- Scipeáil Nascleanúna |
- Mapa an Láithreáin |
- Ráiteas Inrochtaineacht
- | Text Size: A |
- A |
- A
- 18 Lower Leeson Street, Baile Átha Cliath 2, Eire.
- +353 (0)1 - 639 - 5666
- +353 (0)1 - 639 - 5684
- sipo@sipo.gov.ie
- Eolas Fúinne
- Treoirlínte
- Cóid Iompair
- Gearáin
- Tuarascálacha
- Preas Ráiteas
- Foilseacháin Ghinearálta
- Toghcháin
- Síntiúis a Nochtadh
- Maoiniú Státchiste
- Do leathanach
- Foirmeacha
Leamhlabhair S15/16
3.1 Ceanglais na nAchtanna Toghcháin
Soláthraíonn na hAchtanna Toghcháin córas reachtúil chun síntiúis pholaitíochta a ghlacadh agus a nochtadh agus cuntais síntiús polaitíochta a oscailt. Forálann na hAchtanna Toghcháin le haghaidh speansais ag toghcháin Dála, Eorpacha agus uachtaránachta a theorannú, a nochtadh agus a aisíoc agus chun maoiniúchán Státchiste do pháirtithe polaitíochta cáilithe a íoc agus a chaitheamh.
A Síntiúis a Nochtadh
Sainmhínítear síntiús sna hAchtanna Toghcháin mar ranníocaíocht arna tabhairt chun críocha polaitíochta. Tá airgead, maoin nó earraí, nó úsaid mhaoine, earraí nó seirbhísí saor in aisce nó faoi bhun costais, san áireamh le síntiús freisin. Tá luach glan ranníocaíochta d’imeacht le hairgead a thiomsú san áireamh le síntiús freisin (soláthraítear treoirlínte an Choimisiúin um Chaighdeáin maidir leis na ceanglais i ndáil le fáltais imeachtaí tiomsaithe airgid a nochtadh, ag Aguisín 5 a ghabhann leis an lámhleabhar seo).
Ba chóir a thabhairt faoi deara go bhfuil roinnt gnóthaí a fhorórdaítear in alt 22(2)(b) de na hAchtanna Toghcháin nach mbreathnaítear mar shíntiúis orthu, mar a leagtar amach thuas;
- áiseanna postais a sholáthraítear saor in aisce, faoi reacht, d’iarrthóirí ag toghcháin
- íocaíochtaí, seirbhísí nó áiseanna áirithe arna soláthar ag institiúid de chuid na gComhphobal Eorpach nó ag eagraíocht idir-rialtasach eile a bhfuil an Stát ina pháirtí di
- tarchur craolta ar raidió nó teilifís thar ceann iarrthóra ag toghchán Dála nó Eorpach
- speansais arna dtarraingt air féin ag páirtí polaitíochta thar ceann comhalta de cheachtar Teach den Oireachtas, ionadaí i bParlaimint na hEorpa nó iarrthóra ag toghchán Dála, Seanaid nó Eorpach, seachas síntiús airgid.
Forálann na hAchtanna Toghcháin nach mór síntiúis a nochtadh i bhfoirm arna cinneadh ag an gCoimisiún um Chaighdeáin. Táirgeann an Coimisiún um Chaighdeáin foirmeacha le haghaidh Ráitis um Shíntiúis chun críocha síntiúis a nochtadh. Ní mór gach síntiús ón duine céanna i mbliain áirithe a chomhbhailiú chun déanamh de réir na dtairseach a rialaíonn an próiseas nochta agus glactha síntiús.
Forálann na hAchtanna Toghcháin nach mór Dearbhú Reachtúil a bheith in éineacht le foirm le haghaidh Ráitis um Shíntiúis freisin. Ní mór don duine a dhearbhú sa Dearbhú Reachtúil go bhfuil an Ráiteas um Shíntiúis, de réir mar is fearr is eol dó / di agus mar a chreideann sé / sí, ceart i ngach gné ábhartha agus go bhfuil gach gníomh le réasún déanta aige / aici chun a chruinneas a dheimhniú dó / di féin. Ní mór Nótaire Poiblí, Coimisinéir Mionnaí, Feidhmeannach Síochána nó Aturnae Cleachtais a bheith ina fhinné le haghaidh an Dearbhaithe Reachtúil. (Soláthraítear foirm shamplach le haghaidh Ráitis um Shíntiúis a mbaineann an Coimisiún um Chaighdeáin úsáid as, ag Aguisín 6 a ghabhann leis an lámhleabhar seo).
Cuirtear Ráitis um Shíntiúis ar fáil don Choimisiún um Chaighdeáin faoi na hAchtanna Toghcháin mar seo a leanas:
- Ní mór do Chomhaltaí Thithe an Oireachtas agus Ionadaithe i bParlaimint na hEorpa (Feisirí Eorpacha), faoi 31ú Eanáir gach bliain, Ráiteas um Shíntiúis a chur ar fáil ina nochtar gach síntiús arna bhfáil acu i rith bhliain na féilire roimhe sin a bhfuil luach comhlán is mó ná €634.87 orthu;
- Ní mór do pháirtithe polaitíochta, faoi 31ú Márta gach bliain, Ráiteas um Shíntiúis a chur ar fáil lena nochtar gach síntiús arna bhfáil acu i rith bhliain na féilire roimhe sin a bhfuil luach comhlán is mó ná €5,078.95 orthu. Ceanglaítear ar pháirtithe polaitíochta oifigeach cuí a cheapadh chun críocha an nochtadh seo a dhéanamh;
- Ní mór d’iarrthóirí nár éirigh leo ag toghchán Dála, Seanaid nó Eorpach, agus do ghníomhairí toghcháin gach iarrthóir ag toghchán uachtaránachta, faoi cheann 56 lá ó lá na vótaíochta ag an toghchán, Ráiteas um Shíntiúis a chur ar fáil lena nochtar gach síntiús arna bhfáil acu i ndáil leis an toghchán a bhfuil luach comhlán is mó ná €634.87 orthu.
Leagtar cleachtas agus nósanna imeachta an Choimisiúin um Chaighdeáin i ndáil le Ráitis um Shíntiúis a fháil ó pháirtithe polaitíochta, ó Chomhaltaí, Fheisirí Eorpacha agus iarrthóirí nár éirigh leo, amach i gcuid 3.2A thíos.
- Ceanglaítear ar dhuine a thugann síntiúis a bhfuil luach comhlán is mó ná €5,078.95 orthu do chomhalta amháin nó níos mó den pháirtí polaitíochta céanna nó do pháirtí polaitíochta ann féin agus do chomhalta amháin nó níos mó de, i mbliain fhéilire, Ráiteas um Shíntiúis a chur ar fáil don Choimisiúin um Chaighdeáin faoi alt 24(1A) de na hAchtanna Toghcháin faoi 31ú Eanáir den bhliain dár gcionn. Ní mór mionsonraí ar gach síntiús den sórt sin arna thabhairt aige / aici i rith na bliana roimhe sin a bheith nochta sa Ráiteas um Shíntiúis. Leagtar cleachtas agus nósanna imeachta an Choimisiúin um Chaighdeáin i ndáil le Ráitis um Shíntiúis a fháil ó dheontóirí aonair, amach i gcuid 3.2D thíos.
- Ceanglaítear ar chuideachta faoi alt 26 de na hAchtanna Toghcháin mionsonraí ar gach síntiús a bhfuil luach comhlán is mó ná €5,078.95 orthu, a thug an chuideachta i rith na bliana lena mbaineann an tuarascáil / tuairisceán, a chur san áireamh sa tuarascáil / tuairisceán bliantúil arna chur ar fáil ag an gcuideachta don Oifig um Chuideachtaí. Tá ceanglas cosúil leis sin infheidhmithe i leith cheardchumann, cumann foirgníochta agus cumann cláraithe eile. Leagtar cleachtas agus nósanna imeachta an Choimisiúin um Chaighdeáin i ndáil le síntiúis a bheith á nochtadh ag cuideachtaí, ceardchumainn srl., amach i gcuid 3.2E thíos.
B Cuntais Síntiús Polaitíochta a oscailt agus a choinneáil ar bun
Forálann na hAchtanna Toghcháin, sa chás go bhfaightear síntiús airgid os cionn €126.97 i mbliain áirithe fhéilire, nach mór don fhaighteoir cuntas a oscailt agus a choinneáil ar bun in institiúid airgeadais sa Stát (a dtagrófar dó ina dhiaidh seo mar Chuntas Síntiús Polaitíochta). Ní mór an síntiús tosaigh agus aon síntiúis eile airgid a fhaightear ina dhiaidh sin, cibé luach atá orthu, a thaisceadh sa chuntas. Ní fhéadfar úsáid a bhaint as suimeanna airgid arna dtarraingt ón gcuntas ach chun críocha polaitíochta amháin.
Sa chás go bhfuil Cuntas Síntiús Polaitíochta oscailte, ní mór tuairisceáin reachtúla áirithe i ndáil leis an gcuntas a chur ar fáil don Choimisiún um Chaighdeáin. Ní mór Deimhniú Síntiús Airgid a chur ar fáil chomh maith le ráiteas ón institiúid airgeadais mar ar osclaíodh an cuntas, lena sonraítear na hidirbhearta atá tarlaithe i ndáil leis an gcuntas i rith tréimhse sonraí.
Agus Deimniú Síntiús Airgid á chomhlánú, deimhníonn an duine gur taisceadh gach síntiús airgid dá bhfuarthas sa chuntas agus gur chun críocha polaitíochta a baineadh úsáid as gach suim a cuireadh do dhochar an chuntais. Téann Dearbhú Reachtúil in éineacht leis an Deimhniú Síntiús Airgid ar a ndearbhaíonn an duine go bhfuil an Deimhniú Síntiús Airgid, de réir mar is fearr is eol dó / di agus mar a chreideann sé / sí, ceart i ngach gné ábhartha agus go bhfuil gach gníomh le réasún déanta aige / aici chun a chruinneas a dheimhniú dó / di fein. Ní mór Nótaire Poiblí, Coimisinéir Mionnaí, Feidhmeannach Síochána nó Aturnae Cleachtais duine a bheith ina fhinné le haghaidh an Dearbhaithe Reachtúil. Soláthraítear Deimhniú Síntiús Airgid agus Dearbhú Reachtúil samplach a mbaineann an Coimisiún um Chaighdeáin úsáid astu, ag Aguisín 7 a ghabhann leis an lámhleabhar seo.
Tá na ceanglais le haghaidh gach catagóir duine a bhféadfar a cheangal air Cuntas Síntiús Polaitíochta a oscailt, mar seo a leanas:
- ní mór do Chomhalta nó Fheisire Eorpach Deimhniú Síntiús Airgid agus ráiteas ón institiúid airgeadais a chur ar fáil in éineacht lena Ráiteas bliantúil um Shíntiúis. Comhlánaítear an Deimhniú Síntiús Airgid agus an ráiteas ón institiúid airgeadais i leith na bliana féilire roimhe sin. Má osclaíodh an cuntas i rith na bliana, ní mór na hidirbhearta atá tarlaithe sa chuntas ón dáta a osclaíodh an cuntas go dtí deireadh na bliana féilire a shonrú sa ráiteas;
- ní mór d’iarrthóir nár éirigh leis ag toghchán Dála, Seanaid nó Eorpach, Deimhniú Síntiús Airgid agus ráiteas ón institiúid airgeadais a chur ar fáil in éineacht leis an Ráiteas um Shíntiúis a gceanglaítear air / uirthi a chur ar fáil faoi cheann 56 lá ó lá na vótaíochta ag an toghchán. Comhlánaítear an Deimhniú Síntiús Airgid agus an ráiteas ón institiúid airgeadais i leith na tréimhse ón dáta a osclaíodh an cuntas chomh fada le lá na vótaíochta ag an toghchán;
- ní mór do ghníomhaire toghcháin iarrthóra ag toghchán uachtaránachta Deimhniú Síntiús Airgid agus ráiteas ón institiúid airgeadais a chur ar fail in éineacht leis an Ráiteas um Shíntiúis a gceanglaítear air / uirthi a chur ar fáil faoi cheann 56 lá ó lá na vótaíochta ag an toghchán. Comhlánaítear an Deimhniú Síntiús Airgid agus an ráiteas ón institiúid airgeadais i leith na tréimhse ón dáta a osclaíodh an cuntas chomh fada le lá na vótaíochta ag an toghchán. Má bhí sé ceangailte ar an iarrthóir Cuntas Síntiús Polaitíochta a oscailt freisin (.i. i leith síntiús arna bhfáil aige / aici sular ceapadh a g(h)níomhaire toghcháin) ní mór don ghníomhaire toghcháin ráiteas ar leithligh a chur ar fáil i leith chuntas an iarrthóra. Comhlánaíonn an gníomhaire toghcháin an Deimhniú Síntiús Airgid i leith Chuntas Síntiús Polaitíochta an iarrthóra agus an ghníomhaire toghcháin araon;
- ní mór do “dhuine freagrach” páirtí polaitíochta nó aonaid chuntasaíochta páirtí polaitíochta Deimhniú Síntiús Airgid agus ráiteas ón institiúid airgeadais a chur ar fáil faoi 31ú Márta gach bliain. Comhlánaítear an Deimhniú Síntiús Airgid agus an ráiteas ón institiúid airgeadais i leith na bliana féilire roimhe sin. Má osclaíodh an cuntas i rith na bliana, ní mór na hidirbhearta atá tarlaithe sa chuntas ón dáta a osclaíodh an cuntas go dtí deireadh na bliana féilire a shonrú sa ráiteas. (Sainmhínítear craobh nó fo-eagraíocht a fhaigheann síntiús os cionn luach €126.97 sna hAchtanna Toghcháin mar “aonad cuntasaíochta”. Ceanglaítear ar “oifigeach cuí” an pháirtí mionsonraí ar an aonad cuntasaíochta agus ar an duine atá freagrach as a chur in iúl don Choimisiún um Chaighdeáin);
- ní mór do “dhuine freagrach” tríú páirtí (féach cuid 3.1E thíos le haghaidh sainmhínithe ar “thríú páirtí”) Deimhniú Síntiús Airgid agus ráiteas ón institiúid airgeadais a chur ar fáil faoi 31ú Márta gach bliain. Comhlánaítear an Deimhniú Síntiús Airgid agus an ráiteas ón institiúid airgeadais i leith na bliana féilire roimhe sin. Má osclaíodh an cuntas i rith na bliana, ní mór na hidirbhearta atá tarlaithe sa chuntas ón dáta a osclaíodh an cuntas go dtí deireadh na bliana féilire a shonrú sa ráiteas.
Ba chóir a thabhairt faoi deara go bhforálann na hAchtanna Toghcháin go gcoinneoidh an Coimisiún um Chaighdeáin na ráitis ó institiúidí airgeadais, Deimhnithe Síntiús Airgid agus Dearbhuithe Reachtúla a chuirtear ar fáil dó, agus nach nochtfaidh sé ábhar na gcáipéisí sin mura n-ordaíonn Cúirt dó amhlaidh a dhéanamh, nó sa chás go bhfuil sé riachtanach cáipéisí den sórt sin a nochtadh i dtaca le himscrúdú arna reáchtáil ag an gCoimisiún um Chaighdeáin.
Leagtar cleachtas agus nósanna imeachta an Choimisiúin um Chaighdeáin i ndáil le foirmeacha le haghaidh Deimhnithe Síntiús Airgid agus ráitis ó institiúidí airgeadais a ghlacadh, amach i gcuid 3.2C thíos.
C Síntiúis Thoirmiscthe
i) Síntiúis gan ainm
Forálann na hAchtanna Toghcháin nach bhféadfaidh páirtí polaitíochta, tríú páirtí, Comhalta, Feisire Eorpach, iarrthóir ag toghchán Dála, Seanaid nó Eorpach nó iarrthóir nó a g(h)níomhaire toghcháin ag toghchán uachtaránachta glacadh le síntiús gan ainm a bhfuil luach is mó ná €126.97 air.
Má fhaightear síntiús den sórt sin, ní mór sin a chur in iúl don Choimisiún um Chaighdeáin faoi chean 14 lá agus an síntiús, nó luach an tsíntiúis, a chur ar ais chuig an gCoimisiún um Chaighdeáin.
Ceanglaítear ar an gCoimisiún um Chaighdeáin cóip gach fógra maidir le síntiús gan ainm a leagan os comhair Thithe an Oireachtais agus fáil réidh leis an síntiús ar bhealach a bheidh faoi stiúir an Aire Airgeadais.
ii) Síntiús ó dhuine a thugann síntiúis iomadúla agus nach bhfuil faoi forálacha alt 24(1A) de na hAchtanna Toghhcháin a chomhlíonadh
Ní fhéadfaidh comhalta páirtí polaitíochta glacadh le síntiús ó dhuine má tá a fhios aige / aici, nó má tá cúis acu le creidiúint, go gceanglaítear ar an duine a bhfuil an síntiús á thabhairt acu, Ráiteas um Shíntiúis a chur ar fáil faoi alt 24(1A) de na hAchtanna Toghcháin (faoi mar a cuireadh síos air i gcuid 3.1A thuas) agus nach bhfuil faoi amhlaidh a dhéanamh.
Sa chás go bhfaightear síntiús den sórt sin, ní mór sin a chur in iúl don Choimisiún um Chaighdeáin faoi cheann 14 lá agus ainm agus seoladh an deontóra a sholáthar. Ní mór an síntiús, nó luach an tsíntiúis, a chur ar ais chuig an gCoimisiún um Chaighdeáin faoi cheann na tréimhse sin freisin.
Ceanglaítear ar an gCoimisiún um Chaighdeáin cóip aon fhógra den sórt sin a leagan os comhair Thithe an Oireachtais agus fáil réidh leis an síntiús ar bhealach a bheidh faoi stiúir an Aire Airgeadais.
iii) Síntiúis os cionn na teorainne forórdaithe
Ní feidir le Comhalta, Feisire Eorpach, iarrthóir ag toghchán Dála, Seanaid nó Eorpach nó iarrthóir ag toghchán uachtaránachta nó a g(h)níomhaire toghcháin glacadh le síntiús ón duine céanna i mbliain áirithe a bhfuil luach is mó ná €2,539.48 air.
Tá toirmeasc den sórt céanna ann le haghaidh páirtithe polaitíochta agus tríú páirtithe i gcás síntiúis a bhfuil luach is mó ná €6,348.69 air.
Ní bhaineann an t-uasteorainn fhorórdaithe, €2,539.48, le hoifig dháilcheantair a dheonaítear do Chomhalta, Fheisire Eorpach nó iarrthóir. (Sa chás go ndeonaítear níos mó ná oifig dháilcheantair amháin, ní mór don Chomhalta, Fheisire Eorpach nó iarrthóir cibé oifig nach mbainfidh an t-uasteorainn fhorórdaithe léi, a ainmniú.) Baineann an t-uasteorainn fhorórdaithe, €6,348.69, le hoifig dháilcheantar a dheonaítear do phairtí polaitíochta nó do thríú páirtí.
iv) Síntiúis ón gcoigríoch
Ní feidir le Comhalta, Feisire Eorpach, pairtí polaitíochta ná le haon chraobh de chuid páirtí polaitíochta, tríú páirtí, le hiarrthóir ag toghchán Dála, Seanaid nó Eorpach nó iarrthóir ag toghchán uachtaránachta nó a g(h)níomhaire toghcháin, glacadh le síntiús, ar luach ar bith, ó dhuine (seachas saoránach Éireannach) a chónaíonn lasmuigh d’oileán na hÉireann. Ná ní foláir gan glacadh le síntiús, ar luach ar bith, ó chomhlacht corpraithe nó comhlacht neamhchorpraithe daoine nach gcoinníonn oifig in oileán na hÉireann óna ndéantar ceann amháin ar a laghad dá phríomhghníomhaíochtaí a stiúradh. Tagraítear do shíntiúis den sórt sin ina dhiaidh seo mar “shíntiúis ón gcoigríoch”.
Sa chás go bhfaightear síntiús ón gcoigríoch nó síntiús os cionn na huasteorainne forórdaithe, ní mór don fhaighteoir, faoi cheann 14 lá, an síntiús a sheoladh ar ais don deontóir agus taifead scríofa a choinneáil ar é a bheith seolta ar ais (chun críocha sin a chur ar fáil don Choimisiún um Chaighdeáin má éilíónn sé amhlaidh) nó ní mór sin a chur in iúl don Choimisiún um Chaighdeáin agus an síntiús, nó luach an tsíntiúis, a chur ar ais chuig an gCoimisiún um Chaighdeáin. I gcás síntiúis airgid atá os cionn na huasteorainne forórdaithe, ní mór ach an tsuim atá os a chionn sin a sheoladh ar ais don deontóir nó a chur ar ais chuig an gCoimisiún um Chaighdeáin.
D Cionta agus Peannaidí
Forálann na hAchtanna Toghcháin le haghaidh roinnt cionta agus peannaidí gaolmhara as loiceadh forálacha na nAchtanna Toghcháin a chomhlíonadh maidir le bheith ag glacadh le síntiúis agus maidir le síntiúis a nochtadh. Tá na cionta agus na peannaidí ábhartha mar seo a leanas:
- Féadfar fíneáil chomh mór le €1,269.74 a ghearradh má loictear síntiús gan ainm a chur in iúl nó a chur ar ais chuig an gCoimisiún um Chaighdeáin.
- Féadfar fíneáil chomh mór le €1,269.74 a ghearradh má ghlactar go feasach le síntiús toirmiscthe ó dhuine a bhfuil sintiúis iomadúla á dtabhairt aige.
- Féadfar fíneáil chomh mór le €1,269.74 a ghearradh má loictear síntiús ón gcoigcríoch nó síntiús os cionn na huasteorainne forórdaithe a chur in iúl do, nó a chur ar ais chuig an gCoimisiún um Chaighdeáin, nó a sheoladh ar ais, de réir mar is cuí, chuig an deontóir.Féadfar fíneáil chomh mór le €1,269.74 a ghearradh má loictear Ráiteas um Shíntiúis a chur ar fáil don Choimisiún um Chaighdeáin, nó má cheanglaítear ar dhuine amhlaidh a dhéanamh, foirm le haghaidh Deimhnithe Síntiús Airgid agus ráiteas ón institiúid airgeadais ina gcoinnítear cuntas síntiús polaitíochta, faoi cheann an spriocdháta ábhartha reachtúil. Lena chois sin, tá an fhéidearthacht ann go ngearrfar fíneáil leanúnach chomh mór le €126.97 in aghaidh an lae as gach lá, tar éis ciontaithe, dá mbíonn an Ráiteas um Shíntiús agus / nó an cháipéisíocht a théann leis fós amuigh.
- Féadfar fíneáil chomh mór le €25,394.76 agus/nó tréimhse chomh fada le 3 bliana príosúnachta a ghearradh má chuirtear Ráiteas um Shíntiúis nó Dearbhú Reachtúil, foirm le haghaidh Deimnithe Síntiús Airgid nó ráiteas ón institiúid airgeadais ina gcoinnítear cuntas síntiús polaitíochta, atá bréagach nó míthreorach, ar fáil go feasach don Choimisiún um Chaighdeáin.
- Féadfar fíneáil chomh mór le €1,269.74 a ghearradh má loiceann cuideachta, ceardchumann srl. forálacha alt 26 a chomhlíonadh. Sa chás go gcruthaítear go ndearnadh an cion le toiliú aon duine atá ina stiúrthóir, bhainisteoir, rúnaí nó oifigeach eile cosúil leis sin le comhlacht corpraithe, nó le toiliú duine a bhí in ainm’s a bheith ag gníomhú in aon cháil den sórt sin, nó gur féidir é a chur síos d’fhaillí ag aon duine de na daoine sin, measfar an duine sin, chomh maith leis an gcomhlacht corpraithe, a bheith ciontach sa chion sin.
Déanann an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí gach ceann de na cionta thuas a ionchúiseamh. Chomhairligh Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí don Choimisiún um Chaighdeáin tuarascálacha ar aon chionta den sórt sin a chur ar aghaidh chuig na Gardaí go díreach.
E Ceanglais na reachtaíochta maidir le tríú páirtithe
Sainmhínítear “tríú páirtí” sna hAchtanna Toghcháin mar aon duine aonair nó grúpa, seachas páirtí polaitíochta nó iarrthóir cláraithe ag toghchán, a ghlacann le síntiús chun críocha polaitíochta, i mbliain áirithe fhéilire, a bhfuil luach is mó ná €126.97 air.
Ní mór do thríú páirtí, agus síntiús den sórt sin faighte, agus sula dtarraingíonn sé aon speansais air féin chun críocha polaitíochta (nó, de réir mar a d’fhéadfadh bheith amhlaidh, aon speansais bhreise den sórt sin), clárú leis an gCoimisiún um Chaighdeáin tríd an bhfaisnéis seo a leanas a chur ar fáil:
- ainm agus seoladh an tríú páirtí agus ainm agus seoladh an duine atá freagrach as a eagrúchán, a bhainistíocht nó as gnóthaí airgeadais (“duine freagrach”);
- ráiteas maidir le cineál, aidhm agus suim mheasta na síntiús don tríú páirtí i rith na bliana agus speansais atá beartaithe le bheith aige i rith na bliana sin;
- cuntas gairid ar aon nasc a d’fhéadfadh a bheith ag an tríú páirtí le haon pháirtí polaitiúil nó iarrthóir ag toghchán nó reifreann nó ar bhealach eile.
Agus iad cláraithe mar thríú páirtí, ní mór don duine aonair / ghrúpa forálacha na nAchtanna Toghcháin a bhaineann le tríú páirtithe a chomhlíonadh. Tá an ceanglas le Cuntas Síntiús Polaitíochta a oscailt san áireamh leis sin ma fhaightear síntiús airgid is mó ná €126.97, chomh maith leis na tuairisceáin riachtanacha a bhaineann leis an gcuntas sin a chur ar fáil don Choimisiún um Chaighdeáin. Ní mór don duine aonair / ghrúpa forálacha na nAchtanna Toghcháin a bhaineann leis an mbealach atáthar le caitheamh le síntiúis thoirmiscthe (féach cuid 3.1C thuas) a chomhlíonadh freisin.
Bíonn oibleagáidí breise infheidhmithe sa chás go mbeartaíonn tríú páirtí speansais a tharraingt air féin ag toghchán Dála, Eorpach nó uachtaránachta chun iarrthóir nó páirtí polaitíochta a chur chun cinn, chun cur ina choinne, nó chun féachaint le tionchar a imirt ar thoradh an toghcháin ar bhealach eile (féach cuid 3.1F(iii) thíos).
F Speansais Toghcháin a Theorannú agus a Nochtadh
Sainmhínítear “speansais toghcháin” sna hAchtanna Toghcháin mar speansais a tharraingíonn páirtí/iarrthóir srl. air/uirthi féin chun críocha toghcháin maidir le soláthar maoine, earraí nó seirbhísí le húsáid ag toghchán i rith thréimhse an toghcháin chun leasanna iarrthóra, páirtí polaitíochta nó grúpa polaitíochta a chur chun cinn, nó chun cur ina choinne, go díreach nó go hindíreach, ag toghchán nó chun féachaint le tionchar a imirt ar thoradh an toghcháin ar bhealach eile. Folaíonn speansais toghcháin sochair chomhchineáil agus speansais arna dtarraingt ag páirtí/iarrthóir srl. air/uirthi féin i gcás inar íocadh na costaisí as cistí poiblí.
Leagtar amach sa Sceideal a ghabhann leis na hAchtanna Toghcháin na gnóthaí iarbhíre atá ina speansais toghcháin nuair a bhaintear úsáid astu de réir an tsainmhínithe thuas (soláthraítear na gnóthaí seo ag Aguisín 8 leis an lámhleabhar seo). Leagar amach roinnt nithe sa Sceideal nach measfar mar speansais toghcháin freisin.
i) Teorainneacha Caiteachais
Soláthraíonn na hAchtanna Toghcháin uasteorainneacha maidir le méid an chaiteachais go bhféadfaidh páirtí srl. a tharraingt air féin thar ceann iarrthóra ag toghchán Dála. Forálann na hAchtanna Toghcháin chomh maith go bhféadfar teorainneacha caiteachais ag toghcháin Eorpacha agus uachtaránachta a fhorórdú le hOrdú ón Aire Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil. (Ní dhéantar aon fhoráil sna hAchtanna Toghcháin le haghaidh speansas toghcháin ag toghcháin Seanaid a theorannú, a nochtadh nó a aisíoc). Féadfaidh an tAire Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil teorainneacha caiteachais ag toghcháin Dála, Eorpacha nó uachtaránachta a mhéadú ar aon dul le hathruithe ar an Treoiruimhir Phraghsanna do Thomhaltóirí. Is mar seo leanas atá na teorainneacha caiteachais atá infheidhmithe faoi láthair:
Cineál Toghcháin |
Teorainn Chaiteachais in aghaidh an iarrthóra |
Toghchán Dála – dáilcheantar 3 shuíochán |
€25,394.76 |
Toghchán Dála - dáilcheantar 4 shuíochán |
€31,743.45 |
Toghchán Dála - dáilcheantar 5 shuíochán |
€38,092.14 |
Toghchán Eorpach - gach dáilcheantar |
€230,000 |
Toghchán Uachtaránachta |
€1,300,000 |
Ag toghchán Dala nó Eorpach, féadfaidh páirtí polaitíochta iarrthóra suim chomh mór le 100% den teorainn chaiteachais a bhfuil sé / sí i dteideal a tharraingt air féin ag an toghchán, a tharraingt air féin. Ní fhorálann na hAchtanna Toghcháin le haghaidh caiteachais toghcháin arna tharraingt air féin ag páirtí polaitíochta ag toghchán uachtaránachta. Ní mór do ghníomhaire toghcháin an iarrthóra caiteachas arna tharraingt air féin ag páirtí polaitíochta thar ceann iarrthóra ag toghchán uachtaránachta a údarú agus cuntas a thabhairt ann. Ní mór suim na huasteorainne reachtúla caiteachais arna sannadh ag iarrthóir le caitheamh ag páirtí polaitíochta a bheith comhaontaithe i scríbhinn idir an t-iarrthóir agus an páirtí. Ní fhéadfaidh caiteachas arna tharraingt air/uirthi féin ag iarrthóir agus a p(h)áirtí polaitíochta in éineacht le chéile, dul os cionn na teorainne reachtúla caiteachais atá infheidhmithe i leith an iarrthóra ag an toghchán. Ní fhéadfaidh caiteachas iomlán arna tharraingt air féin ag páirtí polaitíochta dul os cionn mhéid na suimeanna arna sannadh don pháirtí ag a iarrthóirí.
ii) Gníomhairí a Cheapadh
Ceanglaítear ar gach iarrthóir ag toghchán Dála, Eorpach nó uachtaránachta, gníomhaire toghcháin a cheapadh chun críocha caiteachas a tharraingt air féin agus íocaíochtaí a dhéanamh thar ceann an iarrthóra (féadfaidh iarrthóir gníomhú mar a g(h)níomhaire toghcháin féin). Ní mór an ceapachán a chur in iúl don Cheann Comhairimh don toghchán roimh an tráth is déanaí le hiarrthóireacht ag an toghchán a tharraingt siar. Murar bhfuil gníomhaire toghcháin ceaptha faoin am seo, meastar go bhfuil an t-iarrthóir ag gníomhú mar a g(h)níomhaire toghcháin féin.
Ní mór do gach páirtí polaitíochta atá ag dul san iomaíocht i dtoghchán Dála nó Eorpach, gníomhaire náisiúnta a cheapadh chun críocha caiteachas a tharraingt air féin agus íocaíochtaí a dhéanamh thar ceann an pháirtí. Ní mór an ceapachán seo a chur in iúl don Choimisiún um Chaighdeáin roimh an tráth is déanaí le hiarrthóireacht ag an toghchán a tharraingt siar. Mura bhfuil gníomhaire náisiúnta ceaptha, meastar gurb é oifigeach cuí an pháirtí (nó ceannaire an pháirtí, mura mbeidh aon oifigeach cuí ceaptha) an gníomhaire náisiúnta. Ceanglaítear ar an gCoimisiún um Chaighdeáin mionsonraí a fhoilsiú ar ghníomhairí náisiúnta arna gceapadh ag toghcháin Dála agus Eorpacha san Iris Oifigiúil.
Féadfaidh gníomhairí toghcháin agus gníomhairí náisiúnta daoine eile (lena n-áirítear an t-iarrthóir) a údarú i scríbhinn le caiteachas a tharraingt orthu féin, laistigh de theorainneacha sonraithe, thar a gceann ag an toghchán. Ní mór do ghníomhairí toghcháin agus do ghníomhairí náisiúnta cuntas a thabhairt i gcaiteachas arna tharraingt ag daoine údaraithe orthu féin ina Ráiteas um Speansais Toghcháin.
iii) "Daoine eile"
Forálann Alt 31(7) de na hAchtanna Toghcháin (alt 51(6) i gcáis toghcháin uachtaránachta) chomh maith go bhféadfaidh “daoine eile” nach bhfuil údaraithe ag gníomhaire toghcháin iarrthóra nó ag gníomhaire náisiúnta páirtí, caiteachas a tharraingt orthu féin ag toghchán Dála, Eorpach nó uachtaránachta. Chun amhlaidh a dhéanamh, ní mór don duine (d’fhéadfadh duine aonair nó grúpa a bheith i gceist) an fhaisnéis seo a leanas a sholáthar don Choimisiún um Chaighdeáin sular dtarraingíonn sé/sí aon speansais toghcháin air/uirthi féin:
i) ainm, seoladh agus cur síos ar an duine atá ag beartú na speansais toghcháin a tharraingt air féin;
ii) ráiteas ar chineál, aidhm agus suim mheasta na speansas; agus
iii) cuntas gairid ar aon nasc atá ag an duine le haon iarrthóir nó páirtí polaitíochta ag an toghchán, má tá aon nasc den sórt sin ann.
Agus faisnéis den sórt sin faighte aige, féadfaidh an Coimisiún um Chaighdeáin a bhreithniú go bhfuil an duine aonair / grúpa nasctha le hiarrthóir nó páirtí áirithe polaitíochta atá ag dul san iomaíocht sa toghchán. I gcúinsí den sórt sin, beidh an caiteachas arna tharraingt air/uirthi féin ag an duine aonair / grúpa faoi réir ag na teorainneacha caiteachais a bhaineann leis an iarrthóir nó páirtí polaitíochta ag an toghchán agus caithfidh gníomhaire toghcháin an iarrthóra nó gníomhaire náisiúnta an pháirtí, de réir mar is cuí, cuntas a thabhairt ann. Sa chás go mbreithníonn an Coimisiún um Chaighdeáin nach bhfuil an “duine eile” nasctha le haon iarrthóir nó pháirtí polaitíochta atá ag dul san iomaíocht sa toghchán, ceanglófar ar an “duine eile” Ráiteas um Speansais Toghcháin a chur ar fáil don Choimisiún um Chaighdeáin.
iv) Foilsitheoirí nuachtán, irisí srl.
Forálann Alt 31(10) de na hAchtanna Toghcháin (alt 52(9) i gcás toghcháin uachtaránachta) nach bhféadfaidh foilsitheoir nuachtáin, irise nó foilseacháin thréimhsiúil eile aon fhógrán nó fhógra a fhoilsiú a chuireann leasanna iarrthóra nó páirtí polaitíochta chun cinn, nó a chuireann ina choinne, ag toghchán ach amháin sa chás go n-iarrtar orthu amhlaidh a dhéanamh ag iarrthóir, gníomhaire toghcháin iarrthóra, gníomhaire náisiúnta páirtí polaitíochta, duine arna údarú i scríbhinn ag ceachtar gníomhaire nó “duine eile” ar féidir leo deimhniú a thabhairt ar aird ón gCoimisiún um Chaighdeáin lena ndeimhnítear gur cuireadh rún an duine le speansais toghcháin a tharraingt air féin, in iúl dó (de réir alt 31(7) nó alt 52(6) de na hAchtanna Toghcháin de réir mar is cuí).
v) Ráitis um Speansais Toghcháin
Ní mór cuntas a thabhairt i ngach speansas toghcháin dá dtarraingíonn páirtí/iarrthóir srl. air/uirthi féin maidir le hearraí, maoin nó seirbhísí a mbaintear úsáid astu i rith thréimhse an toghcháin ag toghchán Dála, Eorpach nó uachtaránachta, i Ráiteas um Speansais Toghcháin, a chuirtear ar fáil don Choimisiún um Chaighdeáin. Ní thugtar cuntas i speansais arna dtarraingt ag páirtí/iarrthóir srl. air/uirthi féin maidir le maoin, earraí nó seirbhísí nár baineadh úsaid astu i rith thréimhse an toghcháin. Maireann an tréimhse toghcháin ag olltoghchán Dála ón dáta a lánscoireann an Dáil go dtí lá na vótaíochta, an dá dháta san áireamh. Ag fothoghchán Dála, maireann an tréimhse toghcháin ón dáta a eisítear an t-eascaire go dtí lá na vótaíochta, an dá dháta san áireamh. I gcáis toghcháin Eorpaigh agus uachtaránachta, maireann an tréimhse toghcháin ó dháta an ordaithe lena n-ainmnítear lá na vótaíochta chomh fada le lá na vótaíochta féin, an dá dháta san áireamh.
Ní mór do ghníomhaire toghcháin iarrthóra, do ghníomhaire náisiúnta páirtí polaitíochta nó d’aon “daoine eile” a tharraing speansais toghcháin orthu féin ag toghchán, Ráiteas um Speansais Toghcháin a chur ar fáil don Choimisiún um Chaighdeáin faoi cheann 56 lá ó lá na vótaíochta. Bíonn Dearbhú Reachtúil in éineacht leis an Ráiteas um Speansais Toghcháin, ar a ndeimhníonn an duine a bhfuil an Ráiteas á chur ar fáil aige, go bhfuil an fhaisnéis arna soláthar ar an Ráiteas um Speansais Toghcháin, de réir mar is fearr is eol dó / di agus mar a chreideann sé / sí, ceart i ngach gné ábhartha. Ní mór aturnae cleachtais, feidhmeannach síochána, coimisinéir mionnaí nó nótaire poiblí a bheith ina fhinné le haghaidh an Dearbhaithe Reachtúil.
Forálann na hAchtanna Toghcháin nach mór éilimh ar íocaíocht speansais toghcháin a chur faoi bhráid gníomhaire toghcháin nó gníomhaire náisiúnta faoi cheann 45 lá ó lá na vótaíochta. Féadfaidh an gníomhaire atá i gceist gan éileamh arna chur isteach tar éis an ama sin, a íoc. Bíonn na speansais arna dtarraingt air/uirthi féin ag páirtí/iarrthóir srl. faoi réir ag an teorainn chaiteachais atá infheidhmithe i leith an iarrthóra nó páirtí áfach agus ní mór cuntas a thabhairt iontu sa Ráiteas um Speansais Toghcháin arna chur isteach ag gníomhaire toghcháin an iarrthóra nó gníomhaire náisiúnta an pháirtí.
Ní mór mionsonraí ar aon éilimh a bhfuil conspóid futhu agus a bhaineann le caiteachas arna tharraingt air/uirthi féin ag páirtí/iarrthóir srl. ag an toghchán a chur san áireamh ar Ráiteas um Speansais Toghcháin freisin. Sa chás go bhfuil speansais toghcháin a bhfuil conspóid futhu curtha san áireamh ar Ráiteas um Speansais Toghcháin, ní mór an tsuim arna comhaontú ag an ngníomhaire toghcháin / gníomhaire náisiúnta mar shuim iníoctha, a chur in iúl don Choimisiún um Chaighdeáin má agus nuair a réitítear an chonspóid.
Ní mór admhálacha, sonraisc nó dearbháin le haghaidh gach íocaíocht speansais os cionn €126.97 a chur ar fáil in éineacht leis an Ráiteas um Speansais Toghcháin. Féadfaidh an Coimisiún um Chaighdeáin iarraidh ar ghníomhairí toghcháin agus ar ghníomhairí náisiúnta samplaí d’ábhar toghcháin ar baineadh úsáid astu, a chur ar fáil.
G Cionta agus Peannaidí
Forálann na hAchtanna Toghcháin le haghaidh roinnt cionta agus peannaidí i ndáil le speansais toghcháin a tharraingt agus a nochtadh, mar seo a leanas:
- Féadfar fíneáil chomh mór le €1,269.74 a ghearradh má loiceann “duine eile” a chur in iúl don Choimisiún um Chaighdeáin go bhfuil faoi speansais toghcháin a tharraingt air/uirthi féin.
- Féadfar fíneáil chomh mór le €1,269.74 a ghearradh ar dhuine, ar a c(h)iontaithe, má tharraingíonn sé nó sí caiteachas air/uirthi féin nó má dhéanann sé nó sí íocaíocht i ndáil le toghchán agus gan iad údaraithe le hamhlaidh a dhéanamh.
- Féadfar fíneáil chomh mór le €1,269.74 a ghearradh má loiceann foilsitheoir nuachtáin, irise nó foilseacháin thréimhsiúil eile forálacha alt 31(10) nó 52(9) de na hAchtanna Toghcháin a chomhlíonadh.
- Is éard atá sa pheannaid, má fhaightear gníomhaire toghcháin nó gníomhaire náisiúnta ciontach sa chion maidir leis an teorainn chaiteachais a shárú, ná fíneáil chomh mór le €1,269.74.
- Féadfar fíneáil chomh mór le €1,269.74 ghearradh de thoradh íocaíocht éileamh a gheofar breis is 45 lá tar éis lá na vótaíochta.
- Féadfar fíneáil chomh mór le €1,269.74 a ghearradh má loictear fiosrúcháin den sórt a dhéanamh agus taifid den sórt a choinneáil ar bun, agus a bhíonn riachtanach chun críocha Ráiteas um Speansais Toghcháin a chur ar fáil agus Dearbhú Reachtúil a dhéanamh.
- Féadfar fíneáil chomh mór le €1,269.74 a ghearradh má loictear foirm le haghaidh Ráitis um Speansais Toghcháin a chur ar fáil don Choimisiún um Chaighdeáin faoin spriocdháta reachtúil agus fíneáil leanúnach chomh mór le €126.97 le haghaidh gach lá, tar éis ciontaithe, go bhfuil an fhoirm le haghaidh Ráitis um Speansais Toghcháin amuigh.
- Féadfar fíneáil chomh mór le €25,394.76 a ghearradh agus/nó trí bliana príosúnachta a ghearradh má chuirtear Ráiteas bréagach nó míthreorach um Speansais Toghcháin ar fáil go feasach don Choimisiún um Chaighdeáin.
Déanann an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí gach ceann de na cionta thuas a ionchúiseamh. Chomhairligh Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí don Choimisiún um Chaighdeáin tuarascálacha ar aon chionta den sórt sin a chur ar aghaidh chuig na Gardaí go díreach.
H Speansais Toghcháin a Aisíoc
Forálann na hAchtanna Toghcháin le haghaidh speansais toghcháin arna dtarraingt orthu féin ag iarrthóirí cáilithe ag toghcháin Dála a aisíoc. Forálann na hAchtanna Toghcháin chomh maith go bhféadfaidh an tAire Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil rialacháin a dhéanamh lena bhforálfar le haghaidh speansais toghcháin arna dtarraingt orthu féin ag iarrthóirí cáilithe ag toghcháin Eorpacha agus uachtaránachta, a aisíoc.
Féadfaidh iarrthóir ag toghchán Dála, Eorpach nó uachtaránachta cáiliú le haghaidh aisíocaíochta a speansas toghcháin má tharlaíonn ceachtar díobh seo:
i) toghtar ag an toghchán iad; nó
ii) ní éiríonn leo ag an toghchán, ach faigheann siad breis is an ceathrú cuid den chuóta don dáilcheantar ag tráth ar bith de phróiseas comhairimh na vótaí.
I gcás fothoghcháin Dála, bíonn iarrthóir cáilithe le haghaidh aisíocaíochta má thoghtar é / í nó má fhaigheann siad, ag tráth ar bith de phróiseas comhairimh na vótaí, an ceathrú cuid den líon vótaí a bheadh i gceist leis an gcuóta don dáilcheantar dá mbeadh an fothoghchán ina olltoghchán.
Féadfaidh an tAire Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil na suimeanna a fhéadfar a aisíoc le hiarrthóirí cáilithe a mhéadú ar aon dul le hathruithe ar an Treoiruimhir Phraghsanna do Thomhaltóirí. Tá suimeanna na n-aisíocaíochtaí atá infheidhmithe faoi láthair mar seo a leanas:
- cibé suim is lú, €6,348.69 nó na speansais iarbhíre a tarraingíodh ar iarrthóir ag toghchán Dála;
- cibé suim is lú, €38,092.14 nó na speansais iarbhíre a tarraingíodh ar iarrthóir ag toghchán Eorpach;
- cibé suim is lú, €260,000 nó na speansais iarbhíre a tarraingíodh ar iarrthóir ag toghchán uachtaránachta.
Féadfar caiteachas arna tharraingt ag páirtí polaitíochta i ndáilcheantar thar ceann iarrthóra ag toghchán Dála nó Eorpach a chur san áireamh chun críocha an tsuim a fhéadfar a aisíoc, a ríomhadh.
Tá Cáin Bhreisluacha san áireamh le suim na haisíocaíochta i ngach cás agus ní dhlitear cáin ioncaim air. Déantar an t-aisíocaíocht leis an iarrthóir. Tá sé faoin iarrthóir ansin aon speansais arna dtarraingt thar a c(h)eann a aisíoc lena p(h)áirtí polaitíochta.
I Maoiniú páirtithe polaitíochta ag an Státchiste
Forálann na hAchtanna Toghcháin go maoineoidh an Státchiste páirtithe cáilithe. Is éard is “páirtí cáilithe” ann ná páirtí polaitíochta atá cláraithe i gClár na bPáirtithe Polaitíochta arna thiomsú ag Cléireach Dháil Éireann agus a bhfuair a iarrthóirí ag an olltoghchán Dála roimhe sin comhvóta céadrogha nár lú ná 2% de líon iomlán na vótaí chéadrogha arna bhfáil ag gach iarrthóir ag an toghchán.
Faigheann gach páirtí cáilithe suim €126,973 go bliantúil, móide cion ciste, a bhí socraithe ag €3,809,214.20 per annum ar dtús agus a mhéadaíonn ar aon dul le méaduithe ginearálta pá sa státseirbhís. Bíonn na suimeanna a bhíonn iníoctha le gach páirtí cáilithe polaitíochta ón gciste bunaithe ar mar a d’éirigh leis an bpáirtí ag an olltoghchán deiridh freisin. Ríomhtar an cion atá dlite do gach páirtí cáilithe trí thagairt a dhéanamh do na vótaí chéad rogha arna bhfáil ag iarrthóirí an pháirtí arna chur in iúl mar chéatadán de líon iomlán na vótaí chéadrogha arna fháil ag iarrthóirí gach páirtithe cáilithe. Déanann an tAire Airgeadais íocaíochtaí ar bhonn ráithiúil, go riaráisteach.
Ní mór na cistí arna bhfáil ag páirtí cáilithe a fheidhmiú i leith “gnóthaí an pháirtí a reáchtáil agus a bhainistiú go ginearálta agus i leith aon cheann dá chuspóirí a bheith á leanúint go dleathach aige chomh maith, gan dochar do ghinearáltacht an mhéid sin roimhe seo, le haon cheann de na cuspóirí seo a leanas:"
- riarachán ginearálta;
- taighde, oideachas agus oiliúint;
- beartais a fhoirmliú;
- gníomhaíochtaí chraobhacha agus chomhaltaí an pháirtí a chomhordú.
Meastar go mbíonn soláthar i leith caiteachais ag an bpáirtí le rannpháirtíocht na mban agus daoine óga i ngníomhaíocht pholaitíochta a chur chun cinn, san áireamh le híocaíochtaí a dhéantar le páirtí cáilithe.
Ní fhéadfaidh páirtithe cáilithe úsáid a bhaint as maoiniúchán státchiste arna soláthar faoi na hAchtanna Toghcháin chun speansais toghcháin nó reifrinn a aisíoc.
Ceanglaítear ar oifigeach cuí gach páirtí cáilithe Ráiteas um Chaiteachas Maoiniúcháin Státchiste arna fháil faoi na hAchtanna Toghcháin a chur ar fáil don Choimisiún um Chaighdeáin go bliantúil. Agus an Ráiteas á chur ar fáil, ceanglaítear ar an oifigeach cuí a dhearbhú gur feidhmíodh na híocaíochtaí arna ndéanamh i leith na bliana atá i gceist, i leith roinnt nó gach ceann de na cuspóirí arna bhforáil dóibh sa reachtaíocht (thuas) agus na gnóthaí iarbhíre ar feidhmíodh na híocaíochtaí ina leith a léiriú. Forálann na hAchtanna Toghcháin nach mór d’iniúchóir poiblí an Ráiteas a iniúchadh. Ní mór tuarascáil an iniúchóra a chur ar fáil don Choimisiún um Chaighdeáin freisin.