- Scipeáil Nascleanúna |
- Mapa an Láithreáin |
- Ráiteas Inrochtaineacht
- | Text Size: A |
- A |
- A
- 18 Lower Leeson Street, Baile Átha Cliath 2, Eire.
- +353 (0)1 - 639 - 5666
- +353 (0)1 - 639 - 5684
- sipo@sipo.gov.ie
- Eolas Fúinne
- Treoirlínte
- Cóid Iompair
- Gearáin
- Tuarascálacha
- Preas Ráiteas
- Foilseacháin Ghinearálta
- Toghcháin
- Síntiúis a Nochtadh
- Maoiniú Státchiste
- Do leathanach
- Foirmeacha
Leamhlabhair S15/16
2.3 Taifid arna gcoinneáil ag an gCoimisiún um Chaighdeáin faoi na hAchtanna um Eitic
Coinníonn an Coimisiún um Chaighdeáin na taifid thíos i bhfeidhmiú a fheidhmeanna faoi na hAchtanna um Eitic. Léirítear ar gach catagóir taifid cibé an bhfuil an fhaisnéis atá istigh ann ar fáil don phobal cheana féin agus cibé an bhfuil sé faoi réir ag forálacha alt 35 d’Acht 1995 maidir le leasanna a nochtadh, faoi mar a leagtar amach thíos. Sa chás go bhfuil cáipéis ar fáil don phobal cheana féin, is féidir teacht uirthi gan dul i muinín na nAchtanna um SF.
Ráitis um Leasanna Breise Sealbhóirí Oifige (Ní nochtar ach de réir Alt 35 de na hAchtanna um Eitic).
Ráitis Bhliantúla um Leasanna an Ard-Aighne agus sealbhóirí stiúrthóireachtaí ainmnithe i gcomhlachtaí poiblí. (Ní nochtar ach de réir Alt 35 de na hAchtanna um Eitic).
Ráitis Bhliantúla um Leasanna agus Ráitis um Leasanna Breise comhairleoirí speisialta Aireachta. (Leagtar leasanna an Chomhairleora Speisialta féin os comhair Thithe an Oireachtais agus bíonn siad, mar sin, ar fáil don phobal. Bíonn Leasanna Breise Comhairleora Speisialta faoi réir ag pribhléidí Alt 35 maidir le leasanna a nochtadh).
Ráitis ón Ard-Aighne, ó chomhairleoirí speisialta Aireachta agus ó shealbhóirí stiúrthóireachtaí ainmnithe i gcomhlachtaí poiblí nuair atá leas ábhartha acu i bhfeidhm atá le feidhmiú, nó ag duine atá bainteach leo (m.sh. aon duine muinteartha leo, duine lena bhfuil caidreamh gnó / comhpháirtíochta / mar iontaobhaí, srl.) (Ní nochtar ach de réir Alt 35 de na hAchtanna um Eitic).
Cóipeanna de Chláir um Leasanna Chomhaltaí Dháil agus Sheanad Éireann. (Cáipéisí Foilsithe).
Fianaise ar dheimhniú imréitigh chánach ó Chomhaltaí, ón Ard-Aighne agus ó dhaoine a cheaptar in oifig shinsearach. (Ní nochtar ach de réir Alt 35 de na hAchtanna um Eitic).
Tuarascálacha do Choistí um Leasanna Chomhaltaí Dháil Éireann agus Sheanad Éireann maidir le forálacha na nAchtanna um Eitic faoi imréiteach cánach gan a bheith comhlíonta ag Comhaltaí. (Cáipéisí Foilsithe).
Cóid iompraíochta fhoilsithe do Chomhaltaí seachas Sealbhóirí Oifige, do Shealbhóirí Oifige agus Státseirbhísigh. (Cáipéisí Foilsithe).
Treoirlínte foilsithe do Shealbhóirí Oifige agus d’Fhostaithe sa tSeirbhís Phoiblí (lena n-áirítear an tArd-Aighne, Comhairleoirí Speisialta, Sealbhóirí Stiúrthóireachtaí Ainmnithe sa tSeirbhís Phoiblí agus Sealbhóirí Post Ainmnithe sa Státseirbhís agus sa tSeirbhís Phoiblí); (Cáipéisí Foilsithe).
Treoirlínte do Chomhaltaí nach Sealbhóirí Oifige iad faoi mar a fhoilsíonn na Coistí (Dháil agus Sheanad) faoi seach um Leasanna Comhaltaí (Cáipéisí Foilsithe).
Iarratais ar chomhairle agus comhairle a tugadh do Shealbhóirí Oifige agus d’Fhostaithe sa tSeirbhís Phoiblí; (Ní nochtar ach de réir Alt 35 de na hAchtanna um Eitic).
Taifid a bhaineann leis an bpróiseas comhairliúcháin maidir le foilsiú treoirlínte agus gnóthaí eile faoi mar a sonraíodh sna hAchtanna um Eitic. (Ní nochtar ach de réir Alt 35 de na hAchtanna um Eitic).
Taifid ar ghearáin a bhaineann le cáis ina líomhnaítear gur sháraigh Sealbhóirí Oifige, sealbhóirí Stiúrthóireachtaí Ainmnithe sa tSeirbhís Phoiblí agus sealbhóirí Post Ainmnithe sa Státseirbhís agus sa tSeirbhís Phoiblí agus daoine sonraithe eile, an reachtaíocht. (Ní nochtar ach de réir Alt 35 de na hAchtanna um Eitic).
Taifid ar imscrúduithe arna ndéanamh ar cháis ina líomhnaítear gur sáraíodh na hAchtanna um Eitic. (Ní nochtar ach de réir Alt 35 de na hAchtanna um Eitic).
Tuarascáil ar Imscrúdú arna dhéanamh ar chás ina líomhnaítear gur sáraíodh na hAchtanna um Eitic; (Cáipéis Fhoilsithe).
Fógraí ó Ard-Rúnaí an Rialtais maidir leis na gníomhartha a rinneadh i ndáil le maoin nó seirbhísí arna soláthar saor in aisce nó faoi bhun costais d’Aire nó d’Aire Stáit lenar bhain luach is mó ná €650; (Ní nochtar ach de réir Alt 35 de na hAchtanna um Eitic).
Tuarascálacha Bliantúla Foilsithe don Aire Airgeadais. (Cáipéisí Foilsithe).
Faisnéis arna coinneáil ag an gCoimisiún um Chaighdeáin nach bhféadfar a scaoileadh faoi na hAchtanna um SF agus nach bhféadfar a scaoileadh ach amháin de réir fhorálacha alt 35 d’Acht 1995.
Ba chóir a thabhairt faoi deara go gcoisceann Alt 35 d’Acht 1995 ar aon duine faisnéis a nochtadh a fuarthas faoi na hAchtanna um Eitic nó de bharr a bheith i láthair ag suí an Choimisiúin um Chaighdeáin a reáchtáladh i ndáil phríobháideach. Tá sé ina chion an fhoráil seo a shárú.
Ní chuirtear an cosc seo (nach mbaineann le faisnéis a leagtar, de réir na nAchtanna um Eitic, os comhair Thithe an Oireachtais) i leataobh ach amháin sna cúinsí sonracha seo a leanas a bhforáiltear lena n-aghaidh sna hAchtanna um Eitic:
- faisnéis á nochtadh ar mhaithe le leas an phobail ag Aire Rialtais;
- faisnéis atá i ráitis um leasanna ag daoine arna sonrú sna hAchtanna um Eitic, á nochtadh do dhaoine / chomhlachtaí arna sonrú sna hAchtanna um Eitic, sa chás go bhfuil sé ar mhaithe le leas an phobail faisnéis den sórt sin a nochtadh;
- faisnéis á nochtadh ag duine i bhfeidhmiú a f(h)eidhmeanna;
- faisnéis á nochtadh ag duine ar mhaithe le leas an phobail do dhaoine arna sonrú in alt 35(2)(c)(ii) d’Acht 1995 (.i. Aire, an Rúnaí don Rialtas, Coiste, an Coimisiún um Chaighdeáin nó údarás ábhartha i ndáil le sealbhóirí post ainmnithe);
- faisnéis á nochtadh de bhun ordaithe cúirte chun críche imeachtaí sa chúirt sin;
- faisnéis á nochtadh ó thuarascáil faoi imscrúdú, ag nó le toiliú an duine a mbaineann an fhaisnéis leo.
Forálann Alt 32 d’Acht um Shaoráil Faisnéise 1997 go bhféadfar diúltú d’iarratais le teacht ar thaifid sa chás go bhfuil an taifead atá i gceist coiscthe ag forálacha Acht eile agus nár sonraíodh forálacha den sórt sin sa Tríú Sceideal a ghabhann leis na hAchtanna um SF. Ní shonraítear forálacha na nAchtanna um Eitic sa Tríú Sceideal a ghabhann leis na hAchtanna um SF. Dá réir sin, ní fhéadfar faisnéis arna fáil faoi na hAchtanna um Eitic a nochtadh ach amháin de réir fhorálacha na nAchtanna um Eitic agus níl faisnéis den sórt sin faoi réir a nochta faoi na hAchtanna um SF.
Níl aon toirmeasc ar fhaisnéis a nochtadh a fuarthas faoi na hAchtanna Toghcháin nó faoin reachtaíocht um Liúntas Ceannairí Páirtí. Bíonn faisnéis arna coinneáil ag an gCoimisiún um Chaighdeáin faoi na hAchtanna seo faoi réir ag forálacha na nAchtanna um SF.