn an Coimisiún um Chaighdeáin fógra poiblí go bliantúil i nuachtáin náisiúnta lena gcuirtear chun suntais ceanglais alt 24(1A) de na hAchtanna Toghcháin. Foilsítear nóta mionsonraithe míniúcháin maidir le ceanglais alt 24(1A) ar shuíomh idirlín an Choimisiúin um Chaighdeáin. Bíonn cóip chrua den nóta míniúcháin ar fáil ach a iarraidh ón Rúnaíocht.

Déanann an Coimisiún um Chaighdeáin monatóireacht ar Ráitis um Shíntiúis arna bhfáil ó pháirtithe polaitíochta agus ó Chomhaltaí, Fheisirí Eorpacha agus iarrthóirí toghcháin, chun daoine aonair a aithint a bhféadfadh síntiúis iomadúla os cionn €5,078.95 a bheith tugtha acu do pháirtí polaitíochta agus / nó do dhuine amháin nó níos mó dá chomhaltaí.

Sa chás go gcuirtear deontóir alt 24(1A) in iúl don Choimisiún um Chaighdeáin nó go n-aithnítear é nó í ar bhealach eile, scríobhfaidh an Coimisiún um Chaighdeáin chuig an deontóir, lena c(h)eanglais faoi na hAchtanna Toghcháin a chomhairliú dó / di. Soláthrófar foirm le haghaidh Ráitis um Shíntiúis lena chomhlánú freisin.

Má chuirtear an duine in iúl do nó má aithnítear é / í don Choimisiún um Chaighdeáin roimh spriocdháta reachtúil an 31 Eanáir, ceanglófar ar an duine a Ráiteas um Shíntiúis a chur ar fáil faoin dáta seo. Má chuirtear an duine in iúl do / má aithnítear é / í don Choimisiún um Chaighdeáin i ndiaidh an dáta seo, tabharfar tréimhse réasúnach ama (14 lá de ghnáth) dó / di chun an Ráiteas um Shíntiúis a chur ar fáil. Mura bhfaightear an Ráiteas um Shíntiúis, eiseofar sraith mheabhrúchán. Tagróidh na meabhrúcháin seo don chion agus don pheannaid má loictear Ráiteas um Shíntiúis a chur ar fáil. Mura bhfaightear an Ráiteas um Shíntiúis faoi cheann 7 lá ó dháta eisithe tríú meabhrúchán, breithneoidh an Coimisiún um Chaighdeáin cibé an gcuirfidh siad an gnó ar aghaidh chuig na Gardaí.

Féadfaidh mionsonraí ar na síntiúis arna dtabhairt ag an duine a bheith istigh i dtuarascáil leis an gCoimisiún um Chaighdeáin don Cheann Comhairle agus foilseofar iad ar shuíomh idirlín an Choimisiúin um Chaighdeáin.

Coinníonn an Coimisiún um Chaighdeáin comhad fisiciúil a bhaineann le gach deontóir a gceanglaítear air Ráiteas um Shíntiúis a chur ar fáil. Coinnítear taifid ar chomhfhreagras le nó a bhaineann leis an duine chomh maith le cóipeanna bunaidh den cháipéisíocht reachtúil arna cur ar fáil, sna comhaid seo. Coinníonn an Coimisiún um Chaighdeáin bunachar sonraí leictreonach ina dtaifeadtar comhfhreagras le nó a bhaineann leis an duine freisin.

 

E    Cleachtas agus nós imeachta i ndáil le síntiúis arna dtabhairt ag cuideachtaí / ceardchumainn srl. a bheith á nochtadh i gcuntais bhliantúla / tuairisceáin bhliantúla

D’fhoilsigh an Coimisiún um Chaighdeáin fógra poiblí gach bliain sna nuachtáin náisiúnta lenar cuireadh ceanglais alt 26 na nAchtanna Toghcháin in iúl do chuideachtaí, cheardchumainn srl. Foilsítear nóta mionsonraithe míniúcháin maidir le ceanglais alt 26 ar shuíomh idirlín an Choimisiúin um Chaighdeáin freisin. Bíonn cóip chrua den nóta míniúcháin ar fáil ach a iarraidh ón Rúnaíocht.

Scríobhann an Coimisiún um Chaighdeáin chuig raon leathan comhlachtaí ionadaíocha freisin (m.sh. Cónaidhm Ghnólachtaí agus Fhostóirí na hÉireann, Comhdháil Cheardchumann na hÉireann) lena ndéantar cóip dá nóta míniúcháin a iniamh agus lena n-iarrtar orthu ceanglais alt 26 a chur in iúl dá chomhaltaí. Scríobhann an Coimisiún um Chaighdeáin go díreach chuig cuideachtaí nó comhlachtaí atá aitheanta aige mar chinn a thug síntiúis os cionn €5,078.95. Tá sé ina chleachtas ag an gCoimisiún um Chaighdeáin chomh maith seiceáil leis an Oifig um Chlárú Cuideachtaí go bhfuil mionsonraí ábhartha ar shíntiúis curtha san áireamh ag cuideachtaí den sórt sin ina dtuairisceáin chuig an oifig sin.

Coinníonn an Coimisiún um Chaighdeáin comhad fisiciúil ina gcoinnítear comhfhreagras le cuideachtaí, ceardchumainn nó comhlachtaí ionadaíochta maidir le halt 26 de na hAchtanna Toghcháin. Coinníonn an Coimisiún um Chaighdeáin bunachar sonraí leictreonach ina dtaifeadtar comhfhreagras den sórt sin freisin.

 

F    Cleachtas agus nós imeachta i ndáil le haonaid chuntasaíochta

Tháinig forálacha na nAchtanna i ndáil le haonaid chuntasaíochta i bhfeidhm an 01 Eanáir 2002. Bhí na chéad tuairisceáin le bheith istigh faoi 31 Márta, 2003, a bhí i leith 2002. Forálann na hAchtanna Toghcháin nach mór d’oifigeach cuí gach páirtí polaitíochta ainm agus seoladh gach aonad cuntasaíochta den pháirtí, lena n-áirítear ainm an duine atá freagrach as an aonad cuntasaíochta, a chur in iúl don Choimisiún um Chaighdeáin. Scríobhann an Coimisiún um Chaighdeáin chuig oifigigh chuí gach páirtí polaitíochta gach bliain le hiarraidh orthu stádas na n-aonad cuntasaíochta a cuireadh in iúl dó roimhe a dhearbhú agus chun mionsonraí ar aon aonaid chuntasaíochta nua a sholáthar.

Scríobhann an Coimisiún um Chaighdeáin chuig an duine atá freagrach as gach aonad cuntasaíochta a cuireadh in iúl dó, le ceanglais na reachtaíochta a chomhairliú dó / di agus Deimhniú Síntiús Airgid lena chomhlánú iniata leis. Eisítear an litir seo achar maith roimh spriocdháta 31 Márta.

Sa chás go bhfaightear Deimhniú Síntiús Airgid agus ráiteas ó institiúid airgeadais, eisíonn an Coimisiún um Chaighdeáin admháil láithreach chuig an duine atá freagrach as an aonad cuntasaíochta.

Coinníonn an Coimisiún um Chaighdeáin comhad fisiciúil ar bun a bhaineann le gach aonad cuntasaíochta dá gcuirtear in iúl dó. Coinnítear taifid ar chomhfhreagras le nó a bhaineann leis an aonad cuntasaíochta agus ar an gcáipéisíocht reachtúil a chuirtear ar fáil, sna comhaid seo. Coinníonn an Coimisiún um Chaighdeáin bunachar sonraí leictreonach ar bun freisin ina dtaifeadtar comhfhreagras le nó a bhaineann le haonad cuntasaíochta.

 

G    Cleachtas agus nós imeachta i ndáil le tríú páirtithe

Cuireann an Coimisiún um Chaighdeáin fógrán i nuachtáin náisiúnta go bliantúil, lena gcuirtear forálacha na reachtaíochta i ndáil le tríú páirtithe chun suntais. Foilsítear nóta mionsonraithe míniúcháin maidir leis na  ceanglais a ghabhann le tríú páirtithe ar shuíomh idirlín an Choimisiúin um Chaighdeáin. Bíonn cóip chrua den nóta míniúcháin ar fáil ach a iarraidh ón Rúnaíocht.

Scríobhann an Coimisiún um Chaighdeáin chuig aon daoine aonair / grúpaí arb eol dó, ó chlúdach sna meáin chumarsáide nó ar bhealaí eile, go bhféadfaidís a bheith i mbun gníomhaíochtaí atá faoi réir ag forálacha na reachtaíochta a bhaineann le tríú páirtithe (“tríú páirtithe infhéideartha”). Bíonn cóip dá nóta míniúcháin iniata leis an litir. Iarrtar ar an duine aonair / ngrúpa a bhreithniú cibé an gceanglaítear air clárú mar “thríú páirtí”.

Mura bhfreagraíonn duine aonair / grúpa nó má thugann siad le fios nach gceanglaítear orthu clárú mar thríú páirtí, ní dhéantar aon ghníomh eile i ndáil leis an duine aonair / grúpa. Sa chás deiridh áfach, leanfaidh an Coimisiún um Chaighdeáin leis an scéal leis an duine aonair / grúpa atá i gceist má bhíonn fianaise a mhalairte aige.

Sa chás go bhfuil duine aonair / grúpa cláraithe mar “thríú páirtí”, scríobhann an Coimisiún um Chaighdeáin chuig an duine atá freagrach as gach bliain roimh spriocdháta 31 Márta agus soláthraíonn Deimhniú Síntiús Airgid dó / di lena chomhlanú. Cuireann an Coimisiún um Chaighdeáin foirm ar leithligh isteach freisin, a ceapadh ionas gur féidir le tríú páirtithe nach raibh gníomhach i rith na bliana féilire roimhe sin, comhairliú don oifig dá réir gan é a bheith orthu an Deimhniú Síntiús Airgid agus Dearbhú Reachtúil a chomhlánú.

Coinníonn an Coimisiún um Chaighdeáin comhad fisiciúil ar bun a bhaineann le gach tríú páirtí cláraithe. Coinnítear taifid ar chomhfhreagras le nó a bhaineann leis an tríú páirtí agus ar an gcáipéisíocht reachtúil a chuirtear ar fáil, sa chomhad seo. Coinníonn an Coimisiún um Chaighdeáin bunachar sonraí leictreonach ar bun freisin ina dtaifeadtar comhfhreagras le nó a bhaineann le tríú páirtí.

Coinníonn an Coimisiún um Chaighdeáin comhad fisiciúil ar bun a bhaineann le gach tríú páirtí infhéideartha freisin. Coinnítear taifid ar chomhfhreagras le nó a bhaineann leis an duine aonair / grúpa sa chomhad seo. Coinníonn an Coimisiún um Chaighdeáin bunachar sonraí leictreonach ar bun freisin ina dtaifeadtar comhfhreagras le nó a bhaineann le tríú páirtí infhéideartha.

 

H    Cleachtas agus nós imeachta i ndáil le maoirseacht ar theorannú agus nochtadh speansas toghcháin ag toghcháin Dála, Eorpacha agus uachtaránachta

i)    Cleachtais agus nósanna imeachta a mbaineann an Coimisiún um Chaighdeáin úsáid astu roimh agus i rith toghcháin

Táirgeann an Coimisiún um Chaighdeáin treoirlínte le haghaidh gach toghchán Dála, Eorpach agus uachtaránachta. Baineann na treoirlínte le síntiúis a ghlacadh agus a nochtadh, agus le caiteachas toghcháin a theorannú, a nochtadh agus a aisíoc. Eisítear na treoirlínte d’iarrthóirí, ghníomhairí toghcháin agus ghníomhairí náisiúnta páirtithe polaitíochta atá ag dul san iomaíocht i dtoghchán.

Eisíonn an Coimisiún um Chaighdeáin fógra poiblí i raon leathan de nuachtáin náisiúnta agus áitiúla lena gcuirtear ceanglais na reachtaíochta a bheidh infheidhmithe i leith “tríú páirtithe” agus “daoine eile” ag an toghchán, chun suntais. Foilsítear nóta mionsonraithe míniúcháin maidir leis na ceanglais seo ar shuíomh idirlín an Choimisiúin um Chaighdeáin. Bíonn cóip chrua den nóta míniúcháin ar fáil ach a iarraidh ón Rúnaíocht. Sa chás go n-aithnítear “tríú páirtithe” nó “daoine eile” don Choimisiún um Chaighdeáin, eisítear cóip de nóta míniúcháin an Choimisiúin um Chaighdeáin dóibh nó, más cuí dar leis an gCoimisiún, cóip de threoirlínte an Choimisiúin um Chaighdeáin don toghchán.  

Le cois treoirlínte a sholáthar tráth toghchán, soláthraíonn an Coimisiún um Chaighdeáin comhairle shonrach d’iarrthóirí aonair, dá ngníomhairí toghcháin, do ghníomhairí náisiúnta páirtithe polaitíochta agus do “thríú páirtithe” agus do “dhaoine eile”.

Scríobhann an Coimisiún um Chaighdeáin chuig foilsitheoirí agus bainisteoirí fógraíochta nuachtán, irisí agus foilseachán tréimhsiúla de réir mar is cuí dar leis, chun ceanglais alt  31(10) na nAchtanna Toghcháin (nó alt 52(9) i gcás toghcháin uachtaránachta) a chur in iúl dóibh. 

Ceanglaítear ar chinn chomhairimh ag toghcháin Dála, Eorpacha agus uachtaránachta ainm gach iarrthoir atá ag dul san iomaíocht sa toghchán ina ndáilcheantar a chur in iúl don Choimisiún um Chaighdeáin chomh maith le hainm agus seoladh oifige gach gníomhaire toghchán dá gceaptar. Bíonn idirchaidreamh ag an gCoimisiún um Chaighdeáin le Cinn Chomhairimh lena chinntiú go soláthraítear an fhaisnéis seo a luaithe agus is féidir.

Ceanglaítear ar an gCoimisiún um Chaighdeáin faoi na hAchtanna Toghcháin ainm agus seoladh oifige gach duine dá gceaptar, nó a mheastar a bheith ceaptha, mar ghníomhaire náisiúnta páirtí polaitíochta i gcomhair toghcháin Dála nó Eorpaigh, a fhoilsiú in Irish Oifigiúil.

I gcúrsa feachtais toghcháin, tugann foireann na Rúnaíochta cuairteanna ar dháilcheantair ina mbuaileann siad le hiarrthóirí, gníomhairí toghcháin agus gníomhairí náisiúnta páirtithe polaitíochta chun comhairle a sholáthar i ndáil le saincheisteanna sonracha. Baintear úsáid as cuairteanna ar dháilcheantair mar dheis chun monatóireacht a dhéanamh ar chaiteachas ag toghcháin freisin trína bheith ag breathnú thart go ginearálta ar phóstaeir, fhógraíocht srl. agus trí samplaí de phóstaer agus litríocht toghcháin a fháil.

Déanann an Coimisiún um Chaighdeáin monatóireacht ar fhógraíocht i nuachtáin ag iarrthóirí agus páirtithe polaitíochta i rith thréimhse an toghcháin. Déantar seo lena chinntiú go dtugann gníomhairí toghcháin agus gníomhairí náisiúnta cuntas i ngach fógraíocht den sórt sin i gceart ina Ráitis um Speansais Toghcháin. Déantar é lena chinntiú nach bhfuil fógráin curtha isteach daoine aonair / grúpaí nach bhfuil forálacha alt  31(7) nó 52(6) na nAchtanna Toghcháin comhlíonta de réir mar is cuí acu, (féach mír 3.1F(iii)) agus nach bhfuil forálacha 31(10) nó 52(9) de réir mar is cuí sáraithe ag foilsitheoirí nuachtán, irisí srl. trína bheith ag glacadh le fógráin den sórt sin.

ii)    Cleachtais agus nósanna imeachta a mbaineann an Coimisiún um Chaighdeáin úsáid astu maidir le Ráitis um Speansais Toghcháin a ghlacadh

Táirgeann an Coimisiún um Chaighdeáin foirm le haghaidh Ráitis um Speansais Toghcháin chun críocha cuntas a thabhairt i speansais toghcháin. (Soláthraítear foirm shamplach le haghaidh Ráitis um Speansais Toghcháin ag Aguisín 10 den lámhleabhar seo). Scríobhann Rúnaíocht an Choimisiúin um Chaighdeáin chuig gach duine a gceanglaítear orthu Ráiteas um Speansais Toghcháin a chur ar fáil, go gairid tar éis lá na vótaíochta ag toghchán, agus an fhoirm ábhartha iniata lena comhlánú. Bíonn foireann na Rúnaíochta ar fáil chun comhairle a sholáthar do, nó más gá, bualadh le gníomhairí toghcháin nó gníomhairí náisiúnta tar éis an toghcháin chun cabhrú lena Ráitis um Speansais Toghcháin a chomhlánú.

Admhaíonn  an Coimisiún um Chaighdeáin gach foirm le haghaidh Ráitis um Speansais Toghcháin dá bhfaightear. Seiceáiltear gach ráiteas lena chinntiú go bhfuil sé comhlánaithe i gceart agus go bhfuil an Dearbhú Reachtúil sínithe agus duine ina fhinné i gceart dó. Seiceálann an Coimisiún um Chaighdeáin faisnéis arna soláthar ar Ráiteas um Speansais Toghcháin de chuid gníomhaire toghcháin le faisnéis ábhartha arna soláthar ar an Ráiteas um Speansais Toghcháin arna chur faoina bhráid ag gníomhaire náisiúnta an pháirtí agus ag gníomhairí toghcháin aon “chomhiarrthóirí toghcháin” de chuid an iarrthóra sa dáilcheantar. Féadfar tagairt do mhionsonraí ábhartha arna soláthar ag iarrthóir ar a Ráiteas um Shíntiúis agus d’fhaisnéis arna fáil ag ionadaithe an Choimisiúin um Chaighdeáin agus monatóireacht á déanamh ar chaiteachas ag an toghchán freisin le linn d’fhoirm le haghaidh Ráitis um Speansais Toghcháin a bheith á seiceáil.

Seiceáiltear faisnéis atá sa Ráiteas um Speansais Toghchain i gcoinne sonrasc / admhálacha arna soláthar ag an ngníomhaire freisin. Sa chás nár soláthraíodh admhálacha / sonraisc ábhartha, scríobhann an Coimisiún um Chaighdeáin chuig an ngníomhaire atá i gceist á iarraidh go gcuirfear iad ar fáil.

Tá Ráiteas um Chleachtas an Choimisiúin um Chaighdeáin i ndáil le Ráitis um Speansais Toghcháin a phróiseáil ag toghcháin Dála agus Eorpacha, ar fáil ag Aguisín 9. Tá an nós imeachta mórán mar an gcéanna i gcás Ráiteas um Speansais Toghchán ag toghcháin uachtaránachta.

iii)    Nósanna imeachta i ndáil le róchaiteachas ag toghchán Dála, Eorpach nó uachtaránachta

Má mheasann an Coimisiún um Chaighdeáin, agus athbhreithniú déanta aige ar Ráiteas um Speansais Toghcháin arna chur faoina bhráid ag gníomhaire toghcháin nó gníomhaire náisiúnta, go bhféadfadh an gníomhaire a bheith dulta thar an teorainn chaiteachais a bhí ar fáil dó / di ag toghchán, ní mór dó a chur in iúl don duine go bhféadfadh na hAchtanna Toghchán a bheith sáraithe aige / aici. Tugtar 14 lá don duine le haon rud a d’fhéadfadh a bheith le rá aige / aici maidir leis an sárú a líomhnaítear, a chur ar fáil. Ní mór don Choimisiún um Chaighdeáin an méid sin a bhreithniú. 

Má mheasann an Coimisiún um Chaighdeáin go bhfuil an iomarca caite ag an ngníomhaire fós, agus aird á tabhairt ag an gCoimisiún ar an méid atá ráite aige / aici ina thaobh, ní mór don Choimisiún tuarascáil maidir leis an ngnó a chur ar fáil do na Gardaí.

Agus a thuarascáil á cur ar fáil do na Gardaí aige, féadfaidh an Coimisiún um Chaighdeáin nótaí tráchta arna gcur ar fáil dó ag an ngníomhaire atá i gceist, a chur san áireamh. Má mheasann an Coimisiún um Chaighdeáin nár chaith an gníomhaire an iomarca go feasach nó nach róchaiteachas ábhartha a bhí ann, deirfidh sé an méid sin ina thuarascáil. In aineoinn aon dearcaí a d’fhéadfadh a bheith aige maidir leis seo, ní mór don Choimisiún cáis róchaiteachais a chur ar aghaidh chuig na húdaráis ionchúisimh. Tá sé faoi na Gardaí agus an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí cinneadh a dheanamh cibé ar chóir ionchúiseamh an chiona a thabhairt ar aghaidh.

Sa chás go bhfuil an iomarca caite ag gníomhaire toghcháin, ceanglaítear ar an gCoimisiún um Chaighdeáin a chur in iúl don Aire Airgeadais freisin gur chóir suim an róchaiteachais a bhaint as aon aisíocaíocht atá dlite don iarrthóir.

Sa chás go bhfuil an iomarca caite ag gníomhaire náisiúnta, ní mór don Choimisiún um Chaighdeáin a chur in iúl don Aire Airgeadais gur chóir suim an róchaiteachais a bhaint as an gcéad íocaíocht eile d’aon mhaoiniúchán Státchiste atá dlite don pháirtí faoi na hAchtanna Toghcháin.

Sa chás go raibh róchaiteachas ann, féadfaidh duine achainí ar an Ard-Chúirt toradh an toghcháin a chur i leataobh freisin. Níl aon fheidhm ag an gCoimisiún um Chaighdeáin maidir leis seo.

iv)    Cleachtas agus nósanna imeachta i ndáil le “daoine eile” a bheith ag sárú alt 31(7) nó 52(6) de na hAchtanna Toghcháin.

Sa chás go dtagann an Coimisiún um Chaighdeáin ar eolas go bhféadfadh forálacha alt 31(7) nó 52(6) (féach mír 3.1F(iii) thuas) a bheith sáraithe ag duine, scríobhfaidh sé chuig an duine / grúpa atá i gceist le ceanglais na nAchtanna Toghcháin a chur in iúl dóibh agus le míniú a lorg maidir leis an gcúis nár chomhlíon an duine / grúpa na forálacha seo. Má mheasann an Coimisiún um Chaighdeáin go bhfuil an duine / grúpa bainteach le hiarrthóir nó páirtí polaitíochta áirithe atá ag dul san iomaíocht sa toghchán, féadfaidh sé iarraidh ar ghníomhaire toghcháin an iarrthóra nó ar ghníomhaire náisiúnta an pháirtí, cuntas a thabhairt sa chaiteachas. Má dhiúltaíonn an gníomhaire ábhartha cuntas a thabhairt sa chaiteachas áfach ar an mbonn nár údaraigh sé / sí an duine / grúpa le caiteachas den sórt sin a tharraingt air féin, féadfaidh an Coimisiún um Chaighdeáin a mheas go bhféadfadh cion a bheith déanta ag an duine / grúpa agus an gnó a chur ar aghaidh chuig na Gardaí.

Sa chás go measann an Coimisiún um Chaighdeáin nach bhfuil an duine / grúpa bainteach le haon iarrthóir nó pháirtí polaitíochta atá ag dul san iomaíocht sa toghchán, iarrfaidh sé ar an duine Ráiteas um Speansais Toghcháin a chur ar fáil don Choimisiún um Chaighdeáin. I gcúinsí den sórt sin, níl sé de chleachtas ag an gCoimisiún um Chaighdeáin ionchúiseamh a lorg don chion seo sa chás go gcomhlíonann duine / grúpa forálacha eile na reachtaíochta trí foirm le haghaidh Ráitis um Speansais Toghcháin a chur ar fáil. Má dhiúltaíonn an duine / grúpa Ráiteas um Speansais Toghcháin a chur ar fáil, féadfaidh an Coimisiún um Chaighdeáin a mheas go bhféadfadh cion a bheith déanta ag an duine / grúpa agus an gnó a chur ar aghaidh chuig na Gardaí.

v)    Cleachtas agus nósanna imeachta i ndáil le foilsitheoirí nuachtán, irisí srl. a bheith ag sárú alt 31(10) nó 52(9) de na hAchtanna Toghcháin.

Sa chás go measann an Coimisiún um Chaighdeáin go bhféadfadh forálacha alt 31(10) nó 52(9) a bheith sáraithe ag foilsitheoir nuachtáin, irise srl. trí fhógrán a fhoilsiú nár údaraíodh mar ba chóir, scríobhfaidh sé chuig an bhfoilsitheoir atá i gceist agus lorgóidh sé míniú maidir leis an gcúis gur sháraigh sé / sí forálacha na reachtaíochta. Más deimhin leis an gCoimisiún um Chaighdeáin nár sháraigh foilsitheoir forálacha alt 31(10) nó 52(9) d’aon ghnó, agus gur cuireadh nósanna imeachta i bhfeidhm lena chinntiú nach tarlóidh na cúinsí, a d’fhág gur foilsíodh na fógráin gan údarás ceart, arís, féadfaidh sé cinneadh a dhéanamh gan gníomhú tuilleadh ó thaobh ceachtar cás a chur ar aghaidh chuig na Gardaí. 

vi)    Taifid arna gcoinneáil i ndáil le Ráitis um Speansais Toghcháin

Coinníonn an Coimisiún um Chaighdeáin comhad fisiciúil ar bun le haghaidh gach duine a gceanglaítear orthu Ráiteas um Speansais Toghcháin a chur ar fáil. Coinnítear taifid ar chomhfhreagras le nó a bhaineann leis an duine chomh maith le cóipeanna bunaidh de na Ráitis um Speansais Toghcháin agus de cháipéisíocht le tacú leo, sna comhaid seo.

Coinníonn an Coimisiún um Chaighdeáin bunachar sonraí leictreonach ar bun freisin ina dtaifeadtar comhfhreagras le hiarrthóirí, gníomhairí toghcháin, gníomhairí náisiúnta agus “daoine eile”. Coinnítear mionsonraí ar shíntiúis arna nochtadh ag iarrthóirí nár éirigh leo, speansais toghcháin arna dtarraingt orthu féin ag gníomhairí toghcháin, gníomhairí náisiúnta agus ag daoine eile chomh maith le haisíocaíochtaí arna ndéanamh le hiarrthóirí cáilithe sa bhunachar sonraí seo freisin.

Coinníonn an Coimisiún um Chaighdeáin roinnt comhad páipéir ar bun freisin de chomhfhreagras ginearálta a bhaineann le gach toghchán. De ghnáth, baineann na comhaid seo le treoirlínte, fógraí poiblí agus nótaí míniúcháin a tháirgtear le haghaidh toghchán, ullmhúchán dá thuarascáil maidir leis an toghchán agus comhfhreagras le foilsitheoirí nuachtán, irisí srl.  

vii)    Faisnéis á nochtadh i Ráitis um Speansais Toghcháin

Nuair a thugtar Ráitis um Speansais Toghcháin chun críche, leagtar os comhair Thithe an Oireachtais iad. Tugann an Coimisiún um Chaighdeáin tuarascáil ar aird don Cheann Comhairle maidir leis an toghchán freisin. Ceanglaítear ar an gCeann Comhairle an tuarascáil a leagan os comhair Thithe an Oireachtais. Bíonn mionsonraí ar na síntiúis arna nochtadh ag iarrthóirí nár éirigh leo ag an toghchán sa tuarascáil chomh maith le mionsonraí ar speansais toghcháin arna dtarraingt orthu fein ag gníomhairí toghcháin na n-iarrthóirí, ag gníomhairí náisiúnta páirtithe polaitíochta agus ag “daoine eile”. Beidh mionsonraí san áireamh sa tuarascáil chomh maith ar aisíocaíochtaí atá dlite d’iarrthóirí cáilithe ag an toghchán agus mionsonraí ar aon cháis inar sáraíodh an reachtaíocht. Eisíonn an Coimisiún um Chaighdeáin preas ráiteas in gcomhuain le foilsiúchán na tuarascála de ghnáth. Foilsítear idir an tuarascáil agus an preas ráiteas ar shuíomh idirlín an Choimisiúin um Chaighdeáin. Coinnítear na Ráitis um Speansais Toghcháin agus admhálacha/sonraisc a théann leo ar feadh tréimhse trí bliana ag oifigí an Choimisiúin um Chaighdeáin go scrúdódh an pobal iad.

Back to contents



This site conforms to W3C XHTML 1.0 recommendations| This site conforms to W3C CSS recommendations| This site meets WAI Priority 3 recommendations|