- Scipeáil Nascleanúna |
- Mapa an Láithreáin |
- Ráiteas Inrochtaineacht
- | Text Size: A |
- A |
- A
- 18 Lower Leeson Street, Baile Átha Cliath 2, Eire.
- +353 (0)1 - 639 - 5666
- +353 (0)1 - 639 - 5684
- sipo@sipo.gov.ie
- Eolas Fúinne
- Treoirlínte
- Cóid Iompair
- Gearáin
- Tuarascálacha
- Preas Ráiteas
- Foilseacháin Ghinearálta
- Toghcháin
- Síntiúis a Nochtadh
- Maoiniú Státchiste
- Do leathanach
- Foirmeacha
Leamhlabhair S15/16
2.1 Ceanglais na nAchtanna um Eitic
A. Ráitis um Leasanna
Soláthraíonn na hAchtanna um Eitic creatlach go nochtóidh na daoine seo a leanas leasanna:
(i) Comhaltaí Dháil Éireann agus Sheanad Éireann (Comhaltaí),
(ii) Sealbhóirí Oifige (.i. Airí, Airí Stáit, Cathaoirleach agus Leas-Chathaoirleach Dháil Éireann agus Sheanad Éireann araon),
(iii) An tArd-Aighne,
(iv) Comhairleoirí speisialta Aireachta,
(v) Sealbhóirí Stiúrthóireachtaí i gcomhlachtaí stáit arna n-ainmniú ag an Aire Airgeadais mar chinn a thagann faoi chuimsiú raon na nAchtanna um Eitic (Stiúrthóirí Ainmnithe),
(vi) Sealbhóirí post fostaíochta sa Státseirbhís agus sa tSeirbhís Phoiblí arna n-ainmniú ag an Aire Airgeadais mar chinn a thagann faoi chuimsiú raon na nAchtanna um Eitic (Poist Ainmnithe).
Sainmhínítear leasanna inchláraithe sa Dara Sceideal a ghabhann leis na hAchtanna um Eitic agus áiríonn siad fostaíochtaí, scairsheilbheanna, stiúrthóireachtaí, seilbh talún nó maoin eile, bronntanais, solathairtí maoine nó seirbhísí, áiseanna taistil, comhairliúcháin agus conarthaí d’Aire nó chomhlacht poiblí.
(i) Comhaltaí Thithe an Oireachtais.
Ní mór do chomhaltaí Thithe an Oireachtais (Comhaltaí) ráiteas bliantúil maidir lena leasanna inchláraithe a chur ar fáil don Choimisiún um Chaighdeáin. Cuireann an Coimisiún um Chaighdeáin iad seo ar aghaidh chuig Cléireach na Dála nó an tSeanaid ansin, de réir mar is cuí. Cuirfidh gach Cléireach clár (a dtugtar Clár Leasanna Chomhaltaí Dháil Éireann nó Clár Leasanna Chomhaltaí Sheanad Éireann air, de réir mar a d’ fhéadfadh a bheith cuí) ar bun ansin. Ní mór do chomhalta aon ‘leas ábhartha’ ’fhéadfadh a bheith aige / aici, nó ag duine bainteach leo in imeachtaí de cheachtar Teach den Oireachtas, a nochtadh freisin, má tá futhu vótáil nó labhairt in imeachtaí den sórt sin. Bíonn rannpháirtíocht Chomhalta i gCoiste de cheachtar Teach nó i gComhchoiste de na Tithe san áireamh in imeachtaí an Tí. Ní cheanglaítear ar chomhalta leas ábhartha in imeachtaí a nochtadh sa chás gur nochtadh an leas sin cheana féin i ráiteas, nó i gcóip de ráiteas bliantúil um leasanna inchláraithe an Chomhalta atá curtha os comhair an Tí.
(ii) Sealbhóirí Oifige
Le cois ráitis maidir lena leasanna féin a chur ar fáil mar Chomhalta, ceanglaítear ar Shealbhóir Oifige ráiteas maidir lena leasanna breise a chur isteach, ar bhonn bliantúil.
Cuireann an Sealbhóir Oifige an fhoirm le haghaidh Ráitis um Leasanna Breise ar fáil don Chléireach a bhaineann le hábhar. Soláthraíonn na Cléirigh cóipeanna de Ráitis um Leasanna Breise Sealbhóirí Oifige don Choimisiún um Chaighdeáin. Cuireann Cléireach Dháil Éireann cóipeanna de Ráitis um Leasanna Breise Airí agus Airí Stáit ar fáil don Taoiseach freisin. Ní fhoilsítear ná ní nochtar faisnéis atá i Ráiteas um Leasanna Breise Sealbhóra Oifige ach amháin i gcúinsí sonracha arna bhfóráil lena n-aghaidh faoi na hAchtanna um Eitic. Ní mór na Ráitis um Leasanna Breise a choinneáil i gcomhad ar feadh tréimhse reachtúla cúig bliana dhéag.
Sa chás go mbeartaíonn Sealbhóir Oifige feidhm oifige a fheidhmiú agus go bhfuil eolas iarbhír aige nó aici go bhfuil leas ábhartha aige nó aici, nó ag duine bainteach, nó ag Sealbhóir eile Oifige, nó ag duine atá bainteach le Sealbhóir eile Oifige, i ngnó lena mbaineann an fheidhm, ceanglaítear ar an gcéad Sealbhóir Oifige sin ráiteas a chur ar fáil i scríbhinn ar fhíorais an leasa agus ar an gcineál leasa atá i gceist.
- Sa chás gurb é an Taoiseach an chéad Sealbhóir Oifige, ba chóir an ráiteas a sholáthar do Chathaoirleach an Choimisiúin um Chaighdeáin;
- Sa chás gurb Aire nó Aire Stáit é an chéad Sealbhóir Oifige, ba chóir an ráiteas a sholáthar don Choimisiúin um Chaighdeáin agus don Taoiseach;
- Do gach Sealbhóir eile Oifige, ba chóir an ráiteas a sholáthar don Choimisiúin um Chaighdeáin.
Má bheartaíonn Sealbhóir Oifige, nó duine atá ag gníomhú thar ceann Sealbhóra Oifige, iarratas a dhéanamh le Sealbhóir eile Oifige, i ndáil le feidhmiú feidhme ag an dara Sealbhóir Oifige, agus má bhíonn eolas iarbhír ag an gcéad Sealbhóir Oifige go bhfuil leas ábhartha aige nó aici, nó ag duine bainteach, i ngnó lena mbaineann an fheidhm, ní mór dó nó di, ráiteas a chur ar fáil i scríbhinn don dara Sealbhóir Oifige ar fhíorais an leasa ábhartha agus ar an gcineál leasa atá i gceist. Ceanglaítear ar an dara Sealbhóir Oifige ráiteas a sholáthar i scríbhinn ansin ar fhíorais an leasa sin agus ar an gcineál leasa atá i gceist, mar seo a leanas:
- Sa chás gurb é an Taoiseach an dara Sealbhóir Oifige, ba chóir an ráiteas a sholáthar do Chathaoirleach an Choimisiúin um Chaighdeáin;
- Sa chás gurb Aire nó Aire Stáit é an dara Sealbhóir Oifige, ba chóir an ráiteas a sholáthar don Choimisiúin um Chaighdeáin agus don Taoiseach;
- Do gach Sealbhóir eile Oifige, ba chóir an ráiteas a sholáthar don Choimisiúin um Chaighdeáin.
Sa chás gurb eol do Shealbhóir Oifige, nó go gcreideann sé nó sí, go bhfuil leas ábhartha ag Sealbhóir eile Oifige, atá ina chomhalta den Rialtas, i ngnó lena mbaineann feidhm de chuid an Rialtais, nó go bhfuil leas ábhartha ag duine, atá ina dhuine bainteach, i ndáil leis an Sealbhóir eile Oifige sin, i ngnó den sórt sin, agus go dtagann an t-eolas nó an tuairim seo de bharr ráiteas arna dhéanamh ag an Sealbhóir eile Oifige sin nó chun críche cruinnithe Rialtais, agus dá bharr sin amháin, ní bheidh sé riachtanach don chéad Sealbhóir Oifige ráiteas a chur ar fáil i ndáil leis an Sealbhóir eile Oifige. Ba chóir don Taoiseach ráiteas a chur ar aghaidh chuig an gCoimisiún um Chaighdeáin ina áit sin
(iii) Ard-Aighde (nach bhfuil ina Chomhalta)
Sa chás go bhfuil an tArd-Aighne ina Chomhalta, comhlánaíonn sé / sí a Ráitis um Leasanna faoi mar a leagadh amach in (i) thuas.
Sa chás nach bhfuil an tArd-Aighne ina Chomhalta, comhlánaíonn sé / sí Ráiteas um Leasanna go bliantúil, a eisíonn an Roinn Airgeadais dó / di. Comhráiteas a bhíonn sa ráiteas seo, a gcuirtear aon leasanna ábhartha de chuid an Ard-Aighne isteach ann, chomh maith le haon leasanna breise atá ag céile, leanbh nó leanbh céile. Cuirtear an Ráiteas um Leasanna faoi bhráid an Choimisiúin um Chaighdeáin agus an Taoisigh araon.
Sa chás go bhfuil leas ábhartha ag an Ard-Aighne nó ag duine bainteach i bhfeidhm atá le feidhmiú, ní mór dó / di fíorais an leasa agus an cineál leasa atá i gceist a chur in iúl don Choimisiún um Chaighdeáin agus don Taoiseach araon i scríbhinn. Ba chóir é seo a dhéanamh roimh nó chomh luath agus is féidir tar éis don fheidhm a bheith feidhmithe.
(iv) Comhairleoirí Speisialta
Tá dhá fhoirm ann nach mór do chomhairleoirí speisialta a dtéann a luach saothair os cionn uastuarastal (scála caighdeánach, Aicme B, ÁSPC) Ardoifigigh Fheidhmiúcháin sa Státseirbhís a chomhlánú go bliantúil:
- Ráiteas um leasanna ábhartha an Chomhairleora Speisialta féin;
- Ráiteas ar leithligh um Leasanna Breise atá ag céile, leanbh nó leanbh céile comhairleora speisialta.
Ní mór an dá fhoirm a sholáthar don Sealbhóir Oifige a bhfuil an comhairleoir á fhostú aige, agus don Choimisiún um Chaighdeáin.
Sa chás go dtarlaíonn sé go bhfuil feidhm le feidhmiú agus go bhfuil eolas ag an gcomhairleoir speisialta go bhfuil leas ábhartha aige, aici nó ag duine bainteach i ngnó lena mbaineann an fheidhm, ní mór dó nó di ráiteas ar na fíorais a chur ar fáil, i scríbhinn, don Choimisiún um Chaighdeáin agus don Sealbhóir Oifige a bhfuil an comhairleoir á fhostú aige. Ní mór don duine gan an fheidhm a dhéanamh ach amháin sa chás go bhfuil cúiseanna dosháraithe ann go ndéanfadh sé nó sí amhlaidh. Sa chás sin, ní mór dó nó di ráiteas i scríbhinn ar na cúiseanna dosháraithe a chur ar fáil don Choimisiún um Chaighdeáin agus don Sealbhóir Oifige a bhfuil an comhairleoir á fhostú aige, roimh, nó murab indéanta le réasún é sin a dhéanamh, chomh luath agus is féidir tar éis don fheidhm a bheith feidhmithe.
Ceanglaítear ar an Sealbhóir Oifige a bhfuil an comhairleoir á fhostú aige, na cáipéisí seo a leanas a leagan os comhair gach Teach den Oireachtas i ndáil le haon chomhairleoirí speisialta arna bhfostú aige / aici a dtéann a luach saothair os cionn uastuarastal (scála caighdeánach, Aicme B, ÁSPC) Ardoifigigh Fheidhmiúcháin sa Státseirbhís:
(i) cóip den chonradh, nó ráiteas i scríbhinn ar théarmaí agus choinníollacha fostaíochta an chomhairleora speisialta;
(ii) ráiteas ar cháilíochtaí an chomhairleora speisialta a bhaineann lena f(h)eidhmeanna;
(iii) cóip de ráiteas um leasanna an chomhairleora féin (ní leasanna a c(h)éile, a leanaí nó leanaí a c(h)éile) arna chur ar fáil ag an gcomhairleoir speisialta don Sealbhóir Oifige, agus
(iv) ráiteas maidir le cibé an duine muinteartha leis an Sealbhóir Oifige an comhairleoir speisialta.
(v) Stiúrthóirí Ainmnithe
Ceanglaítear ar shealbhóirí stiúrthóireachtaí ainmnithe i gcomhlachtaí poiblí comhráiteas a chur isteach go bliantúil maidir lena leasanna féin agus leasanna céile, linbh nó linbh céile. Ceanglaítear ar stiúrthóirí ainmnithe a Ráiteas um Leasanna a chur faoi bhráid oifigigh an chomhlachta, faoi mar atá cinnte ag an Aire Airgeadais, agus faoi bhráid an Choimisiúin um Chaighdeáin.
Sa chás go dtarlaíonn sé go bhfuil feidhm le feidhmiú agus go bhfuil eolas ag stiúrthóir ainmnithe go bhfuil leas ábhartha aige, aici nó ag duine bainteach i ngnó lena mbaineann an fheidhm, ní mór dó nó di ráiteas ar na fíorais a chur ar fáil, i scríbhinn, do na Stiúrthóirí eile. Ní mór don duine gan an fheidhm a dhéanamh ach amháin sa chás go bhfuil cúiseanna dosháraithe ann go ndéanfadh sé nó sí amhlaidh. Sa chás sin, ní mór dó nó di ráiteas i scríbhinn ar na cúiseanna dosháraithe a chur ar fáil don Choimisiún um Chaighdeáin agus do na stiúrthóirí eile roimh, nó murab indéanta le réasún é sin a dhéanamh, chomh luath agus is féidir tar éis don fheidhm a bheith feidhmithe.
(vi) Sealbhóirí post ainmnithe i gcomhlachtaí poiblí
Ceanglaítear ar shealbhóirí post ainmnithe sa Státseirbhís agus sa tSeirbhís Phoiblí comhráiteas a chur isteach go bliantúil maidir lena leasanna ábhartha féin agus leasanna céile, linbh nó linbh céile. Ceanglaítear ar shealbhóirí post ainmnithe a Ráiteas um Leasanna a chur faoi bhráid an údaráis ábhartha faoi mar atá cinnte ag an Aire Airgeadais.
Sa chás go dtarlaíonn sé go bhfuil feidhm le feidhmiú agus go bhfuil eolas ag sealbhóir poist ainmnithe go bhfuil leas ábhartha aige, aici nó ag duine bainteach i ngnó lena mbaineann an fheidhm, ní mór dó nó di ráiteas ar na fíorais a chur ar fáil, i scríbhinn, d’oifigeach an chomhlachta / an údaráis ábhartha. Ní mór don duine gan an fheidhm a dhéanamh ach amháin sa chás go bhfuil cúiseanna dosháraithe ann go ndéanfadh sé nó sí amhlaidh. Sa chás sin, ní mór dó nó di ráiteas i scríbhinn ar na cúiseanna dosháraithe a chur ar fáil d’oifigeach an chomhlachta / an údaráis ábhartha roimh, nó murab indéanta le réasún é sin a dhéanamh, chomh luath agus is féidir tar éis don fheidhm a bheith feidhmithe.
Ní chuirtear aon cheann de na ráitis thuas ó shealbhóirí post ainmnithe ar fáil don Choimisiún um Chaighdeán mar chuid den ghnáthamh. Ní mór na ráitis a bheith curtha ar fáil don Choimisiún um Chaighdeáin sa chás go n-iarrtar amhlaidh áfach.
Athruithe ar Ráitis um leasanna
Sa chás go dtagann athrú ar leasanna inchláraithe nó leasanna breise duine, féadfaidh an duine ráiteas a chur ar fáil i scríbhinn ar na hathruithe ag tráth ar bith. Cuirtear ráitis den sórt sin ar fáil go ginearálta don duine nó do na daoine a gceanglaítear ar dhaoine ráitis bhliantúla a dhéanamh dóibh.
Ráitis Dheonacha um Leasanna
Sa chás go bhfuil leas ag duine a thagann faoi chuimsiú fhorálacha na nAchtanna um Eitic, nach bhfuil leagtha amach sa sainmhíniú ar Leasanna Inchláraithe arna soláthar sa Dara Sceideal a ghabhann leis na hAchtanna um Eitic, nó go bhfuil eolas iarbhír ag an duine (seachas Comhalta nach bhfuil ina Shealbhóir Oifige) go bhfuil leas den sórt sin ag a c(h)éile nó a leanbh nó ag leanbh na céile, féadfaidh an duine, ag tráth ar bith, ráiteas ar an leas sin a chur ar fáil don duine nó daoine atá ainmnithe chun ráitis den sórt sin a ghlacadh. Sa chás go soláthraítear "Ráiteas Deonach", bíonn forálacha an Achta infheidhmithe agus bíonn éifeacht leo amhail is go raibh an leas ina leas a leagadh amach sa Dara Sceideal a ghabhann leis na hAchtanna um Eitic.
B. Reachtaíocht Chánach a Chomhlíonadh
Tugadh forálacha isteach leis na hAchtanna um Eitic, le héifeacht ó 10 Nollaig, 2001, lenar ceanglaíodh ar Chomhaltaí fianaise a thabhairt ar aird gur chomhlíon siad reachtaíocht áirithe chánach tar éis a dtofa, agus an ceanglas céanna ar an Ard-Aighne, ar dhaoine a cheaptar in "oifig shinsearach" agus ar dhaoine a cheaptar in oifig bhreithiúnach tar éis a gceaptha.
Tá an méid seo a leanas san áireamh sa reachtaíocht chánachais:
- na hAchtanna Cánach,
- an tAcht um Cháin Fháltas Caipitiúil, 1976 agus na hachtacháin lenar leasaíodh nó lenar fadaíodh an tAcht sin,
- na hAchtanna um Cháin Ghnóchan Caipitiúil,
- an tAcht Cánach Breisluacha, 1972, agus na hachtacháin lenar leasaíodh nó lenar fadaíodh an tAcht sin.
Is mar seo a leanas an fhianaise a gceanglaítear ar dhaoine a thabhairt ar aird lena léiriú gur comhlíonadh an reachtaíocht:
- Dearbhú Reachtúil lena ndeirtear go héifeachtach go raibh, tráth déanta an Dearbhaithe, chomh fada lena (h)eolas nó a t(h)uairim, na hoibleagáidí arna bhforchur air nó uirthi leis na hAchtanna Cánach comhlíonta ag an duine agus nach bhfuil siad ar an eolas faoi aon bhac ar Dheimniú Imréitigh Chánach a bheith á eisiúint; agus ceachtar den dá cháipéis seo thíos;
- Deimhniú Imréitigh Chánach, a eiseofar, ach iarratas a dhéanamh, ón Ardbhailitheoir, sa chás go bhfuil na hoibleagáidí arna bhforchur ar dhuine leis na hAchtanna, comhlíonta acu;
nó
- Ráiteas Iarratais, lena léirítear go bhfuiltear ag fanacht le cinneadh maidir le hiarratas ar Dheimniú Imréitigh Chánach nó go bhfuil diúltú do Dheimniú Imréitigh Chánach á achomharc (níl aon fhoráil ann maidir le ráiteas iarratais a eisiúint do dhuine a moladh le ceapadh in oifig bhreithiúnach).
Ní mór an Dearbhú Reachtúil a dhéanamh faoi cheann tréimhse mí amháin roimh nó mí amháin tar éis don duine a bheith tofa / ceaptha. Ní mór an Deimhniú Imréitigh Chánach a bheith eisithe don duine faoi cheann tréimhse 9 mí roimh nó 9 mí tar éis don duine a bheith tofa / ceaptha, seachas sa chás go gceaptar duine in oifig bhreithiúnach - sa chás sin ní mór an deimhniú a bheith eisithe don duine tréimhse nach faide ná 18 mí roimh an dáta gur mhol an Bord um Cheapacháin Bhreithniúnacha iad. Ní mór an Ráiteas Iarratais a bheith eisithe don duine tréimhse nach faide ná naoi mí roimh agus nach faide ná naoi mí tar éis don duine a bheith tofa / ceaptha.
Cuirfidh an tArdbhailitheoir in iúl don Choimisiún um Chaighdeáin i scríbhinn faoi aon diúltú deiridh le Deimhniú Imréitigh Chánach, ar cuireadh isteach air faoi Acht 2001, a eisiúint. Chiallódh diúltú deiridh gur fágadh an Ráiteas Iarratais ar neamhní agus gan éifeacht, agus go raibh gach bealach le hachomharc a dhéanamh, úsáidte agus nach n-eiseofaí Deimhniú Imréitigh Chánach.
Tá sé d’oibleagáid ar gach Comhalta tofa (lena n-áirítear daoine a cheapann an Taoiseach chuig an Seanad) fianaise a sholáthar don Choimisiún um Chaighdeáin gur comhlíonadh an reachtaíocht chánachais faoi cheann 9 mí ó thráth a dtofa.
Tá sé d’oibleagáid ar Ard-Aighne nach bhfuil ina Chomhalta, fianaise a sholáthar don Choimisiún um Chaighdeáin gur comhlíonadh an reachtaíocht chánachais faoi cheann 9 mí ó dháta a c(h)eaptha.
Ní mór do gach duine a cheaptar in "oifig shinsearach" fianaise a sholáthar don Choimisiún um Chaighdeáin gur comhlíonadh an reachtaíocht chánachais faoi cheann 9 mí ó dháta an cheapacháin.
Níl aon fheidhmeanna ag an gCoimisiún um Chaighdeáin maidir le fianaise ó dhaoine a cheaptar in oifig bhreithiúnach gur comhlíonadh an reachtaíocht chánachais. Ní mór do gach duine a bhfuiltear á mholadh le ceapadh in oifig bhreithiúnach fianaise den sórt sin a bheith soláthraithe acu don Bhord um Cheapacháin Bhreithniúnacha.
C. Cóid Iompraíochta
Forálann Alt 10 d’Acht 2001 le haghaidh cóid iompraíochta a thabhairt isteach do na catagóirí seo a leanas:
- Comhaltaí Dháil Éireann agus Sheanad Éireann (seachas Sealbhóirí Oifige);
- Sealbhóirí Oifige;
- stiúrthóirí agus fostaithe comhlachtaí poiblí.
Leagtar amach i ngach cód iompraíochta arna fhoilsiú de réir Acht 2001 caighdeáin iompraíochta agus ionracais a mbeifear ag súil go ndéanfaidh na daoine, a mbaineann siad leo, dá réir i bhfeidhmiú a ndualgas oifigiúil. Tá cóid iompraíochta faoi Acht 2001 inghlactha in aon imeachtaí os comhair Cúirte nó binse fiosrúcháin eile, Choistí um Leasanna Chomhaltaí Dháil agus Sheanad Éireann nó an Choimisiúin um Chaighdeáin agus féadfar aon fhoráil de chód a bhaineann le hábhar le ceist sna himeachtaí, dar le binse fiosrúcháin, Coiste nó an Coimisiún um Chaighdeáin, a thógáil san áireamh agus an cheist á cinneadh.
D. Cionta agus Peannaidí
Foráiltear le haghaidh roinnt cionta sna hAchtanna um Eitic. Baineann na cionta seo go príomha le loiceadh comhoibre leis an gCoimisiún um Chaighdeáin (nó le Coistí um Leasanna Chomhaltaí Dháil nó Sheanad Éireann) i gcúrsa imscrúdaithe faoi na hAchtanna um Eitic. Is féidir le diúltú le teacht os comhair an Choimisiúin um Chaigdheáin, diúltú le mionn a thabhairt, le ceisteanna a fhreagairt, le haon cháipéis nó rud a thabhairt ar aird nó a loiceadh a sheoladh chuig an gCoimisiún um Chaighdeáin, nó aon ghníomh nó neamhghníomh eile a mheasfaí mar dhíspeagadh i gcúirt, a bheith san áireamh le loiceadh comhoibre.
Beidh duine a thugann fianaise bhréagach os comhair an Choimisiúin um Chaighdeáin ciontach sa chion maidir le mionnú éithigh.
Beidh duine a chuireann bac ar nó a chuireann isteach ar an gCoimisiún um Chaighdeáin, ar bhall dá fhoireann, nó ar Oifigeach Fiosrúcháin, ciontach i gcion.
Tá cion ann freisin as faisnéis a nochtadh a fuarthas faoi na hAchtanna um Eitic, nó de bharr a bheith i láthair ag suí an Choimisiúin um Chaighdeáin a reáchtáladh i ndáil phríobháideach. Tá cúinsí sonracha ann áfach gur féidir faisnéis den sórt sin a nochtadh gan cion a dhéanamh (féach cuid 2.3 thíos).
Dlitear fineáil chomh mór le €1,250 agus/nó téarma príosúnachta chomh fada le sé mhí a ghearradh ar dhuine a fhaightear ciontach i gcion faoi na hAchtanna um Eitic, ach a chiontú go hachomair. Agus an duine díotáilte, féadfaidh an fhíneáil a bheith chomh mór le €25,000 agus/nó téarma príosúnachta chomh fada le trí bliana.
Sa chás gur comhlacht corpraithe a dhéanann cion, agus go gcruthaítear go ndearnadh amhlaidh le toiliú nó cúlcheadú aon duine, cibé stiúrthóir, bainisteoir, rúnaí nó oifigeach eile den chomhlacht sin, nó le toiliú duine a bhí in ainm’s a bheith ag gníomhú in aon cháil den sórt sin, nó gur féidir an cion a chur síos d’fhaillí ag aon duine de na daoine sin, beidh an duine sin, chomh maith leis an gcomhlacht corpraithe, ciontach i gcion agus dlifear an dlí a chur air agus a phionósú amhail is go raibh sé nó sí ciontach sa chion.
Beidh duine a thógann caingean smachta i gcoinne duine a dhéanann gearán faoi na hAchtanna um Eitic leis an gCoimisiún um Chaighdeáin, leis an gCoiste cuí um Leasanna Comhaltaí nó leis an gCléireach ábhartha, agus a chreideann le réasún go bhfuil an gearán déanta leis an duine cuí agus gur gearán é atá i gceist faoi Acht 1995 le himscrúdú, ciontach i gcion. Dlitear an méid seo a leanas a ghearradh ar dhuine den sórt sin:
- ar chiontú achomair, fíneáil nach dtéann thar €1,904.61;
- ar chiontú ar díotáil, fíneáil nach dtéann thar €63,486.90.