- Scipeáil Nascleanúna |
- Mapa an Láithreáin |
- Ráiteas Inrochtaineacht
- | Text Size: A |
- A |
- A
- 18 Lower Leeson Street, Baile Átha Cliath 2, Eire.
- +353 (0)1 - 639 - 5666
- +353 (0)1 - 639 - 5684
- sipo@sipo.gov.ie
- Eolas Fúinne
- Treoirlínte
- Cóid Iompair
- Gearáin
- Tuarascálacha
- Preas Ráiteas
- Foilseacháin Ghinearálta
- Toghcháin
- Síntiúis a Nochtadh
- Maoiniú Státchiste
- Do leathanach
- Foirmeacha
Leamhlabhair S15/16
2.2 Feidhmeanna an Choimisiúin um Chaighdeáin faoi na hAchtanna um Eitic agus gníomhartha riaracháin arna ndéanamh aige i bhfeidhmiú na bhfeidhmeanna sin
Is iad príomhfheidhmeanna leanúnacha an Choimisiúin um Chaighdeáin faoi na hAchtanna um Eitic ná comhairle agus treoirlínte a sholáthar maidir leis na hAchtanna um Eitic a chomhlíonadh, na réimis maidir le leasanna a nochtadh agus imréiteach cánach a riaradh agus imscrúdú agus tuairisciú a dhéanamh ar cháis ina bhféadfadh an reachtaíocht a bheith sáraithe. Bíonn na feidhmeanna seo de chuid an Choimisiúin um Chaighdeáin infheidhmithe i leith Sealbhóirí Oifige agus fostaithe sa tseirbhís phoiblí agus, i ndáil le bearta maidir le reachtaíocht chánach a chomhlíonadh, gach Comhalta agus duine a cheaptar in oifig shinsearach i gcomhlachtaí poiblí. Seachas gnóthaí a bhaineann le himréiteach cánach, tá feidhmeanna ag Coistí an dá Theach um Leasanna Comhaltaí atá cosúil le feidhmeanna an Choimisiúin um Chaighdeáin i ndáil le comhaltaí na dTithe nach bhfuil ina sealbhóirí oifige.
Tá feidhmeanna leanúnacha an Choimisiúin um Chaighdeáin faoi na hAchtanna um Eitic mar seo a leanas mar sin:
A. Ráitis um Leasanna a chuirtear ar fáil dó faoi na hAchtanna um Eitic a fháil, a bhreithniú agus a choinneáil;
B. na réimis maidir le himréiteach cánach a riaradh do Chomhaltaí agus do dhaoine a cheaptar in oifig shinsearach;
C Cóid Iompraíochta ar foráladh lena n-aghaidh in Alt 10 den Acht 2001, a fhoilsiú;
D comhairle agus treoirlínte maidir leis na hAchtanna um Eitic a sholáthar;
E gearáin a fháil agus imscrúdú agus tuairisciú a dhéanamh ar cháis ina bhféadfadh an reachtaíocht a bheith sáraithe;
F dul i gcomhairle le dreamanna agus ligean do dhreamanna dul i gcomhairle leis-sean maidir le feidhmiú na nAchtanna um Eitic; agus
G tuarascáil bhliantúil a ullmhú don Aire Airgeadais maidir lena ghníomhaíochtaí i rith na bliana roimhe sin agus aon tuarascálacha eile den sórt sin a ullmhú don Aire de réir mar is cuí dar leis.
A Ráitis um Leasanna
Ceanglaítear ar an gCoimisiún um Chaighdeáin gach Ráiteas um Leasanna a chuirtear ar fáil dó de réir fhorálacha na nAchtanna um Eitic a fháil, a bhreithniú agus a choinneáil.
Scríobhann an Coimisiún um Chaighdeáin chuig gach comhlacht poiblí go bliantúil á chomhairliú faoin gceanglas atá ar stiúrthóirí ainmnithe agus ar shealbhóirí post ainmnithe sa chomhlacht le Ráiteas bliantúil um Leasanna a chur ar fáil.
Eisíonn an Roinn Airgeadais na foirmeacha atá le húsaid ag Sealbhóirí Oifige (agus a Leasanna Breise á nochtadh acu), ag comhairleoirí speisialta, stiúrthóirí ainmnithe agus sealbhóirí post ainmnithe i gcomhlachtaí poiblí lena leasanna a nochtadh, agus bíonn na foirmeacha ar fáil ar shuíomh idirlín na Roinne Airgeadais freisin (www.finance.gov.ie). Is féidir nasc leis na foirmeacha sin a aimsiú ar shuíomh idirlín an Choimisiúin um Chaighdeáin freisin.
Níl aon cheanglas reachtúil ar Ard-Aighne nach bhfuil ina Chomhalta, ar chomhairleoirí speisialta, stiúrthóirí ainmnithe agus ar shealbhóirí post ainmnithe sa tseirbhís phoiblí Ráiteas bliantúil um Leasanna a chur ar fáil mura bhfuil leas le nochtadh ag an duine atá i gceist .i. leas a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar an duine sin i bhfeidhmiú a d(h)ualgas. Molann an Coimisiún um Chaighdeáin áfach, i gcúinsí den sórt sin, gur chóir ráiteas maidir le leasanna ‘Neamhní’ a chur ar fáil seachas ráiteas ar bith, mar fhianaise go bhfuil a c(h)eanglais faoi na hAchtanna breithnithe ag an duine. Bíonn foirm ghiorraithe ar fáil chun críocha ráiteas ó dhaoine den sórt sin, lena nochtfar ‘Neamhní’.
Tá ráiteas samplach ‘Neamhní’ (do stiúrthóirí ainmnithe) in Aguisín 2 an lámhleabhair seo. Bíonn ráitis maidir le leasanna ‘neamhní’ ar fáil ar shuímh idirlín na Roinne Airgeadais agus an Choimisiúin um Chaighdeáin freisin.
Sa chás go bhfaigheann an Coimisiún um Chaighdeáin Ráiteas ‘Neamhní’ nó foirm le haghaidh Ráitis um Leasanna agus go bhfuil mionearráid ann (m.sh. tréimhse chlárúcháin mhícheart) cuirtear an earráid in iúl don duine a bhfuil an ráiteas á chur ar fáil acu agus tugtar cuireadh dó/di a ráiteas a leasú.
Admhaíonn an Coimisiún um Chaighdeáin gach ráiteas dá bhfaightear. Ní fhoilsítear ná ní nochtar ábhair ráiteas den sórt sin ach amháin i gcúinsí sonracha arna bhforáil lena n-aghaidh faoi alt 35 de na hAchtanna um Eitic (féach cuid 2.3 thíos). Coinnítear na Ráitis i gcomhad fisiciúil ar feadh na tréimhse reachtúla cúig bliana dhéag. Coinnítear cóipeanna d’aon chomhfhreagras i ndáil leis na ráitis sa chomhad fisiciúil agus coinnítear iad ar bhunachar sonraí leictreonach freisin.
I ndáil leis na Ráitis um Leasanna Inchláraithe de chuid na gComhaltaí (lena n-áirítear Sealbhóirí Oifige), ceapann Cléirigh Dháil Éireann agus Sheanad Éireann na foirmeacha lena nochtadh faoi seach, tar éis comhairliúcháin leis an gCoiste ábhartha um Leasanna Chomhaltaí Dháil Éireann nó Sheanad Éireann, de réir mar is cuí, agus leis an gCoimisiún um Chaighdeáin. Foráiltear le haghaidh an phróisis chomhairliúcháin seo faoi na hAchtanna um Eitic agus tarlaíonn sé gar do dheireadh gach bliain fhéilire.
Eisíonn an Coimisiún um Chaighdeáin na foirmeacha le haghaidh na Ráiteas um Leasanna do gach Comhalta go luath i mí Eanáir ansin in éineacht leis na Ráitis um Shíntiúis agus Deimhnithe Síntiús Airgid a gceanglaítear ar Chomhaltaí a chomhlánú de réir fhorálacha na nAchtanna Toghcháin (féach Cuid 3). Seoltar na foirmeacha comhlánaithe, ina bhfuil mionsonraí ar leasanna inchláraithe an Chomhalta féin amháin, ar ais chuig an gCoimisiún um Chaighdeáin agus admháiltear nuair a fhaightear iad.
Agus gach foirm faighte, cuireann an Coimisiún um Chaighdeáin iad ar aghaidh chuig Cléireach Dháil Éireann agus Cléireach Sheanad Éireann, de réir mar is cuí. Ullmhaíonn gach Cléireach Clár um Leasanna Comhaltaí ansin. Foilsítear na Cláir in Iris Oifigiúil agus bíonn siad ar fáil ar shuíomh idirlín Thithe an Oireachtais freisin www.oireachtas.gov.ie.
Tá an fhreagracht as faisnéis atá sna Cláir a fhoilsiú nó as bealach a sholáthar don phobal leis na Cláir a scrúdú ina ceist do Chléireach Dháil Éireann nó Sheanad Éireann de réir mar is cuí. Tugtar cóipeanna de na Cláir don Choimisiún um Chaighdeáin freisin. Ní sholáthraíonn an Coimisiún um Chaighdeáin bealach don phobal leis na Cláir a scrúdú ná ní nochtann sé aon fhaisnéis atá sna Cláir.
B. Reachtaíocht Chánach a Chomhlíonadh
Scríobhann an Coimisiún um Chaighdeáin chuig comhlachtaí poiblí go bliantúil á chur i gcuimhne dóibh na forálacha maidir le himréiteach cánach do dhaoine a cheaptar in oifig shinsearach. Soláthraítear foirm chun aon cheapacháin den sórt sin a chur in iúl don Choimisiún um Chaighdeáin. Tugann an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí agus Coiste na gCeapacháin Barrleibhéil (TLAC) comhairle do dhaoine a cheaptar agus a thagann faoi chuimsiú a shainchúraim, maidir lena n-oibleagáidí faoi na hAchtanna agus cuireann siad ceapacháin den sórt sin in iúl don Choimisiún um Chaighdeáin.
Scríobhann an Coimisiún um Chaighdeáin chuig daoine arb eol dó go gceanglófar orthu Deimniú Imréitigh Chánach a chur ar fáil. Eisítear an litir a luaithe agus is feidir tar éis don duine a bheith tofa nó ceaptha agus tugann sé comhairle don duine maidir lena (h)oibleagáidí ó thaobh reachtaíocht chánach a chomhlíonadh faoi na hAchtanna um Eitic. Bíonn foirm le haghaidh Dearbhaithe Reachúil iniata leis an litir. Cé go n-eisíonn Oifig an Ardbhailitheora foirmeacha iarratais le haghaidh imréitigh chánach, cuireann an Coimisiún um Chaighdeáin foirm iarratais isteach lena litir freisin.
Baineann na foirmeacha le haghaidh Dearbhuithe Reachtúla a eisíonn an Coimisiún um Chaighdeáin, go sonrach le gach catagóir duine .i. Comhaltaí, Ard-Aighne srl. Bíonn gach foirm le haghaidh Dearbhuithe Reachtúla dá n-eisítear i ndáil le himréiteach cánach ar fáil ar shuíomh idirlín an Choimisiúin um Chaighdeáin. Tá sampla den Dearbhú Reachtúil a eisítear do chomhaltaí Thithe an Oireachtais in Aguisín 3 den lámhleabhar seo.
Admháiltear Dearbhuithe Reachtúla agus Deimnithe Imréitigh Chánach / Ráitis Iarratais nuair a fhaightear iad. Coinnítear comhad fisiciúil i leith gach duine óna bhfaightear cáipéisíocht den sórt sin. Coinnítear cóipeanna de chomhfhreagras le nó maidir leis an duine atá i gceist sa chomhad fisiciúil agus ar bhunachar sonraí leictreonacha.
Bíonn naoi mí ag comhaltaí agus ag daoine a cheaptar in oifig shinsearach lena nDearbhú Reachtúil comhlánaithe agus a nDeimhniú Imréitigh Chánach nó Ráiteas Iarratais a chur ar fáil don Choimisiún um Chaighdeáin. Ní mór an Dearbhú Reachtúil a bheith comhlánaithe faoi cheann mí amháin roimh nó i ndiaidh dháta an cheapacháin, an toghcháin nó an ainmniúcháin áfach. Sáraítear na hAchtanna um Eitic má loictear cloí leis an spriocdháta leis an Dearbhú Reachtúil a chomhlánú nó an spriocdháta leis an gcáipéisíocht riachtanach a chur ar fáil don Choimisiún um Chaighdeáin. Forálann na hAchtanna um Eitic go ndéanfaidh an Coimisiún um Chaighdeáin imscrúdú agus tuairisciú ar aon sárú den sórt sin agus go leanann an ceanglas leis an gcáipéisíocht a chur ar fáil, ar aghaidh.
Sa chás go mbaineann sárú le Comhalta, cuirfear an tuarascáil faoi bhráid an Choiste ábhartha um Leasanna Comhaltaí, a ghníomhóidh sa chaoi is go leagfar os comhair an Tí é. Mura bhfuil na hAchtanna comhlíonta fós ag an gComhalta sa bhliain lena mbaineann chéad tuarascáil bhliantúil eile an Choimisiúin um Chaighdeáin tar éis chás neamhchomhlíonadh na nAchtanna, sonróidh an Coimisiún um Chaighdeáin cás an neamhchomhlíonta ina thuarascáil bhliantúil. Cuirfidh an Coimisiún um Chaighdeáin sin in iúl don Choiste ábhartha um Leasanna Comhaltaí i scríbhinn freisin. Gníomhóidh an Coiste ansin sa chaoi is go leagfar cóip den fhógra os comhair an Tí. Sa chás go n-eisíonn an tArdbhailitheoir fógra gur diúltaíodh do Dheimhniú Imréitigh Chánach i leith Comhalta, tuairisceoidh an Coimisiún um Chaighdeáin sin don Choiste ábhartha um Leasanna Comhalta agus cuirfidh cóip den fhógra ar aghaidh chuig an gCoiste, a ghníomhódh, faoi seach, sa chaoi is go leagfar cóip den tuarascáil agus den fhógra os comhair an Tí ábhartha.
Sa chás go mbaineann sárú le hArd-Aighne nach bhfuil ina Chomhalta, cuirfidh an Coimisiún um Chaighdeáin an tuarascáil ar aghaidh chuig an Taoiseach a ghníomhóidh sa chaoi is go leagfar os comhair an dá Theach í. Mura bhfuil forálacha na nAchtanna comhlíonta fós ag Ard-Aighne sa bhliain lena mbaineann chéad tuarascáil bhliantúil eile an Choimisiúin um Chaighdeáin tar éis chás neamhchomhlíonadh na nAchtanna, sonróidh an Coimisiún um Chaighdeáin cás an neamhchomhlíonta ina thuarascáil bhliantúil. Sa chás go gcomhlíonann Ard-Aighne forálacha na nAchtanna ina dhiaidh sin, cuirfidh an Coimisiún um Chaighdeáin sin in iúl don Taoiseach i scríbhinn agus gníomhóidh sa chaoi is go leagfar cóip den fhógra os comhair an Tí (ní shonraítear san Acht cén Teach a bhfuiltear ag tagairt dó).
Sa chás go mbaineann sárú le duine a cheaptar in oifig shinsearach, cuirfidh an Coimisiún um Chaighdeáin an tuarascáil ar fáil don chomhlacht atá i gceist agus leagfaidh an tuarascáil os comhair dhá Theach an Oireachtais. Mura bhfuil forálacha na nAchtanna comhlíonta ag an sealbhóir oifige sinsearaí sa bhliain lena mbaineann chéad tuarascáil bhliantúil eile an Choimisiúin um Chaighdeáin tar éis chás neamhchomhlíonadh na nAchtanna, cuirfidh an Coimisiún um Chaighdeáin sin in iúl do cheannaire an chomhlachta poiblí i scríbhinn. Cuirfidh an Coimisiún um Chaighdeáin in iúl do cheannaire an chomhlachta poiblí nuair a chomhlíonann an duine forálacha na nAchtanna freisin.
Go praiticiúil, tá an Coimisiún um Chaighdeáin tar éis gníomhú de réir a bhreithiúnais féin cuid mhaith i ndáil le himscrúduithe a dhéanamh ar cháis inar sáraíodh forálacha na reachtaíochta maidir le himréiteach cánach, toisc go ginearálta, gur de bharr easpa feasachta ar na spriocdhátaí reachtúla leis na forálacha a chomhlíonadh, a bhí na sáruithe atá tarlaithe go dtí seo.
C. Cóid Iompraíochta
Tá an Coimisiún um Chaighdeáin freagrach as Cóid Iompraíochta a fhoilsiú agus a dháileadh. Páirtithe eile a chuir na cóid iad féin le chéile, tar éis comhairliúcháin leis an gCoimisiún um Chaighdeáin. Tá na Cóid atá foilsithe ag an gCoimisiún um Chaighdeáin go dtí seo mar seo a leanas:
- Cód Iompraíochta do Chomhaltaí Dháil Éireann, faoi mar a chuir Coiste um Leasanna Chomhaltaí Dháil Éireann le chéile, arna aontú ag Dáil Éireann an 28 Feabhra 2002;
- Cód Iompraíochta do Chomhaltaí Sheanad Éireann, faoi mar a chuir Coiste um Leasanna Chomhaltaí Sheanad Éireann le chéile, agus ar ghlac Seanad Éireann leis an 18 Aibreán 2002;
- Cód Iompraíochta do Shealbhóirí Oifige, faoi mar atá curtha le chéile ag an Rialtas agus foilsithe ag an gCoimisiún um Chaighdeáin an 3 Iúil 2003;
- Cód Caighdeán agus Iompair na Státseirbhíse, arna eisiúint ag an Aire Airgeadais an 9 Meán Fómhair 2004 trí Chiorclán 26/04, arna fhoilsiú ag an gCoimisiún um Chaighdeáin ina dhiaidh sin i mí na Nollag 2004.
Bíonn na cáipéisí seo ar fáil ar shuíomh idirlín an Choimisiúin um Chaighdeáin www.sipo.gov.ie, agus féadfar teacht orthu gan dul i muinín na nAchtanna um SF. Fanfaidh na Cóid i bhfeidhm go dtí go gcúlghairmfear iad le heagrán ina ndiaidh.
Go dtí seo, níor foilsíodh na Cóid Iompraíochta dóibh siúd a shealbhaíonn stiúrthóireachtaí ar chomhlachtaí poiblí, nó dóibh siúd atá i bpoist fhostaíochta i gcomhlachtaí poiblí (seachas sa Státseirbhís).
D. Treoirlínte agus Comhairle
Seachas Comhaltaí nach Sealbhóirí Oifige iad, bíonn an Coimisiún um Chaighdeáin freagrach faoi alt 25 de na hAchtanna um Eitic, as treoirlínte a fhoilsiú agus as comhairle a sholáthar maidir leis na hAchtanna um Eitic a chomhlíonadh, do dhaoine a thagann faoi chuimsiú fhorálacha na nAchtanna. Ní mór do dhuine gníomhú de réir na dtreoirlínte agus na comhairle arna n-eisiúint ag an gCoimisiún um Chaighdeáin ach amháin sa chás, trí amhlaidh a dhéanamh, go mbeadh sé nó sí ag sárú forála eile de na hAchtanna. Tá treoirlínte arna bhfoilsiú ag an gCoimisiún um Chaighdeáin inghlactha in aon imeachtaí de chuid an Choimisiúin um Chaighdeáin nó de chuid na gCoistí um Leasanna Chomhaltaí Dháil agus Sheanad Éireann agus in aon imeachtaí os comhair cúirte nó binse fiosrúcháin.
Foilsíonn an Coimisiún um Chaighdeáin, go héifeachtach, treoirlínte le haghaidh 2 chatagóir daoine a thagann faoi chuimsiú na nAchtanna um Eitic:
(i) Sealbhóirí Oifige;
(ii) Fostaithe sa tSeirbhís Phoiblí (lena n-airítear an tArd-Aighne, Comhairleoirí Speisialta, sealbhóirí Stiúrthóireachtaí Ainmnithe sa tSeirbhís Phoiblí agus Sealbhóirí Post Ainmnithe sa Státseirbhís agus sa tSeirbhís Phoiblí).
Soláthraíonn na Coistí ábhartha (Dála nó Seanaid) um Leasanna Comhaltaí treoirlínte agus comhairle do Chomhaltaí nach Sealbhóirí Oifige iad. Ceanglaítear ar an gCoimisiún um Chaighdeáin dul i gcomhairle leis na Coistí um Leasanna Comhaltaí sula bhfoilsíonn sé a threoirlínte. Ceanglaítear ar na Coistí um Leasanna Comhaltaí dul i gcomhairle leis an gCoimisiún um Chaighdeáin sula bhfoilsíonn siad a dtreoirlínte freisin.
D’fhoilsigh an Coimisiún um Chaighdeáin, tar éis comhairliúcháin le Coistí um Leasanna Chomhaltaí Dháil agus Sheanad Éireann, Treoirlínte do Shealbhóirí Oifige (4ú heagrán) i mí na Nollag 2002 agus Treoirlínte d’Fhostaithe sa tSeirbhís Phoiblí (4ú heagrán) i mí Iúil 2006. Bíonn na cáipéisí seo ar fáil ar shuíomh idirlín an Choimisiúin um Chaighdeáin www.sipo.gov.ie, agus féadfar teacht orthu gan dul i muinín na nAchtanna um SF. Fanfaidh na treoirlínte seo i bhfeidhm go dtí go gcúlghairmfear iad le heagrán ina ndiaidh.
Féadfaidh an Coimisiún um Chaighdeáin comhairle shonrach a thabhairt freisin, ar iarratas, do Shealbhóirí Oifige agus d’fhostaithe sa tseirbhís phoiblí a thagann faoi chuimsiú fhorálacha na nAchtanna um Eitic, maidir le ciall nó feidhmiú aon fhoralacha atá iontu sin. Sa chás go bhfaightear iarratas ar chomhairle, tá 21 lá ag an gCoimisiún um Chaighdeáin leis an gcomhairle a chur ar fáil nó lena chur in iúl don duine faoina chinneadh le diúltú le comhairle a chur ar fáil faoin gceist. Sa chás go ndéantar iarratas ar chomhairle, ní bheidh forálacha na nAchtanna um Eitic a bhaineann leis an duine a rinne an t-iarratas, infheidhmithe i leith an duine sin go dtí go mbeidh an chomhairle curtha ar fáil ag an gCoimisiún um Chaighdeáin, nó go gcuirfidh sé in iúl don duine faoina chinneadh le diúltú le comhairle a chur ar fáil faoin gceist.
Faightear gnáthfhiosrúcháin (.i. maidir le tréimhsí clárúcháin agus dátaí le leasanna a nochtadh) trí ghlaonna teileafóin nó ríomhphost de ghnáth agus freagraíonn Rúnaíocht an Choimisiúin um Chaighdeáin go díreach iad. Ní bhreathnaítear ar an gcineál seo fiosrúchán de ghnáth mar chomhairle arna tabhairt ag an gCoimisiún um Chaighdeáin ná ní thaifeadtar mar sin é.
Dé réir alt 21 (10) d’Acht 1995, tarmligtear baill áirithe d’fhoireann Rúnaíocht an Choimisiúin um Chaighdeáin le comhairle a sholáthar. Sa chás go meastar go bhfuil fiosrúchán teileafóin ina iarratas ar chomhairle faoi chuimsiú chiall na nAchtanna um Eitic, cuirfear an t-iarratas ar aghaidh chuig ball foirne atá tarmligthe le comhairle a sholáthar. Taifeadtar an t-iarratas agus an chomhairle a tugadh i gcomhad fisiciúil an chliaint agus ar bhunachar sonraí leictreonach. Sa chás go measann sé / sí é gur cuí amhlaidh a dhéanamh, féadfaidh ball den Rúnaíocht a chur d’iachall ar dhuine a bhfuil fiosrúchán teileafóin á dhéanamh acu, a iarratas ar chomhairle a chur faoi bhráid an Choimisiúin i scríbhinn nó trí ríomhphost.
Freagraítear iarratais scríofa nó ríomhphoist i scríbhinn faoi cheann 21 lá i gcónaí. Cuirtear an t-iarratas agus an chomhairle a soláthraíodh i gcomhad fisiciúil ábhartha an chliaint agus ar bhunachar sonraí leictreonach.
Bíonn iarratais ar chomhairle agus comhairle a thugtar faoi réir ag an toirmeasc ar fháisnéis a nochtadh, a foráladh lena aghaidh sna hAchtanna um Eitic. Leagtar níos mó mionsonraí amach faoi seo i gcuid 2.3 thíos.
Tá an Coimisiún um Chaighdeáin cumhachtaithe freisin le treoirlínte a eisiúint agus comhairle a sholáthar do dhaoine a mbaineann alt 4(1)(a) d’Acht 2001 leo maidir leis na céimeanna atá le tógáil ag daoine den sórt sin lena chinntiú go gcomhlíonann siad an t-alt sin. Níor eisigh an Coimisiún um Chaighdeáin treoirlínte maidir leis seo go dtí seo.
Tá an Coimisiún um Chaighdeáin cumhachtaithe freisin le comhairle a sholáthar do Shealbhóirí Oifige i ndáil leis an gCód Iompraíochta do Shealbhóirí Oifige a fheidhmiú, nó maidir le neamhfheidhmiú an chóid sin nó cód iompraíochta do stiúrthóirí nó fhostaithe comhlachtaí poiblí nó aon chód eile iompraíochta nó aon treoirlínte maidir le haon chás nó cúinse ar leith a dhéanann difear dó nó di nó a bhaineann leis nó léi nó le haon iompraíocht dá c(h)uid nó iompraíocht atá beartaithe aige nó aici. Ceanglaítear ar an gCoimisiún um Chaighdeáin an chomhairle arna hiarraidh a thabhairt faoi cheann 21 lá. Tugann forálacha cosúil leis sin cead don Choiste ábhartha um Leasanna Comhaltaí comhairle a thabhairt do Chomhalta faoi fhorálacha na gCód Iompraíochta do Chomhaltaí Dháil Éireann nó Sheanad Éireann.
E. Gearáin agus Imscrúduithe:
Tugann Alt 22 d’Acht 1995 cead do chatagóirí áirithe daoine gearáin a dhéanamh leis an gCoimisiún um Chaighdeáin faoi cháis ina líomhnaítear gur sháraigh aicmí difriúla daoine a bhfuil oibleagáidí orthu faoi Acht sin, Acht 1995. Tugann Alt 4 d’Acht 2001 cead do dhuine ar bith gearán a dhéanamh leis an gCoimisiún um Chaighdeáin faoi "ghníomh sonraithe" a líomhnaítear go ndearna "duine sonraithe". Leagtar níos mó mionsonraí ar na forálacha seo amach thíos.
Forálann na hAchtanna um Eitic go mbeidh aon duine a dhéanann gearán le dea-rún leis an gCoimisiún um Chaighdeáin agus a chreideann le réasún go bhfuil an gearán le himscrúdú faoi na hAchtanna um Eitic, díolmhaithe ó aon ghníomh nó nós imeachta smachta a thagann de bharr an ghearáin, de bharr faisnéis a chur ar fáil don Choimisiún um Chaighdeáin, do Choiste, nó d’Oifigeach Fiosrúcháin, nó feidhmiú feidhme i ndáil leis an ngearán ag an gCoimisiún um Chaighdeáin, Coiste nó Oifigeach Fiosrúcháin. Ní bhíonn an imdhíonacht seo ar fáil do dhuine a dhéanann gearán bréagach, míthreorach, suaibhreosach ná cráiteach go feasach nó a sholáthraíonn faisnéis arb eol í a bheith bréagach nó míthreorach.
Coisceann Alt 8 d’Acht 2001 ar an gCoimisiún um Chaighdeáin gearán arna dhéanamh leis a imscúdú ach amháin sa chás go nochtar céannacht an duine a bhfuil an gearán á dhéanamh aige, dó. Tugann Alt 8 áfach, cead don Choimisiún um Chaighdeáin nochtadh céannachta gearánaí a shrianadh, i gcúinsí áirithe.
Gearáin faoi Alt 22
Is féidir leis na daoine seo a leanas gearán a dhéanamh leis an gCoimisiún um Chaighdeáin faoi chás ina líomhnaítear gur sáraíodh na forálacha d’Acht 1995 maidir le leasanna a nochtadh:
Féadfaidh duine den phobal gearán a dhéanamh faoi Shealbhóir Oifige.
Féadfaidh comhalta Dháil Éireann nó Sheanad Éireann gearán a dhéanamh faoi:
- an tArd-Aighne (mura Comhalta é);
- Sealbhóir Oifige;
- stiúrthóir ainmnithe ar chomhlachta poiblí;
- sealbhoir poist fhostaíochta ainmnithe i gcomhlacht poiblí;
- chomhairleoir speisialta.
Féadfaidh an tAire Airgeadais gearán a dhéanamh faoin méid seo a leanas, mura Sealbhóir Oifige an duine a bhfuil an gearán faoi:
- an tArd-Aighne (mura Comhalta é);
- stiúrthóir ainmnithe ar chomhlachta poiblí;
- sealbhoir poist fhostaíochta ainmnithe i gcomhlacht poiblí nó comhairleoir speisialta.
Féadfaidh Aire Rialtais gearán a dhéanamh faoi:
- stiúrthóir ainmnithe ar chomhlachta poiblí ar ina leith a bhfuil feidhmeanna an chomhlachta poiblí tugtha don Aire a bhfuil an gearán á dhéanamh aige;
- sealbhóir poist fhostaíochta ainmnithe i Roinn/Oifig atá faoi stiúradh an Aire a bhfuil an gearán á dhéanamh aige;
- sealbhóir poist fhostaíochta ainmnithe i gcomhlacht poiblí ar ina leith a bhfuil feidhmeanna tugtha don Aire a bhfuil an gearán á dhéanamh aige; nó
- comhairleoir speisialta
Is féidir le comhlacht poiblí dá bhfuil stiúrthóireachtaí nó poist fhostaíochta forórdaithe mar stiúrthóireachtaí ainmnithe nó mar phoist ainmnithe, gearán a dhéanamh faoi stiúrthóir ainmnithe nó faoi shealbhóir poist fhostaíochta ainmnithe sa chomhlacht sin.
Féadfaidh an "t-údarás cuí" (faoi chuimsiú chiall Acht Rialuithe na Státseirbhíse 1956, ach Aire Rialtais fágtha as an áireamh) i ndáil le státseirbhíseach gearán a dhéanamh faoi státseirbhíseach atá ina stiúrthóir ainmnithe nó ina shealbhóir poist fhostaíochta ainmnithe.
Is féidir leis an gCoiste um Leasanna Chomhaltaí Dháil Éireann nó an Coiste um Leasanna Chomhaltaí Sheanad Éireann gearán a dhéanamh faoi chomhalta Dháil Éireann nó Sheanad Éireann (de réir mar is cuí).
Is féidir le ceachtar Coiste um Leasanna Comhaltaí, gearán atá faighte aige cheana féin faoi Chomhalta a líomhnaítear faoi go bhfuil forálacha na nAchtanna um Eitic maidir le leasanna a nochtadh, sáraithe aige, nó go bhfuil "gníomh sonraithe" déanta aige, (féach thíos), a chur ar aghaidh chuig an gCoimisiún um Chaighdeáin freisin.
Gearáin faoi Alt 4
Is féidir le haon duine gearán a dhéanamh leis an gCoimisiún um Chaighdeáin sa chás go measann sé nó sí go bhféadfadh ceann de na gníomhartha seo a leanas a bheith déanta ag "duine sonraithe" nó ag duine atá ina dhuine bainteach:
1. "gníomh sonraithe";
2. foráil de na hAchtanna um Eitic a shárú; nó
3. foráil de na hAchtanna Toghcháin a shárú.
Is éard is gníomh sonraithe ann ná gníomh a dhéantar nó easnamh a dhéantar tar éis thosach feidhme Alt 2 d’Acht 2001 (.i. tar éis 10 Nollaig 2001) atá, nó a bhfuil a chúinsí, den sórt
- atá ar neamhréir leis an duine sonraithe do chomhlíonadh go cuí fheidhmeanna na hoifige nó
- an phoist ar duine den sórt sin é nó í faoina treoir nó faoina threoirle muinín an phobail ghinearálta i bhfeidhmíocht den sórt a choinneáil ar bun, agus
- go mbaineann tábhacht poiblí suntasach leis an ngnó.
Forálann Acht 2001 "gan dochar do ghinearáltacht na habairte ‘tábhacht shuntasach phoiblí’, measfaidh an Coimisiún um Chaighdeáin, má mheasann sé gur cuí amhlaidh a dhéanamh ag féachaint do na himthosca go léir, chun críocha an fho-ailt sin, go bhfuil tábhacht shuntasach phoiblí le ní, má bhaineann an ní le sochar a líomhnaítear a fuair a duine sonraithe nó duine atá, i ndáil le duine sonraithe, ina dhuine bainteach nó ina duine bainteach agus, nach raibh, nó nach bhfuil, dar leis an gCoimisiún um Chaighdeáin, luach an tsochair níos lú ná £10,000, nó a d’fhéadfadh a bheith níos lú ná sin nó bheifí ag súil nach mbeadh luach an tsochair níos lú ná sin nó nach dtiocfadh sé chun bheith níos lú ná £10,000 (€12,697).
Ní bhaineann na forálacha maidir le gníomh sonraithe le gnóthaí príobháideacha nach mbaineann le feidhmeanna oifige nó poist, nó le gníomh nó easnamh a thagann de bharr neamhinniúlachta nó neamhéifeachtúlachta.
Sa chás go measann an Coimisiún um Chaighdeáin nach bhfuil gearán faoi "alt 4" sách tromchúiseach go bhfuil údar ag an gCoimisiún um Chaighdeáin é a imscrúdú, cinnfidh sé, de réir a bhreithiúnais féin, cibé gan an gearán a imscrúdú nó an gearán a chur ar aghaidh, mar seo a leanas, chuig údarás eile:
- i gcás comhalta, chuig coiste den sórt sin den Teach atá i gceist, de réir mar is cuí dar leis;
- i gcás stiúrthóra nó fostaí comhlachta poiblí, chuig ceannaire an chomhlachta sin;
- i gcás comhairleora speisialta Aireachta, chuig an Sealbhóir Oifige ábhartha.
Ceapachán Oifigigh Fhiosrúchain
Forálann Alt 6 d’Acht 2001 go bhféadfaidh an Coimisiún um Chaighdeáin Oifigigh Fhiosrúcháin a cheapadh chun réamhfhiosrúcháin a dhéanamh, faoina údarú aonair, ar ghearán a fhaightear. Tá an cumhacht ag Oifigeach Fiosrúcháin le:
- seilbh a fháil ar fhianaise an ghearánaí nó aon duine ábhartha eile,
- fianaise den sórt sin a chur os comhair an té a bhfuil an gearán faoi,
- cead le ráiteas a dhéanamh, a thabhairt don duine a bhfuil an gearán faoi,
- agallaimh a dhéanamh leis an ngearánaí agus leis an duine a bhfuil an gearán faoi,
- iarraidh ar dhuine aon cháipéis ábhartha atá i seilbh nó faoi smacht an duine, a thabhairt ar aird agus
- tuairisciú i scríbhinn don Choimisiún um Chaighdeáin.
Ní bheadh aon chinntiúcháin nó torthaí i dtuarascáil Oifigigh Fhiosrúcháin ach d’fhéadfadh, dá n-iarrfadh an Coimisiún um Chaighdéain é, an tOifigeach Fiosrúcháin a thuairim a chur in iúl mar chuid dá thuarascáil maidir le cibé an raibh fianaise prima facie ann chun seasamh leis an ngearán atá i gceist.
Níl aon iallach ar an ngearánaí, ar an duine a bhfuil an gearán faoi ná ar aon duine eile, comhoibriú le hOifigeach Fiosrúcháin.
Cumhacht um Fhollasú
Féadfaidh Cathaoirleach an Choimisiúin um Chaighdeáin a ordú go ndéanfaí aon cháipéisí atá ábharthach le cúraimí an Choimisiúin um Chaighdeáin a fhollasú faoi mhionn. Bíonn na rialacha a bhaineann le nósanna imeachta um fhollasú san Ard-Chúirt, infheidhmithe i gcáis den sórt sin.
Ní mór d’aon duine a bhfuil, ina sheilbh nó faoina smacht, cáipéis nó faisnéis arb eol dóibh a bheith ábharthach le himscrúdú, nó le himscrúdú atá beartaithe, ag an gCoimisiún um Chaighdeáin, an cháipéis nó fhaisnéis sin a chaomhnú go dtí go gcuirfear an t-imscrúdú i gcrích. Tá sé ina chion gan amhlaidh a dhéanamh.
Imscrúdú ón gCoimisiún um Chaighdeáin
Tá an Coimisiún um Chaighdeáin cumhachtaithe le himscrúdú agus tuairisciú a dhéanamh ar cháis ina líomhnaítear gur sháraigh Sealbhóirí Oifige, an tArd-Aighne, comhairleoirí speisialta Aireachta agus sealbhóirí stiúrthóireachtaí agus sealbhóirí post i gcomhlachtaí poiblí, na hAchtanna um Eitic. Tá cumhachtaí le himscrúduithe a dhéanamh ag Coistí um Leasanna Chomhaltaí na Dála agus an tSeanaid i ndáil le comhaltaí Thithe an Oireachtais nach Sealbhóirí Oifige iad.
Déanfaidh an Coimisiún um Chaighdeáin imscrúdú i gcúinsí sa chás:
- go ndéantar gearán leis nó go gcuirtear gearán ar aghaidh chuige faoi alt 22 d’Acht 1995;
- go ndéantar gearán leis faoi alt 4 d’Acht 2001;
- go measann sé gur cuí amhlaidh a dhéanamh.
Cinneann an Coimisiún um Chaighdeáin an prótacal maidir le himscrúduithe agus cuireann forálacha le haghaidh príobháideachais, éisteachta aighneachtaí agus fianaise, freastail, ionadaíochta, scrúdaithe ar fhinnéithe agus taifeadtaí imeachtaí, ina gcuid den phrótacal. Bíonn na pribhléidí agus na himdhíonachtaí céanna ag finnéithe d’éisteacht faoi imscrúdú agus a bhíonn acu i gcúirt. Féadfaidh cinneadh an Choimisiúin um Chaighdeáin i ndáil le himscrúdú a bheith ina chinneadh ag tromlach a chomhaltaí.
Forálann alt 24 d’Acht 1995 le haghaidh an nóis imeachta i ndáil le tuairisceoireacht a dhéanfaidh an Coimisiún um Chaighdeáin tar éis imscrúdaithe ar chás ina bhféadfadh na hAchtanna a bheith sáraithe.
Sa chás, tar éis imscrúdaithe, nach gcinntear gur sáraíodh na hAchtanna um Eitic, leagfar amach sa tuarascáil an bonn ar a ndearnadh an neamhchinntiúchán.
Sa chás, tar éis imscrúdaithe, go gcinntear go raibh sárú ann, leagfar amach torthaí agus cinntiúcháin an Choimisiúin um Chaighdeáin sa tuarascáil agus beidh tagairtí don mhéid seo a leanas san áireamh ann:
- na céimeanna agus an scála ama atá riachtanach chun comhlíonadh na nAchtanna a bhaint amach;
- cibé ar de thimpiste nó d’aon turas a tharla an sárú;
- cibé an sárú tromchúiseach nó mionsárú a bhí ann;
- cibé ar ghníomhaigh an duine le dea-rún.
Soláthrófar tuarascáil ar imscrúdú an Choimisiúin um Chaighdeáin don:
- duine a raibh an t-imscrúdú faoi;
- duine a rinne an gearán;
- Choiste cuí um Leasanna Comhaltaí (má tháinig an t-imscrúdú tar éis gearán a rinne, nó a chuir an Coiste sin ar aghaidh);
- i gcás Sealbhóra Oifige, don Choiste cuí Dála nó Seanaid um Leasanna Comhaltaí (leagfar an tuarascáil os comhair an Tí atá i gceist más sárú a chinntear);
- i gcás duine atá i seilbh stiúrthóireachta ainmnithe nó poist ainmnithe, don Aire Airgeadais nó d’Aire ábhartha an ábhair (tá an tuarascáil le leagan os comhair gach Teach má chinntear gur sárú tromchúiseach a bhí ann).
Má mheasann an Coimisiún um Chaighdeáin, de bharr imscrúdaithe, go bhféadfadh cion a bhaineann le feidhmiú a f(h)eidhmeanna, a bheith déanta ag an duine a bhfuil an t-imscrúdú faoi, cuirfidh an Coimisiún um Chaighdeáin tuarascáil ar aghaidh chuig an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí, a chuirfidh toradh a (h)imscrúduithe in iúl don Choimisiún um Chaighdeáin in am trátha. Beidh an fógra ón Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí curtha san áireamh i dtuarascáil imscrúdúcháin an Choimisiúin um Chaighdeáin.
Tá Ráiteas um Nósanna Imeachta Beartaithe cinntithe agus glactha ag an gCoimisiún um Chaighdeáin maidir le himscrúduithe a dhéanamh faoi na hAchtanna um Eitic. Tá an prótacal, ina bhfuil cur síos níos mionsonraithe ar na ceanglais arna leagan amach thuas, in Aguisín 4.
F. Comhairliúchán le comhlachtaí eile faoi na hAchtanna um Eitic:
Ní mór don Choimisiún um Chaighdeáin dul i gcomhairle leis na Coistí um Leasanna Comhaltaí sula bhfoilsíonn sé treoirlínte do Shealbhóirí Oifige nó treoirlínte d’Fhostaithe sa tSeirbhís Phoiblí. Féadfaidh sé dul i gcomhairle leis na Coistí um Leasanna Comhaltaí faoi fheidhmiú na nAchtanna um Eitic go ginearálta freisin agus, chomh fada agus gur cuí, faoi fheidhmiú na nAchtanna Toghcháin. Baineann na príomhréimsí le haghaidh comhairliúcháin le treoirlínte agus comhairle a sholáthar agus le foirmeacha a ullmhú go nochtóidh daoine ábhartha leasanna agus síntiúis pholaitíochta go bliantúil.
Ceanglaítear ar na Coistí um Leasanna Comhaltaí dul i gcomhairle leis an gCoimisiún um Chaighdeáin maidir leis na treoirlínte a fhoilsíonn siad do Chomhaltaí chun cabhrú leo na hAchtanna um Eitic a chomhlíonadh.
Ceanglaítear ar Chléireach gach Teach dul i gcomhairle leis an gCoimisiún um Chaighdeáin maidir leis na foirmeacha atá le húsáid ag Comhaltaí le leasanna a chlárú (féach Ráitis um Leasanna thuas).
Forálann Alt 15(4) d’Acht 1995 go ndréachtfaidh agus go bhfoilseoidh an Rialtas treoirlínte do Shealbhóirí Oifige maidir leis na céimeanna atá le glacadh sa chás go dtairgtear nó go soláthraítear maoin nó seirbhísí saor in aisce nó faoi bhun costais, a dtéann a nglansochar os cionn €650, dóibhsean, dá c(h)éile, dá leanbh nó do leanbh a c(h)éile. Ní mór don Rialtas dul i gcomhairle leis an gCoimisiún um Chaighdeáin maidir le foilsiú na dtreoirlínte seo agus ní mór don rialtas aon aighneachtaí a fhéadfaidh a bheith ag an gCoimisiún um Chaighdeáin a bhreithniú. D’fhoilsigh an Rialtas treoirlínte do Shealbhóirí Oifige maidir leis an ngnó seo in 1996 agus tá siad i bhfeidhm fós.
Ní mór d’Ard-Rúnaí an Rialtais a chur in iúl don Choimisiún um Chaighdeáin i gcás go soláthraítear maoin nó seirbhísí saor in aisce nó faoi bhun costais, lena mbaineann glansochar os cionn €650, d’Aire nó d’Aire Stáit agus an gníomh a rinneadh ina leith dá bharr a chur in iúl don Choimisiún um Chaighdeáin.
Ní mór do Shealbhóir Oifige nach bhfuil ina Aire nó ina Aire Stáit, aon tairiscint a dhéantar dó nó di maidir le maoin nó seirbhísí a sholáthar saor in aisce nó faoi bhun costais, a bhfuil an glansochar a bhaineann leis os cionn €650, a chur in iúl don Choimisiún um Chaighdeáin, agus aisíocaíocht a dhéanamh leis an solathraí. Mura mbíonn sin indéanta, ní mór don Sealbhóir Oifige síntiús a dhéanamh, atá le cinneadh ag an gCoimisiún um Chaighdeáin. Ní mór d’aon Sealbhóir Oifige nach bhfuil ina Aire nó ina Aire Stáit agus atá neamhchinnte maidir le cibé an dtagann an sochar atá i gceist faoi chuimsiú raon na dtreoirlínte nó cibé an dtéann an sochar os cionn thairseach an €650, dul i gcomhairle le hArd-Rúnaí an Rialtais. Agus cinneadh déanta ag an Rúnaí agus é comhairlithe don Sealbhóir Oifige atá i gceist, ní mór dó nó di é sin a chur in iúl don Choimisiún um Chaighdeáin.
G. Tuarascálacha Bliantúla agus Tuarascálacha Speisialta:
Ceanglaíonn na hAchtanna um Eitic ar an gCoimisiún um Chaighdeáin tuarascáil ar a ghníomhaíochtaí a chur ar fáil don Aire Airgeadais tráth nach déanaí ná sé mhí tar éis dheireadh gach bliain. Ní mór don Aire, faoi cheann dhá mhí ón tráth go bhfaightear an tuarascáil, gníomhú sa chaoi is go leagfar cóip den tuarascáil os comhair gach Teach den Oireachtas. Bíonn an tuarascáil bhliantúil reatha, agus tuarascálacha bliantúla roimhe sin, ar fáil ar shuíomh idirlín an Choimisiúin um Chaighdeáin. Bíonn cóipeanna crua ar fáil ar iarratas ó Rúnaíocht an Choimisiúin um Chaighdeáin.
Forálann na hAchtanna go bhféadfaidh an Coimisiún um Chaighdeáin tuarascálacha eile den sórt agus is cuí dar leis, a ullmhú don Aire, a fhéadfaidh an tAire, más cuí dar leis nó léi, a leagan os comhair Thithe an Oireachtais. Níl aon tuarascálacha den sórt sin ullmhaithe ag an gCoimisiún um Chaighdeáin go dtí seo.